Showing posts with label Ealaíon. Show all posts
Showing posts with label Ealaíon. Show all posts

2.6.25

Cunt cheilte!

Tá an Pholainn mar Uachtarán ar an Eoraip Aontaithe go dtí deireadh na míosa (Meitheamh 2025). Mar comóradh ar an nasc idir an Pholainn agus ár dtír féin cinneadh ar thaispeántas a bheith sna Seomraí Stáit i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath (nó Caisleán Dhuibh Linne mar is ceart é a ainmniú!).

Constance Gore-Booth (1899) le Casimir Markievicz
Tá fhios againn faoin gCuntaois Marcievicz. Tá fhios againn gur duine den uasal aicme, muintir Gore-Booth i dTeach Lissadell (Sligeach). Agus ar ndóigh tá fhios again gur ghlach sí páirt in Éirí Amach na Cásca agus gur toghadh í, an chead bhean mar feisire Pairliminte i Westminster - cé nár ghlach sí a síochán agus bhí sí mar Aire sa chéad dáil. Ach is beag eolas againn ar cén sort saol a bhí aici sular mhuscail a suim i gcúrsaí sóisialta nó mar reabhlóidí. Tá fhios ag cách gur phós sí fear as an Pholainn ach tharais sin is beag eolas at againn ar a fear.

"Tá an t-ainm Markievicz ar eolas ag gach Éireannach, ach níl a fhios ag mórán cé as a dtáinig an t-ainm ná cé a thug an t-ainm sin go hÉirinn..." is mar sin a dúirt oifigeach ó Ambasáid na Polainne agus an taispeántas a oscailt. Agus an ceart aige ar ndóigh.

Is cosúil go raibh fonn ar Constance Gore-Booth a bheith ina ealaíontóir. Chuaig sí go dtí an Fhrainc agus is ansin a bhual sí le Casimir Markievicz agus ag tus an fichiú Aois phós siad i Londain. Ba ealaíontóir eisean chomh maith. Bhogadar go Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1903. 

Sa taispeantás seo léirítear scéal na beirte agus a saol a bhi acu mar chuid den uasail aicme, ag cóisir, oicáidí mór i gcaisleáin agus tithe mhóiruaisle an am. Rugadh eiseann  ní sa Pholainn mar ní raibh a cuid saoirse ag an tír sin go dtí deireadh an chéad cogadh domhanda - ní raibh a Pholainn ann. Rugadh san Ucráin é agus bhí tailte ag a chlann ann. Is cosúil gur chaith an bheirt ronnnt mahaith ama ansin.

Díbríodh as gcuid tailte iad nuair a tháinig na Cunmanaigh i réim 1917 agus bhog a clann ansin go dti Warsawa, áit a bhuil a sliocht go dtí an lá atá inniú ann. Is ó chlann Markievicz a fuarthas an chuid den ábhar sa taispeantás. Tagann an chuid eile ó muintir Gore-Booth.

Casi & Con (1899/1900)

Bhí an saol acu i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh sé club ealaíona ann agus bhí an cháil acu i measc lucht ealíona na cathrach. Bhí "Casi & Con" lán páirteach i saol na cathrach idir scríobhnóiri, aisteoirí, lucht na Gaeilge agus eile. Scríobh sé drámaí agus ghlacadar páirt i nDrámaí. Rinne sé roinnt mhaith péintéireachta, cuid acu a bhí le feiscint anseo. Rinne sé déaradh sa teach i Lissadell atá fós ann.

Sa bhliain tár éis an stailc mór sa cathair is cosúil nár aontaigh sé le hobair réabhlóideach a bhean, ach cé nac rabhadar le chéile a thuile ní clascaradh a bhí ann agus is cosúil gur coimeadatar teangabháil lena chéile. Chuaig sé ag obair sna mBalcáin agus ansin d'fhill sé go Kyiv ar dtús agus ansin go Moscó. Ghlach sé páirt san Cogadh Mór in Airm na Rúise agus gortíodh é sa bhliain 1915 agus d'fhil se ar Warsawa ar ball.

Lean sé ag scríobh dramaí agus lean sé lena chuid péintéireacht. Tá pictiúirí dá chuid i nDánlann Náisiúnta na Pólainne. Is cosúil gur choimead sé teangabháil le Constance agus a clann i Sligeach i rith an ama san agus bhí sé lei nuair a fuair sé bás . Rinne sé pictiúr dí agus i ar a leaba ag an amm sin agus bhí sé fhéin agus a mhac (óna phosadh roimh Constance) ag an socraid.(1927).

Fuair sé féin bás sa Phólainn ag deireadh 1932.

Tá an taispeántas ar siúl sna Seomraí Stáit sa Chaislean on 22/04/2025 - 14/09/2025. Is fiú go mór dul ann agus aithen ceart a chuir ar ní hamháin Casimir Markievicz ach ar a bhean agus a saol le chéile.


Tá na pictúir (a bhí le feiscint ag an taispeantais) tógtha ón leabhair "Casimir Markievicz, A Polish Artist in Bohemian Dublin 1903-1913) foilsithe ag Ambasáid na Pollaine 2025.

13.8.24

50 Bliain faoi bhláth.

Bronnadh an sparántacht "Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth" ar an ealaíontóir Gaeltachta Daniel De Buitléir dár le fógra ó Údarás na Gaeltachta. 

Daniel De Buitléir, Moya Brennan,agus Pól Brennan 
Tá an sparántacht seo, ar fiú €30,000 í, á bronnadh mar chomhartha ómóis don ghrúpa ceoil Clannad agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge le breis is 50 bliain anuas.

Cuirfidh an sparántacht seo ar chumas Daniel De Buitléir am a chur i leataobh chun saothar úr ealaíne a fhorbairt trí mheán na Gaeilge thar thréimhse trí bliana. Is é aidhm na scéime ná tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothar nua i nGaeilge a chruthú.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, "Tá áthas orainn an sparántacht seo a bhronnadh ar Daniel De Buitléir. Táimid ag súil go mór leis an saothar nua a chuirfidh sé ar fáil agus táimid cinnte go leanfaidh sé sampla Clannad i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta."

"Ba phribhléid d'Ealaín na Gaeltachta comhoibriú le Clannad agus le hÚdarás na Gaeltachta chun áisitheoireacht a dhéanamh ar an sparántacht uathúil seo," arsa Rachel Holstead, Ceannasaí Ealaín na Gaeltachta. "Is é an infheistíocht is fearr gur féidir déanamh sna healaíona ná infheistíocht dhíreach in ealaíontóirí. B'údar dóchais dúinn an líon mór, an t-ardchaighdeán agus an éagsúlacht sna hiarratais ar an Sparántacht seo ó ealaíontóirí Gaeltachta agus guímid gach rath ar Daniel, agus ar bhaill Chlannad sa chaibidil nua amach rompu." 

