Showing posts with label Seán Ó Cuirreáin. Show all posts
Showing posts with label Seán Ó Cuirreáin. Show all posts

7.5.21

Victoria agus Paidaí Mhicheáil Airt!

Dúnmharú, Drámaíocht agus Scannal

Ar 6ú Bealtaine 1882 tharla feallmharaithe míchlúiteacha i bPáirc an Fhionnuisce agus crochadh cúigear do na Invincibles dá bharr. Tháinig deireadh dramátúil leis an scéal le marú an bhrathadóir míchlúiteach James Carey ar bhord an SS Melrose ar chósta na hAfraice Theas in 1883. 

Fadscannán drámaíochta-faisnéise é The Queen v Patrick O’Donnell ina dtugtar léargas don chéad uair ar an scáileán ar cheann de na comhchealga dúnmharaithe is suntasaí i stair na hÉireann, scéal lán le foréigean, cleasaíocht cúirte, scéiméireacht pholaitiúil agus rómánsaíocht. 

Faightear tuiscint nua ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain ar scéal beatha agus ar chinniúint an Chonallaigh ciúin a mharaigh feallmharfóir agus brathadóir míchlúiteach ar chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883. 


Céard a thug ar an bhfear Ghaoth Dobhair, Padaí Mhicheáil Airt, nach raibh léamh ná scríobh aige, ceannaire na Invincibles a mharú? Cérbh í an bhean mhistéireach a bhí ina chomhluadar mar bhean chéile? Agus cén fáth gur iarr Uachtarán Mheiriceá agus sár scríbhneoir na Fraince Victor Hugo nach gcrochfaidh é?

Tá an fhoireann chéanna a chuir Murdair Mhám Trasna* in iúil tagtha le chéile arís chun an scéal cumhachtach seo a insint, tar éis taighde fairsing a rinne Seán Ó Cuirreáin do ROSG.

Tá na haisteoirí buaiceacha, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell ag glacadh páirt sa bhfadscannán.

Stiúrtha ag Tomás Seoighe, léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh & Seán Ó Cuirreáin do ROSG. 

Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI agus beidh sé le feiscint níos deanaí sa bhliain.

*Slua don Eagóir (23/2/2018)

@ROSGtv @TG4TV @ScreenIreland @BAItweets

23.2.18

Slua don Éagóir!


Tá tuairisc ar an dtaispeántas seo le fáil ar chúntas giolcaireachta MholScéalta (TG4) anseo.
Tá sé beagnach dhá bhliain ó léigh mé leabhair Sheáin Uí Chuirreáin ar chás Mhaolra Seoighe - Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna.  Bhí spéis faoi leith agam ann mar bhí colceathar ag mo mháithair mar aon lena a seanathair, leis an ainm céanna agus tá deartháir agam a anmníodh ina dhiadh - ach an seanlitriú atá á úsáid againne - Maolmhuire. Ba as Gránard (An Longfort) ó thús iad agus tháinig an tainm síos ó na Rathallaigh is dócha. Bhí an tainm Myles ar thaobh m'athair i Loch Garman ach is ón chlann de Hóra a thainig sé agus tá mé ag ceapadh gur ainm Normánach atá ansin.

Cuid den slua ag feitheamh
Inné bhí an chéad léiriú de scannán faisnéise, Murdair Mham Trasna, léiriú de chuid Rosg,  bunaithe ar leabhair Sheáin eagraithe ag Club Scannáin Sailearna. Bhí Sean Scoil Shailearna lán go doras agus is cosúil go raibh ar roinnt daoine dul abhaile mar ní raibh go leor spáis acu istigh. Chaill siad an-scannán.

Thárla dúnmharú tubaisteach i bpobal an bheag sa bhliain 1882. Maríodh go brúidiúil cúigear sa chlann chéanna athair, a bhean, a mháthair, a iníon agus a mhac ar oíche dorcha. Gabhadh seachtair ach bhí amhras fiú ansin ar chad a thárla ar an oíche sin. Bhí breabaireacht i gceist, easpa measa ar an bpobal féin, neamh thuiscint agus séanadh cearta theanga agus polataíocht i gceist.

