![]() |
| Tomás Mac Ruairí 1939-2023 |
21.4.23
Mise agus Tomás Mac Ruairí!
17.12.22
Frigeáilte!
Mar shampla "sandwich" in ionad "ceapaire", nó "bicycle" ar "rothar."
Is cuimhin liom ag líonadh mo charr ag Siopa an Phobail agus chuigh mé isteach ann le híoch as an "artola." Ní raibh tuairim ag a bhfreastalaí bochd cad a bhí mé ag rá go dtí go ndúirt mé "Petrol." (Ach ar focal.ie tá an focal "peitreal" ann.)Agus is annamh go n-usáitear an focal "aibhléis" (ach amháin ar R na G). "Tá an deabháil leictric imi' aríst!" a deirtear thárt anseo.
Is cuimhin liom fadó nuair nár éirig linn ár gcarr a thosu (startáil?) tháinig duine de na comharsan ag iarraidh cabhrú linn. Agus cúpla iarracht déanta again gan toradh dúirt sé, "'mé ag ceapadh go bhfuil an battery frigeáilte." Agus bhí!
Tárlaíonn rudaí mar sin i ngach teanga. Tagann an chuid de na focail sa Ghaeilge ón Laidin nó ón bhFraincís. Tagann focail áirithe istigh go nádúrtha i ngach teanga fiú sa Bhéarla. Tá neart "bungalónna" thár timpeal anseo ach ní focal Gaeilge é sin, nó fiú focal Bhéarla.
Tagann focail is teach i ngach teanga, cuid acu fanann siad ann agus cuid acu ní éiríonn leo. Tá fir agus mná léinn a déanann iniúcadh ar fhocail agus téarmaí agus cumann siad focail nua. Éiríonn le cuid acu dul isteach sa chaint agus fágtar cuid acu gan úsáid.
Mar a dúirt Taoiseach éigin "fag faoi na toghthóirí" é.
3.3.21
Focail ar fhocail!
11.10.18
Vóta ar cheist simplí nó..? An phobalbhreith eile!
Tá dhá phobalbhreith le bheith ar an 26ú lá den mí seo. Tá Toghchán Uachtarántachta le bheith ann agus tá fhios ag cach faoi seo agus feachtas faoi lán seol. Ach tá ceann eile ann: An Reifreann maidir leis an Diamhasla.
"Ní thugtar míniú ar an diamhasla sa Bhunreacht féin. Tugtar míniú dlíthiúil ar an diamhasla san Acht um Chlúmhilleadh, 2009."
Níl an miniú ró-shoiléir i mBéarla áfach muna bhfuil Gréigis agat (agus níl agam). Tagann an focal go bunúsach, deirtear liom, ón Sean-Ghréigis βλασφημέω, ó βλάπτω "gortú" and φήμη "ráiteas" nó "mír chainte". Ar bhealach tá brí an fhocail "blaspheme" i mBéarla i bhfad níos leithne ná an focal sa Teanga Náisiúnta. Ach de réir na Bunrachta féin is ag "an téacs Gaeilge a bheidh an forlámhas!"Má éiríonn leis an reifreann seo beidh cead ag an Oireachtas, nó agamsa, Dia a mhaslú trén Acht um Chlúmhilleadh 2009 a bheith mí bhunreachtúil.
Nó bhfuil dul amú orm?
* Is féidir an an treoir neamhspleách ar an reifreann maidir le diamhsala a íoslódáil anseo (pdf)
18.2.16
Réimhír sloinnte - ann nó as?
Bhí píosa sa Chúradh Chonnachtach (Béarla) le deanaí le Dara Bradley ag caint faoi an tslí a tá Trevor Ó Clochartaigh agus Éamon Ó Cuív ar an bpáipéar vótála. Bé an Cuíveach a rinne é ar dtús á liostáil féin mar "Cuív Éamon Ó" seachas "Ó Cuív Éamon" agus tá an Clochartach ag déanamh an rud céanna anois. An toradh atá ar seo ar ndóigh ná go bhfuil siad thuas i measc na céad daoine ar an liosta le na C-eanna seacha thíos ag "O" ag a bhun. B'fhéidir go gcabhraíonn sé leo sa toghchán nó b'fhéidir nach gcabhraíonn.
Bhí mise ag ceapadh gur ceart i gcásanna sloinnte "Gaelach," sé sin sloinnte i nGaeilge (Ó, Mac, de, Ua, Ní, Uí, Nic, Mhic 7rl) an réimír a fhágáil ar lár nuair atá liostaí i gceist. Bhí an cleachtadh sin á úsáid nuair a bhí mise san bhunscoil, "in the time of the Barmacides!"
