Showing posts with label Scannán. Show all posts
Showing posts with label Scannán. Show all posts

2.9.22

Ruidín i mo shúil...


Bhí an méid sin cloiste faoin scannán seo* gur chinneas dul ann. Tá muis an bhruidiúl le déanaí agus ní raibh seans agam go dtí an seachtain seo caite agus mé ar thuras go Baile Átha Cliath.

Bhí sé ar siul ag Institiúid Scannán na hÉireann i gceantair Bharra an Teampaill.

Bhí an méid sin léite faoi gur thóg me go leor ciarsúir liom!

Tá an scéal inste in áiteanna eile, cailín cuthalach ciúin i gclann bocht faoin dtuath gan mórán grá ann di nó dá siblíní. Bhí leanbh eile ar an mbealach agus cuireadar an cailín seo chuig duine muintirthe leis an máthair sna Déise. Ní raibh ach bean agus a fear sa bhfeirm nua.

Tógann a hathair chuig an áit nua í agus is léir gur duine gan mórán béasa é agus i ndairire is ag "dumpáil" a iníon atá sé agus ní chuireann sé í in aithne do mhuintir an tí nua i gceart í.

Diadh ar ndiadh agus le nodanna bog léiritear cairdeas ag fás idir an gcailín agus bean a'tí ar dtús agus ansin lena fear. Léirítear an fás seo go tuisceanach agus go báúil. Tógtar isteach go hiomlán i saol an teaghlaigh nua í. Tá a ngrá dá chéile ag fás go caolchúiseach ann.

Ar deireadh bhí litir óna máthair go raibh deartháir nua aice agus, mar a bhí fhios acu, tháinig deireadh lena tréimhse sna déise agus bhí ortha í a thabhairt abhaile.

Bhí an aisteoireacht thár bharr. Roghnaíodh aisteoirí a bhí díreach i gceart do na páirteanna. D'éirigh le Cáit (Catherine Clinch) chuile mír den scéal a sníomh le chéile - éacht di mar aisteoir óg. Bhí Eibhlín (Carrie Crowley) agus a fearr Seán (Andrew Bennett) thar bharr agus inchreidthe.

...agus ar deireadh bhí ruidín i mo shúil agam - agus bhí smáileog dusta éigin i súile chuid mhaith den lucht féachanna a bhí ann chomh maith ...

*An Cailín Ciúin;  Sturthóir: Colm Bairéad 2022

@quietgirlfilm @colmbairead @IFI_Dub


26.10.21

Scéal ón Dhrochshaol.

“Níor tharla sé seo dúinn. Sé an chaoi ar déanadh é seo orainn."

Níl fhios agam go díreach céard a bheadh ann nuiar a chinneamar dul chuig an bpictiúrlann inné. "Arracht" a bhí ar siúl agus bhí fhios againn gur scannán faoin aimsir an Ghorta Mhóir a bhí ann agus go bhfuair sé an-mholadh ó na léirmheasteoirí.

Dónal Ó Héalaí
Cuireadh fotheidil i mBéarla leis an léiriú a chonaicamar. Tá mé beagáining bodhar agus cabhraíonn siad liom ach níor theastaigh uaim iad a bheit i mBéarla ach amháin nuair a bhí Béarla á labhairt sa scannán ach aisteach go leor ní raibh fotheidil ar bith ansin - Gaeilge nó Béarla - ag an bpíosa sin den scannán.

Scannán cumhachtach, géarchúiseach, coscrach a bhí ann. "Arracht" a bhí air agus dúirt na fotheidil gur "Monster" a bhí ar seo. Ach tá an focal sin sa Bhéarla i bhfad ró-thanaí mar mhiniú ar an focal "Arracht!" Tá miniú i bhfad níos mó, níos doimhne sa Ghaeilge ar an bhfocal. Sa scannán féin ní duine a bhí ina arracht ann. Ní h-ea bé an arracht ná an gorta féin. An arracht gan stopadh a bhí ag réabadh agus ag scrios pobal na tíre. (Tá miniú eile ar an bhfocal ag tearma.ie agus sin "juggernaut" agus dairíre b'shin an gorta mór gan aon amhras - "juggernaut" nár stop.)

Is scéal fear amháin, Cólman Ó Searcaigh, a chlann agua a chomharsanacht atá sa scannán seo. Ar dtús feiceann muid an gnáth saol a bhí acu. Bocht go cinnte ach pobal ag cabhrú lena chéile agus ag caitheamh aimsire ina gcomhluadar féin ach iad faoi cúing na tiarnaí talún agus a mbáillí. Chuir sé tús scéal Cnoc na Gabha i gcuimhne dom cé go raibh muintir an Iarthair i bhfad níos boichte ná muintir bhailte Thiobrad Árainn sa leabhair úd.

Ach bhí scamall eile ann agus sílim gur b'shin an Arracht i ndairíre a tháinig go cruachroíoch, go cruálach ón oirthear - dúchan na bhfataí. "Tá sé in Áth Luain" a dúirt an chuairteoir agus bhíodar ag guibhe nach dtagadh sé anoir chuchu.

Ach tháinig! 