Sa scannán bhí staraí, comhairleoirí dlí agus saineolaithe eile (ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn),  ag caint faoin gcás i gcoinne na bhfear agus cé chomh lochtach is a bhí sé ó thaobh dlí de. Ar deireadh níl amhras ar bith ann gur daoradh daoine neamhurchóid chun blianta a caitheamh i bpriosúin agus ar a laghad duine amháin chun crochadh. Crocadh Maolra Seoighe agus beirt eile dhá mhí tár éis an dúnmharú féin.

Ní raibh aon píosa den crochadh curtha faoi cheilt ag déantasóirí an scannáin! Bhí chuile rud le feiscint go lom. Tharraing an crochadóir, Marwood, an luamhán agus osclaíodh an comhla thógála go tobann. Chualamar go léir an torann agus chonaic muid go léir an titim marbhach sin. Bhí osna uafáis ón lucht féacanna. Bhíomar ann.

D'éirigh leis an scannán ar dtús uaiféaltas an oíche Lúnasa sin i Mám Trasna a léiriú. Ansin an drámaíocht sa trial i mBaile Átha Cliath agus an uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ann. An míthuiscint iomlán ar shaol an chosmhuintir i Mám Trasna - nó in iarthar na tíre fa seach. (Táid ann a deireann go bhfuil an míthuiscint sin fós ann i mBaile Átha Cliath ach sin scéal do lá eile b'fhéidir!).

Ach níor stop sé ansin thóg sé muid soir go Westminster agus an nimh idir Libearálaigh Ghladstone agus "tuathghríosóireacht" na dToraithe, mar a thus sé air. Bhí díospóireacht ceithre lá ar sa Phairlimint ach sa deireadh níor thárla aon ní as. Bhí Maolra agus beirt eile marbh agus bhí cúigear i bpriosún agus fios ag muintir ná háite go raibh éagóir déanta.

Ag deireadh an scannán bhí píosa ann a tharraing deor ó dhuine amháin den lucht féachanna agus níos mó. Cá bhfios? Sa bhliain 1902, tá éis dá scór bhliain faoi ghlas, ligeadh amach triúr den cúigear a daoradh agus bhí ortha a mbealach féin a dhéanamh ó Ghallimh siar siar thár n-ais chuig a n-áit dhúchas, Mám Trasna. Chonaicamar iad ag siúl go mall ar an mbóthar agus ansin go tobann bhí a mná ós a gcomhair. Nach minic a deintear dearmad ar a bhfulaingt? Cuirtear béim i gcónaí ar na fír a deineadh éagóir ortha ach nach fíor go mb'fhéidir go n-ealaíonn fulaingt na mná uainn agus muid ag plé chúrsaí. Ní fios dúinn cad a thárla do bhean Mhaolra Seoighe go dtí an lá atá inniú mar shampla.

Tá an scannán le bheith ar TG4 i gcionn mí nó dhó. Molaim gan é a chailliúnt.

6.11.17

Cearta ar deireadh?

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus é faoi agallamh i scannán faisnéise nua, go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh d’fhadscannán nua faisnéise dar teideal Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, deir an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

"I wish something could be done for Myles Joyce – "
Ag an bpointe sin, beidh mé ag filleadh ar an méid is féidir liom a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh sé ag brath orm féin, is cuma cén rud foirmeálta atá i gceist, táim sásta glacadh leis gur chóir aitheantas a thabhairt don rud [an éagóir] a tharla. I mo thuairimse, tá an mhoráltacht atá i gceist soiléir,” a deir an tUachtarán in Murdair Mhám Trasna.

Tá níos mó faoin triail le fáil ar ár mblag féin le fáil anseo.

Cruthaíodh suíomh faoi leith: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil, sa bhliain 2012.

Foilsíodh an bun-leabhair anuireadh (2016) agus is féidir é a fháil ón bhfoilsitheoir Cois Life.

Tá léarmheas ar an scannán féin scríofa i dTuairisc.ie ag Breandán M Mac Gearailt: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna.
Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Aithnítear go forleathan go raibh cás Mhám Trasna ar cheann de na samplaí is measa riamh sa tír seo d’iomrall ceartais.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna:

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dúl dóibh beag nó mór. “Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Dúirt léiritheoir an scannáin Ciarán Ó Cofaigh gur “dul chun cinn an-suntasach” é fógra an Uachtaráin go raibh saineolaí ceaptha le comhairle a chur ar an Rialtas agus ar an Uachtarán maidir le cás Mhám Trasna. “Bheadh sé ar fheabhas ar fad dá dtabharfaí pardún iarbháis anois dóibh siúd a ciontaíodh san éagóir 135 bliain ó shin. Más mall is mithid,” a dúirt sé.

