Showing posts with label Bialann. Show all posts
Showing posts with label Bialann. Show all posts

12.8.21

Bricfeasta le scata béir!


Bhí ocras orainn.

Chuamar isteach go luath ar maidin soir go dtí an cathair. Agus an coinne thart cuamara ag lorg le bricfeasta a bheith againn. Thiomáin mé tré Sráid Dominic agus thug mé faoi dearadh na focail "café, boulangerie and pâtisserie," ar fhuinneoig siopa ar thaobh na sráide. Ní raibh aon áit phairceála ansin agus leanamar mar sin ar aghaidh go h-ionad phairceála na Coiribe.


Shiúlamar ansin thíos Sráid an Siopaí le bricfeasta a fháil i McCambridges ach is cosúil nach bhfuil an café ansin ar oscailt go fóill. Leanamar ansin chuig "Le Petit Délice!" ar Shráid an Phríomhgharda. Ach arís, cé go raibh sé ar oscailt bhí an café istigh dúnta. Bhíomar comgarach go leor go Sráid Doiminic agus chinneamar ar an "café, boulangerie and pâtisserie," a thrialadh. (Is ar an sráid céanna a bhí caifé cháiliúl Banana Phoblacht fadó!)

D'aimsíomar an áit - "Rouge" a bhí mar ainm ar an áit agus bhí cáil ar an áit sa ré réamh-choróinvíreas mar bhialann d'árd chaighdeán cócaireachta Fraincíse ach anois is café a osclaíonn go dtí 4.00 sa tráthnóna. Agus bhíomar in ndán ithe istigh.

Ach bhí slua béar ann romhainn a chuir leis an atmaisféar. B'fhéidir gur ceart an focal "milieu" a úsáid mar bhí an áit an chosúil le caifé aon áit sa bhFrainc.

Bhí croisant ag mo bhean agus croque monsieur agamsa. Sílim gur i gCannes na Fraince a bhí mé nuair a bhí croque monsieur agam cheanna. Agus bhí an beatha ioncurtha le h-aon café sa tír sin anseo i gCathair na dTreabh.

Ní fios dom cad a bhí ag na Béir bhíodar fós ann nuair a fhágmar an áit!

Beidh muid thár n-ais.

19.6.21

Béile blasta i mBaile na hAbhann!

Tá muid anseo i gceantair Bhaile na hAbhann le beagnach cúig mbliana deag anois. Is beag áit gur féidir dul ann le haghaidh béile a bhí san áit. I ndairíre ní raibh ach siopa Uí Dhurcháin Tígh Dick atá ann leis an blianta agus is féidir rolla bhricfeasta blasta nó a fháil agus suí taobh amuigh ag bínsí ar thaobh an bhóthair.

Thosaigh Aonghus Eoin Garraí Glas ar thalamh a mhuintíre sa cheantair deich mbliain nó mar sin ó shin agus tá togha agus rogha na glasraí le fáil ag a shiopa bheag ann.

Osclaíodh Gastró Pub soir uaidh bliain nó dhó ó shin i dTír na nÓg roimh na paindéime. Ba gnáth teach tabhairne a bhí ann roimhe seo é agus ar ndóigh tá an t-ádh leo go bhfuil raidhse glasraí le fáil ón gcomharsa béal dorais! Tá bacús acu chomh maith.

Inné bhí áit nua ar oscailt dúinn. Is in Ionad Fíbín, ionad Ealaíona, san áit ina mbíodh Tígh Johnny Sheáin fadó atá POTA (@Potacafe ar twitter).  Bhí alt ar Tuairisc.ie ag caint faoin dtógra agus mar sin chinneamar dul soir len é a thriál!

Ar ndóigh de bharr na paindéime ní féidir ach ithe taobh amuigh go fóill. Bhíomar cuíosach déanach, tar éis a dó a chloig, ann. Bhí an bia chlár scríobha ar chlár dubh agus bhí rogha deas ann.

Bhí ceapairí ann sicín, portán nó cáis ghabhair Árainn. Bhí tostaí ann leis cáis nó bagún. Bhí chuile rud le fáil le sailéad séisiúrach ar ndóigh.

