Showing posts with label Saoirse Creidimh. Show all posts
Showing posts with label Saoirse Creidimh. Show all posts

26.8.14

Comhartha na croise!


Bhí pictiúir de cros á chur thár n-ais ar sean-eaglais Chriostaí san Iaráic cúpla lá ó shin ar facebook agus cuireadh focail Salm 122 isteach im aigne!

Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”

Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim.

Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.

Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna,
d’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.

Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais, cathaoir do theaghlach Dháiví.

Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit.

Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.

Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat.

Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas.

Ta an méid sin smaointí istigh sna focail agus muintir Iaráic, an tSiria, an Talamh Naofa agus ceantracha eile nach iad ag fulaingt sna laethanta seo. Siad ár bráthaireacha 'sár siúracha, daoine daonna pé creideamh atá acu, atá ag fulaingt agus an fhaid is atá éinne acu ag fulaingt is cinnte go bhfuil muide ag fulaingt leo.

Mar a dúirt an Pápa le deanaí: Tá an ceart ag an duine daonna fóbartach éagórach a stopadh agus tá dualgas ar an bhfóbartach an t-olc atá á dhéanamh aige a stopadh!

Má chreideann mé gur leis an Tiarna an domhain ar fad ((Iarúsailéim sa salm!) nach ceart dom iarraidh air de ló is d'oíche "síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn?"






22.7.13

1700 bliain ó shin!

Glaoghtar Forógra Milano (Edictum Mediolanense) ar an dlí a thug Impire Iarthair agus Oirthear na Róimhe le chéile faoi Constantinus Magnus (Iarthair) agus Licinius (Oirthear) sa bhliain 313 AD

Constantinus Magnus
Trén bhforógra seo tháinig deireadh le trí chéad bhliain ghéarleanúna ar na Chríostaithe san impireacht. Fuaradar thár n-ais a chuid maoine agus bhí cead acu, sa deireadh, a gcreideamh a chleachtadh. Taobh istigh de 60 bliain deineadh ina Reiligiún Stáit san Impireacht í sa bhliain 380 AD faoi Theodosius.

Is ó Impireacht na Róimhe a thagann an-chuid de nósanna i Reiligiún na Criostaithe in Iarthair an domhain, focal mar Presbiterium, Pontifex Maximus, an Fáinne Solais a bhíonn thár timpeall pictiúirí naomh, agus ar ndóigh úsáid na Laidne féin thuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá nósanna eile ag Criostaithe agus Caitleachaí faoi ghnásaíochtaí eile nach ón Róimh iad, mar shampla gnásaíocht Bhiosántach Caitliceach, nó gnásaíocht Siriach Cailtliceach agus na Ceartcreidimhigh.

Ar an lá seo agus an Pápa ar a thuras siar go Braisil tá mé ag smaoineamh ar an ní a thóg an Críostaíocht amach as na gcatacóim agus faoi sholas na gréine seacht míle bliain déag ó shin i Milanó na hIodáile.