Dúradh le déanaí ar chlár Prime Time ag raibh RTÉ ag breathnú ar Lyric FM a dhúnadh. "RTE is considering the future of Lyric FM!" a dúirt Richard Downes ar an gclár ar an 12ú lá Mean Fomhair.
Cinnte tá ganntanas airgid ag an "craoltóir náisiúnta" agus is cosúil go bhfuil siad ag lorg €55m ón Rialtas. I ndairíre scríobh an Stiurthóir, Dee Forbes, dá foireann go bhfuil cursaí chomh dona san nach féider leo an gnó a reachtáil mar atá sé eagraithe a thuilleadh. Tá siad ag díol tailte atá acu i nDomhnach Broc le airgead a fháil. Táid, is cosúil, leis an stáisiún i gCorcaigh a dhúnadh chomh maith - cinneadh ait eile.
Mar duine nach bhfuil mórán eolais ar chúrsaí chraolacháin sílim go mbeadh sé beagáinín aisteach nó fiú amaideach Liric FM a stopadh. Ní a leithéid de sheirbhís á sholáthar ag aon stáisiún eile sa tír - thuaidh nó theas.
Níl aon tuairisc go bhfuil siad ag breathnú ar an tuilleamh uafásach ard atá á íoch ag na "Réalta," - ní gá iad a ainmnú! Is cosúil nach bhfuil srian ar bith leis an méid gur féidir leo a éileamh! I gcás cuid acu ní fostaithe RTÉ iad, mar dhaoine aonair iad ach mar comhluchtaí. Iochtar níos mó ná an Taoiseach féin fiú deirtear. Mar a deirim ní h-aon sainneolaí mé sna cúrsaí seo.
Ní luaitear aon stáisiún eile seachas Lyric i Luimneach agus an láithreacht i gCorcaí - dhá aonad atá taobh amuigh den Ard Cathair. Tá stáisiún amháin ar a laghad nach bhfuil uathúil. Tá 2FM loinnaithe sa Ard Cathair agus tá an cineál seirbhís atá á sholáthair ag an stáisiún seo á sholáthair, agus á sholáthair go maith ag leath dosaen stáisiún eile.
Cén fáth atá 2FM ann? Bhfuil fealsúnacht ar bith taobh thiar de. An cabhraíonn sé le Aisling na hEagraíochta a chuir chun chinn?
"A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú." (Tuairisc RTÉ - 2018)
Conas a chuireann 2FM "le saol na hÉireann le hábhar atá ina lón smaointeoireachta, foghlama agus siamsaíochta?" (ibid)
D'fhéadfa an cheist céanna a chuir faoi chuile rannóg in RTÉ ar ndóigh. Ach faoi 2FM dá mba rud é go gcuireadh deireadh leis an laghdódh lón smaointeoireachta & foghlama muintir na hÉireann dá uireasa? An laghfaí an crann seasta ag cultúr na hÉireann atá luaite in Aisling na heagraíochta. Céard faoi Raidío 1 féin?*
Cén slat tomhas a úsáideann bainistíocht na heagraíochta is iad ag plé na nithe seo? Airgead amháin nó rud éigin eile? Agus cén tionchar atá ag easpa gníomhaíocht an Rialtas ar riachtanaisí craolacháin agus cultúr na tíre?
* Bhí cineál íontas orm nár dúradh aon rud i gcoinne Raidío na Gaeltachta i rith na seachtaine, ach, mar a dúirt Máirín Ní Gadhra i ngiolch inné - "An cath in aghaidh @rternag tosaithe," ag déanamh tagairt d'alt Willie O'Reilly san Sunday Business Post. Agus is dócha go bhfuil an ceart aici.
Showing posts with label Craoladh. Show all posts

23.9.19
8.11.17
Ag cosaint an fhirinne sna meáin!
Tá feachtas nua fógartha ag an EBU (Aontas Craolcháin na hEorpa), ina léirítear an dea-thionchar a imríonn na meáin phoiblí ar aon sochaí ina bhfuil siad ar fáil - Meáin ar Ardchaighdeán (Ilteangach).
