Showing posts with label Leabhar. Show all posts
Showing posts with label Leabhar. Show all posts

27.5.25

Comhghéill, dígeantacht agus oidhreacht...

Ar fáth amháin nó ar fáth eile ní thathnaíonn scríobhnóireacht Diarmaid Ferriter liom. Ar bhealach éigin sílim nach dtuigeann sé an meon Ghaelach. Chuile seans go bhfuil dul amú orm agus nach bhfuil ann ach claontacht i mo aigne féin. De bharr an reamhclaontacht sin ní cheannóin leabhair leis agus ní raibh spéis agam a chuid scribninní a léamh sna nuachtáin. An scríobhann sé i nGaeilge?

An tOllamh Diarmaid Ferriter
De gnáth ní nochtaim tuairimí mar sin le mo ghaolta agus ceapadh go mbeadh leabhair seo* oiriúnach domsa mar brontannas Nollag! De gnáth faighim roinnt mhaith leabhair do Nollag i nGaeilge & i mBéarla. Scríobh mé i dtaobh dhá leabhair a fuair mé don Nollaig cheanna féin anseo cúpla mí ó shin:
"Sáinithe", le Peadar G Ó Máille agus
"Sceal Messiah Handel", le Charles King.
Agus nuair an dá leabhair sin críochnaithe agam thug mé faoi leabhair sn Fheiritéirigh.

Leabhair staire ar na haithrithe sa tí ar bhealach é, nó b'fhéidir staidéar ar na haithraithe a tharla i bhfealsúnacht an Náisiún sa chúig agus dhá scór bhliain ó 1995 atá ann. Leabhair siamsúil atá an éasca le léamh.  Thaitin dhá chaibidil liom thár aon chuid eile den leabhair. Tá seacht caibidil ann chomh maith le réamhrá.

Bhí an caibidil faoin tuaisceart thár a bheith go maith - an bealach chun comhghéilleadh (nó chun comhréiteach?). Scéal a tharraingíonn an léitheoir isteach - pictiúir gearr gonta de na carachtair éagsúla, Hume, Trimble, George Mitchell, Mo Mowlem, Blair, Ahern, agus eile. Ar bhealach bhí sé cosúil le heachtra agus d;fhéadfá acoimre beacht déanta ag Ferriter de tré dán an fhile John Hume a úsáid.

"One in a lifetime

"The longed for tidal wave

"Of justice can rise up,

"and hope and history rhyme."

Ach ar ndóigh ní raibh sé foirfe ach i bhfocail fhile (John Montague) eile "we learn to live inside ruin like a second home." Ní mór dom a rá nach raibh mé i ann an leabhair a chur síos agus mé ag leamh an caibidil áirithe sin.

Scéal eile ar fad a bhí san píosa eile faoi drochíde agus mí-úsáid ghnéis ar leanaí agus ar mhná i scoileanna, dílleachtlanna, aonaid máithreacha agus páistí - an cuid is mó acu a reachtáil ag na hEaglasí, go mór mór an Eaglaas Caitliceach. Uiareanta bíonn an bhéim ar an eaglais amháin ach anseo sílim tá an an milleán dáilte go cothram idir cléir is tuath, eaglas agus stáit!  Cé go bhfuil mileán agus locht ar na reiligiúnaí a rinne an ciapadh gnéis & drochíde ar pháistí agus ar maithreacha, tugann an t-údar aird ar na húdaráis féin a bhí páirteach sa sna hiarrachtaí an cruatán, an t-anró, a cheilt, iad ag brath ar "the gimlet eye" an dlíodóir canónach. Ní déannann sé dearmad ar ról an stáit agus an síorthroid in éadan an mhaorlathais atá roimh gach íospartach fiú sa lá atá inniú ann.

