Showing posts with label Cláracha. Show all posts
Showing posts with label Cláracha. Show all posts

12.2.18

Céiliúradh thoirchis!

Ní minic a chloisim aon chlár ar RTÉ Raidío an Bhéarla (is le RTÉ RnaG a bhím ag éistecht beagnach an t-am ar fad!), ach ar amharaí an tsaoil bhí an raidío ar siúl sa charr ar an Sathairn is bhí clár Mhiriam O'Callaghan ar siúl.

Nell
Chuala mé guth nár chuala mé féin le fada. Níl fhios agam an mbíonn Nell le cloisint nó le feiscint ar chláracha éigin. Do thaithin sí i gcónaí liom cé nár aontaigh mé lena a cuid tuairimí ó am go chéile. Níl mórán daoine, taobh amuig den saol pholataíochta, ann gur féidir a aithint lena a hainm amháin ach ba Nell McCafferty a bhí ann ceart go leor agus bhí sé deas éisteacht léithi.

Is cosúil gur clar a bhí ag comóradh an vóta a bheith ag mná le 100 bliain agus bhí na rannpháirtithe - bhí Micheline Sheehy Skeffington, Mary McAuliffe agus Margaret Ward ann le Nell - ag plé cúrsaí na mban ó shin go dtí an lá atá inniú ann.

Simone de Beauvoir
Ansin dúirt Nell rud éigin an spéisiúil faoi matharachas. Ní minic a deintear céliúradh ar thoircheas, a dúirt sí,  céliúradh ar mhatharachas agus cé chomh áthasach álainn is atá sé. Ba léir gur ghoill an easnamh seo isteach uirthí go mór. Rinne sí tagairt don bhfealasúnaí Francach Simone de Beauvoir a rinne tagairt dá thoircheas féin is ag céiliúradh a "iomláine thoirchis!" 

Dúirt Nell, "Ní cloisim éinne anois in Éirinn ag caint faoin áilleacht nó faoin áthas, gan fiú tagairt a dheanamh don gcéiliúradh ann." 

Lean sí uirthí ag caint faoina máthair féin a bhí grá aicí di agus an sásamh a bhí uirthi bheith ag caint agus ag comhrá leithí mar cara. Ba léir do chách ag éisteacht leithí cé chomh láidir is a bhí an grá sin.

Is féidir éisteach ar RTÉ anseo (Sunday with Miriam 11/2/2018 - timpeall 43 neom. isteach sa taifeadadh). Is fiú éisteacht léithí.

Nach fiú míorúilt toirchis an mná a céiliúradh. Omós a thabhairt d'áthas agus d'áilleacht an máithreachais as a dtáinigh muid go léir.

10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

2.3.17

Meon na mBan!

Meon na mBan is teideal do chlár bríomhar úr do mhná a chraolfar gach Céadaoin ar Raidió na Life idir 18:00 - 18.30, a thosaigh aréir, an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá an clár ag díriú ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine. Beimid ag iniúchadh saol na mban in Éirinn agus timpeall na cruinne: céard atá ar siúl acu, cad atá á bhaint amach acu agus cad ‘tá á mhothú acu sa chlár nua seo.

Is í Ciara Ní Éanacháin atá ina príomhláithreoir ar an gclár agus bíonn an comhrá agus díospóireacht ar an gclár faoi stiúir aici lena stíl chainteach bhríomhar fuinniúil. Ó sheachtain go seachtain, beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná in Éirinn inniu.

Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’(@reic ar twitter), ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

Ar an gcéad chlár pléadh na scéalta nuachta is mó a bhain le saol na mban in Éirinn le seachtain anuas. Don chéad chlár, bé Angela Seoighe a bheidh mar chomh-láithreoir le Ciara. Chaith Judy-Meg Ní Chinnéide súil siar ar stair agus éachtaí Beatrice Grimshaw, scríbhneoir ó Bhaile Átha Cliath a thaisteal i bhfad agus i gcéin ag tús an chéid seo caite. Tugadh léargas freisin ar shaol an fhuirseora le “Julie Jay”, Julie Johnson agus Bláithín de Búrca. Cuireadh an cheist: an bhfuil mná greannmhar? Agus pléadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na mná a bhíonn i mbun fuirseoireachta in Éirinn.

