Showing posts with label Ros a'Mhíl. Show all posts
Showing posts with label Ros a'Mhíl. Show all posts

18.10.18

Fathach Ros a'Mhíl!


Bhí sé ag breathnú go bagrach orm thar Thóin a'Cnoic siar uainn.

Bhí muid amach ag siúl tráthnóna inné ar an boithrín ó dheas ón teach nuair a thugamar faoi deara é - Fáthach an mhór a chuir scéal H.G.Wells, Cogadh na Reann, i gcuimhne dom.

Bíodh an eagla ort!
An raibh cúis eagla ann? An raibh ionradh réaltrach tosaithe? Tús le cogadh na réaltraí?

“Ní chreidfeadh duine ar bith i mblianta deiridh an naoú céad déag go raibh súil ghéar ghrinn ar imeachtaí an domhain seo ag neacha ar mhó a n-intleacht ná intleacht an duine, ach dá ainneoin sin, a bhí chomh básmhar linn féin… Ach, thar dhuibheagán an spáis, bhí ag breathnú anuas orainn go santach créatúir a raibh an oiread difríochta idir a meabhair agus ár meabhairne agus atá idir meabhair an duine agus meabhair an ainmhí, créatúir a raibh intleacht ábhalmhór fhuar chrua acu, agus bhí siad ag beartú seifteanna go mall lenár mbascadh.” 
Cogadh na Reann, HG Wells 1898 aistrithe Leon Ó Briain 1934
Eagrán 2015, Clúdach: Bog; Foilsitheoir: Evertype ISBN 978-1-78201-099-9

Ach ní raibh ann ach muileann gaoithe. Tá ceann beag in aice leis an monarca éisc i mBaile an tSléibhe níos comhgaraí dúinn ach tá an ceann nua atá suite in Ros a'Mhíl i bhfad níos móire agus níos so-fheithe. Agus táid ann a deireann gur ionradh de short éigin eile atá sna muilte gaoithe céanna!

N'fheadair!

Is féidir an ceann beag a fheiscint sa pic seo. (Beagnach ina lár).

7.9.13

Go Ros láir!

Tá muid ar saoire!

Inné rinneamar an chéad phíosa de thuras go dtí na mór roinne. Thógamar bealach nua aniar ó Ghallimh soir ó dheas go Ros Láir.

Bé tré Luimneach, Tiobrad Árainn, Cluan Meala, Pór Lairige agus Ros Mhic Treoin an turas a bhí againn i gcónaí ach chuir mé ceist ar Googlemaps ar an mbeallach is fearr. Agus roghnaíodar bealach eile ar fad.

Béile ar An tSráidbhaile!
Ar dtús bhí orainn dul tré Ghaillimh agus ansin an príomh bóthar go Bhaile Átha Claith ansin cás ar dheis i dtreo An Tulach Mór, Port Laoise, Ceatharlach agus Inis Córthaigh. Bóthar thar a bheith go maith a bhí ann, gan mórán trácht ach amháin i bPórt Laoise, áit a raibh socraid mór ag chuir beagáinín moill orainn.

Stopamar ag An Sráidbhaile (Co Laoise) le haghaidh beagáinín le n-ithe i gcafé beag neamhthaispeántach an Court Restaurant. Áit deas glán le bia maith folláin blasta, den sean-déanamh.

Leanamar ar aghaidh agus shroicheamar Ros Láir timpeall ceithre uair ón uair a fhágamar cathair na Gaillimhe.

Anois ar agahaidh linn ar bhórd an Oscar Wilde!
Ros a'Mhíl go Ros Láir

31.3.11

Taobh leis an gCodú!

Radharc ón gcalaphort
Tháinig long mór, 7,000 tonna, an Pantanal go calaphort Ros a' Mhíl inne le dhá bhád farantoireachta a bhailiú a díoladh le deanaí. Cé gur long Gearrmánach tá sé cláraithe i dTalamh an Éisc.

Bhí stoirm ann aréir, neart a naoí de réir tuairiscí, agus is cosúil gur tarraingíodh an bád ar a aincaire isteach ar na carraigreacha taobh le Tóin Chnoic, cead méadair nó mar sin  ón gCodú i gCuan Chasla.

Níor gortíodh éinne den ceathair criú déag a bhí ar bhórd ag an am. Táthar le hiarracht í a chuir ag snámh arís ag lán mara ag a cúig tráthnóna. Deireann daoine áitiúil nach n-éireódh leis an iarracht mar tá sé ró árd ar na carraigeacha.

Feicfimíd!

Radharc ón dtaobh eile den gcuan.

Pictiúirí eile ar suíomh facebook Raidío na Gaeltachta!