Seo an chéad uair ag eagrais agus craoltóirí poiblí na hEorpa comh-fheachtas den chineál seo a eagrú agus iad ar aon téad agus d’aonghuth faoin leas a dhéanann na meáin phoiblí ag am ina bhfuil ‘nuacht bhréige’, éagothroime pholaitiúil, olltionchar na soláthraithe móra domhanda agus aighnis faoin easpa maoinithe do na craoltóirí poiblí ag cothú deacrachtaí go leor.
Léiriíonn an feachtas an bonn atá faoi na meáin phoiblí agus an tairbhe a dhéanann siad don sochaí.
Deir Ardstiúrthóir EBU Noel Curran: “Is iad na heagrais phoiblí is mó a dhéanann infheistíocht sa léiriúchán clos-amharc ar fud na hEorpa, san iriseoireacht Eorpach agus is mó a imríonn tionchar dearadh ar shaol laethúil na bpobal ar a bhfuil siad ag friotháil."
“Tá go leor ábhair ar fail anois don phobal ach ní ionann méid agus fiúntas agus tá an cás ar son na meán poiblí níos práinní fós dá bharr. Cinntíonn na meáin s’againne spás don ilchineálacht, don mhionteanga agus don tsúil eile. Molaim an feachtas seo” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4
Thacaigh Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ leis an bhfeachtas freisin: “Is ceart dúinn gach deis a thapú le tábhacht na meán poiblí don daonlathas a chur i láthair an phobail, mar go gcuireann nuacht fhírineach, agus anailís gan fuacht ná faitíos ar mhór-cheisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal go mór le leas an tsochaí."

11.5.11
Grand Prix ag TG4
Thuill clár faisnéise as iarthuaisceart Maigh Eo an duais Eorpach is airde ar fad do TG4 ag comórtas Circom 2011 (Béarla) i Timisoara na Rómáine ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa an phríomhdhuais, an Grand Prix, leis ó Circom chomh maith leis an duais sa rannóg Faisnéise.
Tá cáil agus duaiseanna go leor eile sa mbaile agus i gcéin bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise seo, léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo faoin leas nó a mhalairt a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á dtógáil ansin.
Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá go leor duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc an duais IFTA 2011 do Chlár Fada Faisnéise, Duais an Lucht Féachana ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 agus an duais fhaisnéise ag Féile na Meán Ceilteach 2011 i Steórnabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an mhí seo caite.
Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip ina bhfuil os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír páirteach. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard ag na saothair a bhíonn san iomaíocht iontu. Is í seo an ceathrú huair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna ón gcomórtas ach an chéad uair an Grand Prix, an duais is airde ar fad ó Circom, buaite ag TG4.
D’fháiltigh Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud i gcónaí duais a fháil,” a dúirt sí “ach is deise fós gradam ónár gcomhghleacaithe Eorpacha. Deimhníonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár gceardaíocht ag lucht teilifíse ó chultúir atá an-éagsúil linn.”

Lipéid
Ceilteach,
Comortas,
Craoladh,
Féile,
Gradam,
Proinsias Ní Ghráinne,
Risteárd Ó Domhnaill,
Ros Dumhach,
TG4
14.4.11
Aitheantas Eorpach do TG4
Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa (Béarla) an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt.
Tá cáil bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise An Píopa ina dtugtar léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil an dá thuairim ann faoin leas a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á thógáil ansin. Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc Clár Fada Faisnéise is Fearr ag IFTA 2011 (Béarla) agus Duais an Lucht Féachana sa rannóg chéanna ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 (Béarla). Beidh sé san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach 2011(Béarla) i Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an tseachtain seo freisin.
Thug an giúiré ag Circom ardmholadh do shaothar eile ó TG4 sa duais-aicme Spóirt. Cheithre chlár atá sa tsraith Gualainn le Gualainn a ríomhann fás an chluiche óna thús ar fhaichí féaruaithne na huasaicme Angla-Éireannaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854 go dtí éachtaí iontacha na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh an Chaithréim Mhór i 2009. Fastnet Films (Béarla) a léirigh do TG4.
Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.
D’fháiltigh Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud duais i gcónaí,” a dúirt sé “ach is milse fós duais ónár gcomhghleacaithe Eorpacha mar go gcruthaíonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár n-ábhar ag daoine gairmiúla ó chúlraí cultúrtha atá an-éagsúil linn agus le chéile. Molaim na saothair bhuacacha seo agus lucht a léirithe.”

