Showing posts with label Clann. Show all posts
Showing posts with label Clann. Show all posts

3.1.26

Reilig um Nollaig.

Tá an nós i dtealaigh áirithe cúirt a thabhairt chuig uaigeanna a sínsir ó am go chéile. Níl an nós sin ag mo mhuintir ach tá sé ag clann mo bhean. Mar sin is minicí a bhí mé ag uaigeanna a sinsir ná ag uaigeann mo ghaolta féin. I ndairíre ní thugann muid cuairt ar uaigeann ár shinsir féin ach amháin nuair atá duine eile le chuir isteach ann.

Bhíomar i mBaile Átha Cliath lenár n-ioníon, don Nollaig i mbliana agus mhol mo bhean dom dul chuig Reilig Glas Naoín chuig uaigh mo thuismitheoirí. Cleas b'fhéidir mé a chuir as an teach agis iad ag ullmhú do béile níos déanaí sa lá?

Tá sé an suimiúil bheith ag tiomáint i gcathair ar maidin Lá Nollag. Is beag trácht atá ann agus corr dhuine ar na gcosáin - corr duine ag déanamh ar an Aifreann b'fhéidir.

Níor thóg sé mórán ama Reilig mór Ghlas Naoín a bhaint amach. Bhí na sluaite ann - rud nach raibh mé ag súil leis. Ní raibh seirbhís bus ar siúl ar ndóigh agus mar sin bhí carranna páirceáilte ar thabh an mbóthar mór Fionglaise. Bhí bláthanna, plandaí agus bláthfhleasca chuilinn á dhíol ag na geataí. Bhí veaineanna ag na díolteoirí lán go duras dá gcuid earraí.

Chuaigh mé isteach ag geata agus bhí siúlóid cuísach fad le déanamh agam go dtí an áit ina bhhuil mo mhuintir curtha. Mar a dúirt mé bhí an-chuid daoine ann agus iad á beannú a cheile. "Nollaig Shona!" "Beannachtaí na Nollaig!" "Lá deas!" agus eile. Cuid acu bhí bláthanna le leagan ar uaigh a mhuintire.

Agus mé ag siúl thug mé faoi deara go raibh ceithre no cúigear leads le gluais rothair ag uaig máisithe go mór - leach a bhí maisithe go gáifeach (dár liomsa). Cheap mé go raibh sé go deas go mbeadh leads óga, déagóirí deanach nó luath feichidí, ag tabhairt ómós dá comráidí b'fhéidir. Thosaigh siad a rothair ansin, ní Harleys a bhi ionta ach bhféidir cinn níos eatroma - rothair sléibhe(?) ach bhí torann glórach astu - omós de short éigin eile a bhí ann. Bhí se deas!

Shuíl mé ar aghaidh thár uaigeann eile, Túr Uí Chonaill agus uaig an Coilleánaigh chomh fada le uaig mo shínsir. Tá ár shin shean athair agus a bhean ann (Mac Cába - athair & máthair mo shean mháthar féin), cuid dá bpáistí (bhí aithne agam ar beirt acu) agus ansin m'Athair agus mo Mháthair. Duairt mé paidir beag ar a son ar ndóigh. Is i sean-chuid den reilig atá se o 1886. Cuireadh an leach ann nuair a fuair mo mháthair bás. Nach íontach an méid gur féidir a fhoghlaim ó leach in reilig. Agus nach íontach an méid

Tá na Rianaigh curtha in áit éigin eile sa reilg ach bhí an uaig sin "lán" nuair a fuair mo thuismitheoirí bás.

Ansi thug mé aghaidh chuig Áit Uaighe na n-Aingeal atá in aice leis ina bhfuil deifiúir óg againn (3 mhí) curtha. Scríobh mé píosa faoi sin cheanna.

