Showing posts with label An Cnoc. Show all posts
Showing posts with label An Cnoc. Show all posts
11.7.14
Tacaíocht i gCois Fharraige!
Tá ionad álainn tógtha ag pobal Chois Fharraige in aice le Séipéil an Chnoic. Ionad tacaíochta teaghlaigh an cheantair atá ann. Glaotar An Crann Taca air.
Foilsíodh scánáinín beag le déanaí ag taispeáint chuid den obair atá ar siúl ann leis an páistí óga a deireann i bhfad níos éifeachtaí céard tá ar siúl ná aon fhocal uaimse.
Lipéid
An Cnoc,
Cois Fharraige,
Conamara,
Duchasach,
Gaeltacht,
Páistí,
Teaghlach,
Tuismitheoirí
2.1.12
Cuireadh ón sagart!
Tá cónaí orainn-ne i bPáróiste an Chnoic i gCois Fharraige (Árd Deoise Thuama - Béarla!) . Bainmuid leis an dar séipéal sa pharóiste, Séipéal na Tullaí - séipéal stairiúil mar a thárlaíonn sé mar bé Séipéal Naomh Colmcille na Tullaí an chéad séipéal in Éirinn a tógadh faoi rialacha nua a tháining as an dara Comhairle Vatacáine sna seascadaí. Sé sin an céad eaglais sa tír a tógadh leis an altóir oiriúnach do íobairt an Aifrinn agus an sagart ag seasamh len a aghaidh i dtreo an phoball. Romhe sin ba i Laidin agus lena dhroim don bpoball a deineadh an gnás Eocharaisteach - le ceithre chéad agus bfhéidir i bhfad níos mó bliaina. Ach ní faoi seo atá mé ag scríobh!
Tá sé de nós nuachtlitir beag a bheith again sa pharóiste le tamall anuas. Bíonn nuacht áitiúil, fógraí amantai Aifrinn agus rudaí suimiúla eile ann. Chuir mé spéis sa píosa seo, ó pheann an t-sagairt pháróiste, a bhí ann ar an Domhnach.
"Oíche Nollag/Lá Nollag
Bhí sé íontach an slua mór a fheicheál ag Aifreann na Nollag. Bhí sé deas daoine a fheiceáil ann nach bhfaca mé le píosa, b'fhéidir nach bhfaca mé aríamh ann, comh maith leis na daoine a fheicim ann go rialta. Is fíor sin faoi chuile duine idir sean agus óg ach caithfidh mé a rá go raibh sé íontach uilig an méid daoine óga a fheiceáil.
"Níl fhios agam cén fáth a raibh tú ann. B'fhéidir gur consias a bhí i gceist, b'fhéidir gur 'draíocht, na Nollag, b'fhéidir gur athnuachan creidimh, nó bfhéidir gur iarracht maith an ceann is fearr a fháil ar leisce, rud a bhíonn ar chuile dhuine againn ó amm go chéile ach nach bhfuil sé comh h-éasca ag cuid géileadh dó is mar atá ag cuid eile.
"Is cuma cén fath a raibh tú ann! Bhí tú ann agus bhí ár gcéiliúradh níos saibhre mar gheall go raibh tú ann. Iarraim oraibh uilig ach go háirithe ar na daoine óga iarracht a dhéanamh amach anseo an creidimh sin atá mé cinnte atá go domhain in bhur gcroí a athnuachan agus ar dtús, mar atá ráite agam cheanna, am a caitheamh le Dia chuile lá agus más féidir ar chor ar bith freastal ar an Aifreann níos rialta b'fhéidir ná mar a bhí sibh ag déanamh."
Ansin chuireann sé dúshlán eile ós a gcomhair:
"Iarraim oraibh ansin páirt níos gníomhaigh a ghlacadh mar léitheoirí nó mar ministéirí. Tógann sé creideamh agus má dhéanann sibh macnamh air tá mé cinnte go bhfuil an creideamh sách láidir ag formhór agaibh, agus tógann sé misneach. Ta súil agam go bhfuil an misneach ag go leor agaibh. .."
Ag an deireadh tá cuireadh tugtha aige. "Más maith le éinne ceist creidimh, nó léitheoireacht nó ministreacht a phlé beidh fáile rompu glaoch isteach am ar bith!"
![]() |
| Naomh Colmcille, An Tullaigh |

1.6.10
Athraithe agus nuacht eaglasta eile
Fógraíodh an-chuid athraithe agus nuacht in Árd Deoise Thuama (Béarla) le déanaí.Tá beirt shagart An Chnoic/An Tulach, an tAth Micheál Ó Flannara agus an Ath Colm Ó Ceanabháin le h-éirí as, mar atá an tAth Pádraigh Audley ar an gCeathrú Rua. Tá an tAth Liam Ó Raghalaigh ón Fhairche le bheith mar Sagart Paróiste An Chnoic/An Tulach. Ní bheidh sagart lonnaithe ar an dTulach. Tá an tAth Ciarán de Blaca le haistriú ó Árainn go dtí an Ceathrú Rua mar Sagart Paróiste agus tá an tAth Micheál Ó Mainín ag dul go hÁrainn ó Chathair na Mairt. Tá an tAth Pádraig Standún ag dul go Charna ó Thuar Mhic Éadaigh agus an Sagart in gCarna, An tAth Pádraigh Ó Conaola ag dul go dtí an Fhairche/Cor na Móna.
Fógraíodh leis ón Vatacáin, go bhfuil Árdeaspaigh Otawa (Canada) Terrence Thomas Prendergast, (Fraincís) ceapaithe ag an bPápa Benedict mar Cuairteoir Aspalda ar Árd Deoise Thuama le scrudú níos doimhne a dhéanamh ar na socraithe atá déanta ag an Eaglais anseo le sabhaltacht leanaí a threisiú. Tá cuairteoirí eile ainmnithe aige do na trí árddeoisí eiule sa tír agus duine eile le scrúdú ar an institiúidí rialta sa tír.
Nach ait an rud é go bhfuil leathanaigh Árdeoise Ottawa in bhFraincís agus Béarla agus nach bhfuil ach Bearla ag Árd Deoise Thuama?
Subscribe to:
Posts (Atom)