Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts
Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts

20.7.22

Cad a dhéanfaimíd feasta gan airgead?

Fuair mé teachtaireacht r-phoist ó Bhanc Aontas Éireann ar maidin. Bhí sé faoin gcraoibh in a bhfuil cúntais againn san áit a dtugann siad "Spiddal" uirthi.

Is cosúil go bhfuil siad le deireadh a chuir le gnáth sheirbhísí bhanc ann agus go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh - "Your nearest branch with cash services is at Lynch's Castle." a deireann siad. Anois beidh ar dhaoine dul isteach go Gaillimh, áit pairceáile a fháil agus a íoch agus siúl isteach go lár na cathrach.

Tá seirbhís maith ag an gcraobh ar an Spidéal agus tá sé éasca páirceáil, saor in aisce, agus do chuid ghnó a dhéanamh. Ach anois ní bheidh nótaí, boinn, seiceanna, malartán eachtrach, dréachtanna bainc. Mar sin tá níos mó ná airgead reatha atá i gceist.

Deirtear go mbeidh seirbhís níos fearr tré Oifigí Phoist ach ag an am céanna tá sé teoranta go leor. Agus má tá tú ag iarraidh gnó nó ceist íogair a phlé ní féidir sin a dhéanamh ag cuntar phoist oifige!

Dhúnadar an foth-chraobh ar an gCeathrú Rua roinnt mhaith blianta ó shin - an fada a tharlódh an rud céanna don Spidéal?

Tuige a bhfuil banc ann anyways?  Níl fiú meas acu ar phobal na háite leis an t-ainm ceart a thabhairt ar an mbaile.

Nach mbeadh sé níos fearr fill ar ais chuig an an sean tocht sa seomra leapan?

20.7.19

Céim agus léim!

Turas ar arthach farraige agus turas ar spás arthach!

Socraíodh lóistín i Sr Aibhistín dúinn. An maidin dár gcionn d'éiríomrar go luath agus sleamhnaíomar istig i gcúl dhorais an Séipéil Aibhistínigh le haghaidh Aifreann luath sular osclaíodh an eaglais féin.

I nGaillimh a bhí mé agus páirteach ar thuras go hÁrainn leis An Réalt caoga bliain ó shin. D'fhág an bád Gaillimh féin go luath gach maidin ag an am sin. Bé mo chéad turas ar Inis Mór agus thóg an bád  - an Galway Bay a bhí ann - timpeall trí uaire dul go Cill Rónáin an áit ar thóg mé mo chéad chéim ar thalamh naofa Árainn.

Tá cuimhne maith ar roinnt de na rudaí a thárla agus cuid eile dearmadta agam ar ndóigh - Caoga bliain ó shin!

Na Seacht dTeampail.
Tógadh muid siar ar an oileán chomh faide le Cill Mhuirbhigh agus iar uaidh go tithe éagsúla. Cuid againn le muintir na háite, cuid againn a thóg teach saoire don seachtain agus beirt no triúir faoin chanbhás. B'shin an chéad uair dom dul ag campáil chomh maith. In aice le na Seacht dTeampail a bhí sé.

Is cuimhin liom ag iarraidh an pobal a chuir suas agus fear a tí ag dul tharaim agus é a rá "Tá an talamh tanaí ansin!" Agus bhí. Bhí sé deachair go leor gream ceart a fháil le na pionna phubaill a dhainginiú ann. Ar deireadh d'éirigh liom agus bhí codladh cuíosach maith agam sna oícheanta tosaigh. Níos déanaí áfach tháinig báisteach gaothmhar  a leag an phoball agus caith mé an cuid eile den gcuairt ar úrlár cheann de na tithe saoire.

Bhíodh béile agam leis na daoine a bhí ag fanacht sa teach agus mar sin ní raibh orm aon chócaireacht a dhéanamh!