Dúlra,
Farraige,
Gaeltacht,
Ros Dumhach,
Rugbaí,
Scannánaíocht,
TG4
16.12.10
Mise Raiftearaí
Raiftearaí agus a oidhreacht á gcomóradh i gclár nua
Bhí mé ag tiomáint anoir as Bhaile Átha Cliath tráthnóna éigin anuireadh agus chonaic mé comhartha ar thaobh an mbóthar. Duirt sé "Anthony Raftery's Grave Poet. Dúirt mé liom féin nár chualy mé trácht ar an bhfile áirithe sin gur bhuail sé liom gur Raiftearaí an file a bhí i gceist. Ní dhéanfaidh mé trácht ar chaol aiginteacht an té a shocraidh ar comhartha chomh aineolach a chur suas don file Gaeilge is mó cháil i measc daltaí óga na hÉireann, "..Raiftearaí an file lán dóchas is grá..."
Fear caoch, beo bocht a bhí ann a chaith formhór a shaoil ag fánaíocht i nGaillimh agus i Maigh Eo, ag ól, ag cumadh filíochta agus amhrán agus ag seinm ceoil “do phócaí folmha” nó gur bhásaigh sé 175 bliain ó shin, cothrom an ama seo. Mar sin féin, áirítear é ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge agus chuaigh a shaol agus a shaothar fileata go mór i bhfeidhm ar phobal Gaeltachta an Iarthair agus ar lucht na hAthbheochana freisin.
Is beag duine againn nach bhfuil cúpla líne ar a laghad d’fhilíocht nó d’amhráin Raiftearaí ina chuimhne ach is bearnach ár n-eolas ar an bhfear féin. Cé gur bhailigh An Craoibhín Aoibhinn a chuid amhrán agus gur fhoilsigh iad i bhfoirm leabhair céad bliain ó shin, tá go leo nach bhfuil fhios againn faoin bhfear fileata géarchúiseach a chum Eanach Dhúin, Cill Aodáin, Seanchas na Sceiche agus Máire Ní Eidhin i measc go leor eile.
Tá clár nua faisnéise faoin bhfile le craoladh ar TG4. Sa gclár téann Tadhg Mac Dhonnagáin, ceoltóir agus cumadóir eile amhrán as Maigh Eo (Futa Fata), sa tóir ar Raiftearaí agus ar an saol corrach, eachtrúil a chaith sé, ag fánaíocht roimhe go dtí gur bhásaigh sé beo bocht faoi Nollaig 1835.
Fiosróidh Mac Dhonnagáin an seanchas a bhaineann lena shaol, idir fhírinne agus fhinscéalaíocht, labhróidh sé le scoláirí, le lucht béaloideasa, le hamhránaithe aitheanta agus le staraithe. Tabharfaidh sé cuairt ar Mheiriceá Thuaidh, áit nár sheas Raiftearaí riamh ann ach atá tábhachtach ina scéal.
Feicfear nach é a chum ceann de na nathanna is cáiliúla ar fad atá luaite leis agus déanfar athchruthú drámaíochta sa gclár seo ar chuid de na heachtraí is mó ina shaol. Orthu sin atá páirteach, tá an Dr Nollaig Ó Muraile, an tOllamh Gearóid Denvir, Máirtín Jamsie Ó Flatharta, Collette Nic Aodha, Treasa Ní Cheannabháin, Máirtín Tom Sheáinín, Naisirín Elsafty, Caitríona Ní Cheannabháin agus Jimí Ó Ceannabháin. Is iad Aindrias de Staic, Naoise Ó Gibne agus Domhnall Ó Braonáin a ghlacann páirt Raiftearaí ag tréimhsí éagsúla a shaoil.
An comhlacht Sónta a léirigh do TG4 agus fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís.
