Showing posts with label Turas. Show all posts
Showing posts with label Turas. Show all posts

2.3.24

Níl mar a shíltear bítear.

An lá dár gcionn (Féach ar "Oíche so bhreis san Ghearmáin...") bhí mé i dtuaisceart na cathrach (BÁC) ag fanach lem m'iníon. Bhí teachtaireach ar an bhfón agam. "Tá sneachta ann!"

D'fhéacas amach agus bhí beagáinín sneachta ann ach ní raibh sé ró dhona. Chual mé ar an raidío go raibh fadhb leis an DART agus cinneas ar an bus a fháil istig sa chathair ionas go mbéinn ábalat a traen ag 11.25 a fháil ó Heuston.

Bhí neart am agam an bus a fháil ag 10.00 le bheith in am.

Ach níl mar a shíltear bítear.

Fionnradharc faoi sneachta
Cé nach raibh sneachta ar bith sa bhruach baile ina raibh mé ag fanacht agus an bus ag dul i dtreo na cathrach bas léir nach cldach éatrom a bhí i gceist. Shleamhnaigh an bus, agus chuile carr i dTuaisceart na cathrach go mall mall mall isteach sa cathair.

D'imigh an t-am, 10.30, 10.45, 11.00 agus ní rabhamar ach ag Páirc Fhionradharc! Bhí an traen go Gaillimh le bheith at 11.25. Faoi dheireadh idir bus agus Luas d'éirigh liom Heusto a shroicheant faoi 12.15 nó mar sin. Bhí an traen imithe.

Ni raibh mé sásta suir istigh i stáisiún fuair tár éis an eachtra a bhí agam i nDuesseldorf an lá roimhe agus d'fhill mé ar thí m-iníona arís. Bhí sé te istigh ansin.

Rinne mé suíochán a chuir in áirithe ar an Sathairn ag 1.00 agus chaith mé oíche eile gan coinne in ionad a bheith sa bhaile...

Tá an lá deas grianmhar i mBaile Átha Cliath ar maidin. 

N'fheadair an ndéanfidh mé Caoran na gCearc roimh oíche!


Oíche so bhreis san Ghearmáin...

Cathair deas is sea Düsseldorf na Gearmáine. Tá sé ar bhruach na Réine. Bhí mé ag comhdháil grúpa úsáideoirí threalimh uathoibríoch le breis is dhá mhíle eile. Bhíod sé de nós ag an gcomhlucht (Emerson) na comhdhála seo a eagrú gach dhá bhliain. Bíonn ceann i Meireceá agus an ceann san Eoraip d'innealteoirí ón Eoraip, ón Aifric agus ón Meán Oirthear. Ach idir gceann deireannach agus an ceann seo bhí sé mbliana de bharr na paindéime. Mar sin bhailigh muid le chéile agus bhí neart le foghlaim, athruithe teicniúla agus gléasanna nua.
Abha mór na Réine ag Düsseldorf
Bhí mé le dul abhaile ar an gCéadaoin le hAer Lingus, bhí ticéad agam agus mo shloinne litrithe go mí cheart (mar ní féidir leo fada a chuir ar litreacha). Seachas san bhí mé ábalta suí isteach san eitileán gan aon stró. 

Bhí sé beagnach lán agus bhí muid go compóirdeach agus an bagáiste curtha sna chófraí lastuas. Labhair an Caiptéan linn agus dúirt go raibh fadhb le gléas a úsáideann siad i ndroch aimsir agus bhí ortha é a thosú arís agus go dtógfadh sé cúig neaomad nó mar sin.

Tár éis tamall tháining sé ar an intercom. Bhí brón air ach ní raibh aon leigheas acu ar an fhadhb agus bheadh sé ró-chontúirteach eitilt san eitleán sin. Is cosúil nach raibh aon seans eitilt eile a fháil agus go mbeadh ortha seomraí a fháil dúinn sa cheantair.

Amach linn as ár suíocháin chompordacha, trén iosta rialaithe pas arís agus ag bailiú ár mbagáiste agus amuigh san aerfort aris.