Is cuimhin liom ag dinéar ar an Domhnach - bhíodh dinnear i lár an lae ag gach éinne sna laethanta sin - go raibh cluiche ar siúl ar an Raidio. Bhí an tAth Benedict ODC i meas na sagairt a bhí linn agus bhí an spéis aige sa cluiche - is dócha gur Cill Ceannaigh bhí ag imirt mar ba shliocht muintir Langton é an Ath Benedict. Bhí Amhrán na bhFiann ar siúl ag tús an tráchtaireacht ach bhíomar fós ag an mbord agus is beag aird a thugamar ar an Raidío. Bhí an sagart in aice leis an Raidío agus seas sé suas díreach dom gceol. Leanamar inár suí ag ithe. Tá mé ag ceapadh gur árdaigh sé an fhuaim ach mo léan is beag éifeacht a bhí aige orainn is muid ag caint, ag gáirí agus a baint taitneamh as an béile agus an comhluadar le meas a thaispeáint don Amhrán Náisiúnta!

Is cuimhin liom leis oícheanta cheoil sna tithe ann chomh maith. Bhí fáilte is fiche roimh éinne i gcistineacha do na hoícheanta sin. Is cuimhin liom go raibh beirt ón ísealtír ann agus iarradh ortha rud éigin a casadh dúinn. Chanadar a Amhrán Náisiúnta na tíre sin - Het Wilhelmus (Ísiltíris). Tá an fonn sin i mo chloigeann ó shin.

Is ansin chomh maith a chéad chuala mé duine ag canadh sa sean nós nach chuid de chomórtas é. Fear a'Tí ag canadh "Contae Mhuigheó"

"Ar an loing seo, a Phaidí Uí Loinsigh, 
is ea a bhímse ag déanamh bróin,
Ag osnaíl ins an oíche is ag síorghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
Dar m’fhocal, is maith a chaoinfinnse Condae Maigh Eo."

Cos in airde - 20 Iúl 1969
Ar ndóigh i rith na seachtaine seo bhí triúr eile ag déanamh ar áit nach rabhadar ann riamh roimhe, nach raibh duine daona ar bith eile ach an oiread.  B'iad, Neil tréanlámach, Buzz agus an Micheál Coilleánach eile. Bhí roinnt de na daoine i dteach le teilifiseán ann agus labharadar faoi bheith ag breathnú ar an Iolar á isiliú ar Mhuir Shuaimhnis na Gealaí. Is cuimhin liom níos deanaí san oíche ag éisteach ar transistor beag a bhí agam is mé i mo luí sa phoball agus mar nach raibh mé na focail a dúirt Neil a cloisint i gceart de bharr trasnaíochta atmaisféarachta. Ní céim amháin a thóg sé ach léim fhada.

Bhí céilí againn i gCill Rónán chomh maith agus is cuimhin liom gur chuir sé íontas agus sástacht orm gurb é an ceol a bhí acu do "Set Árann" ná píosa ceol a bhíodh á chasadh ag mo Sheanathair (as Inis Cóirthe ó dhúchas).

Agus is is Árainn ansin i rith na seachtaine a bhí mo chéad amharc ar an mbean a phosfainn i gcionn ceithre bliain eile.

Ach sin léim iomlán eile....
Úrú ghealaí a tharla ar an 16 Iúl 2019

• Árainn agus an Ghealach! (27/8/2012)
• Calafort Chill Rónáin (6/3/2013)

16.6.15

Aimsir déiseach! Radharc eile ó Súil eile!

Bliain ó shin bhí scéal faoin aimsir mar atá sé ag TG4 agus anois tá scéal faoi leathnú eile sa scéal! Radharc eile ar chúrsaí d'fhéadfá a rá.

Beidh deis ag pobal féachana TG4 ar fud domhain an aimsir sna Déise a fheiceáil feasta. Deimhníodh inniu go bhfuil sruth leanúnach pictiúir ar fáil ó cheamara breise aimsire atá feistithe anois i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge. Tá a leithéid de sholáthar ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i nGaeltachtaí eile - i nDún Chaoin (Ciarraí), i mBaile na hAbhann (Gaillimh) agus i nGaoth Dobhair ó thuaidh.

Irial Ó Ceallaigh (gan feasóg!)
Cuireadh i bhfearas an ceamara nua sna Déise le deis a thabhairt don phobal féachana ar fud an domhain léargas a fháil ar an aimsir ansin, réigiúin a bhfuil cáil na gréine air. Tig le daoine féachaint ar-líne ar an gceamara aon uair i rith an lae  agus bainfear leas go rialta as na pictiúir a sholáthraíonn an ceamara i bhfeasacháin ón Aimsir Láithreach seirbhís aitheanta TG4.

