Showing posts with label Trevor Ó Clochartaigh. Show all posts
Showing posts with label Trevor Ó Clochartaigh. Show all posts

18.2.16

Réimhír sloinnte - ann nó as?

Mac, Ó, Uí, Mhic, Ní agus eile

Bhí píosa sa Chúradh Chonnachtach (Béarla) le deanaí le Dara Bradley ag caint faoi an tslí a tá Trevor Ó Clochartaigh agus Éamon Ó Cuív ar an bpáipéar vótála. Bé an Cuíveach a rinne é ar dtús á liostáil féin mar "Cuív Éamon Ó" seachas "Ó Cuív Éamon" agus tá an Clochartach ag déanamh an rud céanna anois. An toradh atá ar seo ar ndóigh ná go bhfuil siad thuas i measc na céad daoine ar an liosta le na C-eanna seacha thíos ag "O" ag a bhun. B'fhéidir go gcabhraíonn sé leo sa toghchán nó b'fhéidir nach gcabhraíonn.

Bhí mise ag ceapadh gur ceart i gcásanna sloinnte "Gaelach," sé sin sloinnte i nGaeilge (Ó, Mac, de, Ua, Ní, Uí, Nic, Mhic 7rl) an réimír a fhágáil ar lár nuair atá liostaí i gceist. Bhí an cleachtadh sin á úsáid nuair a bhí mise san bhunscoil, "in the time of the Barmacides!"

Bhí beagáinín díospóireachta faoi ar facebook agus roinn an Dr Kevin Scannell ón a dtaithí féin. "Phléamar an cheist seo le Google nuair a chuireamar Gaeilge ar Gmail. Comhairle dhifriúil ó gach foinse! An Sloinnteoir Gaeilge: "An córas aibítreach atá in Guide to Irish Surnames" a úsáidtear anseo - gan aitheantas aibítreach a thabhairt do na 'réimíreanna' Mac, Mag, Ó...". Roinn sé nasc chuig an páipéar seo: "Irish prefixes and the alphabetization of personal names" le Róisín Nic Cóil ( The Indexer, June 2011).

Tá spéis faoi leith agamsa anseo. Tá mé ag déanamh taighde ar ghinealas mo chlann féin le tamall.

Bhí fadhb ann mar ba mise an chéad duine a bhain úsáid as an leagan Ghaeilge den sloinne i gcónaí de réir an méid taghde atá déanta agam go dtí seo. Ach conas iad a choimeád le chéile. Mar sin shocraigh mé gan an réamh-fhocal Ó nó Úi nó Ní a choimead mar chuid den sloinne. Mar sin in "Riain Ó" atá ann and an réamh-fhocal ina dhiadh.

Tá dhá sloinnte eile "Gaelach" sa craobh ghinealaigh leis agus rinne mé mar an gcéanna leo siúd.

Tá innéacs de na sloinnte go léir le feiscint sa pictiúir thuas (brú air len é a dhéanamh níos mó.) Tá na sloinnte go léir le chéile, mas Riain , Núláin, Ionraic agus Cathasaigh iad! Tabhair faoi deara nach raibh fadhb ar bith agam leis an sloinne Ollannach "van der Plijum!"

Bhí mé lán cinnte dom fhéin ar dtús ar facebook ach anois níl mé chomh 'dogmatach.' Ach cinnte tá mé chun leanúint leis mo chleachtas féin.

Ó - ann nó as?

4.7.13

Cúram is cosaint?

Chuireann ráiteas ag smaoineamh mé - cén saghas aire a thugann muid mar stáit do mhná?

Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!

Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.

Dídean le fáil?
“Caithfidh an tAire freagracht a ghlacadh as an droch stáid seo agus ba chóir dó cur in iúl don Seanad céard atá i gceist aige a dhéanamh leis an scéal a leigheas.

“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.

“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.

“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."

Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.

An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin?  Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.

An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?


11.2.13

Gníomh cosáin coisithe Chonamara

"Siúl, siúl, súil, a rúin," a deireann an amhrán ach go minic is gá na focal "go dteigh tú a mhúirnín slán" a chuir leo más ar bhóthair Chonamara atá do thrial!

