Showing posts with label An Róimh. Show all posts
Showing posts with label An Róimh. Show all posts

14.10.19

Solas cineálta!

Bhí giolch ag Leo Varadker ar chanónú an Cairdinéal John Henry Newman aréir.

Chuir sé isteach go mór orm cuid de na tráchtanna mar fhreagraí air a bheith chomh nimneach mí-thocaireach san. Nach bhfuil spás ann in Éireann a thuile d'éinne a chreideann in Eaglais na gCaitliceach?

Naomh John Henry Newman
Cinnte bhí rudaí - agus tá - rudaí uafásach a dhéanamh san Eaglais ach mar a deireann  Pól "Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam." 

Tá traidisiúin fós sa tír seo atá bunaithe ar chreidimh i gCríost. Nár léiríodh cuid den aigne nó meon, fiú drochdhearcadh, ag "an bhunaíocht" idir lucht ard-oideachais agus riaracháin an cinneadh gan ionadaithe a chuir  chuig an searmanais sa Róimh. Cinnte ba shearmanais reiligiúnach a bhí ann ach ag comóradh fear mór i gcúrsaí oideachais sa tír seo chomh maith. Ba chead uachtarán ar ollscoil nua in Éireann é - an céad ollscoil a bunaíodh ó 1592.

Ar ndóigh nuair a tógadh raic faoi chuir Coláiste Ollscoil Bhleath Cliath ionadaí agus cuireadh Aire Oideachas go dtí an Róimh ar deireadh. Ach mar a deireann Alan Titley sa Times inniú, "Dhá chúis a bhí leis an doicheall bunaidh. Bhain ceann amháin díobh lena chuid Chaitliceachais, agus an ceann eile lena chuid tuairimí oideachais. Ar a laghad, léirigh siad go rabhadar in-náirithe."

Ag caint ar Newman féin agus an trí bhliain a caith sé i mBaile Átha Cliath is fíor nár cuireadh fáilte roimhe ag gach éinne, fiú na heaspaig féin. Ar ndóigh bhí lucht caol-aigeantach udaráis na hEaglaise imníoch faoin a thuairimí faoin oideachas a bheith oscailte agus ag spreag agus ag gríosaigh iad siúd a bhí ag freastail. Nár léirigh na nEaspag i lár an naoiú aois deag agus "bunaíocht" an lae inniú an dearcadh caol céanna? Ar bhealach d'fhéadfá a rá gur dibríodh as an tír é! Plus ça change, plus c'est la même chose!

Nár dhírigh an tUachtarán Ó hUiginn le deanaí ar an bhfadhb ceanann céanna nuair a dúirt sé le déanaí (i mBéarla) go nglacann an chuid daoine "a narrow and utilitarian view of ... an education – that we exist to be made useful – which leads to a great loss of the capacity to critically evaluate, question and challenge." Nach macalla é seo ar dhearcadh an naoimh aitheanta nua?

Meas tú an bhfuil an ceacht sin foghlamtha ag lucht ollscoile nó an gá don bpobal iad a náiriú i gcónaí!
Giolch an Taoisigh Leo Varadkar aréir!

30.9.13

Imeacht ón Róimh!

13/9/2013: Ar an mbóthar arís!

Go luath ar maidin thosaíomar ar ár dturas ó thuaidh go dtí Antibes (Fraincís).

Bhí balla mór imeaglaíoch thrachta na Róimhe romhain agus muid ag casadh ar chlé ar an via Aurelia. Ach d'éirigh linn dul trasna agus ar aghaidh linn.
Lig amach mé! Ag casadh ar chlé!
Is sean-bhóthar Rómánach é an via Aurelia a théann ó thuaidh ar chósta iartharach na hIodáile go dtí teora na Fraince ag Ventimiglia agus uaidh sin i dtollán fada (Galleria del Monte) isteach chuig an Coté d'Azúr.
Sléibhte Liguria agus muid ag dul ó thuaidh ar an via Aurelia!
Thóg an turas timpeal sé nó seacht n-uaire orainn agus stopamar ag na caiféanna ar an autostrada le h-aghaidh cáife. Má iarann tú cáife ortha faigheann tú cupáinín deas láidir iodálach, déanta i gceart. Expresso barantúil mas maith leat, crema ceart air agus gan a bheith ró the! Rud a coimeadfadh tréad eilifint ar bith ina ndúiseacht!

Is Autostrada chuid den mbóthar seo ach cuid eile de, idir an Róimh agus Livorno, is gnáth bóthar atá ann ach ó thuaidh uaidh sin tá an bóthar an mhaith. Ní raibh mórán trioblóid againn leis an dtrácht ar Motarbhalaigh na hIodáile ach bhí tranglam tráchta an-throm ann nuair a shroicheamar cheantair Nice - no Nizza mar a glaoghtar san Iodáil air. Ach thánghamar slán tríd ar ball.

