Showing posts with label RTÉ. Show all posts
Showing posts with label RTÉ. Show all posts

21.4.24

"La Sheridan!"

Is annamh a éisteann mé le RTÉ 1 (Tá me meallta ag Rnag a bhíon ar siúl agam i gcónaí!)

An Diva sa bhliain 1938
Bhí clár Joe Duffy ar siúl i rith na seachtaine agus bhí caint ann faoin amhránaí cliutach Margaret Burke Sheridan a chuir ar bhóithre na smaointe mé. Tá mé ag ceapadh go raibh Joe ag caint le údar beathfhaisnéis an Diva úd.

Soprán cluiteach ab ea í ag tus an chéid seo caite. Ba as Caisleán a'Bharraigh í a fuair a chuid scoileacht leis na Doiminiceánaigh ar Sr Eccles i mBaile Átha Cliath. Bhí guth álainn aici agus chuaigh chuig an Iodáil le haghaidh traenála. Bhí sí ar fheabhas ag canadh píosa ó cheoil drámaí Puccini - La Bohéme agus Madama Butterfly, go spesialta - agus bhí an-cháil ar "La Sheridan" agus deirtear go cheap Puccini féin gurb í an Butterfly is fearr a chuala sé.

D'éirigh sí as bheith ag canadh go poiblí sna luath tríocaidí agus bhí chónaí uirthe go ciúin i mBaile Átha Cliath go dtí deireadh a saol sa bhliain 1966. Tá sí curtha i Reilig Glas Naoín.

Stampa á comóradh (1989)

Ach thár n-ais chuig mo scéal a d'inis Máire Ní Thuama, beanacht Dé leithí, dom fuithí. Bhí sí mar ceannaire in oifig éigin i mBaile Áta Cliath agus bhí Margaret Burke Sheridan, a bhí éirithe as bheith ag canadh go poibí faoin am seo, ina cónaí in arasán ós cionn a oifige. 

Bhí sé de nós ag Máire dul suas ar chuairt chuici anois is arís. Ar an lá áirithe seo thóg sé duine a bhí ag obair leithi thuas chuig an arasán. Ní raib fhis ag an cail˜cé bhí ann agus nuair a bhualeadar leis an amhránaí chuir Máire in aithne a chéile.

"Seo Margaret Sheridan an t-amhránaí cáiliúl!" a dúirt sé.

"Is maith liom bualeadh leat," arsa an cailin, "You know Máire sings too".


6.7.23

Ludi & circenses!

Tá an-chuid sna meáin faoi trioblóidí RTÉ sna laethanta seo.

Is leir go bhfuil míthuiscint éigin á léiriú ag roinnt de na tráchtairí dár liom. Tá sé tabhachtach tuiscint ar chúrsaí tráchtála agus fógráiocht agus caidreamh poiblí a bheith ann.

Tá gnó beag foilsitheoireachta agam (Foilsitheoiri Read-out)  agus suas go dtí 2017 d'fhoilsing mé iris beag gach dara mhí. Bhíodh mé ag lorg scéalta teichneolaíochta agus eile. Bhí comhluchtaí éagsúil ag iarraidh orm poiblíocht ar a gcuid earraí nó a gcuid seirbhísí a thabhairt, fógraíocht i riocht nuachta más maith leat. Mar chuid de sin d'eagríodh siad imeachtaí do na foilsitheoirí in áiteacha éagsúla. Bheadh siad sásta turasanna a eagrú dúinn in áiteacha éagsúla. D'íochfadh síad as chuile rud, eitiltí, fanacht in ostáin, béiltí, cuairteanna chuig stairiúla nó siamsaíochta. De gnáth bhíodh bronntanais "beag" do gach rannpháirtí. Tháinig deireadh leis sin nach mór i rith na paindéime ar ndóigh.

Bhí sé daor go leor ortha ach fuaireadar poiblíocht i measc a bpobal meáin. Níos mó ná sin bhí cuimhne ag na héagathóirí a bhí ar turasanna sin agus iad ag ullmhú do gcéad eagrán eile. Maidir liom féin chosnaigh sé suimeanna níos mó na €1000 and turas. Bhíodh idir tríocha agus caoga iriseoirí ar gach turas. Mar a deireann an fear eile, "Déan na suimeanna!"

