21.2.25

Céasadh bhuachalla!

Bhí mé istigh i siopa Chló Iarchonnachta le leabhair áirithe a cheannach, nó le firinne a rá le taispeáint le mo bhean cé leabhair a thaistigh uaim mar bronntanas Nollag!  D'aimsíomar an leabhair sin agus ansin chonaic me leabhar eile a chuala mé trácht air. Thóg mé suas é agus dúirt mé rud éigin faoin leabhair gur chuala mé caint faoi ar an Raidío. Is cosúil go bhfaca an bean a bhí i bhfeidhil sa siopa ag an am muid ag caint faoi. Mhol sí an leabhair go hard agus ansin dúirt mo bhean go gceannódh sí é sin chomh maith leis an leabhair eile. Cé nach raibh mé ró thóghtha le h-ábhar an leabhair cheannaigh muid é.*

Thosaigh mé á leamh nuair a bhí an stoirm  (Éowyn) ar siúl agus cé go bhfuil an ábhar cráiteach agus uafásach bhí sé an éasca le léamh. Bhí an Gaeilge deas nádúrtha ann agus bhí sé inseacht soiléar ar imeachti nó eachtraí a thárla don údar ina bhuachaill óg naoi mbliana d'aois agus an éifeacht a bhí air agus ar a shaol as sin amach mar bhí sé "sáinnithe!"

Léirmheas de chuid Alan Titley (Tuairisc 4/2/2025)
Cuntas coscrach corraitheach cróga ó Pheadar Ó Máille ar scéal uafáis!
Deineadh ionsaí gnéis uafásach air nuair a bhí sé sa bhunscoil ag Bráthair Proinsiscánach. Nuair a thárlaíonn rud mar sin do dhuine óg ar dtús tuigeann siad gur rud neamh gnách é agus ní thuigeann siad cad is ceart a dhéanamh faoi. Mar a deirewann sé sa insint seo thosaigh na bréaga ansin, bréag in ndiaidh bréag dá dtuismitheoirí, dá cháirde. Agus thosaig an dímheas air féin a chuir isteach ar a shaol nó mar a deireann sé fhéin an "Léirmheastóir Inmheanach" á chrá i gcónaí. Ní raibh aon faoiseamh dairíre aige go dtí gur roinn sé a thárla lena chlann féin, a bhean agus a mhac.

Bhí dhá mír den leabhair a chuaig i bhfeidhm ormsa níos mó ná an deich gcaibidil eile.

Tá an chuir síos aige ar an eachtra agus ar smaointe buachaill óg ina dhiaidh sa caibidil "M'Óige Millte." Chuireadh sé ag caoineadh thú agus ag am n am ceanna deanfadh sé feargach thú an díobháil a rinne an Bráthar seo ar lead óg neamhurchóideach, fiú saonta. Mothaíonn tú an crá croí, an uafás, agus an mearbhall intinne in aigne bhuachaill óg ar na leathanaigh.

Téann a shaol ar aghaidh agus a crois seo A iompair aige agus ansin oíche amháin blianta ina dhiaidh bíonn sé ag breathnu ar an nuacht ar an teilifís. Scéal an sagart Norberteach Brendan Smyth a bhí ann agus mhúscail sé an rún istigh ina chroí is a aigne arist. Chuir sé isteach ar a chuid sláinte agus thuig a chlann go raibh rud éigin ag chuir isteach go mór air. Diaidh ar ndiadh d'éirigh leis dul i bhfeidhm ar a chuid smaointe agus ar a chuimhne ar na rudaí uafásacha a thárla do.

Eaglais gan  Críost!
Tá caibidil ann faoin eaglais agus an bealach ar thréig sé é - agus ar thréigh sí an chuid dá páistí. I bhfocal stairí Diarmuid Feirriter "Eaglais Caitliceach a thréigh a Críostaíocht", ach ar bhealach tá fhios againn faoi seo, na tuairiscí a foilsíodh agus tá fós á fhoilsiú. Níl mé ag rá go bhfuil muid tuirseach de seo ach b'fhéidir go bhfuil muid imithe i dtaithí ar teip na hEaglaise. Mar sin féin is fiú dearcadh an údair a thuiscint tréna shuile.

Ach mar a dúirt Joe Lee ina leabhair "Irelnd 1912-1985" Cé gur ceart cúrsaí Eaglasta a scrúdú ní hiad an t-aon dream gur ceart iniúcadh a dhéanamh ortha. Dá bhrí sin tá cur síos ar a rinne na Gardaí, an Roinn Sláinte agus an Rialtas. 

Éadóchas!
Is é an caibidil faoin Roinn Oideachas a chuir isteach orm níos mó ná aon scrudú eile atá sa leabhair seo. Téann suas go dtí an Rialta deireannach agus na ráitaisí, na scéimeanna cúiteamh, na bacanna a cuireadh ar na hIorbartaigh a d'fhulaing. Agus mé ag léamh bhi mé a smaoineamh go rabhadar níos measa ná aon dream eile, fiú an Eaglais féin! Rinneadar iarracht fiú idirdhealú idir scoileanna faoi chúram na hEaglaise (Bráithre, Sagairt, Mná Rialta) agus daltaí a bhí ag freastal ar scoileana faoi chúram stáit (Scoileanna Náisiúnta 7rl). Tá neart samplaí anseo de na baic leanúnacha, cleasanna dlí agus eile fiú dul thár timpeall breithiúnais na Cúirte Eorpaigh um Cearta an Duine, "Bhí agus tá freagracht ar an Stáit i gcás na n-íobartaigh/marthanóirí!" Ach mar a deireann sé faoin chaoi ar chaith an Roinn leo, "feileann an leasainm an Roinn Éadóchas dhi mar Roinn."

Is leabhir tabhachtach é seo agus is ceart é a thabhairt chuig gach ball den Roinn Oideachas, Sláinte agus ar ndóigh chuig gach uile ceannaire Eaglasta. Is fiú go mór dúinn go léir é a leamh agus foghlaim uaidh!

Tá brón ann, ach tá dóchas ann chomh maith dá liom. Seo fear a d'fhulaing, agus tá fós ag fulaingt ach bhi sé cróga go leor lena scéal a insint dúinn.

Go raibh síochán in aigne agus gliondar ina chroí. Tá seirbhís déanta aige dúinn go léir..


*Sáinnithe - Scéal Íobartaigh - Peadar G. Ó Máille; Cló Iar-Chonnacht 2024: ISBN 978-1-78444-290-3.


No comments:

Post a Comment