I measc na ndaoine eile atá faoi agallamh sa scannán tá an Tiarna Alton as Learpholl Shasana, arbh as ceantar Mhám Trasna dá mháthair. Tharraing an Tiarna Alton agus an Tiarna Avebury aird ar an gcás an athuair sa bhliain 2011 agus iad ag iarraidh go n-aithneofaí gur éagóir a tharla. Deir an Tiarna Alton freisin nach bhféadfaí a rá gur cuireadh triail chothrom orthu siúd a ciontaíodh nuair nár thuig siad fiú teanga na cúirte, an Béarla.

“To have a fair trial you need to be able to understand the accusations that are being made against you. You need to be able to understand the evidence being given by your accusers. And you need to be able to understand the directions of the judge. And if you can’t understand any of these it makes it impossible to have a fair trial. And it was also, I think, demeaning of the Irish language.”


Deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Deir Tomás Ó hÉanacháin, sin-sin-nia le duine de na fir a crochadh, go gcuireann an scéal “fearg” air.

“Cé go raibh a fhios ag na húdaráis nach raibh Maolra Seoighe ná a dheartháireacha páirteach sna dúnmharuithe lean siad ar aghaidh leis an gcrochadh agus leis an éagóir.”

• An comhlacht teilifíse ROSG, atá lonnaithe sa Spidéal, a rinne an scannán, a choimisiúnaigh TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Taispeánfar/Taispeánadh an scannán den chéad uair anocht/aréir (3 Samhain) mar chuid d’Fhéile an Oireachtais i gCill Airne. Níl dáta craolta an tsaothair ar TG4 socraithe fós ach tá sé i gceist go mbeidh sé le feiceáil ar dtús ag féilte scannán sa tír seo agus thar lear sna míonna atá romhainn.

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life anuraidh. Rinneadh an scannánaíocht ar láithreacha éagsúla i Mám Trasna agus i mBéal Átha na Muice (Contae Mhaigh Eo), i gConamara (Contae na Gaillimhe), i mBaile Átha Cliath agus i Londain.


 @Murdair #Mám82 @CoisLife 

16.7.16

Géileadh don dlí - cóir nó éagóir!

Níor léigh mé mórán a scríobh Seán Ó Cuirreáin seachas a chuid tuairiscí mar Coimisinéir Teanga. Bhí siad mionchúiseach agus cúramach, agus chomh fada agus is féidir le tuairisc dá leithéid a bheith so-léite bhíodar so-léite. Mar sin nuair a chuala mé go raibh sé le cúntas a scríobh faoi dúnmharaithe Mhám Trasna bhí fhios agam go mbeadh sé beacht, cruinn agus so léite.

Agus bhí an ceart agam.

Seán Ó Cuirreáin
Níl fhios agam cathain a chuala mé faoi Ár Mham Trasna ach cinnte ní raibh aon eolas cruinn agam ach amháin gur maríodh clann iomlán in áit iargúlta i dtuaisceat na Gaillimhe. Ach nuiar a socraíodh ar chomóradh a bheith ann beagnach ceithre bhliain ó shin rinne mé beagáinín taighde ar líne agus thuig mé an scéal níos fearr agus thuig mé leis go raibh iomrall ceartais i gceist. Ní h-amháin gur déaradh daoine ionraic ach go mfhéidir a rá go raibh an triail féin lochtach mar nar thuig na fir a bhí cúisithe i gceart cad a bhí ar siúl sa chúirt de bharr nach raibh ach Gaeilge acu féin agus ní raibh ach Béarla á úsáid ag an gcóras dlí agus lucht na cúirte. (Bhfuil mórán athrú ar chúrsaí?).

Ach tá i bhfad níos mó sa leabhair* seo.

