Showing posts with label Seirbhís Sláinte. Show all posts
Showing posts with label Seirbhís Sláinte. Show all posts

3.4.21

Faighte - cuid a h-aon!


Tá an dochtúir taighlaigh againne lonnaithe sa chathair anois. Mar a dúirt me ar an nDéardaoin fuair mé an cuireadh dul isteach le haghaidh ionaclaithe ar an Aoine - Aoine an Chéasta.

Is amhlaidh go bhfuir mé cuireadh dhá sheachtain ó shin agus ansin fuir mé teachtaireacht eile ag rá nach raibh an méid stuif a bhíodar ag súil leis a fháil agus go rabhadar ag súil cuireadh eile a chuir chugam aimsir na Cásca. So bhí mé ag súil leis an nglaoch!

Cúpla uair i ndiaidh mo chuireadh fin fuair mo bhean cuireadh chomh maith. Bhíomar beirt le bheith deanta ar an lá céanna!

Bhí an coinne le bheith ar 16.15 agus mar sin chuamar istigh agus neart ama le spáráil againn. Mar sin ag a ceathair a chlog chasamar isteach ar an sráid ina bhuil an máinliacht agus thugamar faoi deara go raibh an trácht cuíosch trom agus muid ag cásadh. Ansin thugamar faoi deara go raibh slua thios taobh amuigh den bhfoirgneamh.

Rinneamar an carr a pháirceáil agus shúileamar ann. Bhí scuaine ann agus iad go léir ag feitheamh le hinstealladh. Bhí amantaí éagsúle acu ach bhí an scuaine ag gluaiseacht sciobtha go leor. Agus bhí an slua go deas gealgáireach. Duine amháin a bhaist ainm nua, "Pfizer Friday" ar an lá. Duine eile a rá nach raibh sé i scuaine ó bhí sé óg ag dul isteach i "matinee" éigin!

Bhíomar istigh ann i leathuair a chloig agus bhí an "jab" déanta ag deich chun a cúig. Míníodh dúinn cad a bhí a thabhairt agus gur beag baol dhrochthoradh a bheadh as. Dúradh linn suí an ar feadh cúig neomad deag agus nuair nach raibh aon tinneas orainn ligeadh amach muid. Beidh orainn dul thár n-ais don dara mír ar lá Bhealtaine - le cúnamh Dé.

Agus muid ag fágáil na h-áite muid ní raibh ach meas agus íontas orainn ar dúthracht lucht na clinice. Bhíodar deas séimh, fiú gealgáireach agus iad "faoi ionsaí" ag na ceadta seanóirí. Ar bhealach is idir dhá thine atá siad: an pobal ag lorg instealladh ar thaobh amháin agus soláthar vacsaíní, idir déantóirí agus lucht dáileacháin ar an dtaobh eile.

Tá siad le moladh!

#coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

18.4.20

Tuar dhóchais!

Tá muide istigh sa bhaile le ceithre seachtain anuas (on 27 Márta). Téann muid ó lá go lá ag breathnú agus ag éisteacht le tuairiscí ar na meáin chraolta. Bíonn tuairiscí ón Tuaisceart thar timpeall am lón agus tuairiscí ón stáit seo ag am té - aisteach go ndeirtear an "am té" fós!

Tá sean aithne againn ar dhochtiúirí sa Roinn Sláinte anois. Agus meas againn ar a ndiongbháilteacht, ar a ndílseacht agus ar a bhfoighne. Má cuirtear ceist freagraítear go beacht iad. Muna bhfuil an fhreagra le fáil ar an lá deirtear go mbeidh sé ann níos deanaí agus de gnáth bíonn.

Agus conas tá ag éirí linn i gcoinne an diabhal ráig seo, COVID-19? Deireann an Eagraíocht Domhanda Sláinte gur ceart "teastáil, taisteáil, taisteáil" agus nuair atá sin deanta taisteáil arís. Ach mar atá fhios againn níl sé chomh h-éasca é sin a dheanamh nuair atá chuile tír ar domhain ag lorg ábhar, treallamh agus saotharlanna taisteála ag an am céanna. Ach is cosúil go bhfuil an-chuid taisteál ar siúl ach, agus admhaíonn siad é seo, níl sé chomh maith agus is ceart é a bheith.

Dár liom fhéin siad uimmhreacha bháis, méid daoine a fuair bás, an uimhir is tabhachtaí is muid ag tomhas  cén dul chun cinn atá á dhéanamh i gcoinne na plá seo. Le déanaí cheap mé go raibh an uimhir seo ag ardú as cuimse agsu mar sin go raibh rudaí ag dul in olcas.

Dearg: Dáta bháis;  Líne Ghorm: Tuairisc Bháis
Rinne an Príomhoifigeach Leighis, Dr Tony Holohan, clarú ar na huimhreacha a roinneann sé linn gach tráthnóna. Tugann sé na huimhreachar a tuairiscítear dóibh gach lá ach ní hionann sin is a rá go bhfuair na daoine seo bás ar an lá roimh ré. Mar sin tá daoine ann a fuair bás roimhe sin ach nár chuirfidh in ndúil dóibh ag an am. Léirigh sé é sin ar graph. Is léir ón ngraf seo go raibh cúrsaí i bhfad ní ba bhfearr ná mar a cheap mé.

Ar ndóigh cé go dtugann an t-eolas seo dóchas dúinn ní mór smaoineamh gur duine daona gach uimhir atá sna staitisticí seo. Duine le gaolta ag caoine a bháis. Bás nach raibh súil leis b'fhéidir. Agus daoine nach féidir íad a thoramh mar is ceart. Mar aon leis sin tá ceist na Tithe Altrainis - níl siad ró chinnte an raibh gach duine  a cailleadh ansin sna figiúirí agus mar sin táid chun dul thár n-ais go tús na bliana len iad a iniúcadh go mionn.

Rud eile a thugaim faoi deara ná an difríocht idir an bhealach atá an ghéirchéim á lamhsáil ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas Westminster. Is cosúil go raibh siad ag caint faoi "herd immunity" thall agus bhí muid ag iarraidh an galar a bhrú faoi chois tré daoine a scoilt óna chéile. Mar aon leis sin bhí béim eile léirithe ag manadh lucht na Breataine - "Save the NHS!" Samhlaigh cad a déirfeadh Pobal na hÉireann dá mbeadh manadh "Save the HSE!" mar manadh anseo!

Níl gach rud foirfe sa choimhlint seo againn ach mar a dúirt an Dr Micheál Ó Riain san Eagraíocht Domhanda Sláinte, "Sé an foirfeacht namhaid an ghnímh!"



• Féach air: Ón gCluthar

1.12.12

Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!

Tá an scéal brónach, truamhéileach, faoi chlann Shavita i nGaillimh a chaill a céad ghin agus beatha an máthar in oispidéal na Gaillimhe i mbéal an phobail le coicís anuas. Tá se deachair a shamhlú cé chomh chroí bhriste is atá a fear agus tuigfeá a fhearg agus é ag lorg freagra ar a chuid ceisteanna.

Lus míonla goirt
Tá meoin nó aigne na hudarais, idir an FSS agus an Roinn Sláinte, deachair le tuiscint nuair nach ndearna siad teangabháil leis an fear agus an teangabháil leis a leanúint go dtí go raibh pé fhiosrú a bhí le déanamh déanta. Bhí sé scannalach go raibh air dul chuig na nuachtáin chun go dtosódh aon fhiosrú!

Dár liom tá an-mhíthuiscint ar an gcás fhéin agus má tá firinne ar bith sa tuairisc a thug a fear, tá an-cheist le freagairt. Cén fáth gur diúltaíodh cóir leighis ceart a thabhairt don bhean seo agus a leanbh?