 "Is mór an onóir dúinn go bhfuil an sparántacht seo á bronnadh in ómós do Clannad. Tá súil againn go spreagfaidh sé ealaíontóirí óga na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh ag cruthú saothar nua i nGaeilge agus ag cur ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn ar fud an domhain,"" a dúirt Dúirt Pól Brennan, ball den ghrúpa Clannad.

Dúirt Daniel De Buitléir féin, faighteoir na sparántachta: "Is mór an onóir dom an sparántacht seo a fháil. Ba mhór an spreagadh dom i gcónaí an méid a bhain Clannad amach don Ghaeilge agus do cheol na Gaeltachta. Táim fíorbhuíoch do Chlannad as ucht a n-inspioráide agus don Údarás as an deis iontach seo chun mo chuid ealaíne a fhorbairt agus cur le hoidhreacht shaibhir na Gaeltachta."

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go spreagfaidh an sparántacht seo tuilleadh ealaíontóirí Gaeltachta chun saothar úr a chruthú i nGaeilge agus go gcuirfidh sé le saibhreas cultúrtha agus ealaíonta na Gaeltachta.


@UdarasnaG @ClannadMusic

8.6.20

Míchuí agus mí-oiriúnach!

Nuair a chonaic mé dealbh Eadbhard Colston i gcathair Bristol á leagadh ar an nuacht inné smaoinigh mé ar leagadh eile. Nuair a d'éirigh le trúpaí Bhush Bagdad a gabháil, thárla rud mar sin le dealbh mór den deachtóir Saddam.

Díbeartha ó Theach Laighean
Ar ndóigh thárlaíonn rud mar sin thár timpeall an domhain. Le déanaí tógadh anuas roinnt dealbha nó leachtanna chuimhneacháin sna státaí ó dheas i Meiriceá, Státaí na Cónaidhme i rith na círéibeacha a lean bháis thruamhéileach George Floyd.

Ar ndóigh thárlaíonn rudaí mar sin inár dtír féin mar shampla colún Nelson nó Geogh i Páirc an Fhionnuisce roimhe sin. Tá an dealbh mór den mbanríonn Victoria a bhí i bplásóg Tí Laighean anois "ar íasacht" i Sydney na hAstráile.

Fear Victoria i dTeach Laighean
Tá mise beagáinín idir dhá chomhairle faoi scrios a dhéanamh de na siombail comortha seo. Cinnte is comórtha ar ansmacht, frith-dhaonnacht agus sclábhaíocht agus brú faoi chois, atá i gcuid acu. Ach chomh maith le sin is iomhá stairiúil atá ionta agus cuid acu is sampla maith d'ealaíon a ré iad. Ar bhealach nuair a scriostar iad tá sé cosúil le dóigh leabhar. Diúltú na staire atá ann agus ní hamháin nach ceart é sin a dhéanamh ach ní féidir é a dheanamh. Má déanann muide meoin agus tuairimí, náireach is tá siad, a scriosadh mar seo nach bhfuil muide chomh dona leo nó leis na daoine a thóg iad don gcead uair?

Ní féidir aon drochghníomh a chuir ar neamhní. Tharla sé agus ní féidir é sin a scriosadh ón stair (nó ón gcuimhne?) mar sin.

Cad le deanamh? B'fhéidir gur ceart iad a bhailiú le chéile - tá mé ag ceapadh go bhfuil roinnt i nDaigheann, Contae Uíbh Fhailí. Ansin déan páirc dealbhadóireachta agus iad go léir ann - Gairdín na nGabhála b'fhéidir mar comóradh ní ar na daoine féin nó a gcuid tuairimí ach mar omós dóibh siúd a a bhí ag fulaingt faoina bpolasaithe iomrallacha. Tá gairdín cuimhneachán don gCogadh Mór ar bhruach na lífe agus d'fhéadfadh sé a bheith ansin.

Nach cuid dár stair iad nach ceart a dhiúltú?

N.B. Tá a leithéid mar shampla i mBudaipéist na Ungáire,  an Szoborpark - Páirc na Dealbha
(Ungáiris/Iodáilis/Béarla) - 
Buíochas le Aonghus Ó hAlmhain as an eolas sin a thabhairt dom!

8.3.20

Taispeántas tré thimpist!

Tá sean phictiúir againn sa bhaile de mo shin shean athair - Peter and t-ainm a bhí air agus fuair sé bás sa bhliain 1894 ag agus é naoi mbliain agus dhá scóir bhliain d'aois. Deitear sa taifead go bhfuair sé bás de dheasca "cerebral effusion." (D'fhéach mé i nGoogle agus fuair mé amach go bhfuil grúpa ceol ó thír na mBascach iad - níor thaitin a gcuid "ceol" liomsa.)

Mo shin sean athair!
Thug muid faoi deara go raibh roinnt marcanna ar an bpictiúir úd le deanaí. Scoilteanna nó áiteanna a bhfuil an phéint ag teacht amach uaidh dhromchla an pictiúir. Tá muid ag ceapadh gur grianghraf atá ann agus gur cuireadh péint ar len é a dhathú. Is cosúil gur nós é sin a bhí coitíanta ag an am.

Bhiomar istigh sa cathair inné agus muid ag tiomáint thár Kenny's. Smaoinigh mé ar an bpictiúir agus chuamar istigh a lorg comhairle ar chonas an pictiúr a dheisiú. Ar ndoigh bhí sé deacair mórán comhairle a thabhairt nuair nach raibh an pictiúir liom agus chinneamar ar é a thabhairt isteach an cead uair eile a bhíomar sa bhaile mhor.

Bhí taispeántas ar siúl sa dánlann atá ag Kenny ar an lá. Is cosúil gur osclaíodh é ag an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh ar oíche Aoine. Aisbhreathnú ar shaothair (Béarla) ealaíontóir Iodáileach Laura Vechi Ford. Chaith sí 40 bliain ag múineadh ealaíon agus litríocht na hIodáile sa ollscoil.

Stíl ildaite bríomhar beomhar atá sna pictiúirí lán de siombalachas, éin ag eitilt, íasc ag léimneach, an gealach agus eile.  Pictiúr deas mar shampla (ar bharr anseo) "Seoltóireacht amuigh agus istigh." Tá portráidí ann chomh maith. Bhí ceann amháin den údar Iodálach Umberto Eco - bhí aithne acu ar a chéile. Bhí taispeántais dá cuid saothair in Éirinn agus thar lear thár an blianta.

Is fiú dul isteach le breathnú ar na pictiúirí. Tá sé ar siúl go dtí tús mí Aibreáin.
Laura Vecchi Ford agus a pictiúir de Umberto Eco.


31.7.19

Peig agus Oíche Ghibellina?

Níor léigh mé leabhair Pheig riamh.

Tá sé dearchair éalú uaithe ar ndóigh agus is minic a tógtar amach as a h-uaigh ó cuireadh a dá cus istigh inti go mór mór ag naimhde na Gaeilge!
Notte di Gibellina

Ach ar ndóigh tá a íomhá le feiscint go minic agus is deachair éalú uaithe.