Scriosadh saol agus beatha na háite gan trua gan taise agus gan tuiscint ón dTiarna Talún. Spreag an aicíd seo fuath ciníoch i gcoinne na tiarnaí talún agus na báillí. Spreag sé easaontas i measc an phobal chomh maith ag troid lena chéile agus ganntanas bia uafásach. "Cén fáth ar thárla sé seo dúinn?" d'fhiafraigh an bhean bhocht ar Cólmán. “Níor tharla sé seo dúinn. Sé an chaoi ar déanadh é seo orainn,” a deireann sé. 

Is féidir an scéal a léamh i léirmheasanna eile idir Gaeilge* & Béarla ach dár liomsa is beag scannáin a chonaich mé a bhí ioncurtha leis an gceann seo. Tá an aisteoireacht thar barr. Léiríodh pearsa uasal an príomh duine sa dramá go cairéis ag Dónal Ó Héalaí mar Cólman, agus sreabhadh an ghorta mór ag bádh a mhuintire agus a phobal.

Coimead an scannán seo ár n-airde ó tús go deireadh. Bhí an scannánaíocht go maith ach níor chuir sé isteach ar an scéal. An ceol, ag Kila, mar an gcéanna. Bhí ar n-aird dírithe ar an scéal féin agus cás Cholmáin an t-am ar fad.

Muna dtéann tú ag aon scannán eile i mbliana ná chaill an ceann seo.

* Léirmheas ó Breandán M Mac Gearaild i dTuairisc.ie: Taispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’ (15/10/2021)

Arracht
Scríbhneoir/Stiúrthóir: Tomás Ó Súilleabháin 
Léiriú: Macalla
Aisteoirí: Dónall Ó Héalaí, Dara Devaney, Saise Ní Chuinn, Siobhán O’Kelly, Eoin Ó Dubhghaill, Michael McElhatton

7.5.21

Victoria agus Paidaí Mhicheáil Airt!

Dúnmharú, Drámaíocht agus Scannal

Ar 6ú Bealtaine 1882 tharla feallmharaithe míchlúiteacha i bPáirc an Fhionnuisce agus crochadh cúigear do na Invincibles dá bharr. Tháinig deireadh dramátúil leis an scéal le marú an bhrathadóir míchlúiteach James Carey ar bhord an SS Melrose ar chósta na hAfraice Theas in 1883. 

Fadscannán drámaíochta-faisnéise é The Queen v Patrick O’Donnell ina dtugtar léargas don chéad uair ar an scáileán ar cheann de na comhchealga dúnmharaithe is suntasaí i stair na hÉireann, scéal lán le foréigean, cleasaíocht cúirte, scéiméireacht pholaitiúil agus rómánsaíocht. 

Faightear tuiscint nua ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain ar scéal beatha agus ar chinniúint an Chonallaigh ciúin a mharaigh feallmharfóir agus brathadóir míchlúiteach ar chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883. 


Céard a thug ar an bhfear Ghaoth Dobhair, Padaí Mhicheáil Airt, nach raibh léamh ná scríobh aige, ceannaire na Invincibles a mharú? Cérbh í an bhean mhistéireach a bhí ina chomhluadar mar bhean chéile? Agus cén fáth gur iarr Uachtarán Mheiriceá agus sár scríbhneoir na Fraince Victor Hugo nach gcrochfaidh é?

Tá an fhoireann chéanna a chuir Murdair Mhám Trasna* in iúil tagtha le chéile arís chun an scéal cumhachtach seo a insint, tar éis taighde fairsing a rinne Seán Ó Cuirreáin do ROSG.

Tá na haisteoirí buaiceacha, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell ag glacadh páirt sa bhfadscannán.

Stiúrtha ag Tomás Seoighe, léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh & Seán Ó Cuirreáin do ROSG. 

Tá an fadscannán maoinithe ag TG4, Fís Éireann agus an BAI agus beidh sé le feiscint níos deanaí sa bhliain.

*Slua don Eagóir (23/2/2018)

@ROSGtv @TG4TV @ScreenIreland @BAItweets

13.2.21

Lón faoi dheireadh!


Is ar amharaí an tsaol nách raibh fhaca mé an scannán úd "Lón sa Spéir!*" go dtí aréir ar TG4. Bhí neart faoin scannán ar an gcóras giolcaireachta agus na meáin shóisialta leis na blianta ach theip orm é a fheiscint aon uair a bhí á dtaispeáint.

Níl fhios agam cad a bhi mé ag suíl leis. Is dócha scéal na bhfear a bhí ag glacadh sosa thuas ós cionn Nua Eabhrach sa phictiur cáiliúl. Ach ní sin a bhí ann cé go éirigh le déantóirí an scannáin beirt ainm a fháil go cinnte, b'fhéidir - beirt as Éirinn!

Ba léiriú ar saol atá athraithe ó bhun go barr i gcúrsaí tógála. Is ró cosúil nár chuala éinne ag an am seo (1932) faoi sláinte agus sabháltacht! Is ina suí gan aon chosaint 800 troigh ós cionn sráideann gnóthach Nua Eabhrach ag am lón a bhi an aon duine déag seo. Ní raibh hata chrua ag éinne acu mar shampla! Ní raibh aon criosanna sabháltacht le feiscint. 