Mar a tharlaíonn, is as Gaeltacht na Rinne do dhuine de láithreoirí an fheasacháin sin, Irial Ó Ceallaigh agus is cinnte go mbeidh fonn air-san go bhfeicfí fód a dhúchais go minic ar a chúla féin agus é ag tuar na haimsire ar an teilifís.

Tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí Fáiltítear roimh thuairimí an phobail faoin liosta agus roimh mholtaí do théarmaí agus de nathanna a d’fhéadfaí a chur leis (nó a bhaint as).

Tionóladh cruinniú de Bhord TG4 sa Rinn inniu agus ag labhairt dó ansin ina dhiaidh, dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is breá linn go raibh ar ár gcumas ceamara aimsire a shuíomh i nGaeltacht na Rinne agus beimid ag súil leis an dea-scéala uaidh go laethúil. Is deas mar a chum ár sinsir téarmaíocht bheacht Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir” a dúirt sé. “Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn go dtí seo agus an raon canúintí atá ag ár láithreoirí aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na teanga. Nílimid ach ina thús agus fáilteofar roimh théarmaí eile ach iad a sheoladh chugainn.”

15.4.15

Ceardlann siorchais na n-óg ag Hall na Tulaí!

Beidh Siamsán na nÓg eile á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Dé Sathairn 18 Aibreán in Halla na Tulaí, An Tulach.

Ceardlann i Scileanna Sorcais a bheidh ar bun an uair seo leis an gcleasaí Stephen McGinley ó Galway Community Circus (Suíomh i mBéarla ach i nGaeilge an ocáid féin!).

Bhí Stephen i láthair ag roinnt siamsáin cheana agus bhain idir óg agus sean ard taitneamh as a chuid lámhchleasaíochta agus eile!

Cuirfear tús le himeachtaí ag a 2 a chlog.

Saorchead isteach do bhaill agus is féidir ballraíocht a ghlacadh ar an lá ar chostas €10 ar theaghlach in aghaidh na bliana.

Fáilte roimh chách. Gaeilge teanga na hócáide – iarrtar ar chuile dhuine a bheas i láthair cloí leis seo.

Ócáid í don teaghlach uilig agus ní mór do thuismitheoir nó duine fásta fanacht leis na gasúir.

Ceangailte leis seo tá póstaeir mhóra agus cuide bheaga agus ba bhreá linn dá bhféadfaí iad a chrochadh/scaipeadh in aon áit a bheadh feiliúnach le poiblíocht a dhéanamh ar an ócáid.

Tá an ócáid eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le maoiniú ó Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe.

12.3.15

Spúinse as uisce agus istigh sa phictiúrlann!

Beidh an scannán ‘SpongeBob an Scannán, Spúinse as Uisce’ le feiceáil i bpictiúrlanna na tíre ón 27 Márta ar aghaidh. Is ócáid stairiúil í seo do ghasúir Ghaelacha agus éacht déanta ag TG4, Paramount Pictures, Macalla agus chuile duine a raibh baint acu leis. Comhghairdeas leo.
Tá  socrú speisialta déanta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta  a thabharfas seans do theaghlaigh leagan 3D den scannán a fheiceáil seachtain roimhe sin ar an Satharn 21 Márta!

Beidh léiriú speisialta ar bun i bpictiúrlann an Eye Cinema i nGaillimh ag tosú ar 6.30 tráthnóna, Dé Sathairn 21 Márta.

Praghas speisialta de €5 a bheidh ar na ticéid, cuma ar gasúr nó duine fásta tú. An-mhargadh go deo!

San áireamh i bpraghas na dticéad, beidh teacht le chéile beag mar a mbeidh seans againn seal a chaitheamh in éindí leis an bhfear é féin SpongeBob! Tabharfaidh siad aghaidh ar Scáileán a 6 ina dhiaidh sin, atá curtha in áirithe go speisialta dúinn agus gheobhaidh chuile dhuine deoch agus bosca popcorn. Suífidh muid síos ansin leis an gcéad fhéachaint a thabhairt ar an scannán.