Bhí díomá orm faoin laghad a bhí scríofa faoin dTeanga Náisiúnta. Tá sé "adhlactha" i foth halt sa caibidil faoi "Sruthanna cultúrtha agus cuimhneacháin" ag deireadh an leabhair. An dearcadh céanna is atá ag an Rialtas go soiléir anseo. I ndairíre níl ach beagáinín níos luath ná dhá leathannach (400-401) as 418 ata annina iomláin (seachas innéacs agus nótaí buíochais). Ach fiú sa phíosa beag bídeach sin bhí sé ábalta a rá  "there was clearly no integrated planning or coherent strategy for the language." Cé go lúann se reachtaíocht 2003 (faoi fhoilsiú tuairiscí stáit i Gaeilge) is ait liom nach luaitear bunú Oifig an Choimisinéara Teanga! B'fhiú don údar an aitheasc a thug An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag oscailt  Coláiste na hÉireann (Mean Fomhair 2013) nuair a dúirt se go shoiléir: "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".

Mar a dúirt mé tá an leabhar seo so-léite. Tá innéacs cuimsitheach ann agus liosta acmhainní, URI (aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne) san áireamh. Fiú le mo chuid reamhclaontachta thaitn an leabhair liom agus chuir sé le mo chuid eolais ar stair na tíre leis an tréimhse seo de mo shaol agus saol na hÉireann


*The Revelation of Ireland 1995-2020 - Diarmaid Ferriter, Profile Books, London, 2024, ISBN 978 1 80081 094 5

21.2.25

Céasadh bhuachalla!

Bhí mé istigh i siopa Chló Iarchonnachta le leabhair áirithe a cheannach, nó le firinne a rá le taispeáint le mo bhean cé leabhair a thaistigh uaim mar bronntanas Nollag!  D'aimsíomar an leabhair sin agus ansin chonaic me leabhar eile a chuala mé trácht air. Thóg mé suas é agus dúirt mé rud éigin faoin leabhair gur chuala mé caint faoi ar an Raidío. Is cosúil go bhfaca an bean a bhí i bhfeidhil sa siopa ag an am muid ag caint faoi. Mhol sí an leabhair go hard agus ansin dúirt mo bhean go gceannódh sí é sin chomh maith leis an leabhair eile. Cé nach raibh mé ró thóghtha le h-ábhar an leabhair cheannaigh muid é.*

Thosaigh mé á leamh nuair a bhí an stoirm  (Éowyn) ar siúl agus cé go bhfuil an ábhar cráiteach agus uafásach bhí sé an éasca le léamh. Bhí an Gaeilge deas nádúrtha ann agus bhí sé inseacht soiléar ar imeachti nó eachtraí a thárla don údar ina bhuachaill óg naoi mbliana d'aois agus an éifeacht a bhí air agus ar a shaol as sin amach mar bhí sé "sáinnithe!"

Léirmheas de chuid Alan Titley (Tuairisc 4/2/2025)
Cuntas coscrach corraitheach cróga ó Pheadar Ó Máille ar scéal uafáis!
Deineadh ionsaí gnéis uafásach air nuair a bhí sé sa bhunscoil ag Bráthair Proinsiscánach. Nuair a thárlaíonn rud mar sin do dhuine óg ar dtús tuigeann siad gur rud neamh gnách é agus ní thuigeann siad cad is ceart a dhéanamh faoi. Mar a deirewann sé sa insint seo thosaigh na bréaga ansin, bréag in ndiaidh bréag dá dtuismitheoirí, dá cháirde. Agus thosaig an dímheas air féin a chuir isteach ar a shaol nó mar a deireann sé fhéin an "Léirmheastóir Inmheanach" á chrá i gcónaí. Ní raibh aon faoiseamh dairíre aige go dtí gur roinn sé a thárla lena chlann féin, a bhean agus a mhac.

Bhí dhá mír den leabhair a chuaig i bhfeidhm ormsa níos mó ná an deich gcaibidil eile.

Tá an chuir síos aige ar an eachtra agus ar smaointe buachaill óg ina dhiaidh sa caibidil "M'Óige Millte." Chuireadh sé ag caoineadh thú agus ag am n am ceanna deanfadh sé feargach thú an díobháil a rinne an Bráthar seo ar lead óg neamhurchóideach, fiú saonta. Mothaíonn tú an crá croí, an uafás, agus an mearbhall intinne in aigne bhuachaill óg ar na leathanaigh.

