Showing posts with label Udarás na Gaeltachta. Show all posts
Showing posts with label Udarás na Gaeltachta. Show all posts

13.8.24

50 Bliain faoi bhláth.

Bronnadh an sparántacht "Clannad – Caoga Bliain Faoi Bhláth" ar an ealaíontóir Gaeltachta Daniel De Buitléir dár le fógra ó Údarás na Gaeltachta. 

Daniel De Buitléir, Moya Brennan,agus Pól Brennan 
Tá an sparántacht seo, ar fiú €30,000 í, á bronnadh mar chomhartha ómóis don ghrúpa ceoil Clannad agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar ollmhór a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge le breis is 50 bliain anuas.

Cuirfidh an sparántacht seo ar chumas Daniel De Buitléir am a chur i leataobh chun saothar úr ealaíne a fhorbairt trí mheán na Gaeilge thar thréimhse trí bliana. Is é aidhm na scéime ná tacú le healaíontóirí Gaeltachta a gcleachtas ealaíne a fhorbairt agus saothar nua i nGaeilge a chruthú.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, "Tá áthas orainn an sparántacht seo a bhronnadh ar Daniel De Buitléir. Táimid ag súil go mór leis an saothar nua a chuirfidh sé ar fáil agus táimid cinnte go leanfaidh sé sampla Clannad i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta."

"Ba phribhléid d'Ealaín na Gaeltachta comhoibriú le Clannad agus le hÚdarás na Gaeltachta chun áisitheoireacht a dhéanamh ar an sparántacht uathúil seo," arsa Rachel Holstead, Ceannasaí Ealaín na Gaeltachta. "Is é an infheistíocht is fearr gur féidir déanamh sna healaíona ná infheistíocht dhíreach in ealaíontóirí. B'údar dóchais dúinn an líon mór, an t-ardchaighdeán agus an éagsúlacht sna hiarratais ar an Sparántacht seo ó ealaíontóirí Gaeltachta agus guímid gach rath ar Daniel, agus ar bhaill Chlannad sa chaibidil nua amach rompu." 

 "Is mór an onóir dúinn go bhfuil an sparántacht seo á bronnadh in ómós do Clannad. Tá súil againn go spreagfaidh sé ealaíontóirí óga na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh ag cruthú saothar nua i nGaeilge agus ag cur ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn ar fud an domhain,"" a dúirt Dúirt Pól Brennan, ball den ghrúpa Clannad.

Dúirt Daniel De Buitléir féin, faighteoir na sparántachta: "Is mór an onóir dom an sparántacht seo a fháil. Ba mhór an spreagadh dom i gcónaí an méid a bhain Clannad amach don Ghaeilge agus do cheol na Gaeltachta. Táim fíorbhuíoch do Chlannad as ucht a n-inspioráide agus don Údarás as an deis iontach seo chun mo chuid ealaíne a fhorbairt agus cur le hoidhreacht shaibhir na Gaeltachta."

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go spreagfaidh an sparántacht seo tuilleadh ealaíontóirí Gaeltachta chun saothar úr a chruthú i nGaeilge agus go gcuirfidh sé le saibhreas cultúrtha agus ealaíonta na Gaeltachta.


@UdarasnaG @ClannadMusic

31.7.21

Saotharlanna Nuálaíochta oscailte.


D'oscail Heather Humphreys T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail,an t-ionad saotharlainne nuálaíochta atá forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gteic@An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá na háiseanna saotharlanna forbartha mar áis nuálaíochta do ghnóthaí atá lonnaithe sa mol digiteach agus a bheadh ag forbairt coincheapa nó i mbun tástála ar tháirgí. D’oscail an tAire an trí saotharlann ina bhfuil dhá chomhlacht éagsúil ag feidhmiú faoi láthair.

Dúirt an tAire, "Tá ríméad orm na saotharlanna seo a oscailt ag gteic@An Spidéal agus a fheiceáil mar atá an mol seo ag úsáid na teicneolaíochta agus na heolaíochta chun an cian oibre a chur chun cinn. Léiríonn an togra seo cumhacht na nascachta chun gnóthaí d’ardchaighdeán a mhealladh chuig ceantair tuaithe cosúil leis An Spidéal i nGaeltacht Chonamara.
"Léiríonn comhlachtaí cosúil le HiTech Health agus Epitheal gur féidir le gnóthaí fás agus forbairt is iad ag obair as moil tuaithe agus nach gá a bheith cóngarach do chathracha nó bailte móra chun rath a bheith ar do ghnó.
"Tá an cian oibre agus tógáil gréasán náisiúnta d’os cionn 400 mol mar chuid lárnach do pholasaí Forbartha Tuaithe an Rialtais, Ár dTodhchaí Tuaithe. Tá muid an-sásta a bheith ag tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus iad ag leathnú a ngréasán gteic ar fud na gceantar Gaeltachta sa tír.”

Achar 86 méadar cearnach atá i gceist leis na saotharlanna atá forbartha i gteic@An Spidéal agus á n-úsáid d’fheidhmeanna éagsúla saotharlainne ag cothú éiceachóras fíor fheiliúnach do ghnóthaí atá ag tosú amach. Tá na saotharlanna suiteáilte amach le háiseanna uisce agus doirteal agus binsí oibre le córais aerála sa gcaoi is go mbeidh trealamh sainfheidhmeach ag obair go héifeachtach sa tsaotharlann. Is féidir an caighdeán is airde maidir le hanailís fisiciúil, cheimiceach agus DNA agus réimsí teicniúla gaolmhara a chur i gcrích sna saotharlanna agus cuireann seirbhís den scoth ar riachtanas oibríochtúil na gcomhlachtaí HiTech Health agus Epitheal, atá lonnaithe iontu.