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin agus tá meitheal ban sa stáisiún ag tacú leis an gclár. Tá spriocanna na craoltóireachta raidió pobail i gceist go smior sa chlár seo agus é mar sprioc ag Raidió na Life go mbeidh rochtain níos mó ag mná ar na meáin agus ar ábhar cainte a bhaineann go sainiúil leo, sa chlár nua spéisiúil seo.

Tá Raidió na Life le fáil ar mhinicíocht 106.4 san Ard Chathair, agus bíonn an clár nua seo ar siúl gach Céadaoin idir 18:00-18:30. Is féidir teacht ar chláracha Raidío na life ar line ag www.raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Más maith le héinne teagmháil a dhéanamh leis an gclár seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

@raidionalife #Meon @reic @MiseCiara @memesnag @nosmag #SnaG17

20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

11.1.16

Breith agus Fás an Náisiúin! @TG4TV @ÉIRE1916

Faisnéis, drámaíocht, ceol, spórt agus eile – idir ábhar cartlainne agus nua-choimisiúnaithe, a chuirfidh le tuiscint an lucht féachana ar imeachtaí 1916, ar bhreith agus ar fhorbairt an náisiúin sna blianta corracha a lean é agus anuas go dtí ár linn féin.

Tá an chuid díospóireachta ar siúl maidir leis an dráma ar RTÉ 1, Rebellion, ag aimsir 1916. Agus seo á scríobh agam tá and dara mír thart agus ceithre cinn eile le teacht. B'fhéidir gur ceart gan mórán a rá faoi go dtí deireadh na sraithe.

Idir an dá linn tá fógartha ag TG4 a bpleannana le comóradh a dheanamh ar Éirí Amach na Cásca. Deireann ráiteas ón staisiún go bhfuil TG4 le cur lena cháil mar sholáthraí cuimsitheach ábhair a chuireann le tuiscint an lucht féachana ar ár n-oidhreacht bheo ar bhealach atá eolasach, samlaíoch, siamsúil. Agsu ag breathnú ar seo tá sé deacair é sin a shéanadh.

6-Ean :- Tom Clarke
13-Ean :- Thomas MacDonagh
19-Ean :- Erskine Childers
20-Ean :- Pádraig Mac Piarais
26-Ean :- Jim Driscoll
27-Ean :- Michael O’Hanrahan
2-Feabh :- Cumann na mBan
3-Feabh :- Joseph Plunkett
04-Feabh :- EPIC (Tús)
9-Feabh :- Ginneadóir an Stáit
10-Feabh :- Ned Daly
12-Feabh :- An Trucailín Donn
17-Feabh :- Willie Pearse
23-Feabh :- Kathleen Lynn
24-Feabh :- John MacBride
2-Márta :- Seán Heuston
8-Márta :- Frank Sheehy Skeffington
9-Márta :- Michael Mallin
15-Márta :- Deargdhúil
16-Márta :- Éamonn Ceannt
23-Márta :- Con Colbert
30-Márta :- Seán Mac Diarmada
15-Aib :- Earnán de Blaghd
Tá dhá shraithdhráma nua Gaeilge coimisiúnaithe acu don chomóradh agus an tsúil eile á hoibriú ar scéal an Éirí Amach iontu ar aon. Éirí Amach Amú is teideal do dhráma ina dtarlaíonn do thriúr fear ónár linn féin taisteal siar sa stair agus lonnú i lár an scliúchais san ardchathair ar Luan Cásca 1916. Tá an greann go smior sa tsraith seo ach dúisíonn sí roinnt bun-cheisteanna freisin.

