Showing posts with label Uisce. Show all posts
Showing posts with label Uisce. Show all posts

22.11.21

Taighde tonnta.


Bhí giolc aréir ag Nuala Ní Chonghaile (@geabstaire) aréir agus pictiúir de "modúl gealaí" ar thaobh locha. D'aithin mé an áit, Loch an tSean Bhaile atá ar an mbóthar ó dheas ón ár dteach ag Caorán na gCearc.

Bhíos fiosrach!

Chuaigh mé ar siúlóid ar maidin ann. Bhí an lá go h-aoibhinn.  Ní cheapfá gur Mí na Samhna atá ann, gan gaoith ar bith agus spéir glán grianmhar.

Tháining mé ar an áit ar a raibh an gléas aisteach seo. Is stáisiún aimsire atá ann. Ar amharaí an tsaoil bhí carr páirceáilte ar thaobh an bhóthair agus bhí beirt ón gcarr ann. Duine amháin a bhí istigh sa loch. 

Bheannaigh mé dóibh nuair a tháinig an fear amach as an uisce. Dúirt sé nach raibh sé ró dhomhain - 75cm ar a mhéid. Níl iasc ar bith ann dár leis.

Is cosúil gur tógra de chuid Coláiste na hOllscoile BÁC atá ann. Tá siad ag meas cúrsaí aimsire ann agus chomh maith le sin tá siad ag deanamh staidéar ar tonntracha. Tá baint aige le h-obair atá ar siúl acu in Inis Meáin.

Déanan sé tomhas ar luas gaoithe, teocht, brú atmaisféarach agus tá ceamra ann le súil a coimead ar an aimsir chomh maith.

Is suiteáil sealadah atá ann agus beidh deireadh leis i rith na seachtaine. Tá súil acu teacht thár n-ais i mí Márta - "Nuair atá an aimsir níos gairbhe!!!" Idir an dá linn tá brathadóir á fhágal sa loch ag tomhas airde na tonntracha i rith an giemhradh is dócha.

An Stáisiún Aimsire ag an gCaorán - tá ceamra istig sa "pod" atá taobh leis.

Tá tuairiscí faoin dtógra i bhfoirm blaganna ar an suiomh Highwave-Project (Béarla)

@HIGHWAVE53

30.6.14

Píob eile!


Bhí scannán cúpla blian ó shin faoi bpíob i Ros Dumhach, The Pipe, faoin bpíob a tógaint gás isteach chuig scaglann gan toil phobal na h-áite.

Anois tá scéal phíopa eile le cloisint i nGaeltacht Chonamara.

Tá Loch an Óir ar bharr agus Árd Mór féin
ar an bóthar R340
Is cosúil gur cuireadh píopa nua trasna bóthair poiblí ag Árd Mór in Iorras Aithneach. Deirtear gur gan cead pleanála nó gan cead ar bith a deineadh an oibre seo. Ní raibh fhios ag muintir na h-áite faoi dár le tuairisiscí. Cé a thabharfadh cead, Uisce Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe nó dream eile?

Tá an píob le uisce a thógaint ó Loch an Óir (ainm mícheart atá á thabhairt air in roinnt tuairiscí), dó nó trí míle ón áit síos go Cora na hÁirde Móire. Deirtear go dtógfar dhá milliúin gallúin uisce ón loch in aghaidh an lae.

Baol truaillithe?
Tá an t-uisce le n-úsáid le laigheas ar an ngalar AGD (Béarla)  atá forleathan i bhfeilimeacha éisc in Éirinn, na cinn i mBá Chill Chiaráin ina measc, agus ar fúd an Domhain de réir tuairiscí.

Tá imní ar muintir na háite faoin innealtóireacht díosail a núsáidfar leis an uisce a phumpáil go mbeadh sceith ola diesel isteach sa loch á trúailiú. Úsáidtear an t-uisce ón loch mar chuid den chóras solátaire usice sa cheantair!

Briseadh an píopa i rith na deireadh seachtaine agus tá na Gárdaí ag déanamh fiosrúcháin!
Fir ag obair! Bhfuil cead acu?