Dhá bhliain ó shin bhíomar i bpríomh cathair na Sicile, Palermo, agus chuamar isteach i ndánlann ann. Bhí pictiúirí alainn ann mar a bheitheá ag súil cé gur pictiúirí chomaimsirthe a bhí á dtaispeáint ann. Ina meas bhí an ceann seo. "Notte di Gibellina" le Renato Guttuso (1912-1987). Cheap mé gur Peig bocht a bhí le feiscint ann! Ar ndóigh scéal eile ar fad atá taobh thiar den pictiúir seo.

Ba oíche dodhearmadta an 15 Eanáir 1968 sa cheantair seo in oirthear an oileáin. Bhí crith talún 5.5 an oíche sin a leag trí bhaile ar an oileán, Gibellina, Salaparuta and Poggioreale. Maríodh timpeall 400 i rith na hoíche sin agus glaotar "Terremoto del Belice" ar an oíche sin sa Iodáil.  B'é Ludovico Corrao a bhí ina mhéara ar an mbaile Ghibellina agus thosaigh sé ag ath thógáil an bail. D'ostaigh sé na haltire is fearr agus chomh maith leis sin ealaíontóirí chomaimsireach den scoth. Ina measc is cosúil go raibh an Renato Guttuso seo mar dúradh ar an lipéad ag a bun:

Renato Ruttuso
Notte di Gibellina
1970
Olion su tela, 140 x 90cm
Gibellina, Museo Civico d'Arte
Contemporanae "Ludovico Corrao"

Mar sin ní Peig atá anseo againn anseo ach sean bhean ag fulaingt i rith crith talún Belice 1968.

16.6.18

Aos óg agus aos dána!

Caoga bliain ó shin thárla éirí amach in Oirthear na Nigéire agus bunaíodh stáit nua, Biafra. Bá iad na hÉireannaigh abhí mar misinéirí sa cheantair sin.

Ina measc bhí Sagart ó Chumann Phádraig Naofa, An tAth Pádraig Ó Máille. Bhí seisean ag obair i ndeisceart an cheantair in aice le Calabar. Mar aon le an chuid de na misinéirí dibríodh as an tír iad go tobann gan ach fíor bheagán dá ghiuirléidí a bhailigh le deich bhliain. Tár n-ais in Éirinn bhí baint aige le Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus is ag cruinnithe a bhain leis an ngluaiseacht a bhuail mé leis. Bhí suim agam ina a chuid oibre mar bhí col ceathrar le mo mháthair, Maolmhuire Ó Fiaich, ag obair sa tír chomh maith. (Scríobh mé píosa faoi anseo sa bhlaiin 2015)

Bhí meas agam air mar dhuine agus níos deanaí chonaic mé gur fhoilsigh Sairséal & Dill leabhair dá chuid - Dúdhúchas. Cheannaigh mé é sa bhliain 1972 é. Ach, mar a thárlaíonn dom go minic faraoir, d'fhág mé ar an seilf le leabhair eile é. D'fhán sé ansin leis na blianta. Ansin chuala mé anuireadh go raibh sé imithe ar shlí na firinne. Chuardaigh mé agus fuair mé an leabhair. Thosaigh me á léamh le déanaí.

Tá sé tiomnaithe mar seo aige:

Cé nach léifidh sibh riamh an leabhar seo is daoibhse a thíolacaim é
AOS ÓG AGUS AOS DÁNA NA NIGÉIRE
i gcuimhne na soilse a las sibh i mo shaol

An chéad rud a thug mé faoi dearadh ná ché chomh h-éasca is a bhí sé le léamh. Ní nach ionadh go bhfuair sé duais i gComortas Dhonnacha Uí Laoire sular foilsíodh é.

Chinn sé ar dtús tideal mar Eachtra Misinéara a scríobh ach diaidh ar ndiaidh tháinig crot eile ar fad air agus ní olc san. Bhí cineál eagla orm go mbeadh sé cosúil le na mílte scealta a bhí léite agam sna h-iris misinéara mar an Far EastMissionary Annals ach is obair atá an difriúil ata ann.

Tugann sé léiriú ar chuid dá obair ceart go leor ach tá béim i bhfad níos mó aige ar shaol agus cultúr na daoine lena raibh sé ag obair. Bhí an Nigéir faoi Impireacht na Breataine go dtí na deireadh na caogadaí agus na cleasanna céanna ar siúl acu agus a bhí ar siúl anseo. "I am a little English child..."

Tuigeadh smointe an Phiarsaigh sa Murder Machine sa tír seo.

Tá an chuid pictiúirí d'ealaíon na tíre, dealbhadóireacht don chuid is mó agus tá samplaí den litríocht a bhí láidir roimh éirí amach Bhiafra.

Tá scéalta grinn ann leis. Bhí lá mór eagraithe sa baile mór in aice leis an áit ina raibh sé ag múineadh. Chuaigh cór ón scoil chuig comórtas ann. Ní raibh bua an cheoil aige féin áfach.
An tAth. Pádraig Ó Máille

"..ní aithneoinn fonn amháin ó cheann eile. Ba chuma liom ach iad a bheith beo bríomhar agus feiliúnach don mháirseáil."

Ar an lá seo sheinn a Bhanna Cheoil sa scoil Amhrán Náisiúnta na Nígéire agus ansin fonn eigin eile. Chuir an cheol isteach ar chuid den lucht éisteachta ach ní raibh fhios aige cén fáth. Bhí cruinniú níos déanaí le baill coiste na scoile agus dúradh nach raibh siad sásta leis an fonn maslach a seinneadh.

'"Cén fonn" arsa mise..."Rule Britannia," a dúirt sé. Dúirt mé nach raibh fhios agam cén fonn a bhí ann. 'Every English man knows Rule Britannia" a dúirt sé, agus chuaigh sé an-chrua orm a chur ina luí air nár Shasanach mé!"

Bhí poiblíocht mór sa nuachtán áitiúil:

"The students are protesting against the high-handed attitudes of the expatriate, imperialist principal, the Reverend O'Nally!"

Diaidh ar ndiaidh chuaigh an áit agus a mhuitir i bhfeidhm go mór air. Tá léiriú ar dínit na daoine agus ar a nósanna. Ta tagairt ar aigne na heaglaise sna cúrsaí seo ag chur brú ortha fáil réidh leis na sean nósanna agus nósanna Eorpaigh a chothú na n-áit. Thuig sé an damáiste a bhí á dhéanamh ag an dearcadh sin agus mar sin chuir sé fáilte le Comhairle na Vatacáine agus aggiornamento an Phápa Eoin XXIII. Ach níl mórán sa leabhair faoi misinéireachta traidisiúnta - cé mhéid a baistaíodh agus eile.

Fásann a eolas ar litríocht na tíre agus a tabhacht i rith an leabhair. Thuig sé féin ón a gcuid taithí ar mhúineadh na Gaeilge anseo go raibh an nua-litríocht i bhfolach nuair a bhí seisean ag staidéar fiú san olscoil - ní raibh eolas aige ar an Riordánach nó ar an dá Mháirtín, Ó Díreáin & Ó Cadhain.  Bhain an litríocht, dánta agus eile le daoine a bhí marbh.  (Níos deanaí bhí sé páirteach i Misneach agus Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus cá bhfios gio bhfuair sé ionsparáid ó fíle óga na Nigéiré!)