EIPIC (tús craolta 4 Feabhra) is teideal do dhráma atá suite san am i láthair ach a bhfuil macalla láidir den Éirí Amach ann freisin. Seo scéal ghrúpa ógánach as baile beag ciúin faoin dtuath a ghlacann seilbh ar oifig an phoist lena réabhlóid cheoil féin a bhunú – agus i nGaeilge freisin.

Is fada cáil na gclár faisnéise agus staire ar TG4 agus beidh scoth an ábhair ar fáil le linn na Earraigh agus ina dhiaidh agus trácht ann ar chúlra an Éirí Amach, Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad agus ar bhunú an tSaorstáit agus ar fhás an náisiúin ó shin.

Beidh an t-ábhar seo ar fáil go rialta i dhá thráth atá tiomnaithe chuige sa gclársceideal. Gach Céadaoin ar TG4 ag 7.30pm, díreofar ar an Éirí Amach féin agus ar na pearsain a d’eagraigh é, a throid ann agus a cuireadh chun báis díreach ina dhiaidh. Ríomhtar a scéal sa dá shraith aitheanta Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta atá le craoladh an athuair - féach sa bosca.

Chomh maith le cláracha sin 1916, tá tráth rialta eile sa gclársceiceal seachtainiúil (Máirt 9.30pm) curtha in áirithe feasta ag TG4 d’ábhar a thugann léargas ar mhór-imeachtaí, croí-eagrais agus pearsain chinniúnacha i bhforbairt scéal an náisiúin.

Ina measc seo tá cás An Trucailín Donn –inar cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde as Gaeltacht Thír Chonaill mar go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr asail, rud nach raibh dleathach ag an am. Bheartaigh na húdaráis an dlí a chur air (an t-aon chás cúirte a throid Pádraig Mac Piarais ina ghairm mar abhcóide). Cé gur bhuaigh an Choróin an cás, bhain Conradh na Gaeilge lán-leas as an deis phoiblíochta le cás na teanga a chur chun cinn. (12 Feabhra).

Is iomaí cor i mbreith agus i bhfás náisiúin agus is minic daoine a rinne go leor ar an gcúlráid a bheith ligthe i ndearmad nuair a scríobhtar na ceannlínte. I stair na hÉireann, is annamh a thugtar a gceart do na mná a sheas agus a throid agus a d’fhulaing. Féachann Cumann na mBan (2 Feabhra) le cuid den leatrom sin a chur ina cheart maidir leis an Éirí Amach agus Cogadh an Saoirse agus rianann Kathleen Lynn (23 Feabhra) scéal mná a rinne a cion san Éirí Amach ach a shaothraigh do dícheallach ar mhaithe le sláinte agus Saoirse na mban ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh.

Bhain cruál agus conspóidí go leor le blianta bunaidh an tSaorstáit agus b’é cinneadh an Rialtais nua daoine a chur chun báis gan triail shibhialta thar a bheith dian. Ar na daoine a básaíodh mar seo bhí Erskine Childers (19 Eanáir), Poblachtach, údar aitheanta agus Protastúnach. Duine eile a rinne a chion d’Éire ar a bhealach féin ab ea Jim Driscoll (26 Eanáir) dornálaí de bhunadh na tíre seo a rugadh agus a tógadh sa mBreatain Bheag ach a thuill gean agus meas ar Éireannaigh ansin as a chumas. Pearsa i bhfad níba chonspóidí ab ea Earnán de Blaghd (15 Aibreán) Poblachtach Preispitéireach, pearsa casta a thuill idir mheas agus fhuath lena linn – mar pholaiteoir, mar Aire Airgeadais agus mar Stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach.

Iriseoir eile ab ea Frank Sheehy Skeffington (8 Márta) a raibh aithne mhaithe aige ar pholaiteoirí agus ar cheannairí an Éirí Amach. Fear síochána ab ea é a dhiúltaigh don fhoréigin ach a dúnmharaíodh go gránna ag fíor-thús Sheachtain na Cásca.