B'íontach liom go raibh cartlann sa bhfoirgneamh féin le pictiúirí (an ceann áirithe seo san áireamh) a thóg grianghrafadóirí agus an tógáil ar siúl. Ach cé go bhfuil an pictiúirí féin le feiscint ann is beag eolas atá ann faoi ainmneacha na bhfear oibre a bhí le feiscint sna pictiúirí sin. Níl fiú aon chinnteacht ar ainm an té a thóg an pictiúir úd. Ba gnáth grianghrafadóirí nuachtáin iad agus ba chuid dá ghnáth oibre don nuachtán a bhí ar siúl acu. 

Tríd is tríd bhi an mheas ar na hoibrithe á léiriú. Bhíodar ag obair thuas ansin ar na cearchaillí - ag rinnce d'fhéadfá a rá ós cionn  na cathrach. Ní nach íonadh cailleadh cuid acu ach bhí pá maith ann dóibh dúradh.

Chuir mé suim sa cineamatagrafaíocht, más sin an focal. Bhí sé íontach go rabhadar ábalta dul isteach sa phictiúir, dul faoi an gcábla atá ar dheis sa pictiúir. Nó dul faoi na fir agus breathnú ar na foirgnimh a bhí ansin. Bíontach an scil nó an teicníocht é a chuir leis an léiriú. 

Is pictiúir é seo atá mar siombail ar chathair agus ar thréimhse nó aois eile. Ar thógáil cathair nach raibh a leithéid de am go dtí sin - meascán treibheanna nó náisiúin idir Éireannaigh, Iodálaigh agus Eorpaigh eile. Tá sin fós ag tarliúnt fos sa cathair sin ach le daoine ó náisiún eile, Vítneam, an Phacastáin, an Aifric agus eile. An comhleá cultúir atá i Nua Eabhrach thár aon cathair eile fós.

Ba an léiriú ar am agus ar luachanna Nua Eabhrach sna tríochaidí é an scannán seo. 

*"Lón sa Spéir/Men at Lunch": Léiritheoir,  Seán Ó Cualáin, Sonta Films, Conamara 2012

@Sontafilms @TG4TV



28.3.18

Feachtas chun phardúin a fháil. #MamTrasna

Cuirfidh mórscannán nua faisnéise drámaíochta atá le craoladh ar TG4 faoi dhúnmharuithe i Mám Trasna in 1882 dlús le feachtas, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir.
"The law must take its course!" - Cábla Fear Ionad Bhanríon Shasana  - 15 Nollaig 1882 sa Viceregal Lodge.
Pardún iarbháis tugtha ag Uachtarán na hÉireann do Mhaolra Seoighe - 4 Aibreán 2018 in Aras an Uachtaráin.
Seán Ó Cuirreáin a leagadh bláthfhleasc ag
suíomh an uaigh in a cuireadh iad siúd a crocadh
i nGaillimh 2012
Seán Ó Cuirreáin, iriseoir as Tír Chonaill agus an t-iarChoimisinéir Teanga, i mbun feachtais, a bhfuil tacaíocht aige ón Uachtarán Michael D. Higgins, le pardún i ndiaidh a mbáis a fháil do na fir a crochadh nó a cuireadh chun príosúin san éagóir faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna in 1882 agus is cinnte go gcuirfidh an mórscannán nua faisnéise drámaíochta faoi ar TG4 dlús leis an bhfeachtas sin.

I bhfadscannán faisnéise drámaíochta Murdair Mhám Trasna, atá le craoladh ar TG4, ag 9.30pm, an 4 Aibreán, tugann an tUachtarán Michael D. Higgins le fios go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas chun an cás a scrúdú le súil is pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe stairiúla seo.

Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga agus iar-iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Ó Cuirreáin, as Gort an Choirce i dTír Chonaill, atá Murdair Mhám Trasna. I measc na rannpháirtithe sa chlár tá an tAbhcóide Sinsearach Luan Ó Braonáin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, daoine muinteartha na ndaoine a bhásaigh agus neart eile.

Dúirt an tUachtarán Higgins go bhfuil sé ag súil tuairim an tsaineolaí seo a fháil chomh maith le comhairle an Rialtais ar cheann de na hiomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.

“Fillfidh mise ansin, ag an tráth sin”, a deir sé “go bhfeicfidh mé céard a bheidh mé in ann a dhéanamh. Dá mba fúmsa a bheadh sé, gan na foirmiúlachtaí san áireamh, bheinn sásta glacadh leis gur cheart aitheantas a thabhairt don éagóir a tharla. Is é mo thuairim gur léir an cheist mhorálta i gceist.

“Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an stáit de uafásach. Bhí breabaireacht i gceist. Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint. Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”.

Murdair Mhám Trasna, bunaithe ar scéal uafásach i stair na hÉireann, dúnmharú a rinneadh in 1882 ar chúigear den teaghlach céanna i mbaile uaigneach Mhám Trasna in Iarthar na hÉireann.