Téann a shaol ar aghaidh agus a crois seo A iompair aige agus ansin oíche amháin blianta ina dhiaidh bíonn sé ag breathnu ar an nuacht ar an teilifís. Scéal an sagart Norberteach Brendan Smyth a bhí ann agus mhúscail sé an rún istigh ina chroí is a aigne arist. Chuir sé isteach ar a chuid sláinte agus thuig a chlann go raibh rud éigin ag chuir isteach go mór air. Diaidh ar ndiadh d'éirigh leis dul i bhfeidhm ar a chuid smaointe agus ar a chuimhne ar na rudaí uafásacha a thárla do.

Eaglais gan  Críost!
Tá caibidil ann faoin eaglais agus an bealach ar thréig sé é - agus ar thréigh sí an chuid dá páistí. I bhfocal stairí Diarmuid Feirriter "Eaglais Caitliceach a thréigh a Críostaíocht", ach ar bhealach tá fhios againn faoi seo, na tuairiscí a foilsíodh agus tá fós á fhoilsiú. Níl mé ag rá go bhfuil muid tuirseach de seo ach b'fhéidir go bhfuil muid imithe i dtaithí ar teip na hEaglaise. Mar sin féin is fiú dearcadh an údair a thuiscint tréna shuile.

Ach mar a dúirt Joe Lee ina leabhair "Irelnd 1912-1985" Cé gur ceart cúrsaí Eaglasta a scrúdú ní hiad an t-aon dream gur ceart iniúcadh a dhéanamh ortha. Dá bhrí sin tá cur síos ar a rinne na Gardaí, an Roinn Sláinte agus an Rialtas. 

Éadóchas!
Is é an caibidil faoin Roinn Oideachas a chuir isteach orm níos mó ná aon scrudú eile atá sa leabhair seo. Téann suas go dtí an Rialta deireannach agus na ráitaisí, na scéimeanna cúiteamh, na bacanna a cuireadh ar na hIorbartaigh a d'fhulaing. Agus mé ag léamh bhi mé a smaoineamh go rabhadar níos measa ná aon dream eile, fiú an Eaglais féin! Rinneadar iarracht fiú idirdhealú idir scoileanna faoi chúram na hEaglaise (Bráithre, Sagairt, Mná Rialta) agus daltaí a bhí ag freastal ar scoileana faoi chúram stáit (Scoileanna Náisiúnta 7rl). Tá neart samplaí anseo de na baic leanúnacha, cleasanna dlí agus eile fiú dul thár timpeall breithiúnais na Cúirte Eorpaigh um Cearta an Duine, "Bhí agus tá freagracht ar an Stáit i gcás na n-íobartaigh/marthanóirí!" Ach mar a deireann sé faoin chaoi ar chaith an Roinn leo, "feileann an leasainm an Roinn Éadóchas dhi mar Roinn."

Is leabhir tabhachtach é seo agus is ceart é a thabhairt chuig gach ball den Roinn Oideachas, Sláinte agus ar ndóigh chuig gach uile ceannaire Eaglasta. Is fiú go mór dúinn go léir é a leamh agus foghlaim uaidh!

Tá brón ann, ach tá dóchas ann chomh maith dá liom. Seo fear a d'fhulaing, agus tá fós ag fulaingt ach bhi sé cróga go leor lena scéal a insint dúinn.

Go raibh síochán in aigne agus gliondar ina chroí. Tá seirbhís déanta aige dúinn go léir..


*Sáinnithe - Scéal Íobartaigh - Peadar G. Ó Máille; Cló Iar-Chonnacht 2024: ISBN 978-1-78444-290-3.


26.11.24

Idir Bhaile Atha Cliath agus Malaga!

Bhí an leabhar seo* ar mo seilfeanna le fada agus cosúil le an-chuid leabhair agam ann ní raibh sé léite go dtí seo.

Bhíomar ag dul ar thuras go dtí an Spáin, eitilt cuíosach fada agus mar sin bhi seans agam suí síos agus an chuid is mó de leabhair a léamh in aon tréimhse amháin.

Seán Ó Ciaráin a scríobh an leabhar. Níl mórán eolas agam faoin údar ach amháin go raibh baint aige le Glún na Bua agus go mbíodh sé ag scríobh in Inniú. Is cosúil gur seo leabhair a foilsíódh in ndiaidh a bháis. 

Scéal maith atá ann. Tosnaíonn sé sa Rúis agus cosúil go bhfuil duine cosúil le Gorbachov mar uachtarán. Níl lucht an airm ró shásta go bhfuil se ann agus bhíodar a lorg seans deire a chuir leis an réimis. Tá an-chuid ar siúl sa domhain ag an am. Spiairí,feallmharfóirí, scéimirí agus eile sa tSeapáin, sa tSín, sa bhFrainc, na Státaí agus Iosráel. D'fhéadfadh sé a bheith sa lá inniú. Agus ar ndóigh ta an taicsean go léir in Éirinn mar d'athain bleachtaire Éireannach duine de na feallmharfóirí ag Aerphort Bhaile Átha Cliath.

Is fada a léigh me leabhar mar seo. Thaistigh uaim a fháil amach cad a thárlódh ó leathanach go leathannach. Ba scéalaí maith an údar.

Ar ndóigh ní litríocht léannta atá ann agus mar sin bhí sé thar a bheith éasca é a léamh. Tá aiste ag G K Chesterton, "In defense of Penny Dreadfuls" agus b'fhéidir gur ceann díobh siú atá sa scéal seo. Deireann sé go bhfuil an "novelette ... ignorant in a literary sense, which is only like saying that a modern novel is ignorant in the chemical sense, or the economic sense, or the astronomical sense; but it is not vulgar intrinsically—it is the actual centre of a million flaming imaginations."#1

Ní litríocht é ach tá scéal maith ann agus é inste go maith agus soiléir.

Críochnaigh mé in aon turas é idir Bhaile Átha Cliath agus Malaga.


* Beirt le Marú, Seán Ó Ciaruáin,2004, Coiscéim.
#1 as The Defendant (Béarla)

30.9.24

Uimhreacha!

Agus mé óg chaith mé seal mar noibhiseach le Bhráthaire an Toirbhirte i gCorcaigh, nó le "Na Manaigh" mar a glaotar oratha sa chathair sin. Is meascan ceart de bhuachailí a bhí ann ar ndóigh ó chuile chríoch den tír ó Charraig Airt ó thuaidh go Beanntraí ó dheas, ón Garastún i bhFearmanach go Cromghlinn, Bhaile Átha Cliath, ón chroí lár na tuaithe agus croí lár na cathrach.

Cuireadh san i gcuimhne dom is mé ag léamh leabhar a fuair mé níos mó ná caoga bhliain ó sin ach a luí gan léamh ar an tseilf, (tá roinnt eile mar sin ann fós faraoir). Leabhar le Pádraigh Ua Maoileain an labhair faoi na fír óga ag traenáil le bheith sna Garda Síochána. "De Réir Uimhreacha" an leabhair agus tagairt san tideal sin ar an nós acu uimhir, seacha ainm a úsáid sa dtaifid. Bhí sé mar sin dom-sa sna Bhráthair - uimh 81 a bhí ormsa nuair a thosaigh mé go dtí go bhfusair mé ainm naomh níos deanaí nuair thóg mé módh sealadach don céad uair.

Ach i bhfad níos mó ná sin bhí an difríocht idir na fir óga, go mór mór leads ó gcathair agus leads ón tuath. Ní nach ionadh an difríocht sin - an cuid is mó ón tuadh b'as timpeallacht feirmeoireachta agus dúlrach. Ar ndóigh cheap chuid de na leads ón gcathair go raibh siad níos sofaisticiúla ná na "culchies." Aghus is beag meas a bhí ag leads na tuaithe ar "Jackeens" Bhleath Cliath.

Ta an chuir síos sa leabhair seo ar an diffríocht idir na hiarrthóirí eagsúla, cuid acu neamhurchóideach aineolach agus cuid eile cineál uile-eagnaí ar chúrsaí an tsaoil. Ach ar bhealach bhí an dhá dream aineolach agus neamhurchóideach ar bhealach éagsúil.