Tá fhios ag madraí na sráide faoi crot bhoithre Chonamara. N'fheadair an fhuil fhios acu faoin easpa chosáin in an chuid áiteanna ann.

Tá gníomh á dhéanamh ag Coiste na Tulaigh na madraí a chuir ar an eolas i mí Márta tré Oíche na gCon a eagrú istigh i nGaillimh ar an  gcead Sathairn sa mhí sin. Beidh slua ag dul soir ann le craic a bheith acu agus airgead a sholáthar do thógra le cosán ó Áras TG4 siar chomhfada le cros bhóthar Bhaile na hAbhann. Is dócha gur comhartha ar an nganntanas maoine ón Rialtas é nach bhfuil an Comhairle Chontae sásta (nó ábalta?) íoch ar obair mar sin ó chiste na Chomhairle.

Eagraíodh ocáid ag chuir tosú leis an bhfeachtas ar an Aoine seo caite agus b'é laoch peile (nó caide) Chiarraí agus tráchtaire raidío agus teilifíse, Dara Ó Cinnéide, a sheol é. Bhí slua ón gceantair ann mar aon le hionadaí áitiul, mar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus na Comhairleoirí Seán Ó Tuairisc agus Seán Ó Laoi. Bhí dhá cúnna ann lena a dtacíocht a theaspáint chomh maith!

Tá pictiúirí den ocáid le feiscint ar facebook anseo.

Bí ag breathnú le níos mó eolais faoin oíche spraoiúil seo ar an meáin soisialta agus eile!

24.5.12

Teach an Phiarsaigh! Geallúint eile?

Fuair mé ráiteas ar maidin a chuir ar bhóithre na smaointe mé.

"Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala ón Rialtas go bhfuil ionad do chuairteoirí le tógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, i gCo. Na Gaillimhe." a thosnaíonn an ráiteas.

Is cuimhneach liom sé bliain ó shin - sea 2006! - d'eagraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig comóradh agus agóid ag an Teach fhéin ag éileamh go gcomhlíonadh gealtannais a thug an Aire ag an am, Éamon Ó Cuív, ceithre bhliain roimhe sin (agus b'fhéidir roimhe sin arís!) go dtógfaí Ionad Oidhreachta ag an láthar sin. Is mó idir sin agus seo!
Ag Teach an Phiarsaigh, 21 Aibreán 2006, Domhnach Chasca
Anois tá geallúint eile faighte againn.


Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-eolas tar éis dó an cheist a ardú sa Seanad. I bhfreagra ó Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deimhníodh go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus má théann gach rud i gceart go bhféadfadh an t-ionad mínithe a bheith tógtha in am do chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. 

‘Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’.

Tá an togra dhá fhorbairt mar chomhfhiontar idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaol, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland (Béarla). Soiléiríodh go bhfuil sé ag staid réamhphleanála faoi láthair agus iarratas déanta ar chiste caipitil Fáilte Ireland chuige. Má eiríonn leis sin tá súil obair thógála a thosú i 2014 agus amscála de fiche mhí leagtha amach don fhorbairt. Tá sé beartaithe an ionad a bheith réidh le n-oscailt i 2016.

‘Bhí amhras ar chuid mhaith nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta, ach is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois. Ag comóradh na Cásca i Ros Muc i mbliana, d’iarr mé fein go dtabharfaí an togra chun cinn arís chomh tapaidh agus is féidir agus is maith an rud go bhfuil sé ar ais ar an gclár oibre. Bhí baint mhór ag pobal an cheantair agus na heagrais stáit éagsúla leis an gcoincheap don ionad agus cur chun cinn an phlean seo, a dhéanfaidh comóradh cui ar fhear a thug a shaol agus a anam ar son na hÉireann agus na rudaí a chreid sé iontú. Fear a raibh fís aige don tír a chaithfear a mhúscailt arís i gcomhthéacs ár linne’, a deireann Trevor.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4m sa bhliain a ghiniúint , bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Feicimíd!