Tuairisc
Seoladh an leabhair (Scannán gearr)
Meoin Eile 23/5/2016

Learmheas
Sárleabhar a thugann ómós cuí d’fhir bhochta ar chiontaigh an Choróin go héagórach iad!
Dr John Walsh, OEG,  
tuairisc.ie, 23/5/2016
I bhfocail simplí léiríonn an túdar an scéal ón oiche dorcha úd faoi scáth Mhám Trasna i mí Lúnasa 1882 nuair a maríodh Seán Seoighe a bhean, a mháthair, a iníon agus a mhac. Leannan an scéal trí na laethanta ina dhiaidh ag miniú obair na bpóliní, dearcadh muintir na h-áite agus cé chomh bocht is a bhí an áit. Baineann sé úsáid as tuairiscí na nuachtáin agus chomhfreagras na h-údaráis go cliste le sin a léiriú agus léiríonn sé pictiúir soiléir ar an áit agus a mhuintir.

Taispeáineann sé na h-achrainn a d'fhéadfadh a bheith mar cúis le cóir uafásach mar seo. Agus ag an am ceanna tugtar cúntas den chúlra san áit féin agus an agóidíocht a bhí ar siúl in Éirinn - aimsir Cogadh na Talún a bhí ann.

Taobh istigh d'acar gearr gabhadh fir agus, cé nach raibh muinín ag an bpobal sna póilíní tháinig finnéithe chun tosaigh le scéal a bhí amhrasach go leor ach cinneadh ar iad siúd a chuir ós comhair cúirte, ní go h-áitiúil ach i mBaile Átha Cliath.

Tá an leabhair roinnte i dtrí codanna, ó Mhám Trasna féin agus an ár agus ansin soir go Teach na Cúirte agus an uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ag lucht dlí agus an brú a cuireadh ar na fir i milieu eascairdiúil, fiú naimhdeach, ó thaobh áit, teanga agus aicme de - lucht tuaithe i gcoinne lucht cathardha agus gallda go leor. Ar bhealach is scéal an caidreamh mífheidhmiúlachta idir na tíre seo agus ár gcomharsa san oileán thoir uainn.

Ansin tá mír faoin cur is cúiteamh ag lorg pardún - glacadh ag an dlí go rabhadar ciontach i gcónaí - agus an breith críochnúil ó Fear Ionad na Banríona, agus mar sin ón mBanríon Victoria féin, "Caithfear géileadh don dlí!" 

Bhí an file & údar Liam Ó Muirthile (sa lár)
Agus lean drochobair an chrochadóra dá bharr. Cloiseann muid focail dóchasacha deireannacha ó Mhaolra Seoighe, "Feicfidh mé Iosa Chríost ar ball.."

Ritheann an scéal ar aghaidh trén díospóireacht i Westminister agus, faoin am seo, ar fud an domhain. Tá cursíos ar an obair a rinne an Feisire Pairliminte Timothy Harrington ag dul siar go Mám Trasna ag caint leis na daoine agus ansin ag cuardú taifid na cuairte faoin gcás. Obair atá deanta arís dúinn ag Seán Ó Cuirreáin céad tríocha bliain ina dhiaidh. Bhí Gaeilge mhuintir na h-áite aistrithe don Uasal Harrington ag sagart áitiúl agus uaireanta is beag ná gur féidir leat iad a cloisint, mar duine de na mná ag rá, "Indeed, I don't know anything about it, Ask him. He says he knows it all!"

Faoi dheireadh tá cuntas ar athrí na bhfinnithe ós comhair an bpobal agus Árdeaspaig Thuama ag an am atá an dramatiúil ar fad. Ceangalíonn se na téada le chéile mar a déarfá. Deirtear linn cad a thárla do na daoine a bhí páirteach rudaí uafásacha a tharla ag éirí as áir mór Mham Trasna.

Maolra Seoighe
Ach thár aon rud eile is faoi Mhaolra Seán Seoighe an leabhair seo. Tá pictiúir d'fhear daona, ciúin cráifeach le feiscint anseo, a maith dóibh a chuir chuig crann na croiche é.