Chuir sé an aithne ar duine acu, John Ekwere, a chuigh i bhfeidhm go mór air. Bhí fhios ag an bhfear óg seo go raibh athraithe ag tárliúnt san Aifric. Bhain sé leis an gcóras oideachais a bhí ag imirt an tionchair air féin agus ar a mhuintir. Nach bhfuil macalla fhocail an Phiarsaigh i Mise Éire agus An Chraoibhinn Aoibhinn sa dán seo?

"Now no more the palefaced strangers 
With unhallowed feet
The heritage of our fathers profane;

Now no missioned benevolent despots
Bull-doze an unwilling race;

Now no more the foreign hawks
On alien chickens prey -
but we on us."

Tá áthas orm gur thóg mé an leabhair seo anuas ó seilf. Cuir sé ag smaoineamh mé. Agus tá aithne i bhfad níos mó ar an Athair Pádraig Ó Máille agam agus tuiscint. Is maith an rud é sin.

Ar dheis Dé go raibh sé.

• Tá léiriú ag Aonghus Ó hAlmhain ar an leabhair anseo: Dúdhúchas (3/10/2019)

10.3.18

Díomá in Den Haag!


Nuair a thugamar cuairt sa bhFomhair, ar an taispeántas mór "Vermeer agus Máistír Phéintéireachta Seánra" bhí pictiúr cáiliúil dá chuid in easnamh. B'shin an "Cailín leis an bhFáinne cluaise péarla!" nó san Ísiltíris: Meisje met de parel.

Meisje met de parel
Mar chuid de mo chuid oibre - foilsím iris ar líne ar chúrsaí uathoibriú agus rialiú nó smachtú -   bíonn orm freastal ar imeachtaí thall is abhus. Uaireanta bíonn orm dul thár lear go minic san Eoraip ach anois is arís níos faide ó bhaile. Tá fhios agam go bhfuil an saol crua ag daoine áirithe ach ní do dhuine éigin an jab a dhéanamh!

Ar ámharaí an tsaoil fuaireas cuireadh chuig chruinniú mór ag comhlucht idirnáisiúnta. Is i bPríomh Cathair na hÍsiltíre - Den Haag - a bhí sé.  Ní raibh mé riamh ann cheana.

Cheap míse go mbeadh an cathair seo an bheag, cosúil le Bonn na hIar-Ghearmáine. Cé nach bhfuil sé an mhór tá sé i bhfad níos mó ná mar a bhí mé ag súil. Tá "Luas" dá gcuid féin acu agus mar tá chuile áit san Ísiltír tá an rothar i réim!

Tá se de nós agam cúpla uair a thógaint saor nuair a thugaim cuairt ar áit nua le haghaidh taiscéalaíochta. Téim chuig na ceantaireacha siopadóireachta agus na hiarsmalainn. Agus ós rud é gur príomh cathair agus cathair ríoga é - is ansin atá cónaí oifigiúil ag Rí na hÍsiltíre (Willem-Alexander) - tá raidhse ann!

Het Meisje in de schijnwerper (An Cailín faoi spotsholas)
Ní raibh fhios agam go dtí gur shriosas an áit go bhfuil an pictiúr nár bhfaca muid - an cailín cáiliúl úd leis an bhfáinne cluaise péarla - i ndánlann Mauritshuis (Ísiltírís) i lár na cathrach. Mar sin chuaigh mé an chun buaileadh leis an gcailín mealltach úd.

Ach bhí fadhb ann. Bhí saineolaithe na danlainne ag deanamh dian scrudú uirthi ar feadh dhá seachtaine agus cheap nach mbeadh seans agam buaileadh léithí ar chor ar bith. Díomá!

Is cosúil gur thuig ceanasaithe na dánlainne go mbeadh fonn ar chuairteoirí an pictiúr is cáiliúla san áit a fheiscint agus mar sin thógadar saorthar sealadach i lár seomra mór - an seomra ór - agus bhí an pictiúr le feiscint an sin ach bhí an seans ann nach mbeadh sé ró-sofheicthe amantaí i rith na scrúdaithe. Bhí macasamhail an mhaith - íomhá thríthoiseach a dúradh linn - á thaispeáint sa seomra. Ach bhí an pictiúir faoi scrúdú i lár an tseomra. Bhí siad ag iniúcadh a súil ag iarraidh fháil amach cé saghas péint agus conas a rinne sé chomh bán é. Mar sin bhí an cuid is mó den aghaidh clúdaith le ceamra de short éigin.
Cé go raibh díomá orm ar a laghad chonaic mé í. Agus bhí an danlann féin an spéisiúl le neart sathoair de Mhaistrí na hÍsiltíre le feiscint ann, Rubens, Rembrandt, Franz Hals, mar aon le Vermeer agus neart eile.  Tá cupla chinn a thaitn liom go mór anseo thíos:
Fear ag gáirí - Rembrandt

Ruebens


31.8.17

Comhnascadh & tionchair péintéireachta!

Thugamar cuairt ar Thaispeántas sa Dánlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. "Vermeer agus Máistír Phéintéireachta Seánra" a bhí air.

De kantwerkster!
Bhí aithne agam air, más féidir aithne a bheith agat ar éinne tré a chuid ealaíon, le fada mar dhuine de péintéirí na hísiltíre mar Rembrandt agus Franz Hals. Bhí cuimhne agam gur gcuideadh ceann nó dhó ó bailiúchán an Ridire Alfred Beit ag "The General." Ach ar ais chuig an taispeántas!

Ní raibh ach timpeall leat disaen pictiúirí ag Vermeer féin san trí scór a bhí le feiscint agus ní raibh an ceann is cáiliúla le feiscint ("An Cailín leis an bhFiaraing Phéarla!") ach ar bhealach níor bhain sé leis an ábhar a bhí le léiriú anseo.

An cáil is mó atá le na péintéirí anseo ná mar a thaispeanánn siad an taobh istigh de tithe agus nóiméaidí simplí is saol "gnáth" daoine nó daoine nach bhfuil mórán aithne againn ortha inniú ann agus iad ag déanamh gnát rudaí, scríobh litreacha, ag léamh litreach grá, ag ithe nó ag obair. Mír áirithe na pictiúirí ag léiriú ban á n-ullmhú féin - agus an ainm bragáinín scanrúil ortha "Vrouw op haar toilet" ortha nó i mBéarla "Woman at her toilet (sic)."