Tógadh gteic@An Spidéal le tacaíocht suntasach maoinithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe le blianta beaga anuas agus fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh os cionn €424,000 de mhaoiniú ceadaithe faoi Scéim Connected Hubs na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun uasghrádú a dhéanamh ar 15 ionad gteic maidir le héifeachtacht fuinnimh, bothán rothar, áiseanna físchomhdhála agus teicneolaíocht do dhoirse nua-aoiseacha i measc oibreacha eile. 

 “Tá muid fíor shásta go bhfuil na saotharlanna nuálaíochta atá oscailte go hoifigiúil inniu ag réiteach an bhealaigh d’fhorbairtí nua as ár n-ionaid gteic," a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh. "Cuireann na háiseanna seo luach agus deiseanna breise ar fáil do chomhlachtaí ó mhoil gteic. Beidh forbairtí dá léithéid ag cur go mór lenár bpobail, le gnóthaí a fhás agus fostaíocht a bhuanú i gceantair tuaithe na Gaeltachta. Bhí an maoiniú a ceadaíodh don eagraíocht faoin gciste RRDF ríthábhachtach do leathnú gréasán digiteach gteic, gréasán ar bhain daoine leas as le linn na paindéime agus a mbeidh an-tóir air sna blianta atá le theacht.”

@UdarasnaG @HHumphreysFG @DeptRCD @HealthHitech #Sláinte #Saotharlann

15.11.19

Mol ó dheas á oscailt!

Cuirfidh an chéad cheann de thrí mhol digiteach gteic atá le forbairt i nGaeltacht Chorcaí borradh eile le cúrsaí gnó agus nuálaíochta i Múscraí. (This story in English)
Pic: @valphoto

Osclaíodh an mol digiteach agus nuálaíochta, gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh go hoifigiúil inniu i gcroílár Ghaeltacht Chorcaí. Is é an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, TD, in éindí le Príomh Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, Seán Kyne, TD, a dhéanfaidh an mol digiteach is úire i gContae Chorcaí a oscailt go hoifigiúil.

Tá gteic@Béal Átha an Ghaorthaigh curtha i gcrích mar chuid de líonra de 31 mol nuálaíochta & digiteach, le ceangal ardluais leathanbhanda, atá á bhforbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantracha ar fud na Gaeltachta. Is mol nuálaíochta agus digiteach den chineál is nua-aimseartha é, lonnaithe ar Pháirc Ghnó an Údaráis i mBéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheacht agus nuálaíocht chun cinn.

Cuirfidh 22 deasc shealaíochta/spásanna oibre comhroinnte, áiseanna cruinnithe agus fís chomhdhála agus leathana bhanda ardluais i láthair oibre oscailte agus cruthaitheach deiseanna den scoth ar fáil do fhiontraithe, lucht nuálaíochta, cian oibrithe agus forbróirí coincheapa i dtimpeallacht shuaimhneach an bhaile ársa seo in iarthar Chorcaigh.

Tabharfaidh an fhorbairt seo deis do phobal na Gaeltachta, sa bhaile agus i gcéin, filleadh ar a gceantar dúchais nó cónaí ann trí dheiseanna cianoibre a chur ar fáil ag deasca sealaíochta nó spásanna oibre comhroinnte. Dá réir sin, tabharfar tacaíocht, misneach agus cabhair do na pobail uathúla teanga seo, agus cabhrófar leo aghaidh a thabhairt ar dhúsláin bhánú na tuaithe.

Tá buntáistí eile ag baint le ballraíocht gteic seachas an deis cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú! Mar gheall ar shocrú cómhalartach le hIonad Fiontraíochta Guinness (GEC) i mBaile Átha Cliath, féadfaidh baill den GEC leas a bhaint as áiseanna gteic áit ar bith ar fud an líonra agus féadfaidh baill de phobal digiteach gteic leas a bhaint as na háiseanna in GEC i mBaile Átha Cliath saor ó tháille.

Gné ar leith a bhaineann le Gréasán Digiteach na Gaeltachta ná go bhfuil sé dhá fhorbairt as lámh a chéile leis na pobail áitiúla i gcuid mhaith de na ceantair tuaithe seo. Is iad Comharchumann Forbartha Mhúscraí a bheidh i mbun feidhmithe agus bainistíochta ar gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh thar cheann Údarás na Gaeltachta. Tá seachtar daoine ag obair ón mol faoi láthair – leath acu féin fhostaithe agus an leath eile i mbun cian oibriú. Is léir go mbeidh tréimhse na Nollag cruógach sa gteic agus daoine áitiúla ag tapú an deis fad a chur lena gcuid saoire Nollag trí leas a bhaint as áiseanna gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh.

Tá an t-éiceachóras digiteach seo ag fás agus ag cur deiseanna den scoth ar fáil do chomhlachtaí nua teicneolaíochta iad féin a bhunú nó a lonnú sna ceantair tuaithe ina bhfuil an Ghaeltacht, agus deis dá bhfostaithe leas a bhaint as an gcothromaíocht iontach oibre is saoil atá ar fáil sna ceantair áille seo.

Beidh gteic@Béal Átha an Ghaorthaidh ar cheann de thrí mhol digiteach gteic a fhorbróidh Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chorcaí. Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha tógála curtha i gcrích sna seachtainí seo romhainn ar mhol gteic ar Oileán Chléire. Le tacaíocht ón gCiste um Athghiniúint agus Forbartha Tuaithe tá máistirphlean á réiteach do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a mbeidh mol nuálaíocht agus digiteach gteic mar chuid lárnach den togra freisin.