Ar ndóigh ní raibh sé éasca áit a fháil sa cheantair agus tár éis dhá uair aimsíodh dhá ostáin and dá cheann timpeall uair ón aerfort. Bhi go maith cé narbh féidir linn a rá nach raibh sé go h-olc go fóill mar bhí ortha bus a fháil le sinn a thabhairt chuig na h-ostain. Dúradh linn fanacht don bhus taobh amuigh. 

Bhí sé fuair ar 10.00 san oíche. 

Ar deireadh tháining sé ag timpeall a ceathrú tár éis a deich. Ar deireadh shroicheamar an ostán a bhí, ní i nDüsselldorf féin ach i mbaile eile ar fad, Gelsenkirchen, baile atá ó thuaidh ó Essen, tár mean oíche. Bhí eagla an domhain orm go mbeidh orm dul trén gnáth seiceáil isteach, pás, foirm a líonadh agus eile. Bhí leath chéad againn ann! Tár éis meán oíche! Ach sa deireadh bhí éifeachtúlacht chórais na Gearmáine le feiceál. Bhí liosta iomlán ar leathanach ag an duine amháin a bhi ar an mbínse fáilte anus ní raibh ar ach m'aimn a aimsiu agus bhí orm mo shiniú a chuir leis agus thug sé eochair 802 dom ar an ochtú úrlóir.

Ní gá a rá ach bhí codladh maith agam go maidin.

Éirí na gréine ó seomra 802 inGelsenkirchen

Bailíodh ar leathuair tár éis a naoi an maidin dár gcionn mar bhí eitilt faoi leith eagraithe le dul timpeall meán lae. Mar sin tár éis bricfeasta ar aghaidh linn ar ár mbealach chuig an aerfort arís. Cé gur thóg sé an méis ceanna ama an turas a dhéanamh nuair is faoi sholas na gréine atá sé samhlaíonn tú go nach bhuil ag turas chomh fada is atá sé sa dorchadas!

Ansin bhí orainn dul tré chóras an aerfoirt aris, pás bordála nua a fháil, dul tré iniúchadh slándála ar ar mbagáiste, cotaí criosanna, "aon rud id'phóca!" agus ansin seiceáil pas arís. Ach bhíomar ar ár mbealach abháile. Tugadh dearbhán €15 l'aghaidh bia san aerfort agus muid ag fanach don eitilt.

Faoi dheireadh chuamar ar bhord an eitileán. "Fáilte ar ais" a dúirt duine de na maor freastail! Agus faoi deich neomad bhíomar go léir san aer ar ar mbealach go hÉirinn.

Ag aerfort BhÁC bhí cioth éatroim ann ach ba chuma. Bhíomar sa bhaile inár dtír féin agus tár éis oíche eile ann bhéinn ar mo bhealach - siar go Conamara.

Ach sin mar a cheap mé..

... ach sin scéal éile!


#Emrex #Emerson

7.5.19

Kernow a'gas dynergh! (2)


Tá dhá áit draoíochta in aice le St Austell. Is féidir a rá gur brionglóid a bhí ag Altaire Ísiltíreach a tháinig chuig Corn na Breataine atá ionta.

Gairdíní Ceilte Heligan
Thugamar aghaidh ó dheas ó San Austel ar dtús chuig áit draíochta, go mór mór ag tús an Earraigh agus sa luath Samhradh.
Blath ón bhfiantas
Tá sean teach mór ann, Heligan, a bhí i seilbh sean chlann ón gceantear. Leis na blianta tháing leath agus tháinig drochbhail ar an teach, an talamh agus na gairdíni a bhain leis. Ag tús na Nochadaí tugadh cuireadh do Tim Smits, Altaire Ísiltíreach breathnú ar an ngairdín a bhí plucadh le mothar tiubh driseacha. I ndairíre ba limistéar fiáin a bhí is an áit ar fad.
Brat chloigíní gorma (sa "Dufair Ceilte")
Rinneadar obair na gcapall chun deireadh a chuir leis an bhfiantas - obair atá, ar bhealach, fós ar siúl agus beidh go deo is dócha. Bhí gairdíní álainn i bhfolach (Béarla) faoin bhfásra tiubh nuair a ghearradar ní hamháin fiailí gairdín ach crainnte agus sceachanna a bhí imithe ó smacht leis na blianta!
"Claisán Raithní"
Agus tá an obair fós ar siul.  Is dócha gur thug an obair seo léas éigin isteach in intinn Smits gur féidir rud eile a dhéanamh agus bláth éigin a chur sa bhfásach.