Bhí beagáinín díospóireachta faoi ar facebook agus roinn an Dr Kevin Scannell ón a dtaithí féin. "Phléamar an cheist seo le Google nuair a chuireamar Gaeilge ar Gmail. Comhairle dhifriúil ó gach foinse! An Sloinnteoir Gaeilge: "An córas aibítreach atá in Guide to Irish Surnames" a úsáidtear anseo - gan aitheantas aibítreach a thabhairt do na 'réimíreanna' Mac, Mag, Ó...". Roinn sé nasc chuig an páipéar seo: "Irish prefixes and the alphabetization of personal names" le Róisín Nic Cóil ( The Indexer, June 2011).
Tá spéis faoi leith agamsa anseo. Tá mé ag déanamh taighde ar ghinealas mo chlann féin le tamall.
Bhí fadhb ann mar ba mise an chéad duine a bhain úsáid as an leagan Ghaeilge den sloinne i gcónaí de réir an méid taghde atá déanta agam go dtí seo. Ach conas iad a choimeád le chéile. Mar sin shocraigh mé gan an réamh-fhocal Ó nó Úi nó Ní a choimead mar chuid den sloinne. Mar sin in "Riain Ó" atá ann and an réamh-fhocal ina dhiadh.
Tá dhá sloinnte eile "Gaelach" sa craobh ghinealaigh leis agus rinne mé mar an gcéanna leo siúd.
Tá innéacs de na sloinnte go léir le feiscint sa pictiúir thuas (brú air len é a dhéanamh níos mó.) Tá na sloinnte go léir le chéile, mas Riain , Núláin, Ionraic agus Cathasaigh iad! Tabhair faoi deara nach raibh fadhb ar bith agam leis an sloinne Ollannach "van der Plijum!"
Bhí mé lán cinnte dom fhéin ar dtús ar facebook ach anois níl mé chomh 'dogmatach.' Ach cinnte tá mé chun leanúint leis mo chleachtas féin.
![]() |
| Ó - ann nó as? |
13.7.15
Cód ar strae!
Anois tá an Rialtas tár éis €27milliúin a caitheamh ar cód nach oibríonn ar satnav ar bith agus sheoladar é ar maidin. "Eircode" an t-ainm atá baistithe acu air. "Cuirfidh Eircode, an córas postchóid nua d’Éirinn, ar a gcumas do dhaoine agus do ghnólachtaí teacht ar gach seoladh in Éirinn, rud a dhéanfaidh an saol níos seolta réidh duit." Nach ait an mac an saol? Deireann siad go ndéanann an rud céanna atá á dhéanamh ag LOC8 dom-sa le bliainta.
Ar ndóigh níor tugadh cead do LOC8 tairiscint a chur isteach toisc na coinníollacha a leagadh síos ag an Rialtas. Dúradh níos deanaí ag an Eoraip go raibh an proiséas tairiscintí a úsáideadh, lochtach.
Rinne mé mé fhéin a aimsiú ar an gcórás nua.
Is ceantair Gaeltachta é seo agus tá sé litrithe i gceart ar an suíomh.
Tá naoi dtithe thár timpeall ar mo theach-sa agus uimhreacha thar a bheith difriúil ag gach ceannn acu. Tá an céad trí litreacha "H91" ag gach ceann acu ach leis na ceithre tacar de dhigití ag an deireadh níl aon leanúnachas ionta. A... atá agamsa ach tá E... ag tús trí sheoladh, P... ag dhá cheann agus ceann amháin an cód le T..., P..., V... D... agus N... . Tá H91 don gceantair ach níor éirigh liom a fháil amach cé chomh mór is atá an cheantair mar níl cead ag éinne níos mó ná 15 déag a chuardach ag aon am amháin! Tá H91 ag Baile na hAbhann agus an Tulaigh (Níos mó ná míle uainn) leis mar sin is beag cabhair atá ann d'éinne atá ag lorg mó theachsa thár an gcóras ainmneacha atá ann anois.
I ndairíre tá sé níos fearr ag éinne tiomáint chuig an baile s'againne leis an gnáth seoladh agus mapa ach ní fhéadfadh éinne dul ann gan ríomhaire de short éigin a bheith aige más ag brath ar an cód nua seo atáid.
Rud eile a thugas faoi deara ná go raibh dhá leagan d'ainm na h–áite ann. An ceann ceart agus ansin ceann i leagan trualaithe Béarla. Go bhfios dom ní cheart ach ach an ainm ceart Gaeilge a thabhairt ar logainmneacha sna ceantreacha Ghaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil míchruinneas ó thaobh ainmneacha Ghaeilge trí síos agus nach bhfuil siad sásta na botúin a cheartú. Ní oibríonn sé le Port Lairge (féach thuas!) mar shampla agus tá Leitir Mór aistrithe 14 km ó thuaidh acu!
