Showing posts with label Pátrún. Show all posts
Showing posts with label Pátrún. Show all posts
3.8.12
Máiméan
Bíonn an oilthreacht bliantúil go dtí Máiméan ann ar an gcéad Domhnach i mí Lúnasa de gnáth.
Deirtear gur sean-áit pagánach atá i Máiméan ach san 5ú aois tháinigh Pádraic, Aspal Éireann, chuig a bearna seo sna sléibhte Mám Tuirc agus bheannaigh sé tailte agus muintir Chonamara. Mar sin is thachtach an áit é do phobal Chonamara ó shin agus tá nós phatrúnachta san áit ón am sin anuas.
Se an tAth Micheál Mac Gréal S.J., a chuir crot eagraithe ar an oilthreacht agus an suíomh mar atá sé anois. Tógadh seipéil beag - Cillín Phádraigh in aice leis an uaimh nó cuasán beag a glaoghtar Leaba Phádraic air. Tá stáisiún na croise ann agus dealbh Phádraic agus é óg snoite ag Clíona Cussen sna hochtóidí.
Tá carraigh aifreann ann leis, mar is cosúil gur anseo a céiliúradh an Aifreann naofa in aimsir na péindlithe.
Tá sé éasca go leor dul ann, níl sé leath chomh deacair leis an dreapadóireacht ar Chruach Phadraig ó thuaidh. Is siúlóid deas é ón mbóthar N59 in aice leis an Srath Salach nó ón mbóthar idir Mám agus An Líonáin. Agus is aoibhinn go deo iad na radharcanna le feiscint ann.
Pádraic, Aspal Éirinn guidhe orainn!
18.5.11
Lá'n Phátrún - Féile Choilm Cille!
Tá na socraithe imeachta do Lá fhéile Cholmcille, Lá'n Phátrúin nó Lá an Tobar, mar a tugtar ar go h-áitiúil, ar an 9ú Meitheamh beagnach críochnaithe. Tá an lá seo á chomóradh leis na céadta bliain agus i mbliana déanfar caoimhniúchán ar an ócáid a bhíonn ar bun ar an mBánrainn, Baile na hAbhann, ar an dtrá. Tá dhá tobar ann, Bád Choilm Cille agus ansin sa tsean reilg tá Cloch na hOifreála ann. Tugtar cuairt ar an trí hionaid in rith an tráthnóna.
Beidh stair an phátrúin le fáil, mar aon le léacht spioradálta chomh maith le turas naofa ar an dá thobar. Beidh an cóir áitíúil agus ceol eile ar bun ann freisin. Tá comórtas ealaíona agus scríobhneoireachta á reachtáil idir na scoileanna áitiúla, agus bronnfar na duaiseanna i rith an chomórtha.
Beidh taispeantáis caith cruití thuas ag ceann bhothair na Bánrainne - beidh sé seo oscailte don phobal agus go mór mór do dhaoine óga a bhfuil suim acu ann. Is sean-nós traidisiúnta é seo a bhaineann le Féile an Phátrúin. Beidh ceol traidisiúnta le ceoltóirí áitiúla ar bun an oíche sin sa trí theach ósta atá lonnaithe sa gceantar agus táthar ag súil go mbainfear taitneamh as an lá spioradálta agus sóisíalta seo.
Tá an clár iomlán le feiscint ar facebook.
![]() |
| Bád Choilm Cille |

Lipéid
Colm Cille,
Lá an Tobar,
Pátrún
Subscribe to:
Posts (Atom)