Parrthas sa Chorn,
Deirtear linn gur Éidin a bhí ar an áit ina raibh cónaí ag Adhamh agus Eabha ag tús a saol ach gur díbríodh as an áit iad de bharr a bpeacha! Tugtar Éidin go minic ar aon áit atá ina parthas ó shin. Agus cinnte is cineál parrthas atá cruithithe ag Smits agus a chuid comráidithe i sean chairéal chré.
Coiréal roimh (pic beag) agus i ndiath cruthú Éidin
Sa cheantair ó thuaidh ó San Austel tá cheantair fuairthas fosú mór chré shíneach i rith an ochtú aois déag agus tá an cheantair breactha le cnoic den dramhaíl a bhí fágtha tár éis tocailt don ábhar luachmhar a úsáidtear gréithre deasa a dhéanamh don uasal aicme do gcuid is mó. Tá an obair seo thart anois sa cheantair ach fagadh poill mór ann ina dhiaidh sin chomh maith.

Rognaiódh ceann acu san, poll mór lom ghortach, le brionglóid dodhéanta a chuir i gcríoch. An brionglóid sin? Parrthas a thógáil sa bhfásach. Glaodh Togra Éidin (Béarla) ar an dtionscadal.

Céard tá sa brionglóid seo? Ionad le dúlra a thaispeáint mar atá sé i limistéir aeráide. Tógadh "pobaill" mílteach mór ann angus anois tá dhá ionaid aeráide ann - teochriosach agus meánmhuiríoch. Tá siad ag iarraidh ceann eile, gaineamhlach, a thógáil.

Agus muid ag dul isteach sa phoball teochriosach trópaiceach cheapfá gur istich i gcinéal foraois dhraíochta - teocht, uisce, plandaí, crainnte árda agus ainmhithe ó na limistéirí sin

Agus sa poball eile cheapfá gur áit éigin san Iodáil nó i ndeisceart na Fraince atá tú!

Cé go bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí chuig an áit tá obair fiúntach ar siúl ann ó thaobh oideachas agus taighde timpeallachta agus comhshaoil. Tá ceangal ag an áit le hollscoileanna agus bíonn neart scoláirí ag déanamh staidéar ann.

B'fhiú dul chuig an dá áit le feiscing cad is féidir a dheanamh in áit atá cuíosac iargualta.



4.5.19

Kernow a'gas dynergh! (1)


Siar linn trasna an Tamer agus bhíomar i gCorn na Breataine. Seo an céad uair sa tír Ceilteach seo dúinn. Bhíomar sa Bhreatain Bheag go minic agus in Alban cúpla uair agus mar sin bé seo an ceathrú Tír ceilteach dúinn!

Bhíomar i bPlymouth cathair Seirbhíse Cabhlaigh Shasana ar chósta deisceart Shasana. Caitheamar oíce ann agus chun an fhirinne a insint níor thaitin an áit ró-mhór linn. Ar ndóigh, mar aon le an chuid de cathracha Shasana rinne buamáil an dochar dó agus ní raibh an stíl ailtireachta sna foirgnimh a tógadh sna caogadaí nó sna seascadaí ró-dhaonúil. Bhíodar fuair agus gan mórán pearsantacht.

Tá an Tamar mar teorainn idir contae Shasana agus Corn na Breataine, tír ársa Ceilteach lena teanga agus cultúr féin. Glaonn siad Dowr Tamar ar an abha féin. Tá fógra ar an droithead idir an dá thír ag rá Kernow a'gas dynergh! (Fáilte go Corn na Breataine!).

Tá an Corn an-árd istigh sa tír féin agus tá bailte beaga pictiúrtha iascaireachta ag bun bhoithre caol cam géarchnocach. Bíonn dul síos chuig an baile féin ar an mbóthar sin agus ansin tiománann tú thuas arís ar an mbóthar céanna. Ní minic a bhíonn bóthar díreach chuig an chéad baile beag pictiúrtha iascaireachta eile. Níor mhaith liom bheith ag cleachtadh chonas tosú in aghaidh an aird ar na bóithre seo!

B'é Polperro an chead baile a thugamar cuair air. Bhí an aimsir fliuch go leor ach bhí carr clós ar an áird agus bhí bus beag ag déanamgh an turas síos chuig an baile féin. O shin chuamar siar i dtreo Fowey agus cheap mé go raibh bád faranatóireachta idir baile Polruan (ainm Ghaelach?) agus bhí an ceart agam ach me léan ní raibh sé oiriúnach don charr ach do paisnéirí chois amháin. Taréis tiomáint thíos cnoch an ghéar ar fad bhí orainn dul thár n-ais an mbealach céanna chuig Bodinnick, áit a raibh bad oiriúnach ann.
Radharc ón mbád - Fowey
Is baile deas é Fowey - "Foí" a deireann siad agus arís bhí carr chlós ag barr an mbaile le bus ag dul síos chuig an baile fhéin. Béile breá ansin again do lón - ceapaire phortáin a bhí an úr agus blasta.

Caitheamar an oiche sin i San Austel baile cuíosach mór. Thugas faoi dearadh go raibh ainmneacha chuid de na sráideanna dhá theangach, Coirnís agus Bearla.

12.1.19

Radharc álainn - fadó!

Gluaisim ar ais bóithrín na smaointe.

Tugaim faoi deara le déanaí go mbím ag brionglóideach faoi rudaí a thárla fadó dom. Athchuairt ar áiteanna agus amanataí a thárla blianta agus nár chuimhnigh mé ortha le fada.

Aréir is ar mo chéad chuairt ar an nGearmáin a bhí mé. Ar chuairt ghnó a bhí mé agus d'eitil mé go Frankfurt/Main. Ní raibh aon cheist faoi chúrsaí slándála ag an am sin agus ní dearnadh curdú orm ná ar mo chuid bagáiste is mé ag dul isteach san aerphort - deaireadh na seaacaidí a bhí ann. Bhí mé tár éis cúrsa trí seachtaine sa Ghearmánais a dhéanamh agus bhí me cinnte go raibh go leor agam le dul aon áit sa tír sin.

I bhFrankfurt bhí orm an traen a fháil go dtí an baile beag ina raibh an chomhlucht a bhí mé le dul ann. Klingenberg-am-Main. Mar sin bhí fhios agam go raibh sé ar an abha chéanna le Frankfurt féin ach chinn mé é a aimsiú ar na h-am chláracha a bhi thuas sa stáisiún ann. Ar deireadh chuaigh mé isteach chuig an oifig eolais agus theip orm iad a thuiscint agus mar sin d'athraigh mé go "Sprechen sí Englisch?"  (bhí mé ar buileadh liom fhéin!). Labhair agus mhíníodar dom gur gá dom dhá thraen a fháil ceann amháin go hAschaffenburg agus uaidh sin ceann eile go Klingenberg.

Cá bhfuil na blaincéid?
Bhí socrú ann go bhfanfainn in ostán in aice leis an staisiún,  Schoene Auschicht (Gearmánais - "Radharc Álainn"). Cuireadh fáilte romham ansin (meascan Béarla & Gearmáinis briste!!!) agus chuaigh mé thuas staighre chuig an seomra.

Bhí rudaí nua domsa ansin. Ar an leaba ní raibh an gnáth rud a bhíodh againne in Éirinn, blaincéid is braillíní ach bhí cineál plúid agus bshin an méid a bhí ann le duine a chlúdú agus thú ag dul a choladh. Anois tá sé sin i ngach áit ach ag an am sin ní raibh. Bhí mé ag ceapadh go mbeinn fuair go leor faoi ach bhí sé an chompórdach.

Rud nua eile domsa a bhí sa seomra folcadh. Bhí na gnáth rudaí a bheithfeá ag súil leis ach bhí rud éigin eile agus an crot céanna le leithreas insruthlaithe ach le dhá sconna nó buachire ar a chúl. Ní raibh tuairim agam céard le haghaidh a bhí sé sin (agus fós níl sé de mhisneach agam iarraidh ar éinne cunas a úsáidetera iad!).