![]() |
| Leitir Móir na Coille chois fharraige!!! |
21.6.15
Seanfhondóirí ón Iarthair ag insint a scéal.
Is dócha gur ceann de na míbhuntáistí leis an sao nua ná an scoilt idir na seandaoine agus na daoine óga ag fás aníos. Is ag plé le na rudaí draíochtúil, ríomhairí, na meáin shóisialta, agus fónin phóca. Cuid den gcuís, go mór mór amuigh faoin dtuath ná go bhfuil siad imithe as baile ag stáidéar nó le post a fháil agus fiú nuair atá siad sásta fanacht sa bhaile níl na seirbhísí nua seo le fáil acu agus níl fonn ortha cur futha ina gceantair dhúchais a thuile. Agus as go bráth leo soir go dtí an geal cathair!
Bhí cruinniú suimiúil i nGaillimh ar an Aoine seo caite inar bhalaigh slua le héisteacht le "Seanfhondóirí ón Iarthair" i gcúrsaí Chearta Sibhialta agus Ceardchumain. Is in halla Fhorais na Meicneoirí i lár an bhaile a bhí sé. Ní raibh fhios agam go raibh a leithéid d'áit ann ach tá ó tríocadái an naoiú aois déag. Tá a cheann ceathru ar an Sráid Láir.
Rud nua don scríobhnóir seo an lipéad "seanfhondóir" ar dhaoine a bhí (beagáinín!) níos óige ná é féin. I ndairirí ní raibh aon chosúileacht ar na seanfhondóirí áirithe seo go raibheadar le h-éirí as an rás go raibh cuid acu ar phinsin!
![]() |
| Clé: John Cunningham, OÉG, Seosamh Ó Cuaig, Conamara & Declan Bree, Sligeach |
Sa dara chuid den oíche bhí triúr bhan, Liz Walsh, Mary Cooke agus Bríd Carr ag comhrá le Tish Gibbons. Bhíodar i measc iad siúd a bhí ag troid go tréan sna seachtóidí le ceardchumann a bhunú agus cearta na n-oibrithe riaracháin san Ollscoil a chosaint. Bhí lucht bainistíochta na hOllscoile glan ina gcoinne agus d'úsáid siad larrachtaí an láidir na mná cróga seo a stopadh. Bhí sé deacair dóibh a bhí i láthar gan smaoineamh ar chúrsaí san Ollscoil sa lá atá inniú ann agus an éagóir a deineadh i gcás an Dr Micheline Sheehy Skeffington agus a comráidí. Dúradh leis gur mó an scannal céad blian ó bhi Francis & Hannah Sheehy Sheffington ag troid go láidir ar son cearta mná go bhfuil an troid fós ar siúl ag a ngár-iníon!
Bhí slua maith i láthair agus daoine óga atá ag tosú ar an turas aonrach an agóideora. In measc bhí daoine ó Misneach, dream spleodrach a thógann a n-inspioráid ón an sean dream, go mór mór Máirtín Ó Cadhain a bhunaigh an céad "Misneach". Cé nach n-aontaím le gach seasamh atá á thógaint aontaím go bhfuil sé tabhacht go gcloisfar a ghlór amach anseo - amch ar an sráid agus istigh sna chúlseomraí. Bhíodar ag díol an dara eagrán dá nuachtáin, Mionlach, ainm oiriúnach mar is beag rud nach ndéantar ó oibre na mionlaithe!
Tá sé tábhachtach go mbeidh Gaeil i lár an aonaigh nuair a thagann atá agóidí ar siúl. Is é an rud ar a dtugtaí an "nua-liobrálachas" atá ag cur polasaithe na déine i bhfeidhm ar nós an Cháin Uisce is atá ag gearradh buiséad caipitil Údaráis na Gaeltachta. Siad na "fórsaí níos láidre agus níos forleithne ann (sa stáit chóras) ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." (Seán Ó Cuirreáin 23/1/2014)
"Caithfidh Gaeil seasamh le cosmhuintir na tíre. Cé go bhfuil go leor bá ann don Ghaeilge, breathnaíonn go leor daoine ar chainteoirí na teanga mar ghrúpa faoi leith a mbreatnaíonn amach do mhaitheas na Gaeilge amháin. Tá na Gaeltachtaí ag meath. Má theastaíonn uainn an próiseis sin a stopadh beidh tacaíocht gnáth-mhuintir na tíre ag teastáil uainn." (Misneach 20/1/2013)
D'fhág mé an gcruinniú agus mé déanta óg arís i mo chloigeann cé gur sean-cnámh atá san cuid eile dem chorp.
An réabhlóid abú!