D’fhreagair údaráis na Breataine go pras agus go géar agus ciontaíodh daoine san éagóir, crochadh cuid acu agus cuireadh cuid eile i bpríosún mar thoradh ar fhianaise bhréige agus ar bhreabaireacht.
“One of the most blatant miscarriages of justice in British legal history” an cur síos a rinne an staraí iomráiteach as an mBreatain, Robert Kee, ar an scéal.

De réir mar a tháinig sé chun cinn go raibh éagóir déanta agus a admhaíodh sna páipéir náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an am gur tugadh mionnú éithigh, dhiúltaigh rialtas Gladstone, ina dhiaidh sin féin, fiosrúchán poiblí a bhunú agus bhí sin ar cheann de na cúiseanna ar thit rialtas Westminster in 1885.
Ní bhfuair siadsan a ciontaíodh san éagóir aon phardún ó na húdaráis riamh ach d’fhéadfadh mar thoradh ar an bhfadscannán seo go bhfuiltear ag teannadh níos gaire dó sin anois.

• Tá Murdair Mhám Trasna roghnaithe le dul san iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach. Is comhlacht léiriúcháin as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

• Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 4 Aibreán ag 9.30pm ar TG4.

Breis eolais faoin leabhair, léarmheas pearsanta ar an scannán agus nithe eile  le fáil anseo.

Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882. (Samhain 2012)
Tá suíomh faoi leith tógtha don gComóradh i 2012 le fáil anseo: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil.

• Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna! (Eanáir 2013)
• Scannán fáisnéise ar "Éagóir!" (Meitheamh 2016)
• Géileadh don dlí - cóir nó éagóir! (Iúl 2016)
• Cearta ar deireadh? (Samhain 2017)
• Slua don Éagóir! (Feabhra 2018)


@PresidentIRL @BAItweets @ROSGtv @tg4

23.2.18

Slua don Éagóir!


Tá tuairisc ar an dtaispeántas seo le fáil ar chúntas giolcaireachta MholScéalta (TG4) anseo.
Tá sé beagnach dhá bhliain ó léigh mé leabhair Sheáin Uí Chuirreáin ar chás Mhaolra Seoighe - Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna.  Bhí spéis faoi leith agam ann mar bhí colceathar ag mo mháithair mar aon lena a seanathair, leis an ainm céanna agus tá deartháir agam a anmníodh ina dhiadh - ach an seanlitriú atá á úsáid againne - Maolmhuire. Ba as Gránard (An Longfort) ó thús iad agus tháinig an tainm síos ó na Rathallaigh is dócha. Bhí an tainm Myles ar thaobh m'athair i Loch Garman ach is ón chlann de Hóra a thainig sé agus tá mé ag ceapadh gur ainm Normánach atá ansin.

Cuid den slua ag feitheamh
Inné bhí an chéad léiriú de scannán faisnéise, Murdair Mham Trasna, léiriú de chuid Rosg,  bunaithe ar leabhair Sheáin eagraithe ag Club Scannáin Sailearna. Bhí Sean Scoil Shailearna lán go doras agus is cosúil go raibh ar roinnt daoine dul abhaile mar ní raibh go leor spáis acu istigh. Chaill siad an-scannán.

Thárla dúnmharú tubaisteach i bpobal an bheag sa bhliain 1882. Maríodh go brúidiúil cúigear sa chlann chéanna athair, a bhean, a mháthair, a iníon agus a mhac ar oíche dorcha. Gabhadh seachtair ach bhí amhras fiú ansin ar chad a thárla ar an oíche sin. Bhí breabaireacht i gceist, easpa measa ar an bpobal féin, neamh thuiscint agus séanadh cearta theanga agus polataíocht i gceist.

Sa scannán bhí staraí, comhairleoirí dlí agus saineolaithe eile (ina measc Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn),  ag caint faoin gcás i gcoinne na bhfear agus cé chomh lochtach is a bhí sé ó thaobh dlí de. Ar deireadh níl amhras ar bith ann gur daoradh daoine neamhurchóid chun blianta a caitheamh i bpriosúin agus ar a laghad duine amháin chun crochadh. Crocadh Maolra Seoighe agus beirt eile dhá mhí tár éis an dúnmharú féin.

Ní raibh aon píosa den crochadh curtha faoi cheilt ag déantasóirí an scannáin! Bhí chuile rud le feiscint go lom. Tharraing an crochadóir, Marwood, an luamhán agus osclaíodh an comhla thógála go tobann. Chualamar go léir an torann agus chonaic muid go léir an titim marbhach sin. Bhí osna uafáis ón lucht féacanna. Bhíomar ann.

D'éirigh leis an scannán ar dtús uaiféaltas an oíche Lúnasa sin i Mám Trasna a léiriú. Ansin an drámaíocht sa trial i mBaile Átha Cliath agus an uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ann. An míthuiscint iomlán ar shaol an chosmhuintir i Mám Trasna - nó in iarthar na tíre fa seach. (Táid ann a deireann go bhfuil an míthuiscint sin fós ann i mBaile Átha Cliath ach sin scéal do lá eile b'fhéidir!).

