Showing posts with label Bláthanna. Show all posts
Showing posts with label Bláthanna. Show all posts

10.4.19

Ar thaobh na fothaine!


Bhiomar ag siúl ó dheas ón teach inniú agus chonaiceamar iad seo. Nách álainn iad mar meabhrú tráthúil earraigh in Éirinn.



Ainm deas atá ortha - bainne bó bleachtáin.

Dar le finscéal, nuair a lig Naomh Peadar do na heochracha titim ó neamh, d’fhás an chéad bainne bó bleachtain ón áit inar thit siad i dTuaisceart na hEorpa. Ní baol air go raibh sé riamh i dtuaisceart na hEorpa ach is deas an scéal é.

Is lus fiáin coitianta é sa tír seo. Faightear ar ithreacha cailcreacha go hiondúil ach níl fhios agam bhfuil an cré anso chomg cailcreach sin.

Tá duilleoga giobacha roctha aige agus bíonn sé faoi bhláth idir Aibreán agus Bealtaine go hiondúil.

Ó scríobh mé é seo ceartaíodh mé agus anois tá mé ag ceapadh gur sabhairchín atá ann - atá gaolta leis an mbainne bó bleachtáin sa chlann "primulacea." Na hainmneacha laidin an chosúil lena chéile.

Bainne bó bleachtáin - Primula veris
Sabhairchín - Primula vulgaris



15.7.13

An bán ina dhubh!

Le seachtain anuas tá an aimsir go hálainn ar fad. Tá an ghrian "ag scoilteadh na chlocha" mar a deirtear thart anseo. In aimsir mar seo tá firinne i bhfocal an amhráin an grúpa Aerach, Siar go Chonamara, "...an áit a mbíonn an chraic 'san spraoi, an áit a mbíonn na mná sínte ar an dtrá, 'sna fir is breachta in Éirinn.."

Tá na bláthanna sa fál sceach, ar thaobh na boithre á theaspáint iad fhéin dúinn. Boladh álainn ag teacht chugainn ó chuid acu, agus crónán na mbeach ag bailiú meala agus corr féileacán ag caochaíl thart, ag dul ó planda go planda ag baint sult as an aimsir bhreá, solas agus teas na gréine.

Agus mé ag siúlóid ó dheas ón teach inné thug mé faoi deara go raibh na bláthanna go tiubh ar driseacha. Comhartha maith don fhomhair nuair a bheidh na bláthanna céanna ina sméara dúbha lonnrach milis. Fomhair nár chuireamar mar a glaogh mé ar cheana!

Mé ag súil go mór leis na píoga sméara dúbha agus subh deas amach anseo.

25.5.12

Cnó léana ar an gCaorán!

Bhí me amuigh ag siúl um thráthnóna agus tháining me ar an planda seo.

Tá sé suite ar bhruach srutháin beag ar an mbóthar ó dheas ón bpríomh bothar anseo i gCaorán na gCearc. Tá mé cinnte gur Cnó Léana an t-ainm atá air. Deirtear go bhfuil sé coitianta i gcontae an Chlár agus i gConamara. Fásann sé in ithir fluich nó i riaisca. Sé Potentilla palustris an t-ainm Laidin air. Tá breis faoi i "Wildflowers of Ireland." (Béarla)

22.5.12

Ionradh i ngarraí Chonamara!

Ag tús an samhraidh tagann bláthanna go fliuirseach ar an Róslabhras (Rhododendron ponticum) atá againn so gharraí ó thuaidh.  Ní planda Éireannach í an Róslabhras ach ceann a ceann a tógadh isteach mar  phlanda ghairdín anseo san ochtú aois déag ón oirthear nó ó dheisceart na Spáinne.

Tá an bláth féin go h-álainn ach tá an plannda féin an-láidir agus fásann sé gan mórán trioblóid thar timpeall Chonamara. Ós rud é go bhfuil sé chomha láidir san, agus go bhfassann sé go héasca i mbeagnach gach chinéal ithir nó cré tá sé ag chuir isteach ar plándaí agus crainnte dúchasacha. Mar sin tá sé ar liosta de speicis ionracha na tíre. Tá sé luaite ar shuíomh Iascach Intíre Éireann (Béarla) agus is cosúil go bhfuil sé ag chuiristeach ar iascaireacht intíre. Tá sé ag chuir isteach go mór le foraois ársa Chill Áirne chomh maith.

Mar sin féin nuair atá sé faoi bhlath tá sé thar a bheith go hálainn mar a fheiceann tú ach ní mór smacht a choimeád air.

14.2.12

Na chéad "Daffs!"


Inniú Lá Vailintín, agus mo Vailintín féin i bhfad ó bhaile inniú! Ag smaoineamh uirthi ar feadh an lae! Chaill sí céad bhlathú lus an chromchinn sa ghairdín againne.

Comhairthe eile earraigh!

Tá dhá dhán cháiliúil faoi an mbláth i mBéarla agam. Dán beagáinín brónach Robert Herrick, "To Daffodils" agus ceann áthasach Wordsworth a bhfuil níos mó cháil air, "Daffodils!"