Bhí mé ag tiomáint anoir as Bhaile Átha Cliath tráthnóna éigin anuireadh agus chonaic mé comhartha ar thaobh an mbóthar. Duirt sé "Anthony Raftery's Grave Poet. Dúirt mé liom féin nár chualy mé trácht ar an bhfile áirithe sin gur bhuail sé liom gur Raiftearaí an file a bhí i gceist. Ní dhéanfaidh mé trácht ar chaol aiginteacht an té a shocraidh ar comhartha chomh aineolach a chur suas don file Gaeilge is mó cháil i measc daltaí óga na hÉireann, "..Raiftearaí an file lán dóchas is grá..."
![]() |
| Raifteirí an file! |
Is beag duine againn nach bhfuil cúpla líne ar a laghad d’fhilíocht nó d’amhráin Raiftearaí ina chuimhne ach is bearnach ár n-eolas ar an bhfear féin. Cé gur bhailigh An Craoibhín Aoibhinn a chuid amhrán agus gur fhoilsigh iad i bhfoirm leabhair céad bliain ó shin, tá go leo nach bhfuil fhios againn faoin bhfear fileata géarchúiseach a chum Eanach Dhúin, Cill Aodáin, Seanchas na Sceiche agus Máire Ní Eidhin i measc go leor eile.
Tá clár nua faisnéise faoin bhfile le craoladh ar TG4. Sa gclár téann Tadhg Mac Dhonnagáin, ceoltóir agus cumadóir eile amhrán as Maigh Eo (Futa Fata), sa tóir ar Raiftearaí agus ar an saol corrach, eachtrúil a chaith sé, ag fánaíocht roimhe go dtí gur bhásaigh sé beo bocht faoi Nollaig 1835.
Fiosróidh Mac Dhonnagáin an seanchas a bhaineann lena shaol, idir fhírinne agus fhinscéalaíocht, labhróidh sé le scoláirí, le lucht béaloideasa, le hamhránaithe aitheanta agus le staraithe. Tabharfaidh sé cuairt ar Mheiriceá Thuaidh, áit nár sheas Raiftearaí riamh ann ach atá tábhachtach ina scéal.
Feicfear nach é a chum ceann de na nathanna is cáiliúla ar fad atá luaite leis agus déanfar athchruthú drámaíochta sa gclár seo ar chuid de na heachtraí is mó ina shaol. Orthu sin atá páirteach, tá an Dr Nollaig Ó Muraile, an tOllamh Gearóid Denvir, Máirtín Jamsie Ó Flatharta, Collette Nic Aodha, Treasa Ní Cheannabháin, Máirtín Tom Sheáinín, Naisirín Elsafty, Caitríona Ní Cheannabháin agus Jimí Ó Ceannabháin. Is iad Aindrias de Staic, Naoise Ó Gibne agus Domhnall Ó Braonáin a ghlacann páirt Raiftearaí ag tréimhsí éagsúla a shaoil.
An comhlacht Sónta a léirigh do TG4 agus fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís.
Lipéid
Craoladh,
Ealaíon,
Futa Fata,
Gaillimh,
Scannánaíocht,
Tadhg Mac Dhonnagáin,
TG4,
Traidisiún
22.4.10
Duais eile ag TG4
Duais Cheilteach buaite ag saothair aitheantais TG4
Thug saothar bolscaireachta TG4, idir mhíreanna aitheantais, theidil agus bhlaisíní an chraobh leis ag Féile na Meán Ceilteach 2010 san Iúr Co an Dúin.
Tá réimse saothair i gceist, idir bhlaisíní agus mhíreanna aitheantais. Is é Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin a bhí i mbun an togra, a chum foireann chruthaitheach TG4 féin agus a léiríodh le cabhair an comhlachta Super 68.
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí seacht gclár agus saothar bolscaireachta le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana
TG4 Ardstiúrthóir Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha seo agus do lucht a gcruthaithe, idir fhoireann TG4, agus Super 68. "Is cruthúnas eile fós é an duais seo ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí," a dúirt sé.
Seo tuairisc ar an bhféile ó Nuacht 24
Thug saothar bolscaireachta TG4, idir mhíreanna aitheantais, theidil agus bhlaisíní an chraobh leis ag Féile na Meán Ceilteach 2010 san Iúr Co an Dúin.Tá réimse saothair i gceist, idir bhlaisíní agus mhíreanna aitheantais. Is é Stiúrthóir Cruthaitheach TG4, Seán Cathal Ó Coileáin a bhí i mbun an togra, a chum foireann chruthaitheach TG4 féin agus a léiríodh le cabhair an comhlachta Super 68.