Tá crot néata ar an leabhair, tá na caibidlí leagatha amch go maith. Tá rithim maith sa leabhair agus tá sé éasca é a leamh. D'fhéadfadh sé a bheith an do-léite go h-éasca agus tá scíl faoi leist ag an údar rud casta a dhéanamh intuisceana. Rud amháin mar shampla tá an méid sin Seoigí agus Cathasaigh sa leabhair go mbeadh sé éasca a bheith caillte ina measc ach níor thárla san tré úsáid a bhaint as a n-ainmneach iomláine - Seán Maolra Seoighe, Maolra Seán Seoighe 7rl. B'fhéidir go gcabhródh sé beagáinín  léarscáil nó léaráid  a bheith ag taispeáint an gaol a bhí idir na príomh daoine i Mám Trasna.

Mar a deireann an údar féin ag deireadh an leabhair, "Níl ach focal ceart amháin ann le cur síos cruinn a dhéanamh ar an mbealach ar tugadh faoi riar an dlí agus an chirt i gcás dhúnmhairithe Mhán Trasna - éagóir."

Chuala mé duine ar an Raidío a rá nár thug sí faoi deara an Bearla nó Gaeilge a bhí á léamh aici agus tuigim san. Uaireanta cuireann stíl na scríobhnóireachta isteach ar an rud atá á rá ag udar ach uaireanta eile éiríonn le h-údar leabhair le h-éascaíocht léimh áirithe a scríobh. Sin mar atá sé leis an leabhair seo. Bíonn tú gafa ag an scéal.

Ceannaigh an leabhar seo agus léigh é!

*Éagóir, Maolrua Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna; 
Seán Ó Cuirreáin; 2016
Cois Life; ISBN 978-1-907494-61-1

• Tá píosa scríofa agam (as Béarla) faoi sheoladh an leabhair: "The law must take its course!" (21 Bealtaine 2016)

7.6.16

Scannán fáisnéise ar "Éagóir!"

Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna

Tá rún ag an gcomhlacht léirithe teilifíse ROSG Teoranta fadscannán faisnéise a fhorbairt do TG4 bunaithe ar Éagóir, leabhar nua Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, a seoladh le gairid.

An leabhair bunaigh!
Tá socrú déanta ag ROSG Teoranta, atá lonnaithe sa Spidéal agus a bhfuil Ciaran Ó Cofaigh i gceannas air, le foilsitheoirí an leabhair, Cois Life, leis an saothar a fhorbairt don teilifís agus tá maoiniú ceadaithe don tionscadal ag TG4. Tá iarratas ar mhaoiniú breise curtha i láthair ÚdarásCraolacháin na hÉireann.

Tá taithí mhór ag ROSG Teoranta ar scannáin agus ar chláracha teilifíse a léiriú i nGaeilge agus is é an comhlacht sin a rinne Cré na Cille, Na Cloigne agus An Bronntanas do TG4.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh gur
tionscadal fíorthábhachtach a bhí i gceist anseo agus gurcúis bhróid” don chomhlacht ROSG a bheith ag plé leis. Dúirt sé gur cheap sé roimhe seo go raibh scéal Mhám Trasna ar eolas aige ach nár thuig sé “doimhneacht agus scála an scéil go dtí gur léigh sé an leabhar nua, Éagóir Spreag sé mothúcháin láidre ionam féin, agus an fhearg an ceann ba mhó a bhí i gceist, a dúirt sé.

Cé gur scéal Gaeltachta atá anseo, tá gnéithe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin, agus mar léiritheoir tá mé ar bís le hé a chur ar an scáileán,a dúirt Ó Cofaigh.

Maolra Seoighe
Dúirt an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life gur spreagadh mór dóibh an tsuim atá ag ROSG sa leabhar nua seo mar ábhar scannáin. Cuirfidh sé sin fuil agus feoil ar na pearsana úd i Mám Trasna ar imríodh feall orthu sa tseanaimsir,a dúirt sí. Agus í ag tréaslú a shaothar leis an údar Seán Ó Cuirreáin, dúirt sí go raibh pobal fada fairsing dlite dó mar scéal.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin gur cinnte go bhfuil an-ábhar teilifíse sa scéal tragóideach faoi mharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain 1882 agus sa dóigh ar ciontaíodh san éagóir daoine nach raibh baint ná páirt acu leis an uafás a tharla ann.

• Bhí píosa againn ar chomóradh ar Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil i nGaillimh beagnach ceithre bhliain ó shin. Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn i láthair ag an gcomóradh sin.

@ROSGtv @CoisLife #mám1882