Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh le cruinniú poiblí ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite (dár críoch 21 Bealtaine!), tá sé socraithe go gcuirfear scór áit ar leataobh do rannpháirtithe as Conamara ar an gclár 'Begin Again' (Béarla) atá dírithe ar dhaoine dífhostaithe a fháil ar ais ag obair. Is clár náisiúnta é seo a chuireann tréimhsí taithí oibre ar fáil do dhaoine le comhlachtaí agus as an 400 duine a ghlac páirt sa scéim anuraidh fuair 240 duine acu post buan ina dhiaidh. Tá cruinnithe poiblí dhá eagrú anois i gCois Fharraige, Ros Muc agus in Iorras Aithneach le daoine a chuir ar an eolas faoin gclár agus na deiseanna atá ar fáil ann.
Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag tacú le forbairt an chláir i gConamara, ag moladh do dhaoine atá dífhostaithe faoi láthair agus d’fhostoirí atá ag lorg daoine le scileanna faoi leith, teacht chuig na cruinnithe eolais i Ros Muc idir a 3 agus a 5 a chlog agus i gCill Chiaráin ag a 7 a chlog Dé Luain seo chugainn (29 Bealtaine'11) agus in Óstán na Páirce sa Spidéal ag a 8 a chlog ar an Mháirt (30 Bealtaine), faoin gclár tacaíochta fostaíochta ‘Begin Again’.
‘Tá comhlachtaí amuigh ansin a bhfuil scileanna agus ceirdeanna faoi leith ag teastáil uathu’, a deir an Seanadóir Ó Clochartaigh. ‘Tá daoine ann chomh maith nach bhfuil ag iarraidh a bheith díomhaoin. Sa chlár seo déantar cineál cleamhnas eatarthu seo, áit a fhaigheann an duine dífhostaithe deis taispeáint d’fhostóir cén chumas atá iontu agus gur féidir leis an bhfostóir scileanna an té sin a mheas thar tréimhse trí mhí. Coinníonn rannpháirtithe a gcuid cearta leasa shóisialaigh ar fad agus faigheann siad tacaíocht bhreise i leith costais. Cuirtear traenáil agus tacaíocht phearsanta ar fáil chomh maith dóibh le linn an tréimhse. Go minic taréis an phroiséas seo bíonn caidreamh maith cothaithe agus socraíonn an chomhlacht post a thairiscint don duine. Tá gach duine ag buachan.’
Is togra náisiúnta atá in ‘Begin Again’ atá faoi scáth Aonad na Náisiúnta na hÉireann um Shárchumas Gnó (Irish Centre for Business Excellence) (Béarla). Tá sé ar siúl ó lár 2010 le tacaíocht ón Roinn Oideachas & Scileanna. Beidh ionadaithe ón gclár ar fáil Dé Luain le cur síos a dhéanamh air agus le ceisteanna a fhreagairt faoi.
Is féidir clárú ar-líne don chlár chomh maith le breis eolais a fháil ag www.beginagain.ie (Béarla) nó glaoch air comhordaitheoir an chláir san Iarthar, Mike Gaffney ag 087-9973575.
Showing posts with label Ceathrú Rua. Show all posts
Showing posts with label Ceathrú Rua. Show all posts
24.5.11
1.6.10
Athraithe agus nuacht eaglasta eile
Fógraíodh an-chuid athraithe agus nuacht in Árd Deoise Thuama (Béarla) le déanaí.Tá beirt shagart An Chnoic/An Tulach, an tAth Micheál Ó Flannara agus an Ath Colm Ó Ceanabháin le h-éirí as, mar atá an tAth Pádraigh Audley ar an gCeathrú Rua. Tá an tAth Liam Ó Raghalaigh ón Fhairche le bheith mar Sagart Paróiste An Chnoic/An Tulach. Ní bheidh sagart lonnaithe ar an dTulach. Tá an tAth Ciarán de Blaca le haistriú ó Árainn go dtí an Ceathrú Rua mar Sagart Paróiste agus tá an tAth Micheál Ó Mainín ag dul go hÁrainn ó Chathair na Mairt. Tá an tAth Pádraig Standún ag dul go Charna ó Thuar Mhic Éadaigh agus an Sagart in gCarna, An tAth Pádraigh Ó Conaola ag dul go dtí an Fhairche/Cor na Móna.
Fógraíodh leis ón Vatacáin, go bhfuil Árdeaspaigh Otawa (Canada) Terrence Thomas Prendergast, (Fraincís) ceapaithe ag an bPápa Benedict mar Cuairteoir Aspalda ar Árd Deoise Thuama le scrudú níos doimhne a dhéanamh ar na socraithe atá déanta ag an Eaglais anseo le sabhaltacht leanaí a threisiú. Tá cuairteoirí eile ainmnithe aige do na trí árddeoisí eiule sa tír agus duine eile le scrúdú ar an institiúidí rialta sa tír.
Nach ait an rud é go bhfuil leathanaigh Árdeoise Ottawa in bhFraincís agus Béarla agus nach bhfuil ach Bearla ag Árd Deoise Thuama?
Subscribe to:
Posts (Atom)

