Bhíomar i Luimneach agus ag am lón bhí ocras orainn.
Dúirt cara linn go raibh proinnteach deas iasc ann ach rinneamar dearmad ar a ainm ach amháin go raibh sé in aice leis an bpríomh shráid. Rinneamar é a gúgláil agus cheapamar go raibh sé aimsithe againn ar Sr de Róiste ann.
Bhí an lá go dona, síorbháisteach agus fliuch agus cheapas go mbeadh sé deachair áit páirceála a fháil ach bhí an t-adh linn. Ní raibh innil ann le ticéad páirceála a fháil mar is cosúil go n-úsáidtear diosca páirceála ann. D'aimsíomar siopa le diosca a cheannach - cinneál scríobhcarta a bhí ann - agus chuireamar ar dheais ár gcarr.
Ansin chuamar thuas go dtí Sr Uí Chonaill agus go dtí an Sráid ar a raibh an áit a bhí á lorg againn.
Mortells an t-ainm a bhí ar an áit agua ach amháin gur raibh fhios againn gurb é an áit a bhí feicthe againn ar an ríomhaire ní stopfainn ann mar bhí sé cosúil le caifé beag nó siopa cáifé! Ach shiúlamar isteach agus fuaramar an fháilte ó fhear a'tí.
Thaispeán sé a bhí aige. D'ordaigh mo bhean sól coiteann ar an cnámh agus mise - nach maith liom iasc le cnám ann - filléad sóil. Rinne sé féin an cóicearacht ansin go simplí agus nuair a bhí sé réitithe aige thóg sé chugainn ag an mbórd. Ni raibh aon rud ard-nósach ann. Iasc a bhí ann agus cócaireacht cúramach agus léirithe go deas dúinn. Gan maisiúchán seachas sailéad. Iasc a bhí uainn agus iasc blasta a fuaireamar.
Idir an dá linn fuaramar amach nach é an teach a mhol á gcáirde agus mar sin bhí dlí na seansúlachta ag obair ár son.
Má tá tusa i Luimneach agus ag lorg lón deas simplí blasta mholfainn go mór Teach Mortells' ar Sráid de Róiste Uimh 49, duit.
Showing posts with label Luimneach. Show all posts
Showing posts with label Luimneach. Show all posts
14.11.17
13.2.13
Gradam Ceoil 2013
Is ar an mboscadóir cáiliúil as Dún na nGall Dermot Byrne a bhronnfar Gradam Ceoil 2013.
Fógraíodh sin agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i Luimneach aréir. Tá ardmheas agus cáil ar fud an domhain ar Dermot, ball den ghrúpa aitheanta Altan le fada.
Tugann Gradaim eile na bliana seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagras a bhfuil gean orthu agus urraim dóibh: cumadóir agus fidléir as Tír Chonaill a bhí mar bhall bunaithe den Bothy Band, amhránaí binn ildánach as Corca Dhuibhne a bhfuil cáil an cheoil ar mhuintir ar fad, fear as iarthar an Chláir a bhí ina bhall bunaithe de Cheoltóirí Chualann agus de na Chieftains, fidléir óg as Muineachán agus eagras ar éirigh leis uirlis a bhí a mbaol báis a tharrtháil agus a chur chun cinn go héachtach.
Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2013:
• Gradam Ceoil: Dermot Byrne
• Ceoltóir Óg: Dónal McCague
• Gradam Saoil: Michael Tubridy
• Cumadóir: Tommy Peoples
• Amhránaí: Séamus Ó Beaglaoich
• Gradam Aitheantais: Na Píobairí Uilleann
Gheobhaidh siad ar fad duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll. Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 30 Márta 2013, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird. Craolfar ar TG4 an oíche dar gcionn, Domhnach Cásca. Tá an ócáid sin á heagrú mar chuid de agus le tacaíocht ó Thóstal Éireann 2013 agus beidh maithe go leor i láthair mar bhronntóirí agus ag seinm ar an oíche.
Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir gur “deis luachmhar é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha a shaibhríonn agus a cheiliúrann ár n-oidhreacht luachmhar cheoil, i láthair a gcairde féin agus trí mheán na teilifíse agus an Idirlín.”
Deir Jim Miley, Stiúrthóir Togra Thóstal Éireann 2013 go bhfuil áthas air go bhfuil an Gradam Ceoil agus an Tóstal ag obair as láimh a chéile. “Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht na hÉireann é an ceol traidisiúnta,” a deir sé “ agus tuilleann ár gceoltóirí meas agus urraim don tír seo i ngach ceard den domhan. Is tóstal ar leith é an Gradam Ceoil agus is deas a bheith luaite leis.”
![]() |
| Dermot Byrne |

19.2.10
Raidío idirlín ar an árdminicíocht!
Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus tá foirne sráide á lorg againn le cabhrú lenár gcraoladh beo ar FM timpeall na tíre a phoibliú i mí an Mhárta.
Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.
Más duine bríomhar, spreagúil tú le Gaeilge líofa atá ar fáil ar feadh cúpla uair a chlog lá amháin in aghaidh na seachtaine le linn Mhárta 2010, tá Raidió Rí-Rá ag lorg do chuid ama agus do chuid fuinnimh!
Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.
Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!
Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.
Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.
Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil.Bíonn Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie ach beidh an cairt-stáisiún le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010 agus táimid ag eagrú foirne sráide chun cuairt a thabhairt ar scoileanna sna cathracha seo.
Beidh foirne sráide Raidió Rí-Rá ag dul ar cuairt go ranganna scoile chun labhairt leis na daltaí as Gaeilge agus chun cluichí le duaiseanna beaga a chur i láthair leo, agus beidh deis ag roinnt de na daltaí ádhmhara labhairt beo ar an aer lenár láithreoirí sa stiúideo fiú!
Ní gá le gach saorálaí ach cúpla uair a chlog a chaitheamh ag cabhrú le Raidió Rí-Rá lá amháin in aghaidh na seachtaine i mí an Mhárta le cuairt a thabhairt ar uasmhéid cúig scoil ina gceantar áitiúil ar an iomlán.
Cuirfidh Raidió Rí-Rá na duaiseanna agus gach ábhar do na cluichí ar fáil do na foirne sráide leis an spraoi agus an Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna áitiúla i do cheantar.
Subscribe to:
Posts (Atom)