Mar sin bhí turasanna agamsa mar sin chuig an chuid cathracha ar an Mór-Roinn, An mBruiséil, Páras, turas chuig Disneyland sa áireamh, An Róimh, Berlin, An Vín, agus caithreacha nach iad. Bhí turasanna chuig Atlantic City, Philadelphia (cluiche haca oighir) agus Las Vegas i Meiriceá chomh maith.

I measc na bronntanais bhí scáth bháistí, mála droma (a úsáidim fós don ríomhaire) agus rudaí eile cé nach raibh flip-flop ar bith ina measc.

In RTÉ tá fadhb acu mar tá coimhlint ann mar craoltóir náisiúnta agus mar gnó tráchtála. Bhí sé sin ann i gcónaí agus tá íontas orm nár phléasc an buama seo i bhfad roimhe seo.

23.9.19

Liric nó caoine?

Dúradh le déanaí ar chlár Prime Time ag raibh RTÉ ag breathnú ar Lyric FM a dhúnadh. "RTE is considering the future of Lyric FM!" a dúirt Richard Downes ar an gclár ar an 12ú lá Mean Fomhair.

Cinnte tá ganntanas airgid ag an "craoltóir náisiúnta" agus is cosúil go bhfuil siad ag lorg €55m ón Rialtas. I ndairíre scríobh an Stiurthóir, Dee Forbes, dá foireann go bhfuil cursaí chomh dona san nach féider leo an gnó a reachtáil mar atá sé eagraithe a thuilleadh. Tá siad ag díol tailte atá acu i nDomhnach Broc le airgead a fháil. Táid, is cosúil, leis an stáisiún i gCorcaigh a dhúnadh chomh maith - cinneadh ait eile.

Mar duine nach bhfuil mórán eolais ar chúrsaí chraolacháin sílim go mbeadh sé beagáinín aisteach nó fiú amaideach Liric FM a stopadh. Ní a leithéid de sheirbhís á sholáthar ag aon stáisiún eile sa tír - thuaidh nó theas.

Níl aon tuairisc go bhfuil siad ag breathnú ar an tuilleamh uafásach ard atá á íoch ag na "Réalta," - ní gá iad a ainmnú! Is cosúil nach bhfuil srian ar bith leis an méid gur féidir leo a éileamh! I gcás cuid acu ní fostaithe RTÉ iad, mar dhaoine aonair iad ach mar comhluchtaí. Iochtar níos mó ná an Taoiseach féin fiú deirtear. Mar a deirim ní h-aon sainneolaí mé sna cúrsaí seo.

Ní luaitear aon stáisiún eile seachas Lyric i Luimneach agus an láithreacht i gCorcaí - dhá aonad atá taobh amuigh den Ard Cathair. Tá stáisiún amháin ar a laghad nach bhfuil uathúil. Tá 2FM loinnaithe sa Ard Cathair agus tá an cineál seirbhís atá á sholáthair ag an stáisiún seo á sholáthair, agus á sholáthair go maith ag leath dosaen stáisiún eile.

Cén fáth atá 2FM ann? Bhfuil fealsúnacht ar bith taobh thiar de. An cabhraíonn sé le Aisling na hEagraíochta a chuir chun chinn?
"A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú." (Tuairisc RTÉ - 2018)
Conas a chuireann 2FM "le saol na hÉireann le hábhar atá ina lón smaointeoireachta, foghlama agus siamsaíochta?" (ibid)

D'fhéadfa an cheist céanna a chuir faoi chuile rannóg in RTÉ ar ndóigh. Ach faoi 2FM dá mba rud é go gcuireadh deireadh leis an laghdódh lón smaointeoireachta & foghlama muintir na hÉireann dá uireasa? An laghfaí an crann seasta ag cultúr na hÉireann atá luaite in Aisling na heagraíochta. Céard faoi Raidío 1 féin?*

Cén slat tomhas a úsáideann bainistíocht na heagraíochta is iad ag plé na nithe seo? Airgead amháin nó rud éigin eile? Agus cén tionchar atá ag easpa gníomhaíocht an Rialtas ar riachtanaisí craolacháin agus cultúr na tíre?

* Bhí cineál íontas orm nár dúradh aon rud i gcoinne Raidío na Gaeltachta i rith na seachtaine, ach,  mar a dúirt Máirín Ní Gadhra i ngiolch inné - "An cath in aghaidh @rternag tosaithe," ag déanamh tagairt d'alt Willie O'Reilly san Sunday Business Post. Agus is dócha go bhfuil an ceart aici.



12.2.18

Céiliúradh thoirchis!