Thosaogh mé a siul thár n-ais chuig an charr ansin. Agus mé beagnach ann thug me faoi dear a fear ag seasamh go ciúin ós comhair. Sílim go raibh sé sna daicheadí. Bhí cuma an bhrónach, aonarach air. N'fheadair cén scéal a bhí ansin, bean óg b'fhéidr a d'fhag "gan cara, gan compánach" é. Duirt mé paidir beag ar a shon leis. Chuir sé an ndán úd le Pádraig Ó hÉigeartaigh ag caoimeadh a Dhonncha óg.

9.12.21

Cabhlach nó bólacht!

Nach ait na rudaí a smaoiníonn tú agus tú i di dhuiseacht sa leaba san oíche. Thosaigh mé ag smaoineamh ar rud éigin faoin "mbólacht Éireannach" agus gur ceart dúinn méid na beithí a laghdu. Bhí beithí i gcónaí in Éirinn ach carannaí? Nach bhfuil i bhfad níos mó damáiste á déanamh ag carr don atmaisféar na an bó?

Peter 1845-1894
Rugadh mo Shin Shean Athair sa bhliain 1845 sílim gur faoin dtuath áit éigin i gcontae Loch Garman - tá Tuaim na nDuillí agus Cúil na hEorna luaite mar cheantair na clainne san aimsir sin, tá siad taobh le chéile pé scéal é . Peter ab ainm dó agus tá beagáinín eolas againn faoi agus sean phictiúr. Tá John luaite mar athair ar siúd ach dár lena theastas phosadh bhí sé básaithe sular ar phós Peter sa bhlian 1878 in Inis Cóirthe. Fuair sé bás sa bhliain 1894 ag aois 49.

Ní raibh carr ar bith ag an mbeirt. 

Rugadh mo shean athair sa bhliain 1889 in Inis Cóirthe agus ní raibh sé ach 10 mbliain d'aois nuair a chailleadh a athar. Bhí seisear eile sa chlann go bhfios dúinn. Bhí aithne agam ar chuid acu. Bhíodar fós ina chónaí in Inis Cóirthe ar lá an Daonáireamh sa bhliain 1901. (Spéisiúil go scríonn mo shin sean mháthair go bhfuil Gaeilge agus Béarla aici acg Béarla amháin ag na páistí!)

Ní raibh carr ag an gclann, agus cinnte ní raibh eolas acu ar chonas carr a thiomáint.

Phós mo shean athair sa bhliain 1907 sna Crosa Beaga ach seoladh i mBaile Átha Cliath a thabhairt aige faoin am sin. Bhí deichnúir clainne acu. Roinn mé eolas ar a thárla don chlann sin i rith Seachtain na Cásca 1916 roinnt bliain ó shin. Seans go tiománadh iad ag an am sin ach ní raibh mo shean athair iábalta carr a thiomaint. Agus go bhfios dom níor thiomáin éinne sa chlann.

Phós m'Athair féin sa bhliain 1944 agus go dti na caogadaí ní raibh carr againn mar chlann cé go raibh m'athair i ann tiomáin ní raibh carr aige go dtí deireadh na caogadaí. D'fhoghlaim mo mháthair conas tiomáint ansin.

Faoi deireadh na seacaidí bhí dhá charr againn.

Bhí seisear clainn ag mo thuismitheoirí agus táimíd go léir i ann tiomáint.

Ta deich charr againn.

Ní dhéanfidh mé iarracht ar an méid carranaí atá ag an gcéad glúin eile ach samhlaidh tá cúigear déag ann agus ar a laghad tá carr an duine ann - sin cúigear deag - ar a laghad. In áit nach raibh carr ar bith sa chlann 100 bliain ó shin.


Níl an cead glúin eile ach ag fás ach cé tá fhios acu an mbeidh carranna acu ag scríosadh an atmaisfir agus muida ar shlí na firinne. Nó b'fhéidir gur carr aibhléise a bheidh ag chuile duine acu! 

Cá bhfios?