Bhí se soiléir an gaol agus an tionchar a bhí ar na péintiúirí ar a chéile. Ach i measc na pictiúirí go léir ba léir an máistreacht a bhí ag Vermeer féin ar a chéard. Bhí daonnacht agus pearsanacht le feiscint sna pictiúirí aige. As na pictiúirí go léir taithin ceannín beag (Ollanais) de chuid Vermeer níos mó ná aon pictiúr sa bhailiuchán. "De kantwerkster" (An Lásadóir) a bhí ann agus léiríodh cailín ag déanamh lása. Is íontach an bealach a léirítear an dianaird atá aici ar a cuid oibre. Bhí orm dul ar ais chuig an pictiúir sin cupla uair bhí sé chomh éifeachtach san!

suíomh ar an idirlíon (Béarla) a léiríon téama an taispeántas seo. Tá sé le bheith ar siúl go dtí lár na míosa seo agus ansin téann sé chuig tír eile, (Bhí sé i bPáras roimhe seo. Más cuimhin nuair a toghadh Uachtarán nua ar an bhFrainc bhí brat mór faoin dtaispeántas taobh thiar de agus é a glachadh le toradh an toghacháin.)

Má tá seans agat téir ann agus baint taitneamh as.

25.7.16

Banríon ar cheant!

An Mhaighdean Bheannaighthe Muire, Bainríoghan na h-Éireann.

San Irish Times gach Sathrain bíonn altanna faoi ceantanna éagsúla faoin dtír. Uaireanta bíonn rudaí an spéisiúil á dhíol ag an h-imeachataí díolacháin seo. I mbliana tá an éileamh ar iarsmaí nó ealaíon a bhaineann leis hÉirí Amach 1916 mar a bheithfeá ag súil. Ach thug mé faoi deara ábar eile ar fad ag an deireadh seachtaine seo.
An Mhaighdean Bheannaighthe Muire, Bainríoghan na h-Éireann
Dhírigh an alt sa nuachtán ar an Sathairn seo caite (Béarla)  m'aire ar Cheannt Idirlín Shamhradh a a bhí le bheidh ag an gcomhlucht Whites of Dublin (B)  Bhí pictiúir á dhíol ag an gceannt áirithe a bhí an spéis agamsa ann. Chonaic mise an íomhá seo don chéad uair 50 bliain ó shin nuair a bhain col cheathair de mo Mháthair úsáid as ar chártá ag comóradh a óirniú mar shagart sa Róimh i mí Iúl 1966. Scríobh mé faoi anuireadh in alt Banríon na hÉireann! Tá sé spéisiúil mar pictiúir mar bhain Leo Whelan, an tEalaíontóir, úsáid as Justin Keating óg mar "mainicín ealaíontóra" don Leanbh Íosa sa pictiúir.

Is cosúil gur bronnadh cóip den bpictiúir seo ar an bPápa (Pius XI) sa bhliain 1934. Tá an pictiúir sa cheannt i bhfráma le beannacht ón bPápa air agus sínithe ag an ealaíontóir.

9.11.15

Réalta na Mara as Máigh Cuileann ag dul soir go Sofia!

Amhrán na hÉireann roghnaithe do Chomórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse ar TG4.

Thug cailín óg as Maigh Cuilinn i gConamar, an chraobh náisiúnta léi aréir. Seasfaidh sí an fód don tír seo nuair a ghlacfaimid páirt, den chéad uair riamh, sa gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse (Béarla) i Sofia na Bulgáire faoi cheann coicíse.

Aimee Banks (Pic TG4)
Is í Aimee Banks, 13 bliain, an t-amhránaí a roghnaigh na moltóirí aitheanta, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearaíl ag deireadh sraithe teilifíse inar ghlac 32 amhránaí páirt sa gcraobh náisiúnta. Réalta na Mara is teideal don amhrán buacach a chum Aimee i bpáirt le Niall Mooney, Jonas Gladnikoff agus Brendan McCarthy.

Bhí iomaitheoirí ann as gach ceard den oileán agus amhráin nua-chumtha Gaeilge acu, féachaint leis an gcraobh Éireannach a bhuachan ar dtús agus ansin dul chuig na babhtaí ceannais Eorpacha.

Leath-chúpla í Aimee, dalta sa dara bliain i gColáiste na Coiribe, Gaillimh. Is amhránaí cáiliúil í cheana féin agus gan í ach ag tús a ré.

Aimee Banks (Pic: America Protégé)
Bhuaigh sí an duais ab airde ón gcomórtas American Protégé le gairid agus beidh sí ar an ardán i Halla Carnegie i Nua Eabhrac, ceann de mhór ionaid ceoil an domhain, faoi cheann míosa, 19 Nollaig. Thug sí ocht gcraobh clasaiceach léi ón bhFeis Ceoil 2015, príomh-chomórtas ceoil clasaiceach na tíre agus tá duaiseanna, Amhránaí is Fearr agus sparánacht buaite aici freisin ó Fheis Cheoil Lártíre 2015.

Tá dlúthdhiosca eisithe aici, My Classical Spirit agus is d’Oispís Laura Lynn a thiomnaigh sí uaidh. Anois agus Craobh na hÉireann sa Junior Eurovision buaite aice, an chéad duine riamh a rinne an éacht seo, tá tuilleadh taistil roimpi mar go mbeadh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach a bheidh ar bun san Armeec Arena i Sofia na Bulgáire agus a bheo-chraolfar ar TG4 ar an Satharn 21 Samhain ag 6.30pm. Tá an Chraobh seo ar bun le trí bliana déag agus glacfaidh 17 páirt i gcomórtas na bliana seo.


18.5.15

Banríon na hÉireann!

An Mhaighdean Bheannaighthe Muire, Bainríoghan na h-Éireann.

Tá mé ag cíoradh irasmaí ó theach mo mhuintire agus carn mór páipéirí a bailíodh thár breis is seasca bliain ag mo thuismitheoirí. I ndairírí tá stuif ann ón a dtuismitheoirí siúd leis a théann siar chomh fada le deireadh na naoiú aoise déag.

An Carta
I measc na rudaí atá ann tá an cárta seo (ar dheis) gur cuimhin liom féin é nuair a deanadh é. Cárta ag comóradh oirniú chol ceathair mo mháthair, an tAth Maolmhuire Ó Fiaich CSSp sa bhliain 1956, atá ann. Cuireas ceist ar na meáin soisialta ag lorg níos mó eolais faoi agus fuair mé freagraí an spéisiúil faoi.

Ar an gcéad dul síos sé Leo Whelan (1892-1956) an ealaíontóir a rinne an pictiúir sa bhliain 1932 nó mar sin mar ceann den chnúascah pictiúirí a deineadh ag chéiliúradh an Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta sa bhliain 1932. Deineadh don gcomhlucht foilsitheoireachta Gill a bhíodh siopa i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliatha acu go dtí na seachóidí. Rinne sé trí pictiúirí ag an am ach is cosúil go cailleadh iad i dtine ann sa bhliain 1979. Dúnadh an siopa ach tá an cómhlucht féin fós ann mar "Gill & McMillan".

Maolmhuire L Ó Fiaich CSSp
timpeall an ama inar ornaíodh é
Rinne an ealaíontóir pictiúirí eile de daoine stairiúil mar Micheál Ó Coileáin agus Ristaerd Ó Maolcatha agus b'eiseann a rinneadh an déaradh ar stampa sa bhlian 1929 ag comóradh Fhuascailt na gCaitliceach le pictiúr de Dhónail Ó Chonaill.