Agus an Saorstát bunaithe agus síocháin i bhfeidhm, thug an Rialtas aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le neamhspleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch a bhaint amach. Tráchtann Gineadóir an Stáit (9 Feabhra) ar an togra is mó ar fad acu, scéim chun leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na habhann is mó ar an oileán, tionscnamh oll-mhór inar fostaíodh na mílte ag obair ar na suíomh in Ard na Croise.

Sa mbreis ar na cláracha seo a chraolfar i lár na seachtaine, cinnteoidh TG4 clúdach comórtha eile freisin. Craolfar stair CLG agus táimid ag obair ar bheo-chlúdach a sholáthar ar ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh ag Cluichí Ceannais na Sraithe 2016 cothrom an lae, 100 bliain go díreach ón Éirí Amach.

Filí agus údair ab ea roinnt de cheannairí na Réabhlóide agus beidh a n-oidhreacht sin agus a sliocht in aschur cultúir agus ealaíne TG4 i mbliana freisin. Ina measc seo beidh Deargdhúil clár nua físiúil ar dhánta Mháire Mhac an tSaoi, bean atá ar chomh-aois leis an Stát agus ar iníon í le duine de mhór-pholaiteoirí na haoise seo caite, fear a throid san Éirí Amach. (15 Márta).

I bpáirt leis an gComhairle Ealaíon, tá 8 ngearrscannán nua coimisiúnaithe ag TG4 ar théama na n-ealaíon in Éirinn le 100 bliain (le craoladh i mí Márta) agus beidh aitheantas ar leith d’oidhreacht 1916 ar fáil i ngradam speisialta a bheidh mar chuid de Ghradam Ceoil TG4 2016 a fhógrófar go luath.

4.6.14

Léim an Bhradáin – Tobar na Feasa!

Raidió na Life, ag tosú Dé hAoine beag seo 6 Meitheamh, 8 – 9 i.n.


Beidh siad ag tabhairt an samhradh leo ar  Raidió na Life an samhradh seo ar an tsraith nua 'Léim an Bhradáin.' Craolfar an clár seo le linn an tsamhraidh ar an stáisiún agus a bheidh ar fáil mar phodchraoladh chomh maith.

Cuan Ó Seireadáin
Cad 'tá i gceist leis an teideal sin?  Mhaifí duit dá gceapfá gur ar ainm an bhaile i gCo. Chill Dara atá sé bunaithe, ach ní hé sin údar an teidil.  Is ar fhios an bhradáin fheasa, tobar sin an eolais i dtraidisiún na nGael atá 'Léim an Bhradáin' bunaithe.

Céard atá i ndán dúinn sa tír seo?  Cén sórt sochaí atá uainn in Éirinn?  An bhfuileamar ag dul sa dtreo ceart?  Chun freagraí a aimsiú ar na domhaincheisteanna seo, déanfaidh lucht léinn, lucht gnó, lucht na polaitíochta agus lucht na healaíona machnamh ar thodhchaí na hÉireann agus iad i mbun cainte le Cuan Ó Seireadáin ar 'Léim an Bhradáin', gach Aoine idir a 20.00 – 21.00 ar Raidió na Life 106.4FM.

Dírítear ar bhuncheisteanna fealsúnachta, físeanna phearsanta, agus déantar iarracht theacht ar fhreagraí nua agus éagsúla orthu ar an tsraith agallaimh seo.  Ina measc siúd a bheidh le cloisteáil ag cíoradh na gceisteanna le Cuan, beidh leithéidí Alan Titley, Maureen O'Sullivan TD, Conall Ó Móráin, Peadar Kirby agus tuilleadh smaointeoirí spéisiúla is tráchtairí tábhachtacha ó ghach cúinne de shochaí comhaimseartha na hÉireann. Tá 'Léim an Bhradáin' á léiriú agus á láithriú ag Cuan Ó Seireadáin agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith.