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí seacht gclár agus saothar bolscaireachta le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana
TG4 Ardstiúrthóir Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha seo agus do lucht a gcruthaithe, idir fhoireann TG4, agus Super 68. "Is cruthúnas eile fós é an duais seo ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí," a dúirt sé.
Seo tuairisc ar an bhféile ó Nuacht 24
19.4.10
Dráma ó thuaidh!
Seo an chéad físeán nuachta atá foilsithe ag Nuacht 24 an nuachtáin i mBeal Feiriste.
Is sceal faoi léiriú drama bunaithe ar Dialann Anne Frank, an chailín óg a bhí i bfolach san Ísealtír le linn an Cogadh Domhanda. Fuarathas í agus a clann ag na Naitsíach faoi dheireadh agus fuair gach duine sa chlann bás sna campaí éagandála san Ghearmáin ac amháin a hAthair. Is san Grand Opera House i mBéal Feiriste a bhí an léiriú seo le daoine óga na cathrach seo.Táid le moladh.
Is ciosúil go mbeidh Fiseán laethúil ag lucht Nuacht 24 as so amach. Is íontach an dream iad seirbhís mar seo a sholathair. Molaim iad comh maith!
Lipéid
Beal Feiriste,
Craoladh,
Drámaíocht,
Gréasán,
Meáin,
Nuacht 24,
Scannánaíocht
25.3.10
An Crisis
Géarchéim ghreannmhar in eagras Gaeilge!
Deirtear gur minic an saol ag aithris ar an ealaín ach is ábhar imní a bheadh ann dá mbeadh bua na fáistine ag an sraithdhráma nua greannmhar Gaeilge seo. Díríonn an dráma ar imeachtaí ACT (An Chomhairle Teanga) eagras stáit a bhfuil a bhealaí féin aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tar éis saoirse agus só na mblianta, tá ACT anois ina chíor thuathail ag giorruithe airgeadais an Rialtais, ag iarmhairtí na mbeartas aisteacha a mhaoinigh sé roimhe seo, ag aistiúlacht na ndaoine atá ag obair ann agus ag Aire nua Rialtais a bhfuil a dhearcadh pearsanta féin aige faoin gComhairle.
Is é an t-aisteoir grinn aitheanta Risteárd Cooper (Après Match agus go leor eile; ar dheis!) a ghlacann páirt Setanta De Paor, Stiúrthóir Gníomhach ACT le deich mbliana anuas agus caomhnóir na teanga, más fíor. Tá foireann fostaithe ag ACT ach ba dhoiligh a rá go bhfuil siad ag obair ann, cé is moite den pheata cainteach éinín ar a bhfuil Máirtín Ó Cadhain baistithe mar ainm.
Ar an drochuair, chuaigh Setanta agus an tAire nua-cheaptha ar scoil le chéile ach ní le gean ach le goimh a fhéachann an tAire ar Setanta agus ar a eagras. Teastaíonn ón Aire díoltas a agairt agus is maith a oireann dó go bhfuil srianta daingne le cur ar chaiteachas poiblí.
Is í Caoimhe (Kate Nic Chonaonaigh, - The Clinic, Ros na Rún; ar dheis), an bhean atá curtha isteach san eagras chun mianta an Aire a fheidhmiú. Beidh uirthi a fháil amach cad a bhíonn ar bun ag ACT. Is léir don dall gur ag streachailt leis an gcrosfhocail nuachtáin a chaitheann bainisteoir amháin, Muiris (Donncha Crowley-Rásaí na Gaillimhe, The Clinic, Kings) an lá.
Is suite ag Fáiltiú atá Aoife (Michelle Beamish, Rásaí na Gaillimhe, Seacht, Eden) ag cur fúithi, post breá socair suaimhneach do dhamhsóir atá traochta tar éis a seal le Riverdance.
