Showing posts with label Éamon Ó Cuív. Show all posts
Showing posts with label Éamon Ó Cuív. Show all posts

18.2.16

Réimhír sloinnte - ann nó as?

Mac, Ó, Uí, Mhic, Ní agus eile

Bhí píosa sa Chúradh Chonnachtach (Béarla) le deanaí le Dara Bradley ag caint faoi an tslí a tá Trevor Ó Clochartaigh agus Éamon Ó Cuív ar an bpáipéar vótála. Bé an Cuíveach a rinne é ar dtús á liostáil féin mar "Cuív Éamon Ó" seachas "Ó Cuív Éamon" agus tá an Clochartach ag déanamh an rud céanna anois. An toradh atá ar seo ar ndóigh ná go bhfuil siad thuas i measc na céad daoine ar an liosta le na C-eanna seacha thíos ag "O" ag a bhun. B'fhéidir go gcabhraíonn sé leo sa toghchán nó b'fhéidir nach gcabhraíonn.

Bhí mise ag ceapadh gur ceart i gcásanna sloinnte "Gaelach," sé sin sloinnte i nGaeilge (Ó, Mac, de, Ua, Ní, Uí, Nic, Mhic 7rl) an réimír a fhágáil ar lár nuair atá liostaí i gceist. Bhí an cleachtadh sin á úsáid nuair a bhí mise san bhunscoil, "in the time of the Barmacides!"

Bhí beagáinín díospóireachta faoi ar facebook agus roinn an Dr Kevin Scannell ón a dtaithí féin. "Phléamar an cheist seo le Google nuair a chuireamar Gaeilge ar Gmail. Comhairle dhifriúil ó gach foinse! An Sloinnteoir Gaeilge: "An córas aibítreach atá in Guide to Irish Surnames" a úsáidtear anseo - gan aitheantas aibítreach a thabhairt do na 'réimíreanna' Mac, Mag, Ó...". Roinn sé nasc chuig an páipéar seo: "Irish prefixes and the alphabetization of personal names" le Róisín Nic Cóil ( The Indexer, June 2011).

Tá spéis faoi leith agamsa anseo. Tá mé ag déanamh taighde ar ghinealas mo chlann féin le tamall.

Bhí fadhb ann mar ba mise an chéad duine a bhain úsáid as an leagan Ghaeilge den sloinne i gcónaí de réir an méid taghde atá déanta agam go dtí seo. Ach conas iad a choimeád le chéile. Mar sin shocraigh mé gan an réamh-fhocal Ó nó Úi nó Ní a choimead mar chuid den sloinne. Mar sin in "Riain Ó" atá ann and an réamh-fhocal ina dhiadh.

Tá dhá sloinnte eile "Gaelach" sa craobh ghinealaigh leis agus rinne mé mar an gcéanna leo siúd.

Tá innéacs de na sloinnte go léir le feiscint sa pictiúir thuas (brú air len é a dhéanamh níos mó.) Tá na sloinnte go léir le chéile, mas Riain , Núláin, Ionraic agus Cathasaigh iad! Tabhair faoi deara nach raibh fadhb ar bith agam leis an sloinne Ollannach "van der Plijum!"

Bhí mé lán cinnte dom fhéin ar dtús ar facebook ach anois níl mé chomh 'dogmatach.' Ach cinnte tá mé chun leanúint leis mo chleachtas féin.

Ó - ann nó as?

13.12.13

Gás anois ansin uisce faoi thalamh?

Chuala mé an nuacht ar Cormac ag a Cúig. Tá Bórd Gáis díolta ag an Rialtas ar bhreis is €1.12 billiúin le comhlacht Shasanach gur leo British Gas.

Bhí íontas orm mar dúradh mí ó shin nach rabhadar len é a dhíol.  Mar a deinim go minic nocht mé mo chuid tuairimí ar an chóras giolcaireachta twitter.
Tá an comhlacht á dhíol le cuibhreanas nó grúpa na chomhluchtaí, Centrica (British Gas), Brookfield Renewables and iCON Infrastructure.

Is cosúil nach bhfuiltear leis an ngréasáin píobaí leis an gás a iompair go dtí na custaiméirí a díol. B'fhéidir go bhfuil ceacht foghlaimtha ó Éircom nuair a díoladh chuile rud agus atá fós ag chur bach le chúrsaí cumarsáide go mór mór faoin dtuath agus leathnú an bhánda leathan ann.

Níl mise ró chinnte gur ceart tionscnaíocht chomh bunúsach mar an aibhléis, uisce, gás, córas phoist agus telecumarsáide, agus iompair inmheánach a díol isteach sa chóras tionscailíochta.

Is cosúil go bhfuil an gníomh nach mór déanta anois áfach. Bhfuil fhios ag éinne céard a dhíolfar amach anseo?

Mar íar nóta  tugaim faoi deara go ndéarna an teachta dála áitiúil anseo tuít ar an ábhar níos deanaí sa tráthnóna agus luaigh sé focail an Phiarsaigh chomh maith!