13.12.20

Nollaig 1956

 Is ar an lá seo, 13 Nollaig 1956, a fuair mo sheanathar bás. Bhí sé 77 bliain d'aois.

John George Ryan
1897-1956
Is cuimhin liom go maith an oíche. Bhí mé ag teacht abhaile ó thraenáil mar freastalaí altóra timpeall leath uair tar éis a seacht. Bhí an oíche dorcha ach ní rainh aon bháisteach. Chonaic mé solas sa seomar tosaigh - ghlaoghamar an Drawing Room air. D'fhéach mé isteach ann agus bhí m'athair ag caint le fear maol ard in gcóta mór dorcha. 

Lig mo mháthair istigh se teach mé agus bhí fhios agam díreach go raibh Grandpa mar a ghlaoigheamar air, imithe uainn. Bhí Aintín m'athair, Aunt Katy, deirfiúr leis, sa seomra agus thosaigh mé ag caoineadh. "what ails you!" a duirt sí. Ach bhí an bhrón orainn mar bhí an aithne again ar Grandpa ó bhíomar óg. Cailleadh athair mo mháthair trí bhliain roimhe sin ach ní raibh an aithne céanna againn air. Ba mhr an sport a bhí again le athair m'athair féin.

San am sin níor ligeadh páistí bheith ag socraid agus ní fhacamar é sa chónra ná ní fhacamar an cónra féin fiú. Cuireadh i Reilig Ghlas Naíon é ach ní cuimhin liom aon rud faoi sin. Ar dheis Dé go raibh sé.

Go gairid ina dhiadh d'iarr m'Athair orainn - na páistí - an gcurifeadh sé isteach go mór orainn gan Crann Nollag a bheith againn don bhliain áirithe sin. Ba chuma linn faoin gcrann áfach ach bhí rud eile i bhfad níos tabhachtaí ag cuir isteach orainne. 

"Ach an dtiochfaigh San Níochlás ar Oíche Nollag?"

Duradh linn go dtiochfadh sé fiú gan crann.

Agus tháinig!


Seans go mbbeadh suim agaibh sna píosaí anseo

29.1.20

Aimsithe!

Scríobh mé cupla uair cheanna* faoi mo dheirfiúr Máirín a cailleadh agus í ina naoíneán sa bhliain 1952 ag aois trí mhí. Toisc lagú ó bhroinn ní raibh aon seans go mairfeadh sé i bhfad.

Plásóg na nAingeal, Glas Naoín.
Nuair a fógraíodh shuíomh gréasáin ginealais na Ranna Chultúir oscailte anuireadh, rinne mé cuardach ag iarraidh fháil amach an raibh aon eolas ann fuithí. Fuair mé taifead fuithí agus ar a bás. Mar a dúirt mé i mí Mean Fomhair scríobh mé chuig Siúracha na Carthanachta chun a fháil amach cá raibh sí curtha. Chun an fhirinne a insint bhí eagla orm go mbeadh sí curtha i bplásóg anaithnid taobh lesi an oispidéal ina bhfuair sí bás - Cnoch an Teampaill - atá anois imithe ó sheilbh na mBan Rialta.

Tar éis tamail ghearr go leor fuair me freagra deas ó duine de na siúracha. Dúirt sí go raibh sí curtha is bPlásóg na nAingeal i nGlas Naoín i mBaile Átha Cliath. Bhí áthas orm é sin a chlos mar tá ár dtuismitheoirí curtha sa reilig céanna.