Meas tú céard é seo?
Áit álainn ach an bheag a bhí i gKlingenberg agus b'ait liom ag an am conas ar éirigh leo gnó chomh mór agus chomh rathúil bheith i mbun oibre in áit chomh bheag. Tuigim anois gur toisc an cineál rialtas scaipthe atá acu sa tír sin. Bíonn cumhacht ag an rialtas áitiúl seachas mar atá cúrsaí anseo. Ní rabhadar i gcónaí ag iarraidh dul ó thuadh go dtí an Rialtas i mBonn (mar a bhí sé ag an am) ag lorg cabhair nó airgead. Bhí (agus tá) na h-aonaid rialtais i bhfad níos luath sa Ghearmáin ná mar atá siad in Éirinn. Is trua nach mar sin atá cúrsaí anseo in ionad bheith ag iarraidh na h-údaráis áitiúla a nascadh le chéile seachas iad a láidriú ar son na bpobal.

Nach aisteach na rudaí a smaoiníonn tú ortha agus tú i do choladh?


6.5.17

Bia sráide na bPalermitanach!

Bhiomar sa tSicil ar saoire le deanaí agus caitheamar trí lá ina príomhcathair Palermo. Cathair ársa sean atá ann agus tá cáil faoi leith ar a chuid chóicearachta. Chinneamar ar dul ann tár éis clár de chuid Rick Stein a fheiscint nuair a chaith sé deireadh seachtaine ann (Béarla) ag déanam iniúchadh ar nósanna agus bianna na cathrach.

Marco le Panelle, Cazzilli 
& Arancina
Nuair a thagann tuarasóir chuig cathar ar bith ní bhíonn sé ann ach seal - seal an ghearr go minic - agus ní bhíonn mórán seans acu eispéireas a bheith acu ar shaol na ndaoine féin a bheith acu. Chuir i gcás cén sort bia a itheann siad sa mbaile nó ar an sráid. Ní maith leat bia a cheannach ar an sráid de gnáth muna bhfuil fhios agat cé chomg sláintiúil is atá sé. Bhí seanrá ag nó Mhaimeo fadó, "I never eat a boiled egg unless I know the hen personally!"

Tá an t-ádh ag Palermo go bhfuil nós bia sráide go láidir ann. Tá trí margadh sráide bhia ann a bhíonn ar oscailt gach lá agus iad lá de chuile shaghas bheatha - glasraí, feoil, iasc a mbeadh eolas againn futha agus cuid eile nach mbeadh clú agat cad iad! Agus ní bheadh mórán fonn ort aon rud a ithe ó na seastán le bia réamh-bruite nó a bhí á n-ullmhú ar thaobh na sráide.

Sa chistin
Ach bhí an t-adh linn mar tá daoine ann a thugann ar thuras "Bhia Sráide" thú. Is mar sin a bhualamar le Marco Romeo ("Yes, you can call me “the boss” but I think my real name is much cooler - thank you mummy!") agus téann sé thár timpeal na cathrach gach lá faoin ainm Streaty (Iodáilis & Béarla) le dream beag turasóirí - ní bhíonn níos mó ná dáréag ann riamh aige.

Tá an áras ceoldrámaíochta is mó san iodáil i bPalermo, an Teatro Massimo agus is ós a comhair san a bhualmar le Marco agus thug sé Pasanna del Mangione (Pás Slogaire?) an duine dúinn.  Bhí ochtar again ann mar aon leis féin, beirt as Meiriceá (Washington a dúradar ach ní Washington Trump ach ón Stáit!), beirt ó Ghearmáin agus an ceathrar againn as Éirinn.

