Showing posts with label Nadúr. Show all posts
Showing posts with label Nadúr. Show all posts
3.9.12
Fomhair nár chuireamar!
Tá an fomhair i réim nuair a feictear na sméara dubh go tiubh ar na fáil sceacha ar thaobh an mbóthair. Anseo ar an gCaorán bhíomar amuigh á bhailiú i rith na seachtaine agus táid fós ag dubhú ar na sceacha. D'fhéadfadh planda amháin a nochtú agus an maidin dár gcionn bheadh tuilleadh le fáil.
Deirtear linn gur beag daoine a bhaileann sméara dúbha anois. Ní thuigim cén fáth mar níl rud ar bith chomh deas le subh nó tóirtín déanta asta agus deirtear liom ag ise istigh go bhfuil sé éasca go leor subh a dhéanamh astú. Ní bheadh fhios agamsa mar is mise an té a itheann agus nach ndéanann aon rud sa chistin!
Ach tá mé go maith á phiocadh mar ní ithim iad agus mé obair, rud nach bhfuil fíor ag páistí, agus iad atá óg ina gcroí, mar de gnath itheann siad níos mó ná a bhailíonn siad!
Nach íontach go deo an nádúr Dé a thugann rudaí chomh deas agus milis saor in aisce dúinn. Moladh go deo leis!
Lipéid
Caorán na gCearc,
Cócaireacht,
Nadúr,
Sméara Dubha
29.6.10
An fheirdris
Agus mé ar siúlóid inné thugas faoi deara go raibh blath ná bhfacha mé cheanna ar thaobh an bhealaigh. Róisín deas corcora agus cuid eile bán dearg.Feirdris, (roas canina) a bhí ann. agus thógas pictiúirí den planda. Sí rós dúchasach na hÉireann an rós áirithe seo agus mar sin is beag éifeacht atá ag an gálar is uafásai, an spota dubh, uirthí mar tá "taithí" ar an aimsear tais atá in Éirinn againn.
22.5.10
Lá álainn!
3.5.10
Beatha nua inár gcúl gáirdín...

Ar maidin bhí cuairteoirí sa chúl gairdín. Scata beithigh ocrach.
Tógann duine de na comharasan istigh ann iad ó am go ham. Garraí cuíosach mór atá ann agus is maith linn iad a fheiscint ann chun smacht a coimeád ar an bhféir dúinn. Mar duine cathrach, nó bruach-chathrach mé is beag tuiscint atá agam ar chúrsaí bheithíochta agus nuair atá siad comhgarach dúinn, mar atáid sa garraí ó dheas féacann siad an-mhór ar fad.
Bhí an lá go h-álainn agus bhíomar ag obir sna garraí beaga eile atá againn anseo nuair a thug mo bhean go raibh lao óg nua sa gháirdín. Bhí sé ina seasamh meisciúil taobh lena mháthair. I mo chuid aineolas tá mé ag ceapadh gur tarbh óg atá ann.
Glaoigh mé ar an úinéar leis an nuacht agus tuairisc a thabhairt agus is cosúil go bhfuil chuile rud i gceart. Tá mé ag ceapadh gur cheap seiseann go raibh mise ag iarraidh an máthair agus a mach a thabhairt isteach chuig an oispidéal maithreachais ainmhithe, má tá a leithéid ann...
Anois tá an dá ainmhí ina luí ar an bhféir bog glás go sona sásta leo féin. Agus tá áthas orm féin agus ar mo bhean leis.
Nach íontach an rud an nádúr.
Subscribe to:
Posts (Atom)