21.1.15
Crosfhocal ar an sean-nós!
19.9.14
Seoladh Leabhrán Oireachtas Chois Farraige!
Bhí Tigh Giblin sa Spidéal ag cur thar maoil aréir nuair a sheol Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla leabhrán ar leith atá foilsithe mar chuid d’ Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.
Sa leabhrán tá altanna éagsúla a bhaineann le Oireachtas na Gaeilge 1974, leis an sean nós chomh maith le stair áitiúil an cheantair. Chomh maith le sin tugtar sa leabhrán eolas faoi imeachtaí na féile, a bhéas ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn.Ina phíosa cainte ag an ocáid, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go mba údar ceiliúrtha é Oireachtas na Gaeilge 1974 agus an méid a baineadh amach ó shin.
Dúirt sé go dtugann na hailt sa leabhrán léargas ar an speodracht a bhain le reáchtáil an OIreachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin agus ar an misneach a bhí ag daoine seasamh lena gcearta agus go raibh Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4 mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin.
"Mar phobail Ghaeltachta," dúirt sé, "Sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann dena dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois agus caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin!"
Dúirt sé nach bhfuil an éileamh mí réasúnach go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Tá an caint a thug sé le léamh anseo!
Ag glacadh buíochas leis an Roinn Ealaín, Oidhreachta is Gaeltachta, as tacaíocht a chur ar fáil don leabhrán, dúirt Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go mbeadh tacaíocht ar fáil le foilsiú irisí áitiúla sa Ghaeltacht, os rud é nach mbeidh aon nuachtán Gaeilge clóite ar fáil amach anseo. "Má tá deis le bheith ag pobail na Gaeilge sa Ghaeltacht ábhar tré Ghaeilge a léamh go rialta, is iad na hirisí áitiúla ar nós Biseach agus leabhrán bliantúil Iorras Aithneach, is fearr a chuirfidh an deis léitheoireachta sin ar fáil."
Tá an leabhrán, ina bhfuil 72 leathanach, ar fáil le ceannacht i siopaí ar fud Gaeltacht Chonamara ón lá inniu ar aghaidh ar phraghas €4.
5.9.13
File croíuil créúil agus dúchasach!
Tá laoch ar lár, i ndairíre tá triúr ar láir i saol na nGael, beirt a scríobh i nGaeilge agus duine amháin a scríobh i mBéarla.
Beannacht Dé le Maidhc Dainín, Diarmuid Ó Gráinne agus Séamus Heaney.
Is údair cumasach iad triúir, agus ait go leor tá mé ag léamh aistrúcháin Dhiarmada Uí Ghráinne ar leabhar de chuid Abert Camus faoi láthair!
Ó fuair Séamus Heaney bás tá na meáin lán dá chuid fhilíochta. Táid ag rá gur é an file is mó a bhí againn ó Yeats (ar ndóigh is filí a scríobh i mBéarla a tá i gceist). Bheadh sé spéisiúl comparáid nó léarmheas a dhéanamh idir a chuid filíochta agus abair filíocht Mháirtín Ó Díreáin mar shampla.
![]() |
| "Sa bhaile!" (pic ón BBC) |
Dár liomsa, i measc na fílí as Éirinn, a scríobh i mBéarla tá Heaney i bhad níos údarach nó fíréantach ná Yeats. (Níor thaitn Yeats liom riamh - "horseman pass by!") Tá macántacht nó ionrachas ag baint lena chuid scríobhnóireacht. Tá a chuid daonacht agus pearsantacht ag léimneach amach as beagnach gach focal a scríobh sé.
Bhí sé dílis dá phréamhacha, préamhacha a bhí go domhain in ithir a cheantair dhúchais - Baile Eachaidh. Ní raibh na préamhacha sin chomh domhain ina dhúthaigh ag Yeats agus atá ag Heaney agus má sin ní raibh a chuid filíochta leath chomh chréúil leis.