Bhí ocras orainn agus mar sin roghnaigh muid an "Tagine Uaineoil Chonamar le Cúscús Luibheach, Iógairt Velvet Cloud agus Collchnónna." Bhí cineal eagla orm mar tá goile beagáinín coimeadach agam agus bíonn eagla orm rudaí nua a thriál. Ní raibh fhios agam cén cineál rud a bhí i dtagine ach ní raibh eagla ar bith ar mo bhean roimhe.

Is dóch gur cineal stobhach atá ann agus buíochas le Dia bhí sé go deas gan an iomarca spíosraí istigh ann. Bhí an uaineoil an bhlasta agus bog le n-ithe agus ní raibh rud a bith fágtha inár ndiaidh.

Agus ansin na milseog! Faraoir bhíomar ró dhéanach don Píog Meireang Liomóide ach bhí mionbhruar Biobóige ann - le huachtair (d'eile?). Uaireanta bíonn biabhóg ró-mhilis agus uaireanta eile bíon sé i bhfad ró ghear ach anseo bhí an "géireacht" díreach ceart dom.

Bhí cupán deas espresso ansin agam mar críoch.

Bhi an áit taobh amuigh go deas agus bhí slua maith ann de gach cineal, "Ladies what lunch Conamara Style;" Daltaí scoile (tá an scoil trasna an bhothair) agus corr réalt teilifíse ó TG4 siar uaidh.

Tríd is trid bhaineamar an taitneamh as ár gcuairt ar Phota. 

Beidh muid thár n-ais.

4.7.20

Scaoilte saor!

Bhí an bus in ám. Bhí ar n-aghaidheanna clúdaithe i gceart. Chuamar isteach don gcéad uair ó mhí Feabhra. Is minic a chuaigh an bus thár an tí le thrí mhí anuas gan duine istigh ann. Cóiste gan chorp seachas an tiománaí féin. Comhartha fágtha den gnáth saol roimh coraintín.

Bhí roinnt istigh ann romhain, iad go léir clúdaithe i gceart agus suite go h-aonarach agus ciúin. Stop sé anseo is ansiúd ar an mbealach soir chuig an gcathair. Phioc sé cor duine suas agus muna raibh a n-aghaidh clúdaithe mhol an tiománaí a gclúdach aghaidhe a ceangal ortha féin roimh teacht ar bhórd. Bhí aghaidh an tiománaí féin clúdaithe.

B'é ár gcéad turas go Gaillimh le fada agus bhí sé go deas bheith i n-ann dul arís ann. Ní raibh sé chomh phlódaite agus a bhíodh sé roimh-chovid ach mar sin féin bhí neart daoine thár timpeall ar na sráideanna. Bhíodar cineál cúramach agus iad ag fágaint spás don na duine eile.

Ní raibh bearradh gruaige agam ó mí na Nollag agus mar sin an chead rud a rinne me ná buaileadh isteach chuig siopa bearbóra chun fháil amach cén modus operandi nua acu post covid! Cheap mé go mbeadh orm coinne a dhéanamh agus nach mbeidh siad i ann mé a dhéanamh go dtí cúpla seachtain ar aghaidh.

"An mbeidh deich neomad ceart go leor?" a dúirt sí.

"Inniu?" a dúirt mé.

"Sea!" 

Thóg sí m'ainm agus fón uimhir agus taobh istigh de deich neomad bhí mé suite sa suíochán agus barbóir óg ag deanamh a dhícheall an ceann is fearr a fháil ar líon ghruaige mo chloigeann! D'éirigh leis!

Lean mé ar aghaidh ansin go ceann-éadromach ag lorg mo bhean a bhí ag deanam iniúcadh ar na siopaí nua-oscailte. Ghlaoigh sí isteach ag a gruagaire féin. (Coinne déanta aici ceithre seachtaine!)