Ar na haisteoirí eile sa tsraith, tá Norma Sheahan (The Clinic, Ondine & Intermission), Don Wycherley (Rásaí na Gaillimhe, Ondine, Zonad, Garage, Bachelor’s Walk), Barry McGovern (Na Cloigne, The Tudors, The General, The Clinic), Seán T. Ó Meallaigh (Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, Kings) agus Bríd Ní Neachtain (Dancing at Lughnasa, Cré na Cille).
Is é Antoine Ó Flatharta a scríobh, drámadóir aitheanta bhfuil a shaothar léirithe ar an teilifís agus in amharclanna in Éirinn agus thar lear, ina measc RTÉ, BBC agus WDR.
Is í Martha O’Neill, Wildfire Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4. Is é Charlie McCarthy a stiúraigh (Pure Mule, The Clinic, Legend, On Home Ground, Ros na Rún agus Glenroe.) Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Béarla)
Deirtear gur minic an saol ag aithris ar an ealaín ach is ábhar imní a bheadh ann dá mbeadh bua na fáistine ag an sraithdhráma nua greannmhar Gaeilge seo. Díríonn an dráma ar imeachtaí ACT (An Chomhairle Teanga) eagras stáit a bhfuil a bhealaí féin aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Tar éis saoirse agus só na mblianta, tá ACT anois ina chíor thuathail ag giorruithe airgeadais an Rialtais, ag iarmhairtí na mbeartas aisteacha a mhaoinigh sé roimhe seo, ag aistiúlacht na ndaoine atá ag obair ann agus ag Aire nua Rialtais a bhfuil a dhearcadh pearsanta féin aige faoin gComhairle.
Is é an t-aisteoir grinn aitheanta Risteárd Cooper (Après Match agus go leor eile; ar dheis!) a ghlacann páirt Setanta De Paor, Stiúrthóir Gníomhach ACT le deich mbliana anuas agus caomhnóir na teanga, más fíor. Tá foireann fostaithe ag ACT ach ba dhoiligh a rá go bhfuil siad ag obair ann, cé is moite den pheata cainteach éinín ar a bhfuil Máirtín Ó Cadhain baistithe mar ainm.Ar an drochuair, chuaigh Setanta agus an tAire nua-cheaptha ar scoil le chéile ach ní le gean ach le goimh a fhéachann an tAire ar Setanta agus ar a eagras. Teastaíonn ón Aire díoltas a agairt agus is maith a oireann dó go bhfuil srianta daingne le cur ar chaiteachas poiblí.
Is í Caoimhe (Kate Nic Chonaonaigh, - The Clinic, Ros na Rún; ar dheis), an bhean atá curtha isteach san eagras chun mianta an Aire a fheidhmiú. Beidh uirthi a fháil amach cad a bhíonn ar bun ag ACT. Is léir don dall gur ag streachailt leis an gcrosfhocail nuachtáin a chaitheann bainisteoir amháin, Muiris (Donncha Crowley-Rásaí na Gaillimhe, The Clinic, Kings) an lá. Is suite ag Fáiltiú atá Aoife (Michelle Beamish, Rásaí na Gaillimhe, Seacht, Eden) ag cur fúithi, post breá socair suaimhneach do dhamhsóir atá traochta tar éis a seal le Riverdance.
Ar na haisteoirí eile sa tsraith, tá Norma Sheahan (The Clinic, Ondine & Intermission), Don Wycherley (Rásaí na Gaillimhe, Ondine, Zonad, Garage, Bachelor’s Walk), Barry McGovern (Na Cloigne, The Tudors, The General, The Clinic), Seán T. Ó Meallaigh (Na Cloigne, Rásaí na Gaillimhe, Kings) agus Bríd Ní Neachtain (Dancing at Lughnasa, Cré na Cille).
Is é Antoine Ó Flatharta a scríobh, drámadóir aitheanta bhfuil a shaothar léirithe ar an teilifís agus in amharclanna in Éirinn agus thar lear, ina measc RTÉ, BBC agus WDR.
Is í Martha O’Neill, Wildfire Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4. Is é Charlie McCarthy a stiúraigh (Pure Mule, The Clinic, Legend, On Home Ground, Ros na Rún agus Glenroe.) Fuair an togra seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann. (Béarla)
Lipéid
Craoladh,
Drámaíocht,
TG4
Subscribe to:
Posts (Atom)