Ar ábharaí an tsaoil bhíomar tar éis leach uaighe a ordú dár dtuismitheoirí ach ní raibh seans againn  breathnú ar ó tógadh é roimh Nollaig. Chuigh mé ann inné chun breathnú air agus nuair a bhíos ann rinne mé eolas ar an bplásóg úd a fháil. D'Fhuair mé amach go bhfuil níos mó ná Plásóg na nAngeal amháin ann. Mar sin thug mé an t-eolas faoi Máirín sagainne. Ar ndóigh cheap mé go mbeadh sí sa phlásóg ach ní bheadh fhios ag éinne cén áit go díreach ina mbeadh sí curtha. An-fhoireann atá acu in Iarsmalann na Reilige - chomh cáirdiúil agus tá Gaeilge ag cuid acu. Cuireadh mé chuig bean a bhí ag bínse ginealais.

Reilg Glas Naoín -
Plásóg na nAingeal in aice leis an dTúr
ag an mbun ra dheis.
Íontas na n–íontas bhreathnaigh an bhean isteach ina ríomhaire agus fuair sé taifead adhlactha ár ndeirfiúir. "Sea, tá sí curtha sa Sean Phlásóg na nAingeal!" Dúirt sí linn cá raibh sé agus dúirt "Tá sé curtha ag NA 104.5!" Mhínigh sí dom conas é a aimsiú.

Tá lithreacha ar taobh amháin den bplásóg agus ar an mballa ar thaobh na plásóige tá na h-uimhreacha. Is beag ná gur thosaigh mé ag caoineadh nuair a dúirt sí é sin mar, mar a dúirt mé, níor cheap mé go mbeadh an taifead chomh chruinn sin.

Chuaigh mé ansin go dtí an áit agus bhí sé íontach go mbfhéidir  seasamh díreach ag an áit sa plásóg ciúin sin ina bhfuil sí curtha. Ní raibh mé chomh congarach léi ón lá a rugadh ocht mbliain agus thrí scór ó shin agus í ina cliabhán.

Móimint speisialta!

Ag lorg Maureen.. (16/9/19)
   Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr! (1/6/2016)

16.9.19

Ag lorg Maureen....


Spreag alt sa nuachtán le deanaí dhom eolas a lorg faoi bhás mo dheirfiúr sa bhliain 1952.

Labhair mé faoin ndeirfiúr céanna cheanna i bpíosa, "Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr," anseo in 2016.

"Rugadh deirfiúr dúinn féin i mí Iúl 1952. Máirín Olivia a tugadh uirthí mar rugadh ar fhéile Oilibhéir Beannaithe ag an am í. Ní raibh seans ar bith aici saol iomlán a caitheamh agus bhi a fhios san ag mo thuismitheoirí sular rugadh í. Ach is cuimhin linn sa chlann uirthí i gcónaí cé nach raibh sí linn ach dhá seachtain déag. Ní raibh seans dá laghad go mairfeadh sí. Fiú ina sean-aois bhíodh cuimhne air mo mháthair ar an naíon óg, ar Mháirín."

San alt sa nuachtán úd, "The unknown adoption home in Blackrock, Dublin,"(Béarla)  bhi Caelainn Hogan ag caint faoi áit ar an gCarraig Dhuibh, Cnoc an Teampaill. Dúradh linn sa chlann gur anseo a fuair sí bás ag aois trí mhí. Dúradh linn leis gur thré bean rialta i Siúracha na Carthanachta, a bhí ar scoil le mo mháthair, a tógadh isteach ansin í.

Oilibhéar Pluincéad Naofa
(Ard Macha)
Is cuimhin liom fhéin an lá a rugadh í agus gur choniceamar an leanbhín beag seo ina coladh taobh le leaba mo mháthair ach ar ndóigh mar bhuchail óg níor thuigeamar cé chomh lag is a bhí sí. Sílim gur tógadh díreach chuig an oispidéal í ansin. Ní dóigh liom go bhfaca mo mháthair í as sin amach ach go bhfios dom bhí sé de nós ag m'athair dul go rialta chuig an oispidéal. San insint seo sa chlann tugadh sacraimint comhneartaithe ón Sagart Paróiste agus í ann. Is cuimhin liom an tráthnóna nuair a tháining m'athair abhaile ag rá go raibh sí tár éis bháis. Dúradh linn i gcónaí gur tugadh an aire dí i rith a saol.