Tá sé easca orainn, nach raibh ann, breithiúnas a thabhairt ach sílim go bhfuil "Lucht an ginmhilte" agus "Lucht Frith-Ghinmhilleadh," ag dul thár fóir leis. Tá an-chuid ag déanamh ceangal leis an gcás cáiliúil "X". Ní dóigh liom go bhfuil ceangal ar bith leis sin. Tá an ceangal sin ag ceapadh gur ginmhilleadh a bhí ón gclann, agus bfhéidir gur usáid siad an focal Béarla "abortion" ach tá mé ag ceapadh gur focal eile a úsáid siad, an focal "terminate the pregnancy." Sa Ghaeilge áfach is féidir an difir a fheiscint go soiléar. Rud a thug síciatraí le fios ar chlár ar Raidío na Gaeltachta cupla lá ó shin. Bhí alt maith (Béarla) ag Breda O'Brian in Irish Times ar an Sathairn a mhínigh an pointe seo go beacht soiléar.
Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann (Alan Titley, Irish Times 5/12/2012)
Dár liom fhéin níl an rud ar a dtugtar "Ginmhilleadh" dlithúil nó fiú ceart. Is milleadh atá i gceist, sé sin deireadh a chur leis an leanbhín istigh i mbruinne d'aon ghnó. Ach más "Foirceannadh Toirchis" atá i gceist is scéal eile atá i gceist. Ón méid atá ar eolas againn go dtí seo níl aon rud sa dlí nó sa Bhunracht (ná i dteagasc na hEaglaise Chaitlicí) i gcoinne "foirceannadh toirchis," i gcás Shavita.

Tá áfach fadhb sa dlí maidir le cás X nach ndearnadh rud ar bith faoi ón gcás cúirte truamhéalach sin. Tá ar an Rialtas dlí a rith a déanfadh soiléar cás mar sin, go mór mór i gcás bagairt féin-mharú an máthar i gceist.

Sílim féin gur ceart dóibh, mar a mholann Breda O'Brien, dlí, ní chun deireadh a chur le saoil an pháiste, ach chun saol an mhathar a shabháil.

Ach thár aon rud eile ní mór dúinn smaoineamh agus gan dearmad a dhéanamh ar bhrón agus ar bhriseadh chroí atá ar Phraveen, chéile Shavita. Pé rud a thárla, tré mhí-thuiscint ar an dlí, nó diognóis mícheart, is ag caint faoi clann, daoine daonna atá scriosta in ár dtír féin agus iad i bhfad óna dtír fhéin.

28.7.10

Buíochas!

Fuair mé glaoch gutháin ó mo dheartháir go luath ar an Aoine seo chaite le nuacht ar thimpist a bhí ag ár máthair. Is cosúil gur thit sí agus bhris sí a cromán. Anois mar a roinn mé libh roimhe seo tá aois aon bhliain deag agus ceithre scór uirthi agus chomh maith leis sin tá an intinn, nó bfhéidir gur fearr a rá, a cuimhne, beagnach imithe ar fad. Tá fhios aici go bhfuil aithne aici orainn ach níl tuairim dá laghad aici cé muid!

Tógadh chuig Oispidéal Thamhlachta (Bearla) í ar timpeall a dó ar mhaidin Dé hAoine in otharcharr. Níor fágadh ró fhada san Aonad Timpistí agus Éigeandála ann agus ligeadh isteach i bharda taobh istigh de chupla uair a chloig. Bhí an cromán briste agus duairt na dochtúirí go raibh sé coitianta go leor mar thimpist agus nach raibh sé ró neamh-ghnach mar gnáthamh é a laigheas. An t-aon deachtaireacht a bhí ann ná nach raibh sí i ndán a thuiscint céard a bhí ar siúil, nó conas comhoibriú leis na saineolaithe len í fhéin a fheabhsú í ndiaidh an obráid.

D'éirigh go maith leis an obráid, buíochas le Dia, agus anois tá sí faoi churam an fhisiteiripeora. Tógfaidh sé tamall!

Táim á scríobh seo chun moladh mór a thabhairt don Oispidéal seo. Ní fhéadfadh na ailtirí, na duchtúirí, nó an foireann ar fad a bheith níos fearr, níos cinealta, níos tuiscine do mo mháthair nó dúinne, a clann. I ndairíre bhí íontas orainn tar éis an méid sin ghearáin a deintear faoin sheirbhís sláinte - agus chun an fhirinne a rá bhí an-eagla orainn mar bhí deachrachtaí againn le hoispidéal eile cupla bliain ó shin. Ach sin scéal eile.

Tá mé chun dul go Baile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine arís len í a fheiscint ach buíochas le Dia níl imní ar bith orainn faoin churam atá á thabhairt dí ag Oispidéal Tamhlachta.

Molaim iad.