Léiríonn an Udar an éagsúileacht agus an fhás ag na rúcach agus iad a traenáil. I gceann ceathrú an fhorsa i bPaírc an Fhionn Uisce atá sé suite. Tá an phictiúir ar a saol agus iad ag dul i dtaithí ar cleactadh an fhorsa. Tá bealach faoi leith ag an údar agus léiríonn sé na scealtaí agus na heachtraí le géar greann uaireanta. Ní úrscéal atá ann cé go leannan sé na traenálaithe trén am sa "choláiste."

Ach ag a deireadh tá eipilógue le cur sios ar conas mar a bhí siad cúig bliain is fiche ó chuadar amach mar Garda ar dualgas.

Bhuail mé leis an údar ag ocáid éigin agus thug sé síob dom agus dúirt mé liom go raibh duine éigin a rá go raibh ábah an leabhar "salach" agus náß cvoir í a leamh. Rinne sé gáire agus dúirt go éaspa corraí a chuir ar dhaoine áirithe. Bhí an ceart aige agus má bhí an leabhair salach níor thug mé sin faoi dearadh. Faraoir?

Leabhair éasca le léamh agus taitn sé liom.


• De Réir Uimhreacha, Pádraig Ua Maoileoin,Muintir an Dúna, BÁC11, 1969; Pictiúirí Seamus Ó Dúgáin

22.7.24

Pablo Moreno.

Chuir alt ag Aonghus Ó hAlmhain ar bhóithre na smaointe le deanaí mé. Alt faoi Deasún Breathnach údar agus iriseoir ((1921–2007)1, a bhí gníomhach i ngluaiseacht na teanga agus mé níos óige. Bhí spéis agam san alt mar bé a leabhar "An Fáinne Arabach" a scríobh sé san caogadaí an chead leabhaer Gaeilge a léigh me mé féin is mé ar scoil.

Taitn an leabhar chomh mait sin liom gur léigh mé an dara leabhair, "An Dealbha Spáinneach" ina dhiadh2. I ndairíre ni h-é gur thaitn an leabhar liom ach go raibh íonts orm go raibh mé i ann an chuid is mó den Ghaeilge ann a thuiscint agus go raibh mé ábalta a bheith sáite sna scealta. Ní dhearanm é dearmad ríomh ar ainm an príomh fhrithlaoch, Bithiúnach amach is amach a bhí ann. Spáinneach murtallach, Pablo Moreno. Nach aisteach san?

Tá an dá leabhair fós agam agus thóg mé an"An Fáinne Arabach" amach len é a léamh aríst agus thaitn sé liom arist liom agus cé go raibh a sceal dearmadta agam bhi ár gcara Moreno, chomh holc agus chomh sáite sa scéimheoireacht agus a cheap mé. Tá an dara leabhar anois aimsithe sa chartlann agam le léamh.

Nuair a d'fhag mé an scoil bhíodh mé gníomhach le trí nó ceithre bhliana i gConradh na Gaeilge agus bhí cáil ar Dheasún mar gníomhaí teanga a bhí sásts dul i bpriosún ar a son. Ní raibh sé sásta árachas a thógaint amach ar a shean charr mar nach raibh sé le fáil sa Teanga Náisiúnta. Cuireadh i bpríosún é mar ní rabh sé sásta an fíneáil (nach raibh chomh mó sa) a íoch. Ar deireadh d'íochfaidh duine ganainm é agu ligeadh amach as géibhinn é. Ar deireadh bhí Comhlucht Árachas amháin, An PMPA, sásta an gnó a dhéanamh tré mheán an Ghaeilge.

Thug sé síob abhaile liom ó Uimh 6 oíche agsu dúirt mé leis go raibh a leabhair léite agam.

"Ar thaitn sé leat" a dúirt sé.

Seans go raibh sé ag lorg léirthuiscint chriticiúil uaim ach níor dúirt me ach gur thaitn sé liom. Ní raibh go leor misneach i mo chumas Ghaeilge dul isteach níos doimhne sa scéal.

Is cuimhin liom go nglaodh "Ho Chi Minh" air mar bhí cosúileacht éigin leis an ceannaire i Viet Nam ag an amm 


1 Tá níos mó eolas faoi Dheasún Breathnach san alt seoi in Ainm.ie.
2 Foilsíodh an dá leabhair seo ag FNT sa bhliain 1960