B'fhéidr an rud is spéisiúla faoin bpictiúir seo ná go bhfuil fhios againn cé hiad na daoine a bhí mar mhainicíní ealaíontóra sa pictiúirí. Sheas Sarah nó Sally Deale (ní Byrne) dó. Ba dalta ag Seán Keating ag an gColáiste Ealaíona agus níos deanaí ball den bhfoireann ann í. Agus bé mac le Keating, Justin, ( a bhí mar Aire i Rialtas Liam Mac Coscair níos déanaí) a seas don leanbh sa phictiúr. Díoladh cóipeanna den bpictiúr sna triocadaí agus is cosúil leis go bhfuair mo ghaol, An Ath Maoilmhuire cead an pictiúr a úsáid ar an gcarta ag comóradh a oirniú ina shagart sa bhliain 1956.

Deirtear go bhfuair an Pápa Pius XI (1922-1939) cóip den bpictiúir agus gur mhol sé an ealaíontóir mar a rinne sé íomhá den "Madona" mar chailín Gaelach don gcéad uair.

Táim buíoch de mo cháirde ar Gaeilge Amháin as a gcuid eolais a roinnt liom go bhféidfinn beagáining níos mó taighde a dhéanamh faoin pictiúr seo a bhí aithne agam air ó bhí mé óg.

Agus mé ag breabhsáil ag lorg breis eolais ar an bpictiúir tháinig mé ar íomhá níos fearr de ar an suíomh pinterest seo:


5.11.13

Idir lúibíní!

Tá Oireachtas na Samhna 2013 thart agus Gael na tíre imithe abhaile go ceithre cúigí agus níos faide i gcéin faoi seo.

Ach chuala muid scéal faoi féile nua atá le bheith ann roimh deireadh na míosa agus an uair seo tá sé i lár na Gaeltachta, ar an gCeathrú Rua. Is dócha gur féidir "Oireachtas idir lúibíní!" a thabhairt ar Féile Beal mar tá an fothideal "Comhdháil na Lúibíní" tugtha ag na heagreoirí air!
Oireachtas TV

Cuireann Breandán Ó hEadhra, ó Meas Media, atá mar Stiúrthóir ar a bhFéile, ceisteanna atá simplí ach bunúsach. "Céard is agallamh beirte ann?  Cé as a dtáinig an lúibín?  An bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite nó an féidir beocht nua a thabhairt do sheancheird an tseanchaí?"

Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mise céard an agallaimh beirte ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1966. Níor chuala mé fiú faoin gcineál sin ealaíon sin, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil sé mar sin fós i measc an chuid de mhuintir na hÉireann.

Seo seans againn raidhse cainte idir agalaimh beirte, scéaltaí agus lúibíní a cloisint i áiteanna éagsúla thár timpeal an bhaile, siopaí, sa labharlann, san Acadamh agus sa bialann. Agus beidh an oscailt oifigiúil, (agus déarfainn an-chuid nach mbeidh chomh oifigiúil), istig sa Chistin.

Tomás Mac Eoin
Beidh cainteanna ann, scéalaíocht do pháistí agus don sean-dream agus tá mé ag ceapadh go bhfuil baol ann go mbeadh beagáinín craic ann leis!

Tosaíonn gach rud ansin, An Chistin, ar an Aoine 22 Samhain ar a h-ocht sa tráthnóna. Bronnfar Gradam Béil ar laoch na Ceathrún Rua, Tomás Mac Eoin, i ngeall ar a chuid oibre le lúibíní agus agallaimh bheirte le blianta fada. Is ag an Oireachtas céanna, 1966, i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath a chéad chuala mé Tomás leis.

Má thaithn Oireachtas na Samhna leat i gCill Áirne tá fhios agam go dtathnódh Comhdháil na Lúibíní, Féile Béal na nGael, leat.

Bí ann gan teip!



Má tá éinne ag iarraidh lóistín i gcóir Féile Béal: Comhdháil na Lúibíní , féile agallaimh beirte, lúibíní agus scéalaíochta a bheas ar siúl ar an gCeathrú Rua idir 22-24 Samhain, cuir scairt ar Breandán Ó hEadhra ag measmediacommunications@gmail.com agus déanfaidh seisean iarracht lascaine a fháil daoibh...

• Bhí an-oíche ag an oscailt sa Chistin ar an 22ú lá Samhain. Roinnt pictiúirí le fáil anseo ar facebook:

4.11.13

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín!


Tá an moltóir fógartha do chomórtas scríbhneoireachta Nua-Ealaín! Tá áthas orainn a rá gur é an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí. Tá trí seachtaine fágtha le bheith ag scríobh!

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana 2008'.

Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos (2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Is stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.

Faoin gComórtas
Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gcomórtas scríbhneoireacta nua! Má tá spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis.

Tá siad ag lorg léirmheas gearr (400 focal ar a mhéid) ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn roimh an spriocdháta. Tá an comórtas seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tá €150 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit, agus foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist!


Spriocdháta: 5pm 24 Samhain 2013.

6.7.13

Colmcille sa bhaile ar deireadh!


Tá beagnach leath chéad bliain caite ó tógadh séipéal na Tulaigh i gConamara. Bé an céad séipéal tógtha in Éirinn faoi rialacha nua liotúirge a tháinig as Comhairle na Vatacáine (1963-1965).


Nuair a tógadh é bhí rún fuinneóg gloine stáin a cur ar an mbinn ó thiadh ós cionn na príomh doirse. De bharr easpa airgead ag an am níor cuireadh ann é.  Is dócha gur tré dearmad nár deineadh aon rud faoi go dtí anois.

Le déanaí cuireadh isteach é agus anois tá sé le feiceál ina áit fhéin. Is foirgnimh caomhnaithe é Séipéil na Tulaigh agus mar sin bhí ar an bhfuinneog teacht leis na fuinneogaí eile sa séipéil cheana, ó thaobh dearadh dé: dearadh simplí, geal. Sílim gur éirigh leis an bhfuinneog nua na coinníollacha sin a comhlíonadh.

Is deas an íomhá é den naomh ar cloch ag snámh ar an bhfarraige, de réir seanachas béile na háite, gur tháinig sé aniar as Árainn ar charraig mhór.

Tá Bád Colmcille fós le feiscint in aice le Reilg Muighreas ar trá an Bhánraigh agus is ansin ar Lá Cholmcille a bhíonn Lá an Phatrúin, nó Lá an Tobair á céiliúradh gach bhliain leis an cianta!

Nach deas an rud é go bhfuil Naomh Colmcille anois le feiceáil ina Séipéal féin, Seipéal na Túlaigh?

An Turas ar Lá an Tobair (Máirín MhicLochlainn 2012)

Colmcille i seanchas na ndaoine (Coilimín an Fhárthara 1995)

Johnny Chóil Mhaidhc agus Lá an Phatrúin! (1963)



12.5.13

An trá agus an tsíoraíocht ar Inis Oírr!

