1.8.16

Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr!

Mé ag smaoineamh ós árd ar cheist chasta!

Tá sean bhíobla mo shean-mhuintir sa teach againn. Tá sonraí faoin gclann, pósadh mo shean athair agus mátthair (tús 1907) agus na dátaí a rugadh na deich bpáistí a bhí acu - idir 1907 (Mí na Nollaig) agus 1921. Ansin tá dátaí bháis breactha isteach ann leis chomh fad le 1936 nuair a fuair mo shin-sean mháthair Mary bás.

Chuir mé spéis faoi leith i iontráil amháin. Sílim go bhful sé spéisiúil agus plé á dhéanamh ar Aisghairm Alt 8 den bhunracht. I mí Deireach Fomhair 1921 rugadh Edward, an duine is óige sa chlann ach ansin idir lúibíní tá an focal "stillborn!"(marbh-bheirthe). Ní raibh m'athar féin ach trí bhliain d'aois nuair a thárla seo agus ní raibh cuimhne ar bith aige air cé go raibh fhios aige gur thárla sé. Gurbh é a dheartháir a rugadh marbh é! Deirtear sa chlann gur duine é cé gur rugadh é gan beatha ar bith ina chorp bheag.

Rugadh deirfiúr dúinn féin i mí Iúl 1952. Máirín Olivia a tugadh uirthí mar rugadh ar fhéile Oilibhéir Beannaithe ag an am í. Ní raibh seans ar bith aici saol iomlán a caitheamh agus bhi a fhios san ag mo thuismitheoirí sular rugadh í. Ach is cuimhin linn sa chlann uirthí i gcónaí cé nach raibh sí linn ach dhá seachtain déag. Ní raibh seans dá laghad go mairfeadh sí. Fiú ina sean-aois bhíodh cuimhne air mo mháthair ar an naíon óg, ar Mháirín*.
Tá mé ag inseacht na scéalta seo mar bhí litir i nuachtáin éigin i rith na seachtaine ag rá nach ionann beatha duine sa bhroinn agus duine beirthe (a máthair sa chás seo). Ar bhealach bhí an scríobhnóir ag rá nach duine é nó í an té sa bhroinn. Ní féidir liomsa é sin a creidiúnt agus sin an fáth nach féidir liom vóta a caitheamh a tabhrafadh an cumhacht sin d'éinne deireadh a chuir le saol daonna sa bhroinn - ar chúis ar bith. Níl mé ag rá gur ionann an beatha atá sa mbroinn agus an beatha atá taobh amuigh dí - tá sé difriúil agus tá sé spleach. Nuair a rugadh mo dheirfiúr bhí sise spleach go dtí go bