Showing posts with label Cearta. Show all posts
Showing posts with label Cearta. Show all posts

7.12.24

Spreacadh san iolar.

Bhí seoladh leabhar nua Rónán Mhic Con Iomaire ar an gCeathrú Rua ar an nDéardaoin seo caite. Ar ndóigh bhí slua mór i láthair idir óg is aosta ann. Bhí sean comrádaí a ghlach páirt sna himeachtaí atá mar ábhar sa leabhar. Bhí cuimhne maith ar imeachtaí áirithe agus dhírigh na scéaltaí ar imeachtaí a bhí darmadta acu.

B'oíche í a chuir siar ar bhóithre na smaointe mé féin chomh maith!

Is cuimhin liom féin chuid de na himeachtaí cé go raibh mé im chónaí i bhfad soir i mbruach baile na hArd Chathrach. Ach léigh mé píosa ag Deasún Fennell agus ghlach mé páirt ina a ghluaiseacht  Iarchonnacht '85 - Tarrainígí Siar! Bhíodh sé de nós agam tiomáint siar gach deireadh seachtaine go Leitir Móir le feabhas a chuir ar mo chuid Ghaeilge agsu ba mhinic a thiomáin mé siar go "Maoinis" mar a scríobh Fennel é goleath dairíre. Bhuail me le daoine eile sa ghluaisecht mar Seosamh Ó Cuaig, Pádraic Ó Con Cheanainn agus eile - daoine le Gaeilge mar a dteanga laethúil agsu a thuig a tabhacht. Ach ag an am céanna tá sé tabhachtach go dtuigtear nach gluaiseacht teanga a bhí ann ach gluaiseacht phobal 

Is cuimhin liom deanach oiche Sathairn i mí Iul 1967 go déanach le buíon beag i gcarr Thomáis Mhic Ruairí, beannacht Dé leis, le canna péinte duibhe "ag ceartú" comharthaí bóithre ó Bhearna siar go Carna. Nach íontach an rud í an óige?

I mBaile Átha Cliath bhí mé mar bhall de chlub Chaitlín Maud, An Bonnán Buí. Is ansin a bhailíomar ag scríobh cludaigh le teachtaireacht toghchánaíochta Pheadair Mhic an Iomaire 1969. Is cuimhin liom go maith Máirtín Ó Cadhain ag labhairt linn, ár ngríosadh agus ag caint ar an ríd a bhi romhainn. Is dócha gur luaigh sé chuile bhaile sa Dáilcheantair ina ainm cheart Ghaeilge.

Ní raibh seans agam an leabhair a léamh fós ach do thom mé  isteach anseo is ansiúd. Is cosúil go bhfuil stíl scríobhnóireacht simplí so léite ag an údar. Bhí sin soiléar ina leabhar "Rocky Ros Muc" chomh maith. Tá cumas nó acmhuinn faoi leith aige an léitheoir a mhealladh isteach sa scéal déarfainn. 

Tá breis is 400 leathanach sa leabhair agus nótaí ag a deireadh (Leabharliostaí, faoinse agus innéacs) a léiríonnn cé chomh díograsach agus a bhí sé.

Ag caint dó ag an seoladh thagair sé do thorthaí na Gluaiseachta, Raidío, Údarás, Comhairthaí boithre agus eile. Agus tá ceacht ann dúinn go léir:

"Ní ón aer a tháinig na rudaí seo. Tháinig siad ó agóidíocht, ó ghníomh agus ó samhlaíocht buíon daoine a thóg seasamh ar son a bpobal Gaeltachta agus a dteanga." Chríochníonn sé a leabhar le focail dóchais - "Tá spreachadh san iolar fós!"


*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0

16.10.24

Cearta bunúsacha!

Seolann an Coimisiún Eorpach feachtas chun cearta bunúsacha a chur chun cinn in Éirinn trí Chlár CERV

Ard-Stiúrthóireacht Dlí agus Cirt agus Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh ag seoladh feachtas cumarsáide inniu in Éirinn chun feasacht ar an gclár "Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna" (CERV) a mhéadú. Is é an CERV an ciste is mó riamh de chuid an AE chun sochaí sibhialta a thacú, ag cur cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha chun cinn. Cabhraíonn an clár le heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna) idirdhealú a chomhrac agus cearta grúpaí leochaileacha a chosaint.

I gcás na hÉireann, léiríonn taighde gur luachanna riachtanacha iad seo don phobal, le 92% ag meas go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa daonlathas. Le clár CERV, cuireadh isteach 89 togra tionscadail in Éirinn, agus bhí ráta ratha de 35%. Tá Éire sa 20ú háit san AE maidir le líon na n-iarratas in aghaidh 100,000 duine.

Taispeánfaidh an feachtas scéalta faoi na tionscadail a mhaoinigh CERV, a chuireann cearta leanaí agus ban chun cinn, cosaint ar íospartaigh foréigin, agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas. Léiríonn na tionscadail in Éirinn conas is féidir le pobail áitiúla maoiniú CERV a úsáid chun cearta bunúsacha agus luachanna daonlathacha a neartú.


@EU_Commision @EU_Justice @EU_Consumer @EURightsAgency @pomilioblumm #CERV  

16.6.18

Aos óg agus aos dána!

Caoga bliain ó shin thárla éirí amach in Oirthear na Nigéire agus bunaíodh stáit nua, Biafra. Bá iad na hÉireannaigh abhí mar misinéirí sa cheantair sin.

Ina measc bhí Sagart ó Chumann Phádraig Naofa, An tAth Pádraig Ó Máille. Bhí seisean ag obair i ndeisceart an cheantair in aice le Calabar. Mar aon le an chuid de na misinéirí dibríodh as an tír iad go tobann gan ach fíor bheagán dá ghiuirléidí a bhailigh le deich bhliain. Tár n-ais in Éirinn bhí baint aige le Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus is ag cruinnithe a bhain leis an ngluaiseacht a bhuail mé leis. Bhí suim agam ina a chuid oibre mar bhí col ceathrar le mo mháthair, Maolmhuire Ó Fiaich, ag obair sa tír chomh maith. (Scríobh mé píosa faoi anseo sa bhlaiin 2015)

Bhí meas agam air mar dhuine agus níos deanaí chonaic mé gur fhoilsigh Sairséal & Dill leabhair dá chuid - Dúdhúchas. Cheannaigh mé é sa bhliain 1972 é. Ach, mar a thárlaíonn dom go minic faraoir, d'fhág mé ar an seilf le leabhair eile é. D'fhán sé ansin leis na blianta. Ansin chuala mé anuireadh go raibh sé imithe ar shlí na firinne. Chuardaigh mé agus fuair mé an leabhair. Thosaigh me á léamh le déanaí.

Tá sé tiomnaithe mar seo aige:

Cé nach léifidh sibh riamh an leabhar seo is daoibhse a thíolacaim é
AOS ÓG AGUS AOS DÁNA NA NIGÉIRE
i gcuimhne na soilse a las sibh i mo shaol

An chéad rud a thug mé faoi dearadh ná ché chomh h-éasca is a bhí sé le léamh. Ní nach ionadh go bhfuair sé duais i gComortas Dhonnacha Uí Laoire sular foilsíodh é.

Chinn sé ar dtús tideal mar Eachtra Misinéara a scríobh ach diaidh ar ndiaidh tháinig crot eile ar fad air agus ní olc san. Bhí cineál eagla orm go mbeadh sé cosúil le na mílte scealta a bhí léite agam sna h-iris misinéara mar an Far EastMissionary Annals ach is obair atá an difriúil ata ann.

Tugann sé léiriú ar chuid dá obair ceart go leor ach tá béim i bhfad níos mó aige ar shaol agus cultúr na daoine lena raibh sé ag obair. Bhí an Nigéir faoi Impireacht na Breataine go dtí na deireadh na caogadaí agus na cleasanna céanna ar siúl acu agus a bhí ar siúl anseo. "I am a little English child..."

Tuigeadh smointe an Phiarsaigh sa Murder Machine sa tír seo.

