Showing posts with label Ceilteach. Show all posts
Showing posts with label Ceilteach. Show all posts

20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

11.5.11

Grand Prix ag TG4

Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla)  i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.

Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.

Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.

D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

22.4.10

Duais eile ag TG4

Duais Cheilteach buaite ag saothair aitheantais TG4

Pól Ó GallchóirThug saothar bolscaireachta TG4, idir mhíreanna aitheantais, theidil agus bhlaisíní an chraobh leis ag Féile na Meán Ceilteach 2010 san Iúr Co an Dúin.

Tá réimse saothair i gceist, idir bhlaisíní agus mhíreanna aitheantais. Is é Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin a bhí i mbun an togra, a chum foireann chruthaitheach TG4 féin agus a léiríodh le cabhair an comhlachta Super 68.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí seacht gclár agus saothar bolscaireachta le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana

TG4 Ardstiúrthóir Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha seo agus do lucht a gcruthaithe, idir fhoireann TG4, agus Super 68. "Is cruthúnas eile fós é an duais seo ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí," a dúirt sé.

Seo tuairisc ar an bhféile ó Nuacht 24