Ach níor stop sé ansin thóg sé muid soir go Westminster agus an nimh idir Libearálaigh Ghladstone agus "tuathghríosóireacht" na dToraithe, mar a thus sé air. Bhí díospóireacht ceithre lá ar sa Phairlimint ach sa deireadh níor thárla aon ní as. Bhí Maolra agus beirt eile marbh agus bhí cúigear i bpriosún agus fios ag muintir ná háite go raibh éagóir déanta.

Ag deireadh an scannán bhí píosa ann a tharraing deor ó dhuine amháin den lucht féachanna agus níos mó. Cá bhfios? Sa bhliain 1902, tá éis dá scór bhliain faoi ghlas, ligeadh amach triúr den cúigear a daoradh agus bhí ortha a mbealach féin a dhéanamh ó Ghallimh siar siar thár n-ais chuig a n-áit dhúchas, Mám Trasna. Chonaicamar iad ag siúl go mall ar an mbóthar agus ansin go tobann bhí a mná ós a gcomhair. Nach minic a deintear dearmad ar a bhfulaingt? Cuirtear béim i gcónaí ar na fír a deineadh éagóir ortha ach nach fíor go mb'fhéidir go n-ealaíonn fulaingt na mná uainn agus muid ag plé chúrsaí. Ní fios dúinn cad a thárla do bhean Mhaolra Seoighe go dtí an lá atá inniú mar shampla.

Tá an scannán le bheith ar TG4 i gcionn mí nó dhó. Molaim gan é a chailliúnt.

6.11.17

Cearta ar deireadh?

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus é faoi agallamh i scannán faisnéise nua, go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh d’fhadscannán nua faisnéise dar teideal Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, deir an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

"I wish something could be done for Myles Joyce – "
Ag an bpointe sin, beidh mé ag filleadh ar an méid is féidir liom a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh sé ag brath orm féin, is cuma cén rud foirmeálta atá i gceist, táim sásta glacadh leis gur chóir aitheantas a thabhairt don rud [an éagóir] a tharla. I mo thuairimse, tá an mhoráltacht atá i gceist soiléir,” a deir an tUachtarán in Murdair Mhám Trasna.

Tá níos mó faoin triail le fáil ar ár mblag féin le fáil anseo.

Cruthaíodh suíomh faoi leith: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil, sa bhliain 2012.

Foilsíodh an bun-leabhair anuireadh (2016) agus is féidir é a fháil ón bhfoilsitheoir Cois Life.

Tá léarmheas ar an scannán féin scríofa i dTuairisc.ie ag Breandán M Mac Gearailt: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna.
Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Aithnítear go forleathan go raibh cás Mhám Trasna ar cheann de na samplaí is measa riamh sa tír seo d’iomrall ceartais.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna:

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dúl dóibh beag nó mór. “Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Dúirt léiritheoir an scannáin Ciarán Ó Cofaigh gur “dul chun cinn an-suntasach” é fógra an Uachtaráin go raibh saineolaí ceaptha le comhairle a chur ar an Rialtas agus ar an Uachtarán maidir le cás Mhám Trasna. “Bheadh sé ar fheabhas ar fad dá dtabharfaí pardún iarbháis anois dóibh siúd a ciontaíodh san éagóir 135 bliain ó shin. Más mall is mithid,” a dúirt sé.

I measc na ndaoine eile atá faoi agallamh sa scannán tá an Tiarna Alton as Learpholl Shasana, arbh as ceantar Mhám Trasna dá mháthair. Tharraing an Tiarna Alton agus an Tiarna Avebury aird ar an gcás an athuair sa bhliain 2011 agus iad ag iarraidh go n-aithneofaí gur éagóir a tharla. Deir an Tiarna Alton freisin nach bhféadfaí a rá gur cuireadh triail chothrom orthu siúd a ciontaíodh nuair nár thuig siad fiú teanga na cúirte, an Béarla.

“To have a fair trial you need to be able to understand the accusations that are being made against you. You need to be able to understand the evidence being given by your accusers. And you need to be able to understand the directions of the judge. And if you can’t understand any of these it makes it impossible to have a fair trial. And it was also, I think, demeaning of the Irish language.”


Deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Deir Tomás Ó hÉanacháin, sin-sin-nia le duine de na fir a crochadh, go gcuireann an scéal “fearg” air.

“Cé go raibh a fhios ag na húdaráis nach raibh Maolra Seoighe ná a dheartháireacha páirteach sna dúnmharuithe lean siad ar aghaidh leis an gcrochadh agus leis an éagóir.”

• An comhlacht teilifíse ROSG, atá lonnaithe sa Spidéal, a rinne an scannán, a choimisiúnaigh TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Taispeánfar/Taispeánadh an scannán den chéad uair anocht/aréir (3 Samhain) mar chuid d’Fhéile an Oireachtais i gCill Airne. Níl dáta craolta an tsaothair ar TG4 socraithe fós ach tá sé i gceist go mbeidh sé le feiceáil ar dtús ag féilte scannán sa tír seo agus thar lear sna míonna atá romhainn.

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life anuraidh. Rinneadh an scannánaíocht ar láithreacha éagsúla i Mám Trasna agus i mBéal Átha na Muice (Contae Mhaigh Eo), i gConamara (Contae na Gaillimhe), i mBaile Átha Cliath agus i Londain.


 @Murdair #Mám82 @CoisLife 

15.4.16

Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.


Deir an seanfhocal linn nach bhfeicfidh ach an té a shiúlfaidh agus is mó fós a fheicfidh an té a bheadh in ann dul ar ais siar sa stair agus imeachtaí móra cinniúnacha ag tarlú. Sin go díreach mar atá sa sraithdhráma ar Éirí Amach na Cásca a chraolfaidh TG4 faoi cheann seachtaine.

Seo féinín eile a thóg muid le taobh an Fhir Mhóir!
Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt agus de chaitheamh aimsire acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar imeachtaí stairiúla 1916. Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.

Ní túisce ann iad ná a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ó bhun ar an saol. Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

Dátaí Craolta
Mír 1 – SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 – DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 – LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu – ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?

Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).

Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O’Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).

Is é Stephen Rooke, Tile Films, an Léiritheoir Feidhmeannach, Ruán Magan a stiúraigh, Anna Maria O’Flanagan a chuir in eagar agus Colm Whelan a bhí i mbun na gceamaraí.

Deir Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 faoin togra “Bhí a fhos againn go mbeadh tograí teilifíse go leor á gcraoladh i mbliana a d’inseodh scéal an Éirí Amach i dtéarmaí na lom-staire agus is maith ann iad. Ach theastaigh uainn fosta casadh beag a bhaint as agus greann freisin, mar chuid amháin dár gcraolta iomadúla féin ar an gComóradh. Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?’ Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin.”

@TG4TV @tilefilms #Éire16

9.10.15

Casadh na taoide?

Bhí mé ag na pictiúirí aréir.

Ba ceann de na scannáin a bhíonn á theaspáint ag Club Scannáin Shailearna sa Seanscoil anseo i gConamara gach Deardaoin. Ní minic a bhíonn seans agam freastal ortha ach nuair a chonaic mé ábhar an scannán áirithe ann cheap mé go raibh cineál gaol ann idir a théam agus an coimhlint éagothrom idir pobal áitiúl eolasach Árann agus ár Rialtas maorlathach aineolach atá fós ar siúl.

Scéal pearsanta John O’Brien a bhí sa scannán seo, I mBéal na Stoirme*, a rinneadh thar thréimhse ocht mbliana. Iascaire beag ó Inis Bó Finne é a sheas roimh na húdaráis san Eoraip agus anseo in Éirinn chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe i bhfarraigí Dhún na nGall a chosaint. Léargas a bhí ann ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad. Bhí léiritheoir an scannáin Loic Jourdan is láthair leis ceisteanna a fhreagairt agus níos mó eolais ar an scannán a roinnt linn.

Is oileán beag nach bhfuil ró fhada ón mór thír i dtuaisceart Dhun an nGall é Inis Bó Finne. Diaidh ar ndiaidh tá rialacháin agus rialacha atá déanta ag na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséal ag réabadh agus ag scriosadh phobail oileánda mar Inis Bó Finne. Baineann na rialacha céanna le gach duine sa chomhphobail gan tagairt no gan bacadh do riachtainisí na phobail beaga stairiúil traidisiúnta seo.

Is iascairí iad muintir Inis Bó Finne agus de réir rialacha a chuir Rialtas Bheaile Átha Cliath i bhfeidhm tógadh a slí bheatha uatha gdtí an pointe nach raibh cead acu iasc ar bith a thógaint ón bhfarraige, fiú an baoite a úasáideadh le gliomach nó portán a gabháil. Creid nó ná creid bhí ortha anois iasc reoite a cheannach ó lucht na dtrálaer mór atá ag scuabadh iasc go rialta ag fíor na spéire uatha. I gceann de na cruinnithe léitear tras-scríbhinn de theachtaireacht ó ceann de na trálaeir mór céanna ag iarraidh eolas a fháil ar shuíomhanna nó na háiteanna ina raibh potaí gliomaigh ionas go mbeadh siad i ndán trálú gan chuir isteach ortha! Seo in áit nach raibh ceart ag an iascaire tradisiúnta na háite aon iascaireach a dhéanamh.

Léiríon an scannán an bealach ar chuaigh sé chuig na hoileán eile i nDún na nGall, Tóraigh agus Árann Mór agus fuair sé daoine sa bhaile a bhí sást seas leis, mar an sagart, an Ath John Joe in Árann Mór, oileánach é féin ach go raibh a oileán tréigthe cheanna féin. Ansin ag lorg níos mó tacaíocht chuaigh sé i dteangabháil le hoileánaigh agus iascairí eile ar fud na hEorpa, sa tSualainn, sa Bhriotáin agus an Chorsaic sa Meán Mhuir. Cé go raibh gach oileán difiriúil bhí an fhadhb céanna acu le maorlathais náisiúnta agus Eorpacha.

John O'Brien
Chuaigh sé go dtí an Bruiséal. Tá na radharcanna sa scannán ansin i measc na cinn is éifeachtaí ann. Léiritear an obair crua a bhí roimh an oileánach simplí nach raibh uaidh ach bheit sa bhaile ag obair mar a rinne a shinsear leis na cíonta. Trácht dianghlórach - sráideanna plódaithe - pasáistí fada gan críoch - cruinnithe síoraí agus seomraí ostáin doicheallach neamhtharraingteach - daoine neamhthuisceanach.