Deireann sé i réamhrá a aistrucháin ar Bheowolf (Béarla):
| Sprung from an Irish nationalist background and educated at a Northern Irish Catholic school, I had learned the Irish language and lived within a cultural and ideological frame that regarded it as the language that I should by rights have been speaking but I had been robbed of. I have also written, for example, about the thrill I experienced when I stumbled upon the word lachtar in my Irish-English dictionary, and found that this word, which my aunt had always used when speaking of a flock of chicks, was in fact an Irish language word, and more than that, an Irish word associated in particular with County Derry. Yet here it was surviving in my aunt’s English speech generations after her forebears and mine had ceased to speak Irish. For a long time, therefore, the little word was – to borrow a simile from Joyce – like a rapier point of consciousness pricking me with an awareness of language-loss and cultural dispossession, and tempting me into binary thinking about language. I tended to conceive of English and Irish as adversarial tongues, as either/or conditions rather than both/and, and this was an attitude that for a long time hampered the development of a more confident and creative way of dealing with the whole vexed question – the question, that is, of the relationship between nationality, language, history and literary tradition in Ireland. |
| ...who could not help informing us, for example, that the word ‘whiskey’ is the same word as the Irish and Scots Gaelic word uisce, meaning water, and that the River Usk in Britain is therefore to some extent the River Uisce (or Whiskey); and so in my mind the stream was suddenly turned into a kind of linguistic river of rivers issuing from a pristine Celto-British Land of Cockaigne, a riverrun of Finnegans Wakespeak pouring out of the cleft rock of some prepolitical, prelapsarian, urphilological Big Rock Candy Mountain – and all of this had a wonderfully sweetening effect upon me. The Irish/English duality, the Celtic/Saxon antithesis were momentarily collapsed and in the resulting etymological eddy a gleam of recognition flashed through the synapses and I glimpsed an elsewhere of potential that seemed at the time to be a somewhere being remembered... |
Dár liomsa is comharba fiúntach é ar fhile Phangur Bán. Ba file deas é Yeats ach ba file críoúil créúil é Heaney.
Agus a dán is fearr liom (agus níl gach dán dá chuid léite agam)? Mid term break, a scríobh faoi bhás a dheartháir, Christopher. Agus chuireann sé i gcuimhne dom ar dhá a scríobh an tAth Pádraigh Ó Fiannachta faoi "...deartháirín agam tráth/Ach sciob an bás é..." ina leabhair Deora Dé.
Go raibh áit i measc na n-aingeal ag ár bhfilí agus scríobhnoirí go léir a léiríonn dúinn na teachtarachtaí saoil atá le feiscint, go minic i ngan fhios dúinn thár timpeall orainn!
4.2.13
Missale Romanum
Bhí An Dr Ró Oirmh Michael Neary, Árdeapag Thuama mar cathaoirleach. Bhí An Dr Ró Oirmh Philip Boyce, Easpag Rath Bhóth, An Dr Ró Oirmh Brendan Kelly, Easpag Achadh Conaire, An Dr Caitríona Ó Dochartaigh, An Moinsíneoir James Ó’Brien, An tUas Brian Ó Donnchadha agus an tAthair Joseph Briody, Rúnaí, i láthair ag an gcruinniú freisin.
Rinne an coiste trácht ar fuílleach ábhair sa Mhissale Romanum, mar Aguisíní 2-5; Aifrinn Mhóideach; Aifrinn Deasghnathach; Coisreacháin Maighdean; Glacadh Módhanna Daoine Rialta, 7rl; Tiomóntas Eaglaise agus Altóir chomh maith le hAifrinn agus paidreacha le haghaidh riachtainisí agus ocáidí éagsúla. Luadh agus moladah arís ard-chaighdeán na dréachta tríd is tríd.
Cuireann an scrúdú seo deireadh leis an gcéim seo d’iniúcadh an dréachtaistriú ar an mbealach go críochnú An Leabhar Aifrinn Rómhánach go luath.
Tathar ag súil leis an gcéad cruinniú den gcoiste sa Róimh i mí Bealtaine 2013.
15.1.13
Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!
Cearta teanga sna cúirteanna- pictiúr nua seolta
Táthar tar éis sraith de shean-ghrianghraif an-stairiúil, 130 bliain d’aois, den deichniúr fear ar cuireadh dúnmharuithe Mhám Trasna ina leith a aimsiú agus a fhoilsiú don chéad uair.
Iar oifigeach airm (de chuid na Breataine) Capt. J.J. Dunne a bhailigh iad. Gortaíodh é san Afraic i gCogadh na Zulu (roimh dhúnmharuithe Mhám Trasna) agus chaith sé an chuid eile dá shaol oibre mar oifigeach príosúin. Bhásaigh sé i 1910. Óna gharmhac (Lieutenant Col. Armstrong) a fuair Leabharlann Náisiúnta an hÉireann an bailiúchán agus níl aon amhras faoina bhfoinse stairiúil. Tá na pictiúir á gcur ar fáil go poiblí anseo anois le caoinchead na Leabharlainne Náisiúnta. Ag an leabharlann sin atá na cearta foilsithe.
Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí i Maolra Seoighe a cuireadh chun báis nuair a ciontaíodh é faoi bhaint a bheith aige le dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882. Dúirt an staraí iomráiteach Robert Kee, a básaigh ar an Aoine seo caite, go raibh cás Mhám Trasna i gcoitinne “ar cheann de na cásanna a ba fhollasaigh d’iomrall ceartais i stair dlí na Breataine.”
