Showing posts with label Siopa Leabhar. Show all posts
Showing posts with label Siopa Leabhar. Show all posts

28.11.11

Tá an Nollaig ag teacht....agus an ríomhlóid!

"Aoine dubh" an tainm a thugann na Meiriceánaigh ar an lá i ndiaidh a mórfhéile bhuíochais -  Lá an Altaithe. Is ar an lá sion a thosnaíonn siad ag siopadóireacht don Nollaig!

Is maith liom siopadóireacht don Nollaig, na soilse, an ceol, chuile duine ag rith anseo is ansiúd ag lorg é seo nó é siud! Tá se de nós agam páipéar burlála gan aon rud scríofa ortha mar bíonn siad i gcónaí as Bearla, "Seasons Greetings" "Happy Christmas" agus eile! Ach inné chonaic mé bíogáil nó tuít "Dóibh siúd ar mhaith leo a mbronntanais a bheith i bpáipéir Gaelach!" (GRMA a Aonghuis Uí Almhain!). Bhí nasc aige chuig suíomh nár bhfaca mé cheanna. Comhlucht Éireannach, Dúrud, an suíomh a luaigh sé!


"Creideann Dúrud go bhfuil dlúthbhaint ag úsáid teanga i bpobal le sláinte eacnamaíoch an phobail áirithe sin. Nuair a bhaineann pobal leas as teanga ar leith, cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin, agus iad baill an phobail féin amháin a chuireann a leithéid ar fáil, murab ionann agus daoine i dtír éigin eile, faoi mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás na hÉireann."

Cé go bhfuil gnó na comhluchta seo dírithe ar miondíoltóirí agus ní ar an "gnáth phobal" tá eolas ar atá á dhéanamh acu le feiscint acu ann. Is cosúil gur thosaigh siad san earnáil logánú, ag déanamh aistrúcháin bhogearraí ríomhaire agus eile. Sé Durud atá taobh thiar den dá suíomh scriobh.ie (cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge.) agus nascanna.ie (áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge!).  Ach ní chlíonn siad leis sin amháin agus táid sásta mar shampla, obair mar dáiliúchán earraí le baint éigin teanga leo!

Ina measc siúd tá an páipéir burlála thusluaite!

Rinne mé teangabháil leo le fáil amach cá raibh sé le fáil anseo i gConamara. Tháinig siad thar n-ais taobh istig le uair a chloig! Is cosúil go bhfuil sé le fáil ag An Spailpín Fánach ar an Spidéal. (Is fiú dul isteach ansin le brontannais Nollag le chuir isteach sa páipéar deas seo leis!!)

Is dócha go mbeidh an páipéar seo le fáil i siopaí Ghaelach in d'áit dúchais fhéin mar An Siopa Leabhair i Sr Fhearchair, BÁC. Chuir ceist orthu nuair a bhuaileann  tú isteach le haghaidh do chuid chartaí Nollaig ag Aonach na gCártaí!

29.11.10

Scoth na cártaí agus eile i mBÁC

Bhí mé sa Siopa Leabhar ar Sr Fhearchair, BÁC le déanaí le cartaí nollag a cheannach. Tá i bhfad níos mó na cartaí sa siopa dar ndoigh.

Tá siad ag tacú le táirgí déanta in Éirinn agus le carthanais Éireannacha i mbliana, leis an réimse is mó de chártaí dátheangacha ar díol i 6 Sráid Fhearchair idir seo agus an Nollaig.

Tá tús curtha le hAonach na gCártaí Nollag dátheangacha ins An Siopa Leabhar an mhí seo - iad uile déanta in Éirinn - áit go bhfuil cártaí de chuid na Dánlainne Hugh Lane agus leis an ealaíontóra Éireannaigh Yvonne Kennedy i measc rogha na gcártaí carthanachta eile.

Tá An Siopa Leabhar ag tacú le Concern, Cumann Ailse na hÉireann agus Aware, carthanas a chabhraíonn le daoine in íslebrí, trí chártaí Nollag dá gcuid a dhíol i mbliana. Tá beirt oibrí an tSiopa Leabhar ag bailiú airgid d'Action Prostate Ireland trí chroiméal a fhás mar chuid den bhfeachtas Movember le linn na Samhna freisin.