Bhuail sé le an chuid daoine ar ndóigh, cuid acu a bhí sásta cabhrú leis agus cuid eile gur cuma leo. Dár liomsa tháinig beirt politeoirí go maith as, Pat the Cope a bhí ina Fheisire Eorpach i rith an ama agus an Coimisinéir Iascaireachta, Maria Damanaki, arb oileánaí í féin. Dár liomsa an cuid is mó de na poiliteoir bhi an port céanna acu agus a chualamar le déanaí i gconspóid oileánach eile le deanaí - an proiséas a leanúint.

Tár éis ocht mbliana fógródh polasaí nua Eorpach i gcúrsaí iascaireachta anuireadh a thug, don gcéad uair, aitheantas do na phobail bheaga traidisiúnta. Agus anois tá gach rud i geart? Níl faraoir. Tá ar an Rialtas s'againne gníomhú ar an bpolasaí seo anois agus mar a dúirt an té a dúirt, "...tic-toc, tá an t-am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais..." 

An slua a bhí ag an scannán ag impí ar an Rialtas moltaí an Fothchoiste um Iascach a chuir i gcríoch
Léiríonn an scannán seo John O'Brien agus é ar a thuras fada ó 2006 go 2014, turas nach raibh gan íobairt mór dó féin is dá chlann. Chaill se imeachtaí sa chlann comóradh 4 agus 7 bliana dá ioníon mar shampla.  Agus anois tá bagairt eile ann ar shaol Phobal Inis Bó Finne. Tá caint ar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta a dhéanamh den gceantair sin de Dhún na nGall, Tóraí agus Inis Bó Finne san áireamh. Agus mar a dúirt John O'Brian féin, níl fhios aige an bhfuil an fuinneamh aige anois le troid eile a thosú.

Tá ceachtanna le foghlaim anseo. Tá ceacht le foghlaim ag pobal na Gaeltachta "nach dtiocfaidh gíog ná míog astu féin go mbeidh sé rómhall," i bhfocal Sheasaimh Uí Chuaig.  Tá ceach le foghlaim ag an stáit chóras, a bheith i gcónaí ag éisteach leis an bpobal. Agus tá ceacht le foghlaim ag na polaiteoirí. Bhí sé spéisiúl nach raibh ach Feisire amháin as Éirinn a bhí gníomhach san obair seo. Bhí sé spéisiúl nach raibh teachta dála níos ghníomhaí sa troid seachas a bheith ann don "gairm ghrianghraf" nuair a thug Taoiseach na h-ama chuig Árann Mór.

Is fiú go mór an scannán seo a fheiscint agus níos mó ná ceachtann a fhoghlaim as.

*Breis eolas faoin scannán i mBéarla anseo: A Turning Tide in the life of Man.

Féach leis ar shuíomh facebook: Irish Islands Marine Resource Organisation  agus ar suiomh idirlím: Cumann Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann (Béarla don cuid is mó!) 



4.6.15

Mór scannán le bheith ar an mór scáileán!

TG4 agus Cartoon Saloon ag comhoibriú go binn ar Amhrán na Mara

Den dara uair i mbliana beidh leagan Gaeilge de mhór-scannán do pháistí ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre faoi cheann míosa. Beidh Amhrán na Mara á thaispeáint sna pictiúrlanna ó 10 Iúil 2015. Bhí Spúinse as Uisce le feiscint níos luaithe sa bhliain sna pictiurlanna ar fud na tíre.

Is é an comhlacht aitheanta Cartoon Saloon (Béarla) i gCill Chainnaigh a léirigh agus Tomm Moore a stiúraigh, an té a stiúraigh The Secret of Kells, saothar ardchaighdeáin eile roimhe seo. Fuair an saothar nua seo ainmniúchán do ghradaim Oscar 2015 don Fhadscannán Anamúlachta is Fearr, éacht ar leith do shaothar Éireannach. Is é an comhlacht Macalla, a bhfuil cáil ar leith tuillte ag a shaothar le cartúin do TG4, a rinne Amhrán na Mara, an leagan Gaeilge, atá maoinithe ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Scéal draíochtúil geanúil atá sa scannán a bhfuil téamaí go leor ann ó bhéaloideas na farraige in Éirinn, an mhaighdean mhara agus an saol fo-thuinn, anamúlacht ildaite mhealltach, le guthú ó sár-aisteoirí agus le fuaimrian cheolmhar bhinn. Is cailín beag tostach í Saoirse a bhfuil a máthair imithe ó bhí sí ina naíonán. Ach tá dúchas ar leith ag Saoirse, a thugann í ar eachtra rúndiamhrach. Ar an gcliar guthaithe atá páirteach sa leagan Gaeilge tá Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan, beirt aisteoirí a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí TG4, Colm Ó Snodaigh, Lisa Hannigan, James Ó Floinn, Gráinne Bleasdale, Maurice O'Donoghue, Donncha Crowley, Niall McDonagh agus Tom O' Sullivan.