Bhí tuirse orainn nuair a shroich muid an ceann scríbe agus tár éis béile breá Francach chuamar a luí.

Bhí sé i gceist againn cúig lá sosa a ghlacadh sa baile álainn seo.

27.9.13

Siopaí na Róimhe!

12 Meán Fómhair 2011: Sos beag!

I ndiaidh an lá gnóthach a bhí againn inné thógamar sos beag linn féin inniú. Chuamar ag siopadóireacht!

Céard is féidir a rá faoi siopaí na Róimhe, nó siopaí na hIodáile ina iomláine i ndairíre. Bhuel! Ar dtús ní cathair siopadóireachta í an Róimh deirtear. Is ag Firenze atá an onóir sin, nó b'fhéidir Milano. Mar sin féin tá an-chuid siopaí sa Róimh agus i gcomhairsineachta na cathrach. Is i gceann de na ceantreacha sin, ag bun an Via Aurelia, Piazza Irnerio agus Via de Boccea a bhí muid.

Tá an chuid siopaí beag príobháideach ansin. Táid an-bheag cinnte ach táid lán de earraí, stórálta ón urlár thuas go dtí an sileáil. Bróga, cumhrán, éadaí, torthaí, spéaclaí, "tobac," earraí cistine, pé rud gur mian leat bhí siad le fáil sna siopaí, beaga, cúnga, féin banastaíochta seo. Is iad na húinéirí a bhíonn taobh thiar den gcúntair sna siopaí seo, Níl mórán de na siopaí-slabhra mar Tesco nó Dunnes s'againn féin le fáil san Iodáil.

Chaitheamar maidin iomlán ar na sráideanna sin agus bhí lón deas Rómánach againn ar thaobh na sráide. Bhí roghnú feola ag mo bhean agus spagetti deas agamsa agus rud éigin a faightear sa Róimh, fíon dearg fuaraithe. Seo nós atá acu mar bíonn an aimsir chomh te san ann. Agus creid nó ná creid tá sé go deas.

Nuair a bhí sin thart thógamar an bus isteach go dtí Cearnóg Pheadair mar bhí orainn breathnú agus roghnú na griangrafeanna a togadh dínn agus muid ag caint leis an bPápa inné. Rinneamar sinn, bhí na céadta pictiúirí le breathnú ortha agus ar deireadh roghnaigh muid cuid acu le chur ar aghaidh chugainn sa bhaile i gcionn seachtaine nó mar sin.

Cé go raibh sé te ní raibh sé ró-the le bheith mí chompórdach agus bhí orainn rud eile nach ceart an Róimh a fhágáil gan é a dhéanamh. Céard é. Uachtair reoite ioncurtha na hIodáile a bhlaiseadh! Rud a rinneamar.

Mar a deitear thiar Neam! Neam!

21.9.13

Céiliúradh!

11 Meán Fomhair! Beatha spiordálta agus chorpartha!

D'éiríomar go moc ar maidin álainn sa chathair ársa seo na Róimhe.

Ceathardha blian ó sin, mar a dúradh cheanna, pósadh sinn agus mar chuid de chéiliúradh ar sin socraíodh ag ár ndeartháireacha aifrinn a céiliúradh faoi Eaglais N Peadair i séipéil na nGael atá tiomnaithe in onóir N. Columbáin – an naomh ó Beannchar a chuaig chomh fada soir ag craobhscaoileadh an chreidimh,  a bhunaigh mainistir i mBobbio (Iodáilis) na hIodáile sa bhliain 614. Séipéal an-bheag atá ann agus is mór an onóir d'aon tír a leithéid a bheith chomh chomhgharach le tuama Pheadair.

Ós rud é gur Céadaoin a bhí inti bhí “Udienze” mór na seachtaine leis an bPápa nua Prionsias agus nuair a bhí an Aifreann thart shiúlamar trén eaglais mór agus gan mórán daoine ann agus shiúlamar amach an príomh doras amach sa chearnóg. Bhí slua mór bailithe ann romhainn cé nach raibh an Pápa le teacht go dtí i bhad níos déanaí. Bhí sé le bheith ann ag leatha uair tár éis a deich agus bhíómar ann ag timpeall a h-ocht ar maidin. Bhí mo dheartháir i ndán suíochán íontach fháil taobh leis an “stáitse” le suíochán an Phápa. Síocháin ar nglaoghtar "bacciamano" ortha mar tá an seans ann buaileadh leis agus é ag imeacht ón stáitse. Bhí radharc íontach air agus é ag labhairt.

Seo a dúirt sé leis an slua ollmhór:

La Chiesa Madre dei cristiani (Video)
[AraboCroatoFranceseIngleseItalianoPolaccoPortogheseSpagnoloTedesco]

Nuair a bhí rudaí oifigiúla thart tháining an Pápa anuas ón ardán agus chuaigh chuig na daoine a bhí baillaithe thár timpeall taobh thiar na barracáide. Labhair sé linn ar feadh neomad nó dhó. Tá Spáinis ag mo dheartháir agus mhínigh sé leis an bPápa go rabhamar daiched bliain pósta agus d'iarr orainn le meangadh gáire. "Cé a d'fhulaing an chuid is mó?" Beir sé greim ar ár ndá lámha agus bheannaigh sé muid. Dúirt mise leis (i mBéarla) go rabhamar ag guidhe ar a son agus d'fhreagair sé go raibh géar gá lenár gcuid paidreacha dó! Is duine faoi leith gan aon amhras é agus chuaigh sé i bhfeidhm orainn go mór! Beannacht Dé leis!

Ina a dhiadh sin chuamar siar go dtí baile beag iascaireachta Fumacino, Tá sé in aice le cheann d’aerphortanná na Róimhe, Leonardo Da Vinci. Bhí béile íontach again ansin sa proinnteacht Bastinellí (Iodáilis), ceann de na cinn is fearr dár liom. Má tá tú sa Róimh aon am is fiú tiomáint amach ansin agus togha de h-iasc blasta an Mheán Mhuir a thriál agus cóicearacht mar is ceart. Sílim go scrífinn faoi na béilte a bhí againn ar an turas.

An tráthnóna sin togadh chuig áit eile nár chualmar caint faoi go dtí gur chuamar ann. Eataly (Iodáilis) an t-ainm atá an áit agus d’fhéadfá IKEA an Bhia a thabhairt ar an áit. Is cosúil go bhfuil siopaí eile doe chuid Eataly i gcathrache eile mar Tokyo agus Nua Eabhrach.

18.9.13

An Róimh sroichte...

Dáta:10/9/2012

Tiománaithe na h-Iodáile! Bhuel sin scéal eile. Bhí cineál rás ar siúil ba chosúil thár timpeal ar Genoa agus ar maidin bhí pianta i mo ghéaga leis an stíreáil neamh gnáthach a bhí ar siúil agam ar na castái agus an “snaoímháil” a bhí ar siúl idir na tiománaithe díográsach. Dian tiomáint d’fhéadfá a rá.

Shríochamar cathair ársa na Róimhe i lár an lae agus bhí lón deas ullamhaithe romhainn.

Rinneamar turas ansin chuig Eaglais Naomh Pól (San Paulo fuoro del Mura {Iodáilis} ="taobh amuigh de na ballaí!"). Dóadh an sean eaglais i 1825, agus tógadh é i lár na 18í ar an sean déanamh. Deirtear go bhfuil uaigh Phóil féin faoin bpríomh Altóir, ach ní féidir a bheith cinnte de. Sa pictúir thuas tá an mósáic ar áirse ós cionn na príomh altóra a sabháladh ón dtine úd.

Rud spéisiúil faon eaglais seo ná pictiúirí na pápaí ó Naomh Peadair thuas go dtí Benedict XVI thár timpeal ballaí na eaglaise. Níl Prionsias ann go fóil!

22.7.13

1700 bliain ó shin!

Glaoghtar Forógra Milano (Edictum Mediolanense) ar an dlí a thug Impire Iarthair agus Oirthear na Róimhe le chéile faoi Constantinus Magnus (Iarthair) agus Licinius (Oirthear) sa bhliain 313 AD

Constantinus Magnus
Trén bhforógra seo tháinig deireadh le trí chéad bhliain ghéarleanúna ar na Chríostaithe san impireacht. Fuaradar thár n-ais a chuid maoine agus bhí cead acu, sa deireadh, a gcreideamh a chleachtadh. Taobh istigh de 60 bliain deineadh ina Reiligiún Stáit san Impireacht í sa bhliain 380 AD faoi Theodosius.

Is ó Impireacht na Róimhe a thagann an-chuid de nósanna i Reiligiún na Criostaithe in Iarthair an domhain, focal mar Presbiterium, Pontifex Maximus, an Fáinne Solais a bhíonn thár timpeall pictiúirí naomh, agus ar ndóigh úsáid na Laidne féin thuas go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh tá nósanna eile ag Criostaithe agus Caitleachaí faoi ghnásaíochtaí eile nach ón Róimh iad, mar shampla gnásaíocht Bhiosántach Caitliceach, nó gnásaíocht Siriach Cailtliceach agus na Ceartcreidimhigh.

Ar an lá seo agus an Pápa ar a thuras siar go Braisil tá mé ag smaoineamh ar an ní a thóg an Críostaíocht amach as na gcatacóim agus faoi sholas na gréine seacht míle bliain déag ó shin i Milanó na hIodáile.