Le déanaí fógraíodh leathnú mór ar shuíomh gréasáin ginealais ag an Roinn Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ansin tá taifead le fáil (saor in aisce) ar bhreitheanna (1864-1918), póstaí (1845-1943) agus básanna (1864-1968) le breis is céad caoga bliain (agus i gcásanna áirithe níos faide siar). Mar sin rinne mé iaracht taifid mo dheirfiúr, Mairín, a fháil. Bhí fhios agam gur ar an 12 Deireadh Fomhair a fuair sí bás mar is cuimhin liom nuair a deineadh naomh d'Oilibhéar Pluincéad Beannaithe is ar an lá sin a thárla sé (12 DDF 1975 ag Pól VI atá ina naomh é féin ó shin) agus gur thug sé sin sásamh do mo mháthair.


Bhí sé éasca an taifead a aimsiú agus chonaic muid don gcéad uair rud éigin dubh agus bán fuithí. Is dócha go bhfuil ansin tuairisc liachta uirthí nó cúis a báis. Thug sé beagáinín faoiseamh dom, agus do mo dheartháireacha mo dheirfiúr atá fós linn.

Níl fhios againn cá bhfuil sí curtha, sílim gur in uaig éigin taobh leis an teach ar an gCarraig Dhuibh ach níl fhios agam. Tá mé le scríobh chuig Siúracha na Carthanachta chun a fháil amach.

26.8.19

Brat na hÉireann, m'athair agus na hAuxies!

Bhí clár ar RTÉ 1 am lón ar an Sathrain faoi eachtra a thárla i rith cogadh na saoirse inar dúnmaraíodh bean óg in Oirthear na Gaillimhe. Bhí roinnt mhaith eolas faoi ach fós féin níl an scéal iomlán le fáil.

M'athair agus a dheirfiúr timpeall an ama sin!
Chuir sé ag smaoineamh dom ar scéalta a chualathas i mo chlann féin ag an am sin agus nach bhfuil mórán eolas agam faoi.

Bhí teach samhradh ag mo shean-mhuintir i Sean Chill Co Átha Cliath - ó thauidh ó Bhrí Chualainn. Tá fhios agam cá bhfuil an teach sin. Nuair a bhí mise óg deanadh Bairic na Ghardaí as an dteach céanna. Bhí cónaí acu i lár na cathrach (Cuinne Sr Prionsias & Sráid Thomáis) agus is cosúil go raibh nós acu dul amach go Sean Chill sa Samhradh.

Ar an lá áirithe seo bhí cineál fleadh nó céiliúradh de shaghas éigin agus bhí m'athair agus a dheirfiúr óg ann agus bhí brat beag na hÉireann acu. Tháinig lorraí lán de hAuxiliaries - rannán armtha de chuid an RIC bunaithe ag Winston Churchill i mí Iúl 1920 le "cabhair" do na póilíní. Ní h-ionann iad agus na Dúchrónaigh ach ní mór an difríocht eatartha i ndairíre.

An scéal a chualathas sa chlann ná gur stop siad a lorraí agus thógadar na páistí thár n-ais chuig an teach. Thastaigh siad na bratacha a thabhairt leo ach diúltaigh mo sheanmháthair dá n-iarratas. Agus ní raibh sí sásta eolas a thabhairt dóibh ar cad as a dtáinig na bratacha. D'imigh na saighdiúirí agus ní dhearnadar aon rud faoi.

Dérfainn go raibh m'thair timpeall 5 bliain d'aois agus a dheirfiúr thart ar dhá bhliain d'aois.

Níl aon eolas eile againn faoi!

• Seo scéal eile ón aimsir sin: Seanchas clainne agus Cogadh na gCarad.

9.1.11

An chéad ghlúin eile...

Oisín Aodh
Tá muid ag éirí sean!