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 Lis Ní Dhálaigh: “Is scéal álainn é seo a bhfuil an dúchas agus an nuál fite go healaíonta le chéile ann. Is breá ar fad linn go raibh ar ár gcumas leagan Gaeilge de a chur ar fáil don scáileán mór faoi láthair – agus don scáileán beag lá is faide anonn. Táim cinnte go mbainfidh an lucht féachana taitneamh agus sult as.”

 “Tugann TG4 tacaíocht agus spreagadh don chomhlacht s’againne agus ba mhór againn a bpáirtíocht fhial sa léiriú seo." a dúirt Paul Young ó Cartoon Saloon. "Tá bród agus ríméad orainn go bhfuil Amhrán na Mara á eisiúint i nGaeilge ag am céanna leis an leagan Béarla Song of the Sea. Rinne an chliar aisteoirí sár-obair sa dá theanga, go háirithe Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan."

Dar le Jane Farley ó Mhacalla Teoranta, bhain siad an-taitneamh as an leagan Gaeilge den fhad-scannán seo a sholáthar. "Dúshlán agus pléisiúr ar leith ab ea leagan Gaeilge d’fhad-scannán a dhéanamh ach bhaineamar sult agus spraoi as freisin!"

30.4.15

TG4 ar ghearr liosta!

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim IFTA (Béarla) na bliana seo. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 7 ngradam.

Tá trí ainmniúchán faighte ag An Bronntanas do Ghradaim IFTA i dtaobh scripte agus aisteoirí. Ainmníodh Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker don ghradam An Script Dráma is Fearr, tá Michelle Beamish ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt agus Charlotte Bradley ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPáirt Taca.

An Bronntanas
Tá ag éirí tharr barr freisin leis an scannán An Bronntanas ag féilte sa bhaile agus thar lear. Go dtí seo, taispeánadh an scannán san Astráil, i mBarbadós, i Washington, i mBostún agus sa Róimh agus tá sé le taispeáint fós in áiteanna eile amach anseo sa mbliain. Bhain an scannán an gradam Jury's Special Award/Gradam Speisialta na Moltóirí amach ag Féile Scannán na hÉireann, Bostún chomh maith le trí ainmniúchán a fháil do Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais i mbliana, ina measc ainmniúchán don ghradam ‘An tSraith Teilifíse is Fearr’.

Ainmnithe freisin don ghradam ‘An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt’ tá Maria Doyle Kennedy don pháirt a bhí aici i Corp + Anam; sraith coiriúlachta mór le rá a bhfuil gradaim buaite aici faoi shaol pearsanta agus gairmiúil tuairisceora coiriúlachta teilifíse.

Blood Fruit 1984
Tá ainmniúchán faighte ag Blood Fruit sa chatagóir Gnéchlár Faisnéise George Morrison. Scéal é seo faoi stailc Dunnes Stores in 1984 nuair a dhiúltaigh Mary Manning, oibrí de chuid Dunnes Stores ar Shráid Anraí, a bhí bliain is fiche ag an am, seadóg Outspan a dhíol – gníomh a raibh tionchar aige ar fud an domhain.

Song of the Sea / Amhrán na Mara arna choimisiúnú ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann ainmnithe i dhá chatagóir; An Scannán is Fearr agus An Script Scannáin is Fearr - Will Collins.

Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2015 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo sin ar fad a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo thar ceann TG4. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar aer” a deir sé. “Léiriú ann féin ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla chomh maith is atá le fáil.”

12.3.15

Spúinse as uisce agus istigh sa phictiúrlann!

Beidh an scannán ‘SpongeBob an Scannán, Spúinse as Uisce’ le feiceáil i bpictiúrlanna na tíre ón 27 Márta ar aghaidh. Is ócáid stairiúil í seo do ghasúir Ghaelacha agus éacht déanta ag TG4, Paramount Pictures, Macalla agus chuile duine a raibh baint acu leis. Comhghairdeas leo.
Tá  socrú speisialta déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta  a thabharfas seans do theaghlaigh leagan 3D den scannán a fheiceáil seachtain roimhe sin ar an Satharn 21 Márta!

Beidh léiriú speisialta ar bun i bpictiúrlann an Eye Cinema i nGaillimh ag tosú ar 6.30 tráthnóna, Dé Sathairn 21 Márta.

Praghas speisialta de €5 a bheidh ar na ticéid, cuma ar gasúr nó duine fásta tú. An-mhargadh go deo!

San áireamh i bpraghas na dticéad, beidh teacht le chéile beag mar a mbeidh seans againn seal a chaitheamh in éindí leis an bhfear é féin SpongeBob! Tabharfaidh siad aghaidh ar Scáileán a 6 ina dhiaidh sin, atá curtha in áirithe go speisialta dúinn agus gheobhaidh chuile dhuine deoch agus bosca popcorn. Suífidh muid síos ansin leis an gcéad fhéachaint a thabhairt ar an scannán.

Caithfear na ticéid a chur in áirithe roimhré agus moltar do dhaoine é seo a dhéanamh láithreach mar go bhfuil an-éileamh go deo orthu agus gan againn ach líon áirithe suíocháin.


"Beidh polasaí Gaeilge i bhfeidhm mar is gnáth – Gaeilge ar an Scáileán, Gaeilge sna Suíocháin!!!"