Ós rud é nach raibh aon bhéile amuigh le fada againn rinne muid cinneadh cuardach phroinntigh le feiscint cad a bhí ar oscailt agus a mbeidh muid i n-ann bórd a fháil. D'éirigh linn áit a fháil ag Rúibín*. Tá sé sa teach inar rugadh Sean Phádraigh Ó Conaire. Bhíomar ann cheanna agus ó shin thogadar dhá bhórd amach ionas go mbeadh spás dleathach idir na cuistiméirí. Thógadar ainm agus uimhir ghutháin le haghaidh teagmháil - ar eagla na h-eagla.

Cuireadh an fháilte romhainn agus bhí béile álainn againn, bun stéige a bhí agamsa agus filléad colmóra a bhí ag mo bhean. Ar ndóigh bhí fíon againn leis - b'shin a chúis gur thógamar an bus! Bhí an béile go haoibhinn ann agus mólfainn d'éinne dul ann - béile deas ag breathnú amach ar na báid ag an dúg.

Thógamar go bog é agus bhí neart ama againn dul chuig an stáisiún leis an mbus abhaile a fháil. Thóg sé abhaile muid slán sabháilte agus muid sona sásta lenár gcéad turas amuigh le fada.

* Rúibín (Bearla)

2.11.18

Michael Davitt, Máire Mhic Róibín agus béile Iodálach ó thuaidh!


Baile ghnóthach atá in Inis Ceithleann. Téann muid ann anois is arís. Tá sé suite are oilean idir an dá Loch Éirne.

Is ansin atá oifig Arlene Foster agus tá ainm aisteach ar an nuachtán áitiúil, The Impartial Reporter (Béarla). Tá sé i lár ceantair feirmeoireachta agus tá sé ag brath go mór ar chuairteoirí ó taobh eile den teorainn. Ní fios cén éifeacht a bheidh ar an gceantair ag an mBreatimeacht.

Bhí ocras orainn agus chinneamar ar dhul chuig proinnteach Iodálach. Franco (Béarla) an tainm a bhí air. Cé gur cheapamar go raibh sé luath go leor - timpeall 7.00 sa tráthnóna - nuair a shriochamar an áit agus bhí cineál eagla orainn nach mbeadh spás ann dúinn nó go mbeadh feitheamh fada romhainn. Ach ní raibh gá le h-imní mar is áit an mhór atá ann agus fuarthas bórd i gcúinne dúinn.

Rinneamar muid fhéin chompórdach ann agus d'órdaíomar ár mbéile. Agus muid ag feithimh ann thug mo bhean faoi deara go raibh dán ag crocadh ar an mballa. Dán le Michael Davitt a bhí ann ag comóradh deireadh théarma Mháire Mhic Róibín mar Uachtarán na hÉireann.

Iarsholas
-ar shroicheadh deireadh a théarma don Uachtarán Máire Mhic Róibín

A Shoilse, is tú 'las
an solas a d'fhógair
fán ar ghorta
an spiorad.

Ar imeacht duit,
go maire níos mó
ná iarsholas
id dhiaidh.

Go maire fuil rábhach
na físe
Is ná déantar di
aisling tuí

a cheansódh
an fiach dúbh
faid a lobhfadh
na prátáí.

Michael Davitt
Ar choimisiún ó Bhórd na Gaeilge 1997

Tá scríofa ansin ina lám fhéin is dócha na focail seo.

"do Bheití
le grá ó
Michael
Nollaig '97"

Chuireamar ceist ar an bhfreastalaí faoi. Níor thuig sí cad a bhí ann agus miníomar dí cén bhrí a bhí leis. "Bhfuil éinne leis an ainm Beití anseo?" Dúradh go raibh agus duine d'úinéirí Franco a bhí inti. Ní raibh sí istigh ar an oíche áirithe sin faraoir. Dúramar leo bheith cinnte gur tugadh an dán úd faoi deara.

Bhí sé deas obair de chuid duine de fhilí "Innti" a fheiscint gan coinne in Inis Ársa Cheithlinn.

Bhí an béile féin go deas ann chomh maith - agus cáife deas ina dhiaidh.

Go ndéanadh Dia trocaire ar na marbh.