Ar an Satharn 18 Bealtaine ag 3pm beidh an taispeántas An Trá agus an tSíoraíocht á sheolah in Áras Éanna in Inis Oírr. Is í an t-oifigeach ealaíne le hEalaín na Gaeltachta (UnaG),  Muireann Ní Dhroighneáin a bhéas mar aoichainteoir.

Seo saothar nua leis an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin (ar dheis) sraith oibre a coimisiúnadh go speisialta d’Fhéile Phléaráca na bliana seo. Tarraingeadh na grianghrafanna don taispeántas seo le linn trí thuras go h-Inis Oírr i 2013, agus sé an tús phointe a bhí acu ná an gaol idir solas agus uisce, spéir agus talamh. Sa taispeántas in Áras Éanna beidh na céadta íomhánna fite le chéile agus leagaithe amach mar a bheadh cairpéad nó táipéis, iad curtha le chéile le píosaí beaga dealbhadóireachta chun nua-phátrún teibí a chruthú.

16.12.10

Mise Raiftearaí

Raiftearaí agus a oidhreacht á gcomóradh i gclár nua

Bhí mé ag tiomáint anoir as Bhaile Átha Cliath tráthnóna éigin anuireadh agus chonaic mé comhartha ar thaobh an mbóthar. Duirt sé "Anthony Raftery's Grave Poet. Dúirt mé liom féin nár chualy mé trácht ar an bhfile áirithe sin gur bhuail sé liom gur Raiftearaí an file a bhí i gceist. Ní dhéanfaidh mé trácht ar chaol aiginteacht an té a shocraidh ar comhartha chomh aineolach a chur suas don file Gaeilge is mó cháil i measc daltaí óga na hÉireann, "..Raiftearaí an file lán dóchas is grá..."

Raifteirí an file!
Fear caoch, beo bocht a bhí ann a chaith formhór a shaoil ag fánaíocht i nGaillimh agus i Maigh Eo, ag ól, ag cumadh filíochta agus amhrán agus ag seinm ceoil “do phócaí folmha” nó gur bhásaigh sé 175 bliain ó shin, cothrom an ama seo. Mar sin féin, áirítear é ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge agus chuaigh a shaol agus a shaothar fileata go mór i bhfeidhm ar phobal Gaeltachta an Iarthair agus ar lucht na hAthbheochana freisin.

Is beag duine againn nach bhfuil cúpla líne ar a laghad d’fhilíocht nó d’amhráin Raiftearaí ina chuimhne ach is bearnach ár n-eolas ar an bhfear féin. Cé gur bhailigh An Craoibhín Aoibhinn a chuid amhrán agus gur fhoilsigh iad i bhfoirm leabhair céad bliain ó shin, tá go leo nach bhfuil fhios againn faoin bhfear fileata géarchúiseach a chum Eanach Dhúin, Cill Aodáin, Seanchas na Sceiche agus Máire Ní Eidhin i measc go leor eile.

Tá clár nua faisnéise  faoin bhfile le craoladh ar TG4.  Sa gclár téann Tadhg Mac Dhonnagáin, ceoltóir agus cumadóir eile amhrán as Maigh Eo (Futa Fata), sa tóir ar Raiftearaí agus ar an saol corrach, eachtrúil a chaith sé, ag fánaíocht roimhe go dtí gur bhásaigh sé beo bocht faoi Nollaig 1835.

Fiosróidh Mac Dhonnagáin an seanchas a bhaineann lena shaol, idir fhírinne agus fhinscéalaíocht, labhróidh sé le scoláirí, le lucht béaloideasa, le hamhránaithe aitheanta agus le staraithe. Tabharfaidh sé cuairt ar Mheiriceá Thuaidh, áit nár sheas Raiftearaí riamh ann ach atá tábhachtach ina scéal.

Feicfear nach é a chum ceann de na nathanna is cáiliúla ar fad atá luaite leis agus déanfar athchruthú drámaíochta sa gclár seo ar chuid de na heachtraí is mó ina shaol. Orthu sin atá páirteach, tá an Dr Nollaig Ó Muraile, an tOllamh Gearóid Denvir, Máirtín Jamsie Ó Flatharta, Collette Nic Aodha, Treasa Ní Cheannabháin, Máirtín Tom Sheáinín, Naisirín Elsafty, Caitríona Ní Cheannabháin agus Jimí Ó Ceannabháin. Is iad Aindrias de Staic, Naoise Ó Gibne agus Domhnall Ó Braonáin a ghlacann páirt Raiftearaí ag tréimhsí éagsúla a shaoil.

An comhlacht Sónta a léirigh do TG4 agus fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís.

11.5.10

Indreabhán i mí Bealtaine

Tá sé beagnach i am do Phléaracha Chonamara. Deireann siad ar a suíomh: "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."

Is In Indreabhán i gCois Fhairrge a bheidh sé i mbliana ar feadh trí lá agus oíche ón 20ú lá Bhealtaine. Is íontach clár na himeachtaí atá acu.

Sé Páidí Ó Lionáird a ósclódh na féile i dTí Chualáin agus is cosúil go mbeidh seó go maidin ann le léiriú ag Fíbín, bronnadh Gradam Phléaracha, seoladh Iris Phléaracha 2010 agus ceol le Beartla Ó Domhnaill & Ceann Gólaim, agus na himeachtaí go léir á stiúradh ag Máirtín Tom Sheánain. Agus níl ansin ach an tús!

Tá an trí lá eile lán de himeachtaí don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil ró óg. Mar shampla tá Seisiún an Phléaracha le bheith ar siúil go déanach ar an Aoine - "Scannán amuigh faoin aer" a deireann an clár! Agus oíche Shathairn tá láithreoir dosmachtaithe Raidío na Gaeltachta, Rónán "Beo" Mac Aodha Bhuí le bheith sa Póitín Stil lena Chabaret Craiceáilte.

Agus ar an oíche deireannach beidh comortas damhsa ar an sean nós, arís sa Poitín Stil nuair a scaoileadh Johhny Connolly a mheleodeon arís dúinn!

AN MBEIDH TÚ ANN?
Má tá tusa le bheith ann tá leathanach Facebook ag Pléaracha...

27.4.10

Ó pheann an Phiarsaigh

Scannán nua taibhsiúil faoina scríbhinní stiúrtha ag Alan Gilsenan

Is ag teach a mhuintire, i mBaile Átha Cliath a seoladh tráthnóna scannán nua a thugann léargas fileata ar scríbhinní Phádraig Mhic Phiarais. B’é Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, Bob Collins a sheol an scannán.