Chuamar ar dtús chuig an Capo (Ceann an Bhaile)  margadh a bhíonn ar oscailt ar chuile lá den bhliain seachas lá amháin. Tá sé ar oscailt fiú ar Lá Nollag. Dúnann sé ar an 17 Iúl gach bliain ar fhéile naomh na Cathrach, La Santuzza Naomh Rosalia. Is ansin a bhí an cead stop againn le thriall a dhéanamh ar thrí mhias do chuid na háite, Panelle (polenta na Sicile) agus Cazilli (cáca fataí) agus Arancina (Lithród déanta as ris thar timpeal ragu agu dáth oráiste ó safron agus domhainfhriochta). Bhí sean dul isteach i gcúl chistín agus breathnú ar iad á dhéanamh ag an Mama!
Sfincionello ó éinne?
Leanamar ar aghaidh ansin go bualamar le fear a bhí ag díol Sfincionello ar thaobh an Via Maqueda, ceann de príomh shráideann Phalermo. Pizza beag atá ansin le n-ithe agus tú ar an mbóthar. An bhlasta!

Sangue!
Uaidh sin chuamar chuig margadh sráide eile - Vucciria - atá in áit a bheadh an amhras agat faoi gan trácht ar aon rud a ithe nó a ól ann ach is ansin a chuamar istig i mbearr traidisiúnta, fir oibre ina seasamh ann ag ól agus ag caitheamh tobac, fiú istigh ann!. Chomh maith leis na gnáth deochanna, fíon, fuisce beor 7rl bhi trí deochanna ón áit, Sangue, Zibibbo agus Marsala. Bhaineas féin trial as an Sangue a bhí cosúil le seiris tirim. Tugadh schiticchio le n-ithe againn ann, cáis, arán, feoil fuair agus eile.

Bhí cuid againn beagáinín amhrasach faoin gcéad áit eile agus an bia a bhí a sholáthar dúinn ann. pani câ mèusa a tugtar air agus ceapfá gur hamburger atá ann. Ach an brí atá ar na focail Sicileach ná - arán agus liathán. Ní fhéacann sé ró dheas ach bhí blas maith as agus cé nach n-íosfainn gach lá é bheinn sásta é a ithe arís. Bhí cuid againn nach raibh sásta é a thriall fiú!

Agus ansin ag druidim chun deireadh rud éigin milis: Cannolo (Il cannolo Siciliano san Iodáilis). Is feadáin thaosráin iad atá líonta le stuif uachtarach le ricotta nó cáis mar sin. An deas agus éasca iad a ithe agus tú a siúl thar timpeall. Táid beagáining trom ó thaobh blasadh de ach thár a bheith go deas.

Criochnaíodh an turas taobh amuigh den hardeaglais stairiúil Phalermo a léiríon stair na catharach ó aimsir na Rómánach, na hArbach, na Normánach agus síos go dtí na nIodálach.

Bhí mo pás líonta agam agus bhí bia sráide na bPalermitanach samplaithe agam!

Thár aon rud eile cé gur chuid den Iodáil í an tSicil sí an tSicil í thár aon rud eile!

7.9.13

Go Ros láir!

Tá muid ar saoire!

Inné rinneamar an chéad phíosa de thuras go dtí na mór roinne. Thógamar bealach nua aniar ó Ghallimh soir ó dheas go Ros Láir.

Bé tré Luimneach, Tiobrad Árainn, Cluan Meala, Pór Lairige agus Ros Mhic Treoin an turas a bhí againn i gcónaí ach chuir mé ceist ar Googlemaps ar an mbeallach is fearr. Agus roghnaíodar bealach eile ar fad.

Béile ar An tSráidbhaile!
Ar dtús bhí orainn dul tré Ghaillimh agus ansin an príomh bóthar go Bhaile Átha Claith ansin cás ar dheis i dtreo An Tulach Mór, Port Laoise, Ceatharlach agus Inis Córthaigh. Bóthar thar a bheith go maith a bhí ann, gan mórán trácht ach amháin i bPórt Laoise, áit a raibh socraid mór ag chuir beagáinín moill orainn.

Stopamar ag An Sráidbhaile (Co Laoise) le haghaidh beagáinín le n-ithe i gcafé beag neamhthaispeántach an Court Restaurant. Áit deas glán le bia maith folláin blasta, den sean-déanamh.

Leanamar ar aghaidh agus shroicheamar Ros Láir timpeall ceithre uair ón uair a fhágamar cathair na Gaillimhe.

Anois ar agahaidh linn ar bhórd an Oscar Wilde!
Ros a'Mhíl go Ros Láir