Showing posts with label Mná. Show all posts
Showing posts with label Mná. Show all posts

3.8.20

"...gan mná ná páistí a áireamh!"

Bhí mé ag aifreann ar an nDomhnach, mise agus caoga eile.

S.Apollinare Nuovo, Ravenna na hIodáile
Chuaig m'intinn ar strae, mar a thárlaíonn go ró mhinic. Bhí mé, mar Rí úd na Sicile fadó, "lulled by the chant monotonous and deep...!" Bhí mé faoi sheachmall.

Tháinig mé ar ais chugam féin ag cloisint focail ón léachtán "...gan mná ná páistí a áireamh."

Bé an píosa ina thug Íosa béile don gcúig míle le "cúig builíní agus dhá iasc.” Rinne na hAspail comhaireamh agus i dtuairisc Mhatha, "Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh."

Nach minic leis na glúnta, fiú go dtí an lá atá inniú ann, nach comhairtear na mná agus na páistí?

2.3.17

Meon na mBan!

Meon na mBan is teideal do chlár bríomhar úr do mhná a chraolfar gach Céadaoin ar Raidió na Life idir 18:00 - 18.30, a thosaigh aréir, an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá an clár ag díriú ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine. Beimid ag iniúchadh saol na mban in Éirinn agus timpeall na cruinne: céard atá ar siúl acu, cad atá á bhaint amach acu agus cad ‘tá á mhothú acu sa chlár nua seo.

Is í Ciara Ní Éanacháin atá ina príomhláithreoir ar an gclár agus bíonn an comhrá agus díospóireacht ar an gclár faoi stiúir aici lena stíl chainteach bhríomhar fuinniúil. Ó sheachtain go seachtain, beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná in Éirinn inniu.

Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’(@reic ar twitter), ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

Ar an gcéad chlár pléadh na scéalta nuachta is mó a bhain le saol na mban in Éirinn le seachtain anuas. Don chéad chlár, bé Angela Seoighe a bheidh mar chomh-láithreoir le Ciara. Chaith Judy-Meg Ní Chinnéide súil siar ar stair agus éachtaí Beatrice Grimshaw, scríbhneoir ó Bhaile Átha Cliath a thaisteal i bhfad agus i gcéin ag tús an chéid seo caite. Tugadh léargas freisin ar shaol an fhuirseora le “Julie Jay”, Julie Johnson agus Bláithín de Búrca. Cuireadh an cheist: an bhfuil mná greannmhar? Agus pléadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na mná a bhíonn i mbun fuirseoireachta in Éirinn.

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin agus tá meitheal ban sa stáisiún ag tacú leis an gclár. Tá spriocanna na craoltóireachta raidió pobail i gceist go smior sa chlár seo agus é mar sprioc ag Raidió na Life go mbeidh rochtain níos mó ag mná ar na meáin agus ar ábhar cainte a bhaineann go sainiúil leo, sa chlár nua spéisiúil seo.

Tá Raidió na Life le fáil ar mhinicíocht 106.4 san Ard Chathair, agus bíonn an clár nua seo ar siúl gach Céadaoin idir 18:00-18:30. Is féidir teacht ar chláracha Raidío na life ar line ag www.raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Más maith le héinne teagmháil a dhéanamh leis an gclár seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

@raidionalife #Meon @reic @MiseCiara @memesnag @nosmag #SnaG17

4.7.13

Cúram is cosaint?

Chuireann ráiteas ag smaoineamh mé - cén saghas aire a thugann muid mar stáit do mhná?

Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!

Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.

Dídean le fáil?
“Caithfidh an tAire freagracht a ghlacadh as an droch stáid seo agus ba chóir dó cur in iúl don Seanad céard atá i gceist aige a dhéanamh leis an scéal a leigheas.

“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.

“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.

“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."

Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.

An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin?  Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.

An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?