Beidh 'Léim an Bhradáin' ar siúl mar sin, gach Aoine idir a 20.00 – 21.00, ag tosú Dé hAoine 6ú Lá Meitheamh 2014.  Is féidir teacht ar Raidió na Life ar 106.4FM i mórcheantar Átha Cliath agus ar ar Shuíomh an Stáisiúin ó áit ar bith eile.  Beidh na hagallaimh ar fad ar fáil mar phodchraoltaí ar leathanach SoundCloud Raidió na Life.


29.8.13

Neart scéalta iontais don Fhómhar i sceideal nua TG4

Tár éis an moladh a thugamar don chlár "Art & Tomaí san Eoraip" ar an mBBC tá anois nuacht  tagtha isteach chugainn ar na cláracha atá le bheith ar TG4 sa bhFomhair.

Tá daoine ag caitheamh anuas ar TG4 agus a laghad daoine a bhíonn ag breathnú air as daonra na tíre, i gcomparáid leis na meáin Bhéarla. Sílim fhéin nach bhfuil an cothramaíoct á thabhairt sna suirbhéanna úd. Níl suirbhé, go bhfios dom, déanta ar lucht labhairt na Gaeilge seachas ar dhaonra iomlán na tíre. Is ar phobal na Gaeilge atá cláracha TG4 dírithe go spéisialta. Teaspánfaidh suirbhé mar sin figiúirí (céadtadán) i bhfad níos spéisiúla dúinn.

Bíodh san mar atá tá fhios ag poball na Gaeilge cé chomh maith is atá an obair atá ar siúil ag TG4 le sparáinín beag airgid!
Laithreoirí: Colman Mac Séalaigh & Máire-Treasa Ní Dhubhghaill
Tá scóp agus úire sa rogha tarraingteach atá ar fáil i gclársceideal TG4 a seoladh ag ócáid i mBaile Átha Cliath le déanaí. Cuimsíonn an sceideal nua scoth na faisnéise, - idir stair Stailc 1913 agus Seachtar Laoch Dearmadta 1916 anuas go mallacht an tsagairt ar pheileadóirí Mhaigh Eo i 1951, más fíor agus stair Pháirc Thuamhain i Luimneach, ionad imeartha a scanraíonn fir mhóra rugbaí as gach ceard den Eoraip. Cloisfear togha an cheoil agus John Spillane ag fánaíocht leis ó bhaile go baile ag cumadh amhrán ar nós Raiftearaí na linne seo. Beifear sa tóir ar phlúr na marcach óg rásaíochta agus ar thóir na ndamhsóirí is lúfaire agus is ealaíonta, beidh beochraoladh eisiach ar mhór-chluichí iomána, peile agus rugbaí ar fáil agus beidh soláthar mealltach ábhair i nGaeilge ar fáil go laethúil do pháistí.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go raibh an tseirbhís ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna éagsúla a eascrann as an margadh reatha. Luaigh sé dúshlán na n-acmhainní ach go háirithe agus an cainéal ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i saol plódaithe na meán.
“Tá an teilifís traidisiúnta ag seasamh an fhóid go maith ó thaobh dílseacht an lucht féachana,” a dúirt sé. “Tá ábhar TG4 ar fáil anois, ní amháin ar an scáileán teilifíse ar fud na hÉireann ach ar an Seinnteoir ar fud an domhain agus ar ghoiris chliste fóin freisin.” Luaigh sé gur ar an teilifís, sa mbaile a fhéachtar fós ar 85% den ábhar in Éirinn, cé go bhfuil úsáid na gcórais eile ag méadú de réir a chéile.

Luaigh sé freisin dílseacht an lucht féachana do TG4 le bliain anuas, tráth ar fhéach ós cionn dhá chéad míle duine ar an meán ar bheochraolta an chainéil ar na cluichí Gaelacha gach Domhnach san Earrach agus idir 75,000 agus 100,000 ar chláracha faisnéise, ceoil agus drámaíochta Gaeilge an chainéil. “Léiríonn seo go bhfuil cáil ar chaighdeán ár gcuid craolta” a dúirt sé agus mhol sé raon agus fuinnimh an chlársceidil Fómhair 2013.