Scannán nua ón duais-stiúrthóir Alan Gilsenan é Ó Pheann an Phiarsaigh, aiste fhíse a fhéachann le meon agus aisling Mhic Phiarais mar a chuir seisean in iúl iad ina chuid scríbhinní a chur i láthair le cabhair na samhlaíochta scannán. Sa saothar nua tábhachtach seo, féachann Alan Gilsenan ar fhís an Phiarsaigh a chur inár láthair gan aige ach focla an fhir féin agus montage íomhánna a tharraingíonn ó chartlainn scannán sa tír seo agus i gcéin: Cartlann Scannán na hÉireann,(Béarla) Iarsmalann an Phiarsaigh, Fáilte Ireland,(Béarla), Gael Linn, Bailiúchán Clarke, NASA (Béarla) agus The U.S. Library of Congress. (Béarla)

Pearsa casta ab ea an Piarsach agus tá an dá thuairim ann inniu faoina fhealsúnacht agus faoina oidhreacht. Dar le daoine áirithe is laoch ildánach é, ceannaire agus saighdiúir cróga Poblachtach, file, drámadóir agus gearrscéalaí cumasach, oideachasóir nuálach agus réalta eolais d’Athbheochan na Gaeilge.

Dímheas atá air ag daoine eile a mheasann gur fear ar strae a bhí ann a bhí faoi dhraíocht ag an mbás agus ag an ngá le íobairt fhola agus duine a raibh amhras faoina oiriúnacht mar mhúinteoir do bhuachaillí óga ar chúinsí go leor.

Fuair an togra seo maoiniú ó TG4 agus ón gComhairle Ealaíon ar aon faoin scéim Splanc! agus ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Alan Gilsenan a chruthaigh agus a stiúraigh, Martin Mahon ó Yellow Asylum Films a léirigh agus is iad Emer Reynolds & Oliver Fallen a chuir an saothar in eagar. Is iad Darach Mac Con Iomaire agus Alan Gilsenan a labhraíonn focail an Phiarsaigh sa scannán.

29.1.10

Taispeántas scannáin Bhob Quinn

Ar an dara Máirt de gach mí bíonn Club Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe mar ionad do shraith oícheanta chultúrtha. Don cheathrú oíche den sraith Airneáin sa Chathairbeidh Bob Quinn scríbhneoir agus scannánóir - Cinegael (Béarla) - ag tabhairt taispeántas ar a chlár faisnéise “Fly Tippers”. Is léargas iontach é seo ar ghrúpa daoine as Conamara a bhí ag maireachtáil i Londain sna hochtóidí. Beidh sé ar siúl ar an Máirt, 9 Feabhra 2010 ag 8:15 i.n.

Tá taifead déanta ag Bob Quinn ar saol iarthar na tíre anois ar feadh dhá scór bliain go háirithe sa Ghaeltacht agus i gConamara. Mar thoradh ar seo, tá an-cháil ar a chuid scileanna griangrafadóireachta agus scannánaíochta. Tá roinnt mhaith dhá chuid saothair bunaithe timpeall ar an Ind, an Aifric agus na Stáit Aontaithe. Tá cuid acu ar thaispeántas i nGaillimh agus in L.A. freisin, rud a leiríonn a stádas mar ealaíontóir den chéad scoth.

Tógadh i mBaile Átha Claith é agus thrial sé roinnt postanna sular shocraigh sé ar phost mar láithreoir teilifíse nuair a bhí sé seacht mbliana is fichead d’aois. I 1969 rinne sé deoraíocht ar fhéin go Conamara, an áit a tugadh a shaothair faoi deara don chéad uair. Sa bhliain 1973 nuair theastaigh ó Cinegael, le Seosamh Ó Cuaig agus Toni Cristofides (nach maireann) áilleacht iarthar na hÉireann a chaomhnú, d’fhás cáil Quinn de bharr a chuid scileanna taifeada.

Ó shin i leith tá roinnt gradam faighte aige de bharr a chuid saothair scannáníochta: Poitín (1977), the Atlantean Trilogy (1981-1984), Dunaway (1987), The Bishop’s Story (1994), The Atlantacans: Navagatio (1998) agus an ceann is déanaí Vox Humana (2008). B’iad na gradaim is suntasaigh a bhfuil faighte ag Quinn ná iad seo a leanas: i 1988 toghadh é mar bhaill d’Aosdána, Pairlimint Ealaíona na hÉireann agus i 2001 thug Institúid Scannánaíochta na hÉireann (Béarla) an gradam dó i gcomhair an “t-éacht daonna is fearr”.

Leis an sraith oícheanta chultúrtha seo “Airneán sa Chathair” tá sé i gceist pobal mhór Gaeilge na Gaillimhe agus go deimhin mórthimpeall a thabhairt le chéile. I Mí Márta beidh Máire Holmes ag cur oíche filíochta i láthair le Seosamh Ó Guairim agus Collette Nic Aodha mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin, i mí Aibreáin táimid ag súil go mór le ceolchoirm beag ó Áine Ní Dhroighneáin.

Chun costais a chlúdú beidh táille €5.00 ar an doras, €3.00 ráta lascaine. Tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ann chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do na healaíntóirí iontacha seo. Bígí ann más fidir libh. Fáilte roimh chách!

21.10.09

Seanbhróg

Dráma Nua le Darach Ó Scolaí

Léireofar dráma nua géarchúiseach grinn leis an scríbhneoir iomráiteach Darach Ó Scolaí sa Project Arts Centre i mBÁC i mí Deireadh Fomhair 2009. Is iad an compántas gairmiúil amharclannaíochta Salamandar atá i mbun léirithe

Suite sa bhliain 1171, caitheann An tSeanbhróg súil úr ghreannmhar ar an stair agus ar an Éireannachas. Agus é faoi thionchur a chomrádaí glic Muiris, tá an ridire buacach Normannach Gearóid idir dhá chomhairle: a bheith dílis dá Rí thall i Londain nó ríocht nua a chruthú dó féin san oileán iathghlas seo atá curtha faoi chois acu. Deirtear gurb iad na buaiteoirí a scríobhann an stair ach céard a thárlaíonn nuair a deir na buaiteoirí gurb iad féin a chaill?!

Léiriú eile é An tSeanbhróg ar bhua Uí Scolaí mar cheardaí pinn a bhfuil faobhar ar a chuid focal agus é ag fí greann nádúrtha dúchasach Chonamara as fáithim thragóideach na daonnachta. Drámaíocht nua, dhána, fhisiciúil í seo a thagann sna sála ar shár-léirithe rathúla eileSalamandar a léiríodh le deireanas 'Craos' & 'An Braon Aníos'.


Le Darach Mac Con Iomaire (Cré na Cille) ag stiúradh agus Seán Ó Flaithearta i mbun dearadh stáitse, tugann An tSeanbhróg roinnt de na pearsana is aitheanta i ndomhan na drámaíochta Gaeilge i gcomhpháirtíocht le chéile arís. Orthu siúd tá na haisteoirí Seán Ó Meallaigh, Marcus Lamb & Eoin Geoghegan, agus an cumadóir clúiteach ceoil Rachel Holstead.

Osclóidh An tSeanbhróg sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath ón Mháirt 20 - go Satharn 24 Deireadh Fómhair sula dtabharfar aghaidh ar an Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón gCéadaoin 28 - go Satharn 31 Deireadh Fómhair, mar chuid d'Oireachtas na Gaeilge.