Tá an chuid pictiúirí d'ealaíon na tíre, dealbhadóireacht don chuid is mó agus tá samplaí den litríocht a bhí láidir roimh éirí amach Bhiafra.

Tá scéalta grinn ann leis. Bhí lá mór eagraithe sa baile mór in aice leis an áit ina raibh sé ag múineadh. Chuaigh cór ón scoil chuig comórtas ann. Ní raibh bua an cheoil aige féin áfach.
An tAth. Pádraig Ó Máille

"..ní aithneoinn fonn amháin ó cheann eile. Ba chuma liom ach iad a bheith beo bríomhar agus feiliúnach don mháirseáil."

Ar an lá seo sheinn a Bhanna Cheoil sa scoil Amhrán Náisiúnta na Nígéire agus ansin fonn eigin eile. Chuir an cheol isteach ar chuid den lucht éisteachta ach ní raibh fhios aige cén fáth. Bhí cruinniú níos déanaí le baill coiste na scoile agus dúradh nach raibh siad sásta leis an fonn maslach a seinneadh.

'"Cén fonn" arsa mise..."Rule Britannia," a dúirt sé. Dúirt mé nach raibh fhios agam cén fonn a bhí ann. 'Every English man knows Rule Britannia" a dúirt sé, agus chuaigh sé an-chrua orm a chur ina luí air nár Shasanach mé!"

Bhí poiblíocht mór sa nuachtán áitiúil:

"The students are protesting against the high-handed attitudes of the expatriate, imperialist principal, the Reverend O'Nally!"

Diaidh ar ndiaidh chuaigh an áit agus a mhuitir i bhfeidhm go mór air. Tá léiriú ar dínit na daoine agus ar a nósanna. Ta tagairt ar aigne na heaglaise sna cúrsaí seo ag chur brú ortha fáil réidh leis na sean nósanna agus nósanna Eorpaigh a chothú na n-áit. Thuig sé an damáiste a bhí á dhéanamh ag an dearcadh sin agus mar sin chuir sé fáilte le Comhairle na Vatacáine agus aggiornamento an Phápa Eoin XXIII. Ach níl mórán sa leabhair faoi misinéireachta traidisiúnta - cé mhéid a baistaíodh agus eile.

Fásann a eolas ar litríocht na tíre agus a tabhacht i rith an leabhair. Thuig sé féin ón a gcuid taithí ar mhúineadh na Gaeilge anseo go raibh an nua-litríocht i bhfolach nuair a bhí seisean ag staidéar fiú san olscoil - ní raibh eolas aige ar an Riordánach nó ar an dá Mháirtín, Ó Díreáin & Ó Cadhain.  Bhain an litríocht, dánta agus eile le daoine a bhí marbh.  (Níos deanaí bhí sé páirteach i Misneach agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus cá bhfios gio bhfuair sé ionsparáid ó fíle óga na Nigéiré!)

Chuir sé an aithne ar duine acu, John Ekwere, a chuigh i bhfeidhm go mór air. Bhí fhios ag an bhfear óg seo go raibh athraithe ag tárliúnt san Aifric. Bhain sé leis an gcóras oideachais a bhí ag imirt an tionchair air féin agus ar a mhuintir. Nach bhfuil macalla fhocail an Phiarsaigh i Mise Éire agus An Chraoibhinn Aoibhinn sa dán seo?

"Now no more the palefaced strangers 
With unhallowed feet
The heritage of our fathers profane;

Now no missioned benevolent despots
Bull-doze an unwilling race;

Now no more the foreign hawks
On alien chickens prey -
but we on us."

Tá áthas orm gur thóg mé an leabhair seo anuas ó seilf. Cuir sé ag smaoineamh mé. Agus tá aithne i bhfad níos mó ar an Athair Pádraig Ó Máille agam agus tuiscint. Is maith an rud é sin.

Ar dheis Dé go raibh sé.

• Tá léiriú ag Aonghus Ó hAlmhain ar an leabhair anseo: Dúdhúchas (3/10/2019)