Bhí an bus in ám. Bhí ar n-aghaidheanna clúdaithe i gceart. Chuamar isteach don gcéad uair ó mhí Feabhra. Is minic a chuaigh an bus thár an tí le thrí mhí anuas gan duine istigh ann. Cóiste gan chorp seachas an tiománaí féin. Comhartha fágtha den gnáth saol roimh coraintín.
Bhí roinnt istigh ann romhain, iad go léir clúdaithe i gceart agus suite go h-aonarach agus ciúin. Stop sé anseo is ansiúd ar an mbealach soir chuig an gcathair. Phioc sé cor duine suas agus muna raibh a n-aghaidh clúdaithe mhol an tiománaí a gclúdach aghaidhe a ceangal ortha féin roimh teacht ar bhórd. Bhí aghaidh an tiománaí féin clúdaithe.
B'é ár gcéad turas go Gaillimh le fada agus bhí sé go deas bheith i n-ann dul arís ann. Ní raibh sé chomh phlódaite agus a bhíodh sé roimh-chovid ach mar sin féin bhí neart daoine thár timpeall ar na sráideanna. Bhíodar cineál cúramach agus iad ag fágaint spás don na duine eile.
Ní raibh bearradh gruaige agam ó mí na Nollag agus mar sin an chead rud a rinne me ná buaileadh isteach chuig siopa bearbóra chun fháil amach cén modus operandi nua acu post covid! Cheap mé go mbeadh orm coinne a dhéanamh agus nach mbeidh siad i ann mé a dhéanamh go dtí cúpla seachtain ar aghaidh.
"An mbeidh deich neomad ceart go leor?" a dúirt sí.
"Inniu?" a dúirt mé.
"Sea!"
Thóg sí m'ainm agus fón uimhir agus taobh istigh de deich neomad bhí mé suite sa suíochán agus barbóir óg ag deanamh a dhícheall an ceann is fearr a fháil ar líon ghruaige mo chloigeann! D'éirigh leis!
Lean mé ar aghaidh ansin go ceann-éadromach ag lorg mo bhean a bhí ag deanam iniúcadh ar na siopaí nua-oscailte. Ghlaoigh sí isteach ag a gruagaire féin. (Coinne déanta aici ceithre seachtaine!)
Ós rud é nach raibh aon bhéile amuigh le fada againn rinne muid cinneadh cuardach phroinntigh le feiscint cad a bhí ar oscailt agus a mbeidh muid i n-ann bórd a fháil. D'éirigh linn áit a fháil ag Rúibín*. Tá sé sa teach inar rugadh Sean Phádraigh Ó Conaire. Bhíomar ann cheanna agus ó shin thogadar dhá bhórd amach ionas go mbeadh spás dleathach idir na cuistiméirí. Thógadar ainm agus uimhir ghutháin le haghaidh teagmháil - ar eagla na h-eagla.
Cuireadh an fháilte romhainn agus bhí béile álainn againn, bun stéige a bhí agamsa agus filléad colmóra a bhí ag mo bhean. Ar ndóigh bhí fíon againn leis - b'shin a chúis gur thógamar an bus! Bhí an béile go haoibhinn ann agus mólfainn d'éinne dul ann - béile deas ag breathnú amach ar na báid ag an dúg.
Thógamar go bog é agus bhí neart ama againn dul chuig an stáisiún leis an mbus abhaile a fháil. Thóg sé abhaile muid slán sabháilte agus muid sona sásta lenár gcéad turas amuigh le fada.
* Rúibín (Bearla)
Showing posts with label Bus. Show all posts
Showing posts with label Bus. Show all posts
25.8.12
Turasanna nach ndéanfainn...
Shroich mé aois suntasach anuireadh agus díreach in am fuair mé brontanas nach féidir luach a chuir leis: mo phás saorthaistil!
![]() |
| Pás luachmhar! |
Faigheann Bus Éireann (Béarla) agus comhluchtaí taistil eile fóirdheontas ar gach duine le pás a úsáideann an seirbhís.
Murach an pás seo bheadh ar CIÉ (Béarla) deontas glan a fháil chun seirbhís ceart a thabhairt, go mór mór i gceantreacha mar Chonamara. I ndairíre is cineál deontas atá ann, deontas ní hamháin a thugann tacaíoch do CIÉ ach ag an am céanna a cuidíonn le mianach saoil daoine a chaith a shaoil ag obair agus ag íoch cáin leis an stáit. (Ar bhealach nach féidir a rá nach "saor" thaistil é ar chor ar bith?) Deirtear go gcosnaíonn an pás seo timpeall €800m agus murach an pás seo bheadh air CIÉ an tairgead seo a fháil ó foinse eile.
Maidir liom féin bainim úsáid as an pás anois is arís. Ní gá dom smaoineamh ar chostas tailstil má tá orm dul thár n-ais go Baile Átha Cliath. I ndairíre is dóch nach ndéanfainn cuid de na thurasanna murach an pás. Buíochas don té a chéad smaoinigh ar an scéim!
13.6.10
Sa bhus!

Tá seirbhís bus idir cathair an Gaillimhe agus Aerphort Bhaile Átha Cliath. Gobus (Béarla) an tainm atá ar an chomhlucht agus is comhlacht Gaillimheach í. Bhain mé triall as don gcéad uair ar an nDéardaoin se caite agus chuir sé íontas orm cé chomh chompórdach agus cé chomh sciopadh is a bhí sé. Leis an mótarbhealach nua anois ann níor thóg sé ach dhá uair agus trí ceathrú ó stop go stop. Stop sé le daoine a lingint amach i gcroí lár na cathrach agus ansin ar aghaidh chuig an gcathair trén tollán nua ón gcalaphort go dtí an M1 agus ansin chuig an aerfort.
D'fhéadfainn dul san eitileán ach chosnódh sé timpeall €120 agus tógadh sé bfhéidir an méid ceanna ama nuair a thógtar an dianchuardú, seiceáil isteach agus bheithe ag feithimh ar bhagáiste ar an taobh eile.
D'fhéadfainn dul ar an traen (€48.00+), atá beagáinín níos chompórdaí ach tógadh sé sin i bhfad níos mó ama agus bheadh orm bus, nó taicsí a fháil chuig an aerphort.
Ar an bus seo bhí nasc idirlíon WiFi (dílseacht gan sreang) le fáil saor in aisce.
Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta leis. Chosnigh an ticéad fillte €25.00 orm.
Subscribe to:
Posts (Atom)