Ní minic a chloisim aon chlár ar RTÉ Raidío an Bhéarla (is le RTÉ RnaG a bhím ag éistecht beagnach an t-am ar fad!), ach ar amharaí an tsaoil bhí an raidío ar siúl sa charr ar an Sathairn is bhí clár Mhiriam O'Callaghan ar siúl.

Nell
Chuala mé guth nár chuala mé féin le fada. Níl fhios agam an mbíonn Nell le cloisint nó le feiscint ar chláracha éigin. Do thaithin sí i gcónaí liom cé nár aontaigh mé lena a cuid tuairimí ó am go chéile. Níl mórán daoine, taobh amuig den saol pholataíochta, ann gur féidir a aithint lena a hainm amháin ach ba Nell McCafferty a bhí ann ceart go leor agus bhí sé deas éisteacht léithi.

Is cosúil gur clar a bhí ag comóradh an vóta a bheith ag mná le 100 bliain agus bhí na rannpháirtithe - bhí Micheline Sheehy Skeffington, Mary McAuliffe agus Margaret Ward ann le Nell - ag plé cúrsaí na mban ó shin go dtí an lá atá inniú ann.

Simone de Beauvoir
Ansin dúirt Nell rud éigin an spéisiúil faoi matharachas. Ní minic a deintear céliúradh ar thoircheas, a dúirt sí,  céliúradh ar mhatharachas agus cé chomh áthasach álainn is atá sé. Ba léir gur ghoill an easnamh seo isteach uirthí go mór. Rinne sí tagairt don bhfealasúnaí Francach Simone de Beauvoir a rinne tagairt dá thoircheas féin is ag céiliúradh a "iomláine thoirchis!" 

Dúirt Nell, "Ní cloisim éinne anois in Éirinn ag caint faoin áilleacht nó faoin áthas, gan fiú tagairt a dheanamh don gcéiliúradh ann." 

Lean sí uirthí ag caint faoina máthair féin a bhí grá aicí di agus an sásamh a bhí uirthi bheith ag caint agus ag comhrá leithí mar cara. Ba léir do chách ag éisteacht leithí cé chomh láidir is a bhí an grá sin.

Is féidir éisteach ar RTÉ anseo (Sunday with Miriam 11/2/2018 - timpeall 43 neom. isteach sa taifeadadh). Is fiú éisteacht léithí.

Nach fiú míorúilt toirchis an mná a céiliúradh. Omós a thabhairt d'áthas agus d'áilleacht an máithreachais as a dtáinigh muid go léir.

8.11.17

Ag cosaint an fhirinne sna meáin!

Tá  feachtas nua fógartha ag an EBU (Aontas Craolcháin na hEorpa), ina léirítear an dea-thionchar a imríonn na meáin phoiblí ar aon sochaí ina bhfuil siad ar fáil - Meáin ar Ardchaighdeán (Ilteangach).

Seo an chéad uair ag eagrais agus craoltóirí poiblí na hEorpa comh-fheachtas den chineál seo a eagrú agus iad ar aon téad agus d’aonghuth faoin leas a dhéanann na meáin phoiblí ag am ina bhfuil ‘nuacht bhréige’, éagothroime pholaitiúil, olltionchar na soláthraithe móra domhanda agus aighnis faoin easpa maoinithe do na craoltóirí poiblí ag cothú deacrachtaí go leor.

Léiriíonn an feachtas an bonn atá faoi na meáin phoiblí agus an tairbhe a dhéanann siad don sochaí.

Deir Ardstiúrthóir EBU Noel Curran: “Is iad na heagrais phoiblí is mó a dhéanann infheistíocht sa léiriúchán clos-amharc ar fud na hEorpa, san iriseoireacht Eorpach agus is mó a imríonn tionchar dearadh ar shaol laethúil na bpobal ar a bhfuil siad ag friotháil."

“Tá go leor ábhair ar fail anois don phobal ach ní ionann méid agus fiúntas agus tá an cás ar son na meán poiblí níos práinní fós dá bharr. Cinntíonn na meáin s’againne spás don ilchineálacht, don mhionteanga agus don tsúil eile. Molaim an feachtas seo” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Thacaigh Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ leis an bhfeachtas freisin: “Is ceart dúinn gach deis a thapú le tábhacht na meán poiblí don daonlathas a chur i láthair an phobail, mar go gcuireann nuacht fhírineach, agus anailís gan fuacht ná faitíos ar mhór-cheisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal go mór le leas an tsochaí."