Showing posts with label Duais. Show all posts
Showing posts with label Duais. Show all posts

20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

15.11.12

An bua ag clocha Chonamara!

D'éirigh le Cuan nua Chill Rónáin an chéad duais a fháil mar an Tógra Innealtóireachta na Bliana 2012.  Is tré vótáil ar líne a roghnaíodh an tógra seo faoi choimirce BSL agus á stiúradh ag Cumann na nInnealtóirí. B'iad Punch Consulting (Béarla) as Dún Laoghaire a rinne an déaradh agus an taighde innealtóireachta agus timpeallachta.
An caladh á thógáil
Ar bhealach d'fhéadfá éacht inealtóireachta a thabhairt ar an scéim seo. Ní raibh cead clocha ón oileán féin a úsáid agus mar sin is ó Chonamara a tháinig siad. Is cuimhin liom na leoraithe móra ag gluaiseacht go trom agus an talamh ag crith futhu ag trial go Ros a'Mhíl. Is oth liom a rá gur briseadh gaothscáth an sean-charr s'againne le cloichín fánach a shaor ceann de na leoraithe ón mbóthar. Ach sin scéal eile!

Bhí costas an mhór ar an tionscadal de breis is €39m ach is fiú go mór gach pingin leis an feabhas atá ar shaol pobal Inis Mór. Anois tá caladh mór atá sabháilte ón dian-fharraige agus stoirimeacha Atlantach agus a thugann fothain do bháid agus réadmhaoin eile muintir Chill Rónáin. Scéim ollmhór atá ann agus clúdaíonn an calafort nua acair atá chomh mór le dhá oiread Pháirc an Chrocaigh. Tá an tonnchosc leath ciliméadar ar fháid.

Dúradh ag an tiolcadh san Ostán 4Seasons (Béarla) i mBaile Átha Cliath go bhfuil saol na ndaoine feabhsaithe cheana féin ag an gcaladh nua.