Caithfear na ticéid a chur in áirithe roimhré agus moltar do dhaoine é seo a dhéanamh láithreach mar go bhfuil an-éileamh go deo orthu agus gan againn ach líon áirithe suíocháin.


"Beidh polasaí Gaeilge i bhfeidhm mar is gnáth – Gaeilge ar an Scáileán, Gaeilge sna Suíocháin!!!"

11.7.14

Tacaíocht i gCois Fharraige!


Tá ionad álainn tógtha ag pobal Chois Fharraige in aice le Séipéil an Chnoic. Ionad tacaíochta teaghlaigh an cheantair atá ann. Glaotar An Crann Taca air.

Foilsíodh scánáinín beag le déanaí ag taispeáint chuid den obair atá ar siúl ann leis an páistí óga a deireann i bhfad níos éifeachtaí céard tá ar siúl ná aon fhocal uaimse.

26.5.14

Campa cumarsáide ar an gCeathrú Rua!


Tá Campa Samhraidh Cumarsáide a reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le maoiniú ónRoinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arís i mbliana.

Cúrsa praiticiúil i scileanna cumarsáide a bheidh ann - Cur i láthair teilifíse agus raidió, taifead físe agus fuaime, iriseoireacht, ceardlanna le hiriseoirí agus láithreoirí aitheanta, turas ar chomhlachtaí cumarsáide i gConamara agus go leor eile.

Tá an campa féin le bheith san Acadamh ar an gCeathrú Rua agus scoth na n-áiseanna ar fáil ann. Coicís a bheidh i gceist arís i mbliana ón30 Meitheamh go dtí 11 Iúil (10 lá).

Costas €70 a bhéas ar an gcampa. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ó theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Tá líon teoranta áiteanna ar an gcampa agus moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh a luaithe agus is
féidir.

Tá chuile eolas faoin gcampa bhfoirm iarrta (pdf) anseo.

15.1.13

Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!


Cearta teanga sna cúirteanna- pictiúr nua seolta

Táthar tar éis sraith de shean-ghrianghraif an-stairiúil, 130 bliain d’aois, den deichniúr fear ar cuireadh dúnmharuithe Mhám Trasna ina leith a aimsiú agus a fhoilsiú don chéad uair.

Iar oifigeach airm (de chuid na Breataine) Capt. J.J. Dunne a bhailigh iad. Gortaíodh é san Afraic i gCogadh na Zulu (roimh dhúnmharuithe Mhám Trasna) agus chaith sé an chuid eile dá shaol oibre mar oifigeach príosúin. Bhásaigh sé i 1910. Óna gharmhac (Lieutenant Col. Armstrong) a fuair Leabharlann Náisiúnta an hÉireann an bailiúchán agus níl aon amhras faoina bhfoinse stairiúil. Tá na pictiúir á gcur ar fáil go poiblí anseo anois le caoinchead na Leabharlainne Náisiúnta. Ag an leabharlann sin atá na cearta foilsithe.

Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí i Maolra Seoighe a cuireadh chun báis nuair a ciontaíodh é faoi bhaint a bheith aige le dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882. Dúirt an staraí iomráiteach Robert Kee, a básaigh ar an Aoine seo caite, go raibh cás Mhám Trasna i gcoitinne “ar cheann de na cásanna a ba fhollasaigh d’iomrall ceartais i stair dlí na Breataine.” 

Maolra Seoighe 1882
Tá na pictiúir de Mhaolra Seoighe le feiceáil i Músaem Cathrach an Gaillimhe agus ar an suíomh gréasáin An Chomisinéir Teanga agus ar suíomh Mám Trasna 1882 i dteannta leis na pictiúir stairiúla dóibh siúd eile a bhí gafa le cás Mhám Trasna.

Bhronn an Coimisinéir Teanga cóipeanna de na grianghraif stairiúla seo ar Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Terry O’Flaherty agus ar Mhéara Chontae na Gaillimhe an Comhairleoir Thomas Welby i Músaem Cathrach na Gaillimhe ar an Mháirt, 15 Eanáir 2013.