Ná dein dearmad gur ar an 23ú lá den mí seo atá Lá Lus an Chromchín ar son Chuman Ailse na hÉireann!

Moladh go deo le Dia!

Agus mar críoch éist le Seán Monahan ar a Vailintín fhéin!

30.8.11

Peasair na luch!

Bain úsáid as na meáin soisialta nuair atá ceist agat! Má tá tú ag lorg eolais!

Bhaineas inné agus chuir mé cheist. Seo mar a labhair mé: "Bhíos in Iomaí (Co na Gaillimhe) agus tháinig mé ar an bláth seo sa bhfál ar thaobh an bhóthar ann ach níl fhios agam cén tainm atá air - smaoineamh ar éinne?"

Taobh istig de ceithre uair fichead bhí freagra ó Nuala Ní Chonghaile i mBaile na hAbhann, níos lú ná míle uainn i gCaorán na gCearc, leis an ainm agus an clann. Peasair na luch an t-ainm atá air agus is cuid den clann léagúmach í - .i. clann na píseanna agus pónairí! Ainm deas i nGaeilge i bhfad níos deise ná Béarla (tufted vetch). Tá sé le fáil go forleathainn in Éirinn dár le suíomh "Wildflowers of Ireland" (Béarla). Dála an scéal is foinse saibhir an suíomh sin má tá duine ag lorg eolais faoi bláthanna fiáine na tíre.

Bhí tráthnóna álainn againn ar an oileán sin Iomaí. Is íontach go deo bheith i ndán siúl - nó fiú tiomáint chiug oileán! Tá an taobh sin de Chonamar chomh difriúil ó Chonamara Theas agus Cois Fharraige ach tá sé fós gleoite le chuairt a thabhairt air.



26.4.11

Cuarteoir luath!


Tá ceann de na garraí ós comhar an tí anseo i gCaorán an gCearc ina limistéar caomhantais - i ndairíre tá sé chomh clochach nach bhfuil fhios again ceard is ceart a dhéanamh leis. Leisciúil? Ní mise a dúirt é!

Bhí mé amuigh ag breathnú thar an balla inné nuair a tháinig mé ar phlanda álainn corcra. Bhí fhios agam go maigairlín a bhí inti ach bhí sé chom mór san agus chomh h-álainn gur ghlach mé grianghraf de agus chuir mé ar aghaidh chuig luibheolaí le níos mó eolas fháil. Seo a dúirt sé:

"Is breá liom do phictiúir! 

Sé an t-ainm air ná an Magairlín Gaelach, nó Dactylorhiza majalis, subspecies occidentalis (
Irish Marsh Orchid).   Is féidir spotaí bheith ar na duilleogaí no bheith gan spotaí.  D'réir roinnt san-eolaithe tá an chineál magairlín seo dúchasach don tír seo amháin mar tá sé difriúil ó chineáil eile i Sasana agus an Mór Roinn d'réir an chruth ghine(genes).     Ach mar sin fhéin tá an chlann Dactylorhiza an-chasta agus an-dheachair comhaontú a fháil i measc na san-eolaithe faoi ghnéithe áirithe den chlann.

Tá sé faoi bhláth an-luath i bhúr ghairdín mar ní bheinn ag súil leis bheith faoi bhláth go lár na míosa seo chugainn ar a laghaid. "


Mar a deirim ta an aimsir is fearr againn anseo i gConamara i gcónaí!

Breis eolas faoin Magairlín Gaelach ar shuíomh "Irish Wildflowers" (Béarla)

29.6.10

An fheirdris

Agus mé ar siúlóid inné thugas faoi deara go raibh blath ná bhfacha mé cheanna ar thaobh an bhealaigh. Róisín deas corcora agus cuid eile bán dearg.

Feirdris, (roas canina) a bhí ann. agus thógas pictiúirí den planda. Sí rós dúchasach na hÉireann an rós áirithe seo agus mar sin is beag éifeacht atá ag an gálar is uafásai, an spota dubh, uirthí mar tá "taithí" ar an aimsear tais atá in Éirinn againn.

15.5.10

Ar bhealach go Poll Áill an Arbhair!

Ní sineolaí mé ach thug mé dearadh an blath áirithe seo agus mé a siúl ó dheas chun na farraige síos! Tá mé ag ceapadh gur biolar gréagháin atá ann.

Seans go mbeidh a fhios ag "Míshasta" a rinne trácht ar an phíosa faoin bharr buí le déanaí.

Pé scéal é tá dhá chineál de seo le feiscint ann. An ceann atá sa pic agam agus ansin ceann deas bándearg eadroim. Tá neart acu thar timpeall ar an ardán in aice le Loch an tSeanbhaile ag Caorán na gCearc Theas. Tá raidhse ceannabháin bána ann freisin! Agus an chuach le cloisint!

Thíos tá pictiúir de Pholl Áill an Arbhair atá ag bun an bóthair sin ó dheas ag an gCaorán.