Showing posts with label Stoirm. Show all posts
Showing posts with label Stoirm. Show all posts

19.5.14

Siúlóid na Trá Báine!

Scríomar faoin damáiste a deineadh ar Toit Chónáin in aice linne i rith na stoirmeacha. Ar ndóigh is beag áit ar chosta Chnamara nár mhothaigh cumhacht na fairrige i rith an Gheimhridh.

Tá sé de nós againn dul siar chomh fada leis an Trá Bhán, i gCeantair na nOileán agus siúl taobh cladaigh ansin. Is ansin a bhíodh cuid de na sceacha sméara dubha is toirthúla sa cheantair. Ar ámharaí an tsaoil ní dhearna muid an siúlóid seo i mbliana go dtí an domhnach seo caite.
Leagtha ag an stoirm!
Agus is mó an t-athrú atá tagtha ar chuid den chosán ar chosta thoir an oileán ón dtrá bhán ó tuaidh. Bhíodh an cosán le feiscint agus bhí sé éasca teacht air. Ach anois tá an-chuid den cré sciobtha ag an bhfarraige agus bíon ort beagáinín níos mó dreapadóireacht. Tá sé soiléir gur imigh an uisce isteach i dtír agus go raibh leibhéil an árd air i rith na stoirmeacha i mí na Nollag agus Mí Eanáir.
Balla ath-tógtha
Níos faide ó thuaidh ar an gcosán cé nach raibh an damáiste don chosán féin ach cé go raibh an cosán féin timpeall 20 troigh nó níos airde ón uisce ba léir go raibh tionchair ar na ballaí ar thaobh an chosáin. Bhí cuid acu atá ath tógtha ach bhí sé soiléar gur ballaí nua a bhí ann mar ní raibh rian de na sceacha nó fiú plandaí á gclúdú mar a bhí anuireadh. Bhí cuid eile nach raibh togtha agus iad lagtha go talamh.

Mar sin féin d'éirigh linn siúlóid iomlán deas slántúil a bheith againn.

6.3.14

Cosaint reilige!

Is fada ó scríobh mé píosa anseo. Tá an chuid tár éist titim amach ó thosaigh an bliain seo. Ar dtús bhí na stoirmeacha, ceann i ndiaidh a chéile a rinne an chuid dhamáiste sa chomharsanacht. Bhuail tintreach féin an teach s'againne an an 6 Eanáir agus básaíodh mo ríomhaire agus treallamh eile a bhain leis. Buíochas le Dia bhí muid clúdaithe le hárachás agus anois tá muid tosaithe as an nua.
Pic: Máire Bríd Uí Ráinne
Ar an gcósta deineadh damáiste ní h-amháin do Thoit Chónáin a scríobh mé faoi mí ó shin ach níos faide soir uainn ar Reilg Mhaoiris, an áit a bhfuil Bád agus Toibreacha Cholmcille and áit a mbíonn Lá an Tobar gach Meitheamh!

Thug an Aire Talamhaíochta cuairt ar an áit agus gheall sé go mbeadh airgead le fáil chun an reilig a dhaingniú arís agus lé deanaí cuireadh an pictiúir seo thuas ar líne leis an dul chun chinn atá deanta idir an dá linn.
Is minic a deanaim féin gearán faoin gComhairle Chontae ach sa chás se táid le moladh as obair mhaith, dár liom, atá deanta acu ar an suíomh seo!


7.2.14

Toit Chonáin!

Buíochas le Máirín Mhic Lochlainn as an scéal seo a roinnt liom ar an sliogharn atá ag bun an bhóthair ó dheas uainn ar a deineadh damáiste air le linn stoirmeacha ag tús 2014.

Toit Chónáin sula ndearnadh tonntracha na farraige scrois air (2014)
Thíos ag íochtar bóthar an Chaorán, tá an suíomh seandálaíochta ar a nglaíotar Toit Chonáin. Thug an Seandalaí McAlister, cuairt ar an suíomh tamall fada ó shin, agus deanann sé cur síos air mar Shell Midden. Is hiondúil go mbíonn Toit Sliogán nó Shell Midden ina líne fada caol le corr chruit air anseo agus ansiúd, ach ní hamhlaigh do Thoit Chonáin; séard atá anseo ná cnocán sliogán, agus tá scéal faoi i seanchas na ndaoine a théann siar go dtí aimsir na bhFiann, Conán Maol le bheith baileach faoi, agus seo é an scéal mar a chuala mise ó mo Dheaide é, agus chuala mé leagan den scéal céanna ag fear as an gCloich Mhóir cupla bliain ó shin.

Tár éis stoirmeacha Eanáir/Feabhra 2014
Bhí Conán Maol ag siúl le cladach, thíos ag íochtar an Chaoráin lá, agus a chuid pocaí lán le bia cladaigh, théis an mhaidin a bheith caite aige á mbailiú. Bhí sé breá sásta leis fhéin, agus é ag smaoineadh ar an bhféasta breá a bheadh aige nuair a bheadh na muiríní, cluisíní, ruachain, bairne, feochain agus cearca bána rósta aige. Ní raibh morán ar bith siúil déanta aige nuair a thit cloch anuas as an spéir. Choinnigh air ag siúl, agus anois bhí sé ráite faoi Chonán, go dtóigfeadh sé tamall ar rud dul isteach ina intinn, agus tar éis tamaill chuimhne sé nach dtiteann clocha anuas as an spéir, agus bhí barúil mhaith aige cé a chaith an chloch. Bhreathnaigh uaidh soir ar Chondae an Chláir, agus b'shiúd thoir, Cailleach na Boirinne, agus straois go cluasaí uirthi.

'Ó muise a chailligh’, adeir sé, ‘geobh mise an ceann is fearr ort’, ag breith ar charraig agus á caitheamh soir trasna an chiúin. Anois, chuala nó léigh áit éigin, go mbíodh cailleachaí ag caitheamh cloch le chéile agus le daoine eile mar chaitheamh aimsire fadó fadó. Ar aon nós bhí an chailleach breá sásta píosa spraoi a bheith aige le Conán Maol, agus chaith sí meall mór eile do charraig siar trasna Chuan na Gaillimhe leis. Chaith Conán ceann ar ais léi, agus chuile shúil le Dia aige go n-éireódh leis í a bhualadh léi, agus chuaigh sé gar go maith dhó; mar bhain sé an craiceann á srón leis an dara cloch a chaith sé.

Máirín Mhic Lochlainn
Bhí an cháir ag meadú ar straois na cailligh, mar cheap sí go mbeadh píosa deas den lá caite ag caitheamh clocha le Conán Maol, agus caitheann sí meall mór milteach do charraig leis ar an triú géabh. Titeann an charraig sa bhfarraige le h-ais na háite inár raibh Conán ag siúl, agus báitear go gcraiceann é. Anois, tá cantal air, chomh maith le ocras, agus beireann sé ar an gcarraig is mó á bhfuil ina aice ar an gcladach agus caitheann soir leis an gcailleach í, agus déanann sé scraith di.

Ach d’íoch sé fhéin go géar as, mar bhí an oiread sin fórsa le caitheamh na cloiche, gur phléasc a chuid pocaí, agus gur thit a raibh go bhia sliogán cladaigh bailithe aige i gcaitheamh na maidne, amach ina meall mór amháin, agus tugtar Toit Chonáin ar an meall mór sligán seo go dtí an lá atá inniu ann. Agus tugtar ceann cailligh ar an áit art hit an chailleach.

Mar a gcreideann sibh mé, is féidir libh dul go Cois Fharraige i nGaeltacht Chonamara, fios an bhealaigh a fháil go baile an Chaoráin, agus thíos ansiúd tá an meall sliogáin sin ar a nglaoitear Toit Chonáin.

Sin é mo scéalsa má tá bréag ann bíodh ní mise a chum ná a cheap é.

Máirín Mhic Lochlainnn, Deireadh Fómhair, 2009

Rinne daltaí Choláiste Cholmcille físeán gearr bunaithe ar Scéal Chónáin agus a Thoit!

6.2.14

Toit faoi ionsaí - ionradh na farraige!

Roinn mé roinnt pictiúirí den damáiste a rinne an stoirm mór g an deireadh seachtaine de mí Eanáir ar iarsma, sean sliogcharn, atá ag bun  an mbóthar ó dheas ón teach s'againne anseo i gCaorán na gCearc.
Scéal Toit Chónáin mar a h-insíodh le Máirín Mhic Lochlainn

Is dócha gur chonaic thú na pictiúirí ar TG4 agus fiú ar RTÉ 1 den reilig, Reilg Mhuighreas, atá ar an gcéad chás soir ón ár gcasadh féin ag an mBánrach. Leagadh balla ansin ag an stoirm sin ach bhí stoirm eile nuair a bhris na tonntracha isteach ar chuid de na uaigeanna sa sean reilig. Ar ndóigh tá sé tabhacht go ndeintear an damáiste seo a dheisiú go práinneach.
Seo Toit Chonáin anois tár éis stoirm na deireadh seachtain tosaigh mí Feabhra
Shúil mé ó dheas arís ar an Máirt chomh fada leis an fairrige arís le pé damáiste a bhí deanta ansin. Tá an iarsma - Toit Chonáin a glaoghtar air - fós ann ach tá i bhfad níos mó damáiste déanta ná mar a bhí dean tár éis an chéad stoirm. Tá cuid de bainte ar fad agus tá an cosán idir bun na boithre agus an toit féin ídithe go léir.

Níl fhios agam an féidir aon rud a dheanamh leis anois. Tá an damáiste chomh mór san go gceapaim féin nach féidir mórán a dheamnah leis ach é a fhágáil ag fórsaí an dúlra! Sílim fhéin go n-imóidh sé diaidh ar ndiaidh.

Is trua san mar níl mórán fágtha thár timpeall Chonamara. Tá mé ag ceapadh go raibh ceann tráth ar an gCeathrÚ Rua agus go bfios dom tá ceann in Iorras Aithneach ach ní dóigh liom go bhfuil aon cheann eile fágtha i gConamara.
Seo mar a bhí sé tar éis stoirm an 6ú Eanáir 2014. Anois tá an cosán imithe ar fad agus tá bun Thuit Chónáin beagnach go léir imithe!

Seo Toit Chónáin roimh an stoirm!