Bhí na grianghraif stairiúla seo “slán sábháilte ach i bhfolach ón bpobal” dar leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a raibh a Oifig i bpáirt le Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge in eagrú na hócáide chomórtha ar Mhaolra Seoighe agus Mám Trasna an mhí seo caite.

“Cuireann na pictiúir tuilleadh treise le anróiteacha an scéil agus leis na tragóidí phearsanta a bhí i gceist i Mám Trasna” a dúirt sé. Tá cóip tagtha chun solais anois freisin de rolla an phríosúin ina bhfuil mioneolas phearsanta faoin 10 fear a gabhadh i dtaca leis na dúnmharaithe.

Fear as Dúiche Sheoighe, Padraig Canny, a bhfuil suim aige sa stair áitiúil agus a bhí i láthair ag ócáid chomórtha na Gaillimhe a thug leide don lucht eagraithe gurbh ann do na pictiúir. Eagraíodh an ócáid, arr ar fhreastal an tUachtarán Micheal D. Ó h-Uiginn , le crochadh éagórach Mhaolra Seoighe as Dun Mharuithe, Mham Trasna a thabhairt chun cuimhne agus le h-aird a dhíriú ar cheart teanga sna cúirteanna.

17.9.12

"Éirí na Gréine" i dTuaim

Eagrán eile de New Dawn le fhoilsiú!

Tar éis chomh maith is a d’éirigh leis an gcéad eagrán de’n Irishleabhar ‘New Dawn’ – Iris de chuid choiste Tréadach na Deoise – deirtear linn go mbeidh seoladh an dara eagráin ar an Deardaoin beag seo, 20ú Meán Fómhair ag 6.30 in san Ostán Árd Rí i dTuaim.


Aifrean Naofa ag Máiméan
Féile Mhic Dara ar a Oileán
Jim Carney, iriseoir spóirt RTÉ (Béarla) agus an Tuam Herald a sheolfas an t-eagrán seo.

San eagráin seo beidh cur síos ar mór-imeachtaí creideamh an tSamhraidh seo, an lá mór ar Chruach Phádraic, Oilithreacht go Máméan, Féile Mhic Dara, Nóibhéine go Cnoc Mhuire, chomh maith le neart scéalta eile ó na paróistí Gaeltachta agus Galltachta sa Deoise.

Ós rud é go bhfuil Co. na Gaillimhe agus Co. Mhuigh Eo suite i gceart-lár na Deoise agus an dá chondae i gcraobh na hÉireann san iomáint agus sa pheil ins na seachtainí ós ár gcomhar – tá altanna ann a bhaineann leis sin freisin.  

Galiimh Abú! 

Muigheó Abú!

Táthar ag súil go mbeidh eagrán nua ’chuile trí mhí. Beidh an chéad eagrán eile amuigh romh na Nollag. €3 an costas. Beidh sé ar fáil sna paróistí an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ar ndóigh bíonn gearán ó daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil mórán san iris i dteanga na Gaeltachta agus tá daoine eile a deireann go bhfuil an iomarca i nGaeilge ann. I nDeaoise chomh mór leis an Árd Deoise seo ina bhfuil áiteanna chomh h-éagsúil le Árainn i mBá na Gaillimhe agus Tuar Mhic Éadaigh, Inis Bó Finne agus Caisleán a'Bharraigh agus le teorannacha atá deacair a thuiscint in áiteacha, ní nach íonadh go mbíonn deachtaireacht déileál leis in aon iris amháin.

Mar sin féin chuireann an Eagarthóir fáilte roimh altanna go mór mór altanna i nGaeilge.

24.5.12

Teach an Phiarsaigh! Geallúint eile?

Fuair mé ráiteas ar maidin a chuir ar bhóithre na smaointe mé.

"Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala ón Rialtas go bhfuil ionad do chuairteoirí le tógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, i gCo. Na Gaillimhe." a thosnaíonn an ráiteas.

