Chríochnaigh mé leabhair Rónáin Mhic an Iomaire ar Ghluiseach Cearta Sibialta na Gaeltachta*, agus léigh mé dhá leabhair eile - taobh istigh le dhá seachtain. Níl fhios agam caithain a rinne mé é sin cheanna!
Mar a dúirt mé cheanna bhí an suim agam sa leabhair Gluaiseacht, mar is cuimhingn liom go maith nuair a bhí sé na cúrsaí sin ag tárluint agus rinne mé iarracht cabhrú leis ó Bhaile Átha Cliath. Is cuimhin liom bheith sa Bonnán Buí, club de chuid Chaitlín Maude, agus Máirtín Ó Cadhain ann ár ngriosadh agus muid ag chur seoltaí ar chlúdaigh don toghchán. Uiar eile bhí dorn beag againn i gcarr agus rinneamar na comharthaí bóithre ó Bhearna go Carna a phéinteáil oíche. Bhí aithne agam ar Des Fennell agus thuig mé an "teannas" abhí idir a dhearcadh ar chúrsaí agus an dearcadh a bhí ag an-cuid sa "Ghluaiseacht." Tá sé seo léirithe ag an údar go h-an soiléir sa leabhair.
Ar éirigh leis an Gluaiseacht? D'éirigh agus níor éirigh. An teip is mó dár liom nár nár éirigh leo Údarás ceart Gaeltachta a fháil, údarás ag feidhmiú mar údarás ceart áitiúl do phobal na Gaeltachta. Mar a deireann Rónán tá obair fós le déanamg ach go bhfuil spreacadh fós san iolar!
Nuair a bhí sé sin críochnaithe agam léim mé isteach i leabhair eile a bhí an difriúl ina ábhar - cúrsaí ceoil sa ochtú aois déag. Scéal oratóra Georg Friedrich Handel, "Messiah"1. Bhí fhios agam go raibh a céid léiriú den píosa álainn ceoli i Sráid Sheamlas an Éisc i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1741. Ach is beag eile eolas a bhí agam.
Bí ar do chompórd (Be comforted)! Is mar sero a thosnaíonn gach léiriú de "Messiah." Is maith é mar gach uair a cloisim an ceol sin - agus ní an loinneog Halleluia amháin - tagann cineál suimhneas orm.
Bhí fhios agam gur Gearmánach a bhi ann, go raibh sé ag obair faoi Toghthóir Hannover thoir ansin ach go raibh sé beagáinín corathónach agus chuaig sé go Londain sa bhliain 1711. Ní raibh sé ann i bhfad sula bhfuair Banríon Áine bás agus bhí fadhb ag Sasana duine a fháil a bhí ina protustúnach le bheith ina Rí ortha. Chuadar tré an craobh ghinealaigh agus fuaireadar amach gurb air Toghthóir Hannover a thit an onóir. B'shin Seoirse I a tháinig i réim sa bhliain 1714. Bhí an cháil ar Handel agus rinne tá fós cáil ar roinnt dá bhfuil scríofa aige do Rithe Shasana, "Zadoc an Sagart", "Ceol an Uisce" ach thár aon rud eile an píosa úd "Messiah."
Tosnaíonn an leabhair le scéal duine nár chuala mé trácht air go dtí seo, Charles Jennens. Ach is duine an tabhachtach é sa scéal mar gan é is ar éigin go mbeadh an trathnóna stairiúil úd ar an 13ú lá deag 1743 i "Neale's Musick Hall" ar Shráid Sheamlas an Éisc! Ba úinéir talún saibhir a bhí i Jennens agus caith sé a chuid ama ag staidéar agus ag scríobh. Chuir se cuid dá iarrachtaí chuig Handel agus uaireant bhain Handal úsáid astu mar leabhróg in oratóra mar " Saul " a chum Handel sa bhliain 1735.
Ba fear gnó é Handel thár rud ar bith eile. Mar aon le Shakespeare roimhe bhí sé ag obair le airgead a dhéanamh. Is cosúil go raibh cáil thár na bearta air agus bhí sé ag cumadh ceoldrámaí mar aon leis na oratóirí. Mar sin nuair a chuir Jennens na focail don "Messiah" go luath sna daicheadí. Bhí Handel ag obair air anois is arís sular chuigh sé go hÉirinn ar chuireadh ón Tiarna Devonshire, Fear Inad an Rí ag an am. Ní mór ná sásta a bhi Jennens nuair a chuala sé go raibh Hnadel imithe go hÉirinn leis.
![]() |
Sráid Sheamlas an Éisc, BÁC |
Téann an údar go mionn sna cúlscéalta - coimhlint na Stiobhrtach le Tí Hannover, aisteoir mná i dtrioblóid, Déan Swift, páistí tréigthe, sclábhaíocht Mhoslamach agus eile.
Chuir sé leabhar Mhic an Iomaire i gcuimhne dom sa bhealach sin. Ba faoin Messiah nó fain nGluaiseacht a bhíodar go príomha ach bhí na cúl scéalta chomh suimiúil leis an bpríomh ábhar.
D'fhéadfá sult-léitheoireacht a thabhairt ortha!
*An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, - Rónán Mac Con Iomaire; Cló Iarchonnacht 2024; ISBN 978-1-78444-291-0
1 Every Valley, The story of Handel's Messiah, - Charles King; The Bodley Head, 2044; ISBN 9781847928450
No comments:
Post a Comment