I mí Meán Fomhair 2009 scríobh mé faoi bhás mo mháthair. Anois tá scéal againn atá lán de lúcháir agus d'áthas. Tá gar pháiste againn  anois. An chéad ghlúin eile.

Rugadh Oisín Aodh ag deireadh na bliana. Leaidín mór trom a tá ann agus scámhóga láidir aige!

Is rud aisteach páiste a bheith again nach linne ina iomláinne é. Tá an fhreagracht anois ag a thuismitheorí fhéin, ag ár mac agus a bhean.

Ar ndóigh tá sé de dhualgas ar garthuismitheoirí na garpháiste a mhilleadh le grá!

Anois tá muid ag sealgaireacht sna siopaí, éadach, bréagáin, agus ar ball milseáin. Tá rudaí ceannaithe cheana féin. Tá Bábóg Béibí againn cheanna, á úsáid níos mó againne ná eiseann ar ndóigh. An gceannaíonn muid an stuif se go léir dó san nó dúinn féin? Ceist mhaith! Ar ndóigh beidh muid ag ceannach na CDanna agus leabhair ag Futa Fata, agus Cló Mhuigheó, go luath.

"Ós tusa a dheilbhigh go hiomlán mé
agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
Tugaim buíochas de bharr iontas mo dhéantúis;
de bhrígurb éachtachiad d'oibreacha.
B'eol duit go hiomlán m'anamsa
níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,
nuair a cumadh ós íseal mé, gur múnlaíodhi mbroinn na talún mé,
chonaic do shúile mo gníomhartha..." (Slm 138)

Moladh go deo le Dia!

28.7.10

Buíochas!

Fuair mé glaoch gutháin ó mo dheartháir go luath ar an Aoine seo chaite le nuacht ar thimpist a bhí ag ár máthair. Is cosúil gur thit sí agus bhris sí a cromán. Anois mar a roinn mé libh roimhe seo tá aois aon bhliain deag agus ceithre scór uirthi agus chomh maith leis sin tá an intinn, nó bfhéidir gur fearr a rá, a cuimhne, beagnach imithe ar fad. Tá fhios aici go bhfuil aithne aici orainn ach níl tuairim dá laghad aici cé muid!

Tógadh chuig Oispidéal Thamhlachta (Bearla) í ar timpeall a dó ar mhaidin Dé hAoine in otharcharr. Níor fágadh ró fhada san Aonad Timpistí agus Éigeandála ann agus ligeadh isteach i bharda taobh istigh de chupla uair a chloig. Bhí an cromán briste agus duairt na dochtúirí go raibh sé coitianta go leor mar thimpist agus nach raibh sé ró neamh-ghnach mar gnáthamh é a laigheas. An t-aon deachtaireacht a bhí ann ná nach raibh sí i ndán a thuiscint céard a bhí ar siúil, nó conas comhoibriú leis na saineolaithe len í fhéin a fheabhsú í ndiaidh an obráid.

D'éirigh go maith leis an obráid, buíochas le Dia, agus anois tá sí faoi churam an fhisiteiripeora. Tógfaidh sé tamall!

Táim á scríobh seo chun moladh mór a thabhairt don Oispidéal seo. Ní fhéadfadh na ailtirí, na duchtúirí, nó an foireann ar fad a bheith níos fearr, níos cinealta, níos tuiscine do mo mháthair nó dúinne, a clann. I ndairíre bhí íontas orainn tar éis an méid sin ghearáin a deintear faoin sheirbhís sláinte - agus chun an fhirinne a rá bhí an-eagla orainn mar bhí deachrachtaí againn le hoispidéal eile cupla bliain ó shin. Ach sin scéal eile.

Tá mé chun dul go Baile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine arís len í a fheiscint ach buíochas le Dia níl imní ar bith orainn faoin churam atá á thabhairt dí ag Oispidéal Tamhlachta.

Molaim iad.