Daragh Ó Tuama
Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir nua an tSiopa Leabhar: "Ní hamháin go bhfuil scoth na gcártaí carthanachta i nGaeilge agus i mBéarla ar díol againn, ach tá scoth na mbronntanas Éireannacha agus Gaeilge le ceannach ins An Siopa Leabhar a chuirfeadh éad ar Dhaidí na Nollag féin fiú!

"Sa bhreis ar réimse leathan leabhar, dlúthdhioscaí agus DVDnna ar nós Cré na Cille a shásódh gach aoisghrúpa, tá An Siopa Leabhar ar cheann de na beagáin asraonta miondíola in Éirinn go bhfuil cluichí Scrabble na Gaeilge do dhaoine fásta de chuid Ghlór na nGael agus béirín ildaite, idirghníomhach BábógBaby ar díol ann."

Níl ach fás agus borradh i ndán do An Siopa Leabhar sna míonna amach romhainn ach oiread - tá suíomh idirlín úr an tSiopa le seoladh go luath (seo an ceann atá acu faoi láthair!) agus déanfar oscailt oifigiúil ar An Siopa Leabhar nua de chuid Chonradh na Gaeilge in Áras Chrónáin, lárionad cultúrtha Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath, gan mhoill leis.

16.8.10

Atharaithe i Siopa Leabhar Bhaile Átha Cliath

Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama (pic ar dheis), agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.

Daragh Ó TuamaTagann Daragh Ó Tuama sna sála ar Mháire Ní Laoi, a d’imigh ar scor i mí an Mheithimh i ndiaidh 38 mbliana a chaitheamh ag obair sa siopa, agus tá fís fhadtéarmach úr aige don Siopa Leabhar a fheicfidh é forbartha mar áis agus ionad siopadóireachta den scoth do phobal na Gaeilge san ardchathair agus i gcéin. Ní hamháin go bhfuil sé i gceist cur go mór leis an siopa ar-líne trí shuíomh lárnach an Chonartha , ach tá córas úr athchatagóirithe agus scanadh earraí idir lámha ag An Siopa Leabhar freisin.

“Táim féin," a deireann Daragh, "go pearsanta ag súil go mór leis an dúshlán chun seirbhísí an tSiopa Leabhar a leathnú agus a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an siopa ar bhealach níos simplí, níos leabhairchruthaí, agus níos éifeachtaí, chun freastal mar is cuí ar phobal na Gaeilge, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na teanga araon.”

Is as Baile Átha Cliath don Uasal Ó Tuama agus is iomaí gné de shaol na Gaeilge a bhí baint aige leo i gcaitheamh na mblianta sular bhain sé an post seo mar bhainisteoir an tSiopa Leabhar amach. Chomh maith le cláracha Gaeilge a chur i láthair ar an raidió lena leithéid de Newstalk, bhí Daragh ina láithreoir ar an gclár teilifíse MPH ar TG4 agus ina oifigeach le Glór na nGael go dtí le deireanas, áit go raibh sé i gceannas ar na comórtais ag Leibhéal a Trí, Global Gaeilge agus forbairt an tsuímh idirlín Údar.ie.

Tá Cian Taaffe díreach tosaithe ar an bpost mar chúntóir an tSiopa Leabhar i dteannta Uí Thuama agus is ildánach an Gaeilgeoir é leis; is fear grinn, aisteoir, láithreoir, léiritheoir, agus scríbhneoir é Taaffe a bhuaigh duais ag Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil i 2009 as an dráma An Ghealtacht a scríobh, agus atá tar éis gradam Lucky Duck a bhuachaint ag Battle of the Axe Comedy Club (Béarla) níos luaithe i mbliana.

Deireann Cian: “Táimid ag baint leasa as an nuatheicneolaíocht le cur go mór le réimse na leabhar agus na n-earraí Gaeilge atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne faoi láthair, agus tá sé beartaithe againn i bhfad níos mó t-léinte, dlúthdhioscaí, DVDanna, póstaeir, cluichí do pháistí agus eile a sholáthar sa siopa féin ar 6 Sráid Fhearchair sna míonna amach romhainn.”