Is cuimhneach liom sé bliain ó shin - sea 2006! - d'eagraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig comóradh agus agóid ag an Teach fhéin ag éileamh go gcomhlíonadh gealtannais a thug an Aire ag an am, Éamon Ó Cuív, ceithre bhliain roimhe sin (agus b'fhéidir roimhe sin arís!) go dtógfaí Ionad Oidhreachta ag an láthar sin. Is mó idir sin agus seo!
Ag Teach an Phiarsaigh, 21 Aibreán 2006, Domhnach Chasca
Anois tá geallúint eile faighte againn.


Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-eolas tar éis dó an cheist a ardú sa Seanad. I bhfreagra ó Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deimhníodh go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus má théann gach rud i gceart go bhféadfadh an t-ionad mínithe a bheith tógtha in am do chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. 

‘Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’.

Tá an togra dhá fhorbairt mar chomhfhiontar idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaol, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland (Béarla). Soiléiríodh go bhfuil sé ag staid réamhphleanála faoi láthair agus iarratas déanta ar chiste caipitil Fáilte Ireland chuige. Má eiríonn leis sin tá súil obair thógála a thosú i 2014 agus amscála de fiche mhí leagtha amach don fhorbairt. Tá sé beartaithe an ionad a bheith réidh le n-oscailt i 2016.

‘Bhí amhras ar chuid mhaith nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta, ach is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois. Ag comóradh na Cásca i Ros Muc i mbliana, d’iarr mé fein go dtabharfaí an togra chun cinn arís chomh tapaidh agus is féidir agus is maith an rud go bhfuil sé ar ais ar an gclár oibre. Bhí baint mhór ag pobal an cheantair agus na heagrais stáit éagsúla leis an gcoincheap don ionad agus cur chun cinn an phlean seo, a dhéanfaidh comóradh cui ar fhear a thug a shaol agus a anam ar son na hÉireann agus na rudaí a chreid sé iontú. Fear a raibh fís aige don tír a chaithfear a mhúscailt arís i gcomhthéacs ár linne’, a deireann Trevor.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4m sa bhliain a ghiniúint , bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Feicimíd!

28.11.11

Tá an Nollaig ag teacht....agus an ríomhlóid!

"Aoine dubh" an tainm a thugann na Meiriceánaigh ar an lá i ndiaidh a mórfhéile bhuíochais -  Lá an Altaithe. Is ar an lá sion a thosnaíonn siad ag siopadóireacht don Nollaig!

Is maith liom siopadóireacht don Nollaig, na soilse, an ceol, chuile duine ag rith anseo is ansiúd ag lorg é seo nó é siud! Tá se de nós agam páipéar burlála gan aon rud scríofa ortha mar bíonn siad i gcónaí as Bearla, "Seasons Greetings" "Happy Christmas" agus eile! Ach inné chonaic mé bíogáil nó tuít "Dóibh siúd ar mhaith leo a mbronntanais a bheith i bpáipéir Gaelach!" (GRMA a Aonghuis Uí Almhain!). Bhí nasc aige chuig suíomh nár bhfaca mé cheanna. Comhlucht Éireannach, Dúrud, an suíomh a luaigh sé!


"Creideann Dúrud go bhfuil dlúthbhaint ag úsáid teanga i bpobal le sláinte eacnamaíoch an phobail áirithe sin. Nuair a bhaineann pobal leas as teanga ar leith, cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin, agus iad baill an phobail féin amháin a chuireann a leithéid ar fáil, murab ionann agus daoine i dtír éigin eile, faoi mar a tharlaíonn de ghnáth i gcás na hÉireann."

Cé go bhfuil gnó na comhluchta seo dírithe ar miondíoltóirí agus ní ar an "gnáth phobal" tá eolas ar atá á dhéanamh acu le feiscint acu ann. Is cosúil gur thosaigh siad san earnáil logánú, ag déanamh aistrúcháin bhogearraí ríomhaire agus eile. Sé Durud atá taobh thiar den dá suíomh scriobh.ie (cur síos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge.) agus nascanna.ie (áis lárnach do dhaoine atá ag lorg eolais maidir leis na feidhmchláir agus na háiseanna ríomhaireachta ginearálta eile atá ann sa Ghaeilge!).  Ach ní chlíonn siad leis sin amháin agus táid sásta mar shampla, obair mar dáiliúchán earraí le baint éigin teanga leo!