![]() |
| Maolra Seoighe 1882 |
Bhronn an Coimisinéir Teanga cóipeanna de na grianghraif stairiúla seo ar Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Terry O’Flaherty agus ar Mhéara Chontae na Gaillimhe an Comhairleoir Thomas Welby i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an Mháirt, 15 Eanáir 2013.
Bhí na grianghraif stairiúla seo “slán sábháilte ach i bhfolach ón bpobal” dar leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a raibh a Oifig i bpáirt le Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge in eagrú na hócáide chomórtha ar Mhaolra Seoighe agus Mám Trasna an mhí seo caite.
“Cuireann na pictiúir tuilleadh treise le anróiteacha an scéil agus leis na tragóidí phearsanta a bhí i gceist i Mám Trasna” a dúirt sé. Tá cóip tagtha chun solais anois freisin de rolla an phríosúin ina bhfuil mioneolas phearsanta faoin 10 fear a gabhadh i dtaca leis na dúnmharaithe.
Fear as Dúiche Sheoighe, Padraig Canny, a bhfuil suim aige sa stair áitiúil agus a bhí i láthair ag ócáid chomórtha na Gaillimhe a thug leide don lucht eagraithe gurbh ann do na pictiúir. Eagraíodh an ócáid, arr ar fhreastal an tUachtarán Micheal D. Ó h-Uiginn , le crochadh éagórach Mhaolra Seoighe as Dun Mharuithe, Mham Trasna a thabhairt chun cuimhne agus le h-aird a dhíriú ar cheart teanga sna cúirteanna.
14.11.12
Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!
Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.
Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.
Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.
Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
![]() |
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.
|
14.5.12
Missale Romanum - iniúcadh ag dul ar aghaidh!
Seo hiad baill an Choiste a bhí i láthair: Pilip Ó Buaidhe, Easpag Rath Bhoth, Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire (Iar SP sa Spidéal), An tOllamh Padraig Ó Riain, An Dr. Caitríona Ó Dochartaigh, Brian O Donnchadha, An tAth Micheál O Loingsigh, An tAth Joseph Briody, An tAth. Anthony Ward, Fo-Rúnaí, An Mons. James O’Brien.
Bhí An Cairdinéal Antonio Canizares Llovera (Spáineach), Maor na Cuallachta, a bhí sa cathaoir. Gabh sé buíochaa le baill an Choiste as an cabhair a thud siad don Chuallacht i rith na bliana agus iad ag iniúcadh agus ag athbreathniú ar an aistriúcháin Gaeilge atr an Missale Romanum (Leabhar Aifrinn). Bhí dócas air go bhfaigheadh an taistriú nua formheas nó cead iomlán go luath!
Moladh árd-chaighdeán an obair go dtí seo ag an gcruinniú. Rinne an Easpag Ó Buidhe tuairisc ar aistriú ar ábhar breithiúnach atá mar reamhrá sa Missale Romanum agus glacadh leis seo.
Deineadh plé ar fhéilire Eaglasta na hÉireann agus glacadh le tuairisc ón Ollamh Ó Riain.
Bhuail baill den gcoiste seo leis an bPápa féin ag gnáth fháiltiú ar an gCéadaoin (9 Bealtaine).
• Seo an ráiteas oifigiúil ón Vatacáin ar shuíomh Thuama! (15/5/2012)
10.1.12
Mo cúig soicind déag cháil!!
![]() |
| "Ní féidir liom é a íoch!" |
"Bhí an méid sin meabhraithe don Roinn roimh na Nollag agus tugadh le tuiscint dúinn go mbeadh fáil ar leagan Gaeilge den suíomh." Dúradar go rabhadar ag fiosrú an scéil leis an Roinn Chomhshaol.
Taobh istigh de dá uair a chloig fuair mé glaoch ó RnaG ag iarraidh agallamh a dhéanamh agus craoladh é sin ar an Luain. Dúras narbh fhéidir liom an cáin nua seo a íoch mar nach raibh aon eolas agam i dteanga ársa na nGael!
![]() |
| Leagan Gaeilge más é bhúr dtoil é |
Má tá éinne ag iarraidh cóip shínithe dem phictiúir tá siad le fáil ar phraghas reasúnta ach scríobh chugam!
Agus céard faoin gcáin? Déanam pé teangabháil a dheinim leis an Rialtas i nGaeilge agus níl mé chun an nós sin a athrú anois. Má bhrisim an dlí bíonn orm íoch as ach má bhriseann an An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a dlí féin?????
28.11.11
Tá an Nollaig ag teacht....agus an ríomhlóid!
