Showing posts with label Spórt. Show all posts
Showing posts with label Spórt. Show all posts

17.11.24

21 - 19 - Bua na n-eiteán!


Bhí giolch ó Sport TG4 inné a threoir mé chuig an stáisiún féin le breathnú ar cluiche nach bhfuil mórán eolas faoi - badmantan. Ba deireadh le Craobhchomórtais Oscailte na bhFear an clár agus Éireannach Óg, Nhat Nguyen, ón gCabhán in Éirinn, ag imirt le lead eile, Tan Jia Jie, ón an Mhailéis.

Deora lúcháireach!
Cluiche chrua a bhí ann is cosúil. Bhí an bua ag an Éireannach sa chéad seit ach bhí an bearna eatortha caol go leor. 

Ach sa tara seit d'éirigh le Tan bua maith a fháil. D'féach sé go mbeidh sé níos láidre ná Nguyen ansin agus isad ag dul isteach sa triú seit.

D'éirigh le Ngyen tosach láidir fháil ar dtús le ceithre point chun tosaigh. Ach d'éirigh le Tan tharraingt ar ais go dtí 19-18. Ach bhí Nhat in ann an cluiche a dhúnadh 21-19 agus an bua a fháil.

Ba léir ón athas a thaispeán sé gur rud mór dó é agus ní nach íonadh mar b'é an céad Éireannach ó 1973 a bhuaigh a comórtas sin ó 1973.

Chuir sé beagáinín íontas orm mar sin nuair nár luadh an bua stairiúil seo ag an clár nuachta de chuid RTÉ 1 ag a sé. Níor éirigh liom Nuacht TG 4 a fheiscint agus tá súil agam gur luadh ansin é.




@irishbadminton @Nhat_Nguyen007 @SportTG4

10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

29.10.13

Ní rugbaí go Páirc Thuamhan!

Bhí macallaí na staire agus na ngártha glóracha le  brath go láidir i Luimneach aréir nuair a seoladh clár nua teilifíse faoi cheann de na háiteanna is aitheanta ar fad sa gcathair stairiúil sin.

Díríonn an clár Thomond  ar stair agus  ar sheanchas na staide rugbaí is paiseanta agus is aitheanta in Éirinn agus san Eoraip ar fad, b’fhéidir.   Is ionann stair Pháirc Thuamhain agus scéal iontach an rugbaí i gcúige Mumhan féin, go háirithe le scór bliain anuas sa ré ghairmiúil.

Tráth dá raibh, ba pháirc í seo ina mbíodh na ba ar féarach agus a bhí ar nós portaigh in aimsir fhliuch.  Anois, tá forbairt ollmhór déanta agus éachtaí iontacha imeartha feicthe ar an bpáirc ag lucht leanta dílis na Mumhan.  Is iomaí réalta rugbaí a tháinig thar Sionainn lán de dhóchas ach a chuaigh abhaile in ísle brí tar éis faobhar na foirne deirge a bhlaiseadh.

Dar ndóigh is anseo a fuair laochra Mumhan an ceann is fearr ar All Blacks na Nua Shéalainne i 1978, éacht nach ndearna aon fhoireann eile Éireannach roimhe ná ó shin, bua a spreag amhráin, dánta, dráma agus na mílte scéal.  Duine de laochra an lae sin, iar-imreoir agus tráchtaire aitheanta Tony Ward,  a sheol an clár seo, atá stiúrtha agus léirithe ag Shane Tobin.  Chuir buanna éachtacha eile i gcomórtas Chorn Heineken le blianta beaga anuas  (go háirithe in aghaidh Gloucester i 2003 agus Sale i 2006) le cáil na páirce mar dhúnáras neamhghéilliúil in aghaidh na n-eachtrannach.

Tá idir nua-agallaimh agus ábhar cartlainne sa gclár seo, agallaimh le staraithe, lucht leanta, imreoirí agus iriseoirí. Orthu sin atá páirteach, tá Alan English – údar agus iriseoir, John Broderick, anailísí rugbaí le TG4,  Frank Prendergast,  Vincent Ryan – staraí,  Gerry “Ginger” McLaughlin – laoch idirnáisiúnta rugbaí agus iar-Mhéara Luimnigh mar aon le laochra reatha na Mumhan Paul O’Connell, Donnacha Ryan, Niall Ronan, Peter O’Mahoney agus  Donnacha O’Callaghan.

29.10.09

Rith 2010

An chéad chéim eile

Seolfar RITH 2010, ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann ar son na Gaeilge ag ócáid cheiliúrtha mar chuid d'imeachtaí Fhéile na Samhna, Oireachtas na Gaeilge.


Is é seo an chéad uair go mbeidh an fhéile seo in Éirinn ach tagann an smaoineamh ó Thír na mBascach, áit go bhfuil an "Korrika"(Suíomh i mBaiscis agus teangacha eile) á rith acu ó 1980, le breis is leath-mhilliún ag rith ann i 2009!
Thaistil baill de Choiste Stiúrtha RITH ar thuras staidéir go Tír na mBascach i mí an Mhárta 2009 le páirt a ghlacadh sa Korrika agus le comhairle a fháil ó lucht eagraithe an Korrika.

Dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Coiste Stiúrtha RITH, “Táimid an-sásta go bhfuil na heagrúcháin ag teacht ar aghaidh go maith agus líonra de dhaoine aonair agus eagrais éagsúla rannpháirteach san eagrúchán. Tá obair dhícheallach ar siúl ag an gcoiste le roinnt míonna anuas ag pleanáil na féile agus ag cruthú naisc lenár gcomhionainn i dTír na mBascach agus sa Bhriotáin.

“Tá an-áthas orainn as an méid tacaíochta atá faighte againn don togra go dtí seo. Chomh maith leis na heagrais Ghaeilge agus pobal atá ag tacú linn, tá Fáilte Ireland ag tacú leis an fhéile agus tá síol maoinithe ceadaithe ag Foras na Gaeilge don togra. Fógrófar ceapachán Bainisteoir RITH i rith mhí na Samhna, rud a chuirfidh dlús mór leis an obair atá déanta go dtí seo. Táimid ag súil go mbeidh RITH ar an gcéad chloch-mhíle mór eile in athbheochan na Gaeilge," arsa Seán Ó hAdhmaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí.

Ar an 10ú Márta 2010, tosóidh RITH 2010, an ollrith náisiúnta timpeall na hÉireann, i mBéal Feirste le baitín sealaíochta ag athrú láimhe idir daoine/grúpaí reatha gach ciliméadar. Leanfaidh Rith 2010 ar aghaidh ar feadh seacht lá, gan stad, thar 1600km idir Ulaidh, Laighin, Mumhain, Connachta agus ag críochnú mar chuid de pharáid Lá Fhéile Phádraig ar phríomhshráideanna na Gaillimhe.

Beidh seastán ag Rith 2010 i rith Oireachtas na Gaeilge ón Déardaoin 29 Deireadh Fómhair go dtí tráthnóna Sathairn.