Ina measc siúd tá an páipéir burlála thusluaite!

Rinne mé teangabháil leo le fáil amach cá raibh sé le fáil anseo i gConamara. Tháinig siad thar n-ais taobh istig le uair a chloig! Is cosúil go bhfuil sé le fáil ag An Spailpín Fánach ar an Spidéal. (Is fiú dul isteach ansin le brontannais Nollag le chuir isteach sa páipéar deas seo leis!!)

Is dócha go mbeidh an páipéar seo le fáil i siopaí Ghaelach in d'áit dúchais fhéin mar An Siopa Leabhair i Sr Fhearchair, BÁC. Chuir ceist orthu nuair a bhuaileann  tú isteach le haghaidh do chuid chartaí Nollaig ag Aonach na gCártaí!

10.10.11

Tá siad ag teacht ....ach amháin Dana!

Mar a bhíodar ar TV3
Deimhníodh inniu go gcraolfar díospóireacht dátheangach teilifíse ar TG4 Dé Máirt seo chugainn, 18 Deireadh Fómhair ina mbeidh iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta páirteach. Áras 2011 is teideal don chlár nuálach seo, faoi chathaoirleacht Pháidí Uí Lionáird, ina mbeidh seisear de na hiarrthóirí á gcur féin i láthair agus i mbun plé dátheangach lena gcéilí comhraic. Chuir Dana Rosemary Scallon in iúl nach dtig léi a bheith páirteach sa gclár mar go raibh coinne eile déanta aici roimh ré. Craolfar an clár speisialta díospóireachta seo ag 7pm ar an Mháirt 18 Deireadh Fómhair agus athchraolfar é ag 11.05pm an oíche chéanna sin.

D’éirigh thar barr le Díospóireacht na gCeannairí ar TG4 le linn an fheachtais Olltoghcháin san Earrach, clár ar fhéach 500,000 duine ar na craolta teilifíse agus 30,000 eile ar an Seinnteoir.

Theastaigh ón gcainéal díospóireacht teilifíse a sholáthar idir iarrthóirí do Thoghchán na hUachtaránachta 2011 freisin. Tá formáid an chláir seo leagtha amach ag tabhairt san áireamh an éagsúlacht líofachta Ghaeilge atá ag na rannpháirtithe agus mian TG4 an deis a thabhairt dóibh ar fad iad féin a chur in iúl sa teanga sin agus díospóireacht a dhéanamh ina dhiaidh sin leis na hiarrthóirí eile ina rogha féin teanga.

Déanfaidh gach rannpháirtí tús-ráiteas gearr i nGaeilge. Ina dhiaidh sin leanfaidh díospóireacht 40 nóiméad nó mar sin agus a rogha teanga ceadaithe d‘iarrthóirí. Críochnóidh an plé le ráiteas gearr Gaeilge ó gach iarrthóir mar chlabhsúr. (Beidh an clár á réamhthaifeadadh le deis a thabhairt fotheidil a chur air don chraoladh.)

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuil an cainéal thar a bheith sásta a leithéid de dhíospóireacht a eagrú agus a chraoladh. “Ní minic a fhaigheann pobal na hÉireann an deis Ceann Stáit a thoghadh" a dúirt sé. “Mar chraoltóir seirbhíse poiblí, is mian linn a bheith lárnach sa gcaibidil phoiblí faoin gcinneadh tábhachtach seo agus deis a thabhairt do phobal féachana TG4 cumas na n-iarrthóirí a mheas.” 

Pictiúir íontach le fáil "Díospóireacht TG4 "

14.4.11

Aitheantas Eorpach do TG4

Thuill dhá shaothar an-éagsúil mórdhuais agus aitheantas speisialta do TG4 ag comórtas tábhachtach Eorpach, Circom 2011, a tionóladh i Frederikstad san Iorua ag deireadh na seachtaine seo caite. Thug an scannán An Píopa (Béarla) an phríomhdhuais Faisnéise leis agus tugadh aitheantas agus moladh speisialta don tsraith Gualainn le Gualainn, stair an rugbaí in Éirinn, sa duaisaicme do chláracha spóirt.