Is maith liom siopadóireacht don Nollaig, na soilse, an ceol, chuile duine ag rith anseo is ansiúd ag lorg é seo nó é siud! Tá se de nós agam páipéar burlála gan aon rud scríofa ortha mar bíonn siad i gcónaí as Bearla, "Seasons Greetings" "Happy Christmas" agus eile! Ach inné chonaic mé bíogáil nó tuít "Dóibh siúd ar mhaith leo a mbronntanais a bheith i bpáipéir Gaelach!" (GRMA a Aonghuis Uí Almhain!). Bhí nasc aige chuig suíomh nár bhfaca mé cheanna. Comhlucht Éireannach, Dúrud, an suíomh a luaigh sé!
"Creideann Dúrud go bhfuil dlúthbhaint ag úsáid teanga i bpobal le sláinte eacnamaíoch an phobail áirithe sin. Nuair a bhaineann pobal leas as teanga ar leith, cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin, agus iad baill an phobail féin amháin a chuireann a leithéid ar fáil, murab ionann agus daoine i dtír éigin eile, faoi mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás na hÉireann."
Cé go bhfuil gnó na comhluchta seo dírithe ar miondíoltóirí agus ní ar an "gnáth phobal" tá eolas ar atá á dhéanamh acu le feiscint acu ann. Is cosúil gur thosaigh siad san earnáil logánú, ag déanamh aistrúcháin bhogearraí ríomhaire agus eile. Sé Durud atá taobh thiar den dá suíomh scriobh.ie (cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge.) agus nascanna.ie (áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge!). Ach ní chlíonn siad leis sin amháin agus táid sásta mar shampla, obair mar dáiliúchán earraí le baint éigin teanga leo!
Ina measc siúd tá an páipéir burlála thusluaite!
Rinne mé teangabháil leo le fáil amach cá raibh sé le fáil anseo i gConamara. Tháinig siad thar n-ais taobh istig le uair a chloig! Is cosúil go bhfuil sé le fáil ag An Spailpín Fánach ar an Spidéal. (Is fiú dul isteach ansin le brontannais Nollag le chuir isteach sa páipéar deas seo leis!!)
Is dócha go mbeidh an páipéar seo le fáil i siopaí Ghaelach in d'áit dúchais fhéin mar An Siopa Leabhair i Sr Fhearchair, BÁC. Chuir ceist orthu nuair a bhuaileann tú isteach le haghaidh do chuid chartaí Nollaig ag Aonach na gCártaí!
12.11.11
Dóchas & Misneach inár gcroíthe?
Bhí mé ag breathnú ar insealbhú Micheál D. Ó hUiginn mar Úachtarán ar Éirinn. Chuir sé íontas orm nach raibh níos mó Gaeilge ag na tráchtairí ar RTÉ 1. Rud eile a chuir isteach orm ná an méid Béarla a bhí sa searmanais féin. Nuair a tháinig na daoine mór le rá isteach sa seomra fógraíodh "All rise!"
Bhí na paidreach go léir i mBéarla seachas an Ár n-Athair. Murach go raibh Béarla agam ní thuigfinn aon cheann de na paidreacha. Cá raibh an Ghaeilge éigeantach?
Ba i mBearla amháin a labhair an Taoiseach - ague beagán - fíor bheagán - den Ghaeilge tríd agus mar an gcéanna ag an Uachtarán nua, cé go raibh níos mó Gaeilge agus meas ar an nGaeilge ina oráid siúd. Tá an oráid le léamh i nGaeilge ar shuíomh an Úachtarán!
Léiríodh sclábhaíocht an stáit don Bhéarla mar mar atá léirithe go laethúil ag gach craobh den rialtas, suíomhanna idirlíon san áireamh. De gnáth bíonn URL (aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne) gach roinn bunaithe ar an ainm i mBéarla. (m.s. finance.gov.ie nó www.president.ie). Agus cloistear gearán go minic faoi chostas aistriúcháin agus is aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge atá i gceist. Bheadh sé go deas na doiciméad a bheith scríofa i nGaeilge agus aistriúchán a dhéanamh ar sin.
Mar sin féin, tá meas agam ar an Uachtrán nua. Fearr deas lách é agus mar a dúirt an Taoiseach (i mBéarla) is fear uasal é agus bainfidh sé taitneamh as a thréimhse san uachtarántacht.
"A mhuintir na hÉireann agus a chairde na hÉireann sa bhaile agus i gcéin, níl ann d'onóir níos mó ná a bheith tofa i m'Uachtarán ar Éirinn. Gabhaim buíochas libhse, a mhuintir na hÉireann as an onóir atá bronnta agaibh orm agus glacaim le freagrachtaí ollmhóra na hoifige sin, freagrachtaí ar mór agam iad.
.....
"A mhuintir na hÉireann, ar aghaidh linn le chéile leis an dóchas agus an misneach sin a bhí is ba chóir a bheith i gcónaí in ár gcroí."
Is fiú breathnú ar léarmheas "Grá faoi Ghruaim" (Néidí) ina blog "An bhfuil cead againn Uachtarán a thabhairt ar an bpresident arís?"
Deireann sí ag a deireadh "Don chéad uair riamh bhí óráid againn inniu ina raibh ar dhuine Gaeilge agus Béarla a thuiscint, dá mba mhian leo an óráid ar fad a thuiscint. Mo cheol thú Michael D! Tá uachtarán againn go féidir linn go léir bheith bródúil as."
10.10.11
Tá siad ag teacht ....ach amháin Dana!
![]() |
| Mar a bhíodar ar TV3 |
D’éirigh thar barr le Díospóireacht na gCeannairí ar TG4 le linn an fheachtais Olltoghcháin san Earrach, clár ar fhéach 500,000 duine ar na craolta teilifíse agus 30,000 eile ar an Seinnteoir.
Theastaigh ón gcainéal díospóireacht teilifíse a sholáthar idir iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta 2011 freisin. Tá formáid an chláir seo leagtha amach ag tabhairt san áireamh an éagsúlacht líofachta Ghaeilge atá ag na rannpháirtithe agus mian TG4 an deis a thabhairt dóibh ar fad iad féin a chur in iúl sa teanga sin agus díospóireacht a dhéanamh ina dhiaidh sin leis na hiarrthóirí eile ina rogha féin teanga.
Déanfaidh gach rannpháirtí tús-ráiteas gearr i nGaeilge. Ina dhiaidh sin leanfaidh díospóireacht 40 nóiméad nó mar sin agus a rogha teanga ceadaithe d‘iarrthóirí. Críochnóidh an plé le ráiteas gearr Gaeilge ó gach iarrthóir mar chlabhsúr. (Beidh an clár á réamhthaifeadadh le deis a thabhairt fotheidil a chur air don chraoladh.)
7.7.11
Colm de Bhailís - Céiliúradh deireadh seachtaine
![]() | ||
| Colm de Bháilís 1796-1906 Tógadh an pictiúir i 1903 |
Cuirfear tús le himeachtaí an tSiamsa le teacht le chéile ag 5.00in tráthnóna Dé Sathairn ag Teach an Phiarsaigh, ag déanamh comóradh ar an gcaoi ar tháinig an Piarsach i gcabhair ar Choilm de Bhailis agus é i dTeach na mBocht in Uachtar Ard. Ina dhiaidh sin tabharfar aghaidh ar uaigh Choilm de Bhailís ag Reilig Chill Chuimín in Uachtar Ard. I ndiaidh na hócáide seo fillidh an tslua ar Eanach Mheáin áit a mbeidh neart ceoil agus comhluadar sa Hooker Bar.
Ar an Domhnach beidh teacht le chéile ag Cúirt an tSrutháin Buí, áit a mbeidh Aifreann in ómós do Cholm agus filí eile an cheantair ag 3.00i.n. Leanfar ina dhiaidh sin le fleá agus féasta agus bronnfar Gradam Choilm de Bhailís agus roghnófar Banríon na Sairdín. Cuirfear críoch le himeachtaí an tsiamsa le seisiún ceoil sa Hooker Bar, Eanach Mheáin, ag 9.30i.n.
18.4.11
Gan náire!
Cuireadh agallamh leis an sagart, an postalái, an Monsignor Slawomir Oder, a bhí ag seoladh a cúise tré an chóras iniúcadh thrénar chuirtear gach "iarrthóir" don gradam "Naomh" san eaglais. I measc na rudaí a dúirt sé bhí seo: (maith dom an Bhéarla)
"John Paul II is not a Polish phenomenon. This is the extraordinary thing, which struck me very much, and which is one of the elements of fascination of John Paul II. He was not ashamed to speak of his homeland, of its history, of using its language, of identifying himself also with the popular religiosity of Poland, to speak of his fellow countrymen. However, that man who felt so strongly tied to his nation, was also able to be a gift for others; John Paul II was a gift for humanity."
Nach minic a bhíonn náire orainn féin ár dteanga féin a labhairt, omós a thabhairt dár dtír féin dár ndúchas. Iad siúd a deireann go bhfuil teipthe ar Éirinn. Beag a dhéanamh den cúltúr ársa ár dtíre, rud a rinne na Sasanaigh ó 1366 agus roimhe anois tá daoine áirithe inár measc féin á dhéanamh le déanaí.
I fíu smaoineamh ar Eoin Pól, Pólanach agus saoránach an domhain sna laethanta seo nuair atá spiorad na tíre in ísle brí.
