Tá cáil bainte amach cheana féin ag an scannán faisnéise An Píopa ina dtugtar léargas ón taobh istigh ar an scoilt i bpobal beag in iarthuaisceart Mhaigh Eo a bhfuil an dá thuairim ann faoin leas a dhéanfaidh críochfort agus píobán gáis atá á thógáil ansin. Fear áitiúil, Risteárd Ó Domhnaill, a stiúraigh an saothar agus fuair sé maoiniú don togra ó TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann. Tá duaiseanna aitheanta faighte ag an scannán seo cheana, ina measc Clár Fada Faisnéise is Fearr ag IFTA 2011 (Béarla) agus Duais an Lucht Féachana sa rannóg chéanna ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2010 (Béarla). Beidh sé san iomaíocht ag Féile na Meán Ceilteach 2011(Béarla) i Steornabhagh ar Oileán Leodhais in Albain an tseachtain seo freisin.

Thug an giúiré ag Circom ardmholadh do shaothar eile ó TG4 sa duais-aicme Spóirt. Cheithre chlár atá sa tsraith Gualainn le Gualainn a ríomhann fás an chluiche óna thús ar fhaichí féaruaithne na huasaicme Angla-Éireannaigh i gColáiste na Tríonóide in 1854 go dtí éachtaí iontacha na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh an Chaithréim Mhór i 2009. Fastnet Films (Béarla) a léirigh do TG4.

Is é Circom cónaidhm na stáisiún réigiúnach teilifíse san Eoraip, os cionn 300 stáisiún ar fad as 38 tír. Tá ard-mheas ar a chuid comórtas agus bíonn caighdeán an-ard i gceist gach bliain. Is í seo an ceathrú uair le deich mbliana a bhfuair cláracha TG4 duaiseanna agus aitheantas ó Circom.

D’fháiltigh Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, roimh an aitheantas idirnáisiúnta is deireanaí seo do shaothar an chainéil. “Is deas an rud duais i gcónaí,” a dúirt sé “ach is milse fós duais ónár gcomhghleacaithe Eorpacha mar go gcruthaíonn sé go bhfuil fiúntas inár gcuid clár agus meas ar ár n-ábhar ag daoine gairmiúla ó chúlraí cultúrtha atá an-éagsúil linn agus le chéile. Molaim na saothair bhuacacha seo agus lucht a léirithe.”

24.3.11

Tacaíocht Chonamara do stailc!

Tugadh litreacha scoir do cheathrar as an naonúr fostaí de chuid Mheitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), in oifigí Ros Muc ar an gCéadaoin seo caite: Gearóid Ó Fátharta, Máire Uí Ghiobúin, Deirdre Nic Dhonnacha agus Tríona Ní Ráinne.

Táthar leis an oifig is Ros Muc a dhúnadh leis agus feidhmiú as an oifig in Indreabhán.

Tá sé deacair an meoin sin a thuiscint. Chun a bheith ró-shimplí bfhéidir tá i bhfad níos mó gá le fostaíocht i Ros Muc ná in Indreabhán. Cén fáth nár aistrigh siad an oifig in Indreabhán siar go Ros Muc? Deireann MFG ar an suíomh idirlíon: "Is forbairt pobail trí fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta na Gaeltachta príomhaidhm Mheitheal Forbartha na Gaeltachta." Ní féidir le mórán a fheiscint conas a a deineann cinneadh mar seo forbairt shoisialta, chulturtha nó eacnamíochta ar cheantair Ros Muc nó ar Iorrais Aithneach siar uaidh!

Ar aon nós níl oibrithe Ros Muc ró shásta leis an gcinneadh. Rinneadar aigneachtaí leis an gceard chunann agus nuair nach raibh MFG sásta dul siar ar an cinneadh fógraíodh stailc oifigiúil. Táid ar picéad taobh amuigh den oifig in Indreabhán ó shin.

Tá muintir Chonamara taobh thiar na stailceoirí agus bhí teacht le chéile ar maidin leis an tacaíocht sin a léiriú. Ocáid spreagúil a bhí ann le ceol agus craic le slua breá.

Go n–eirí leo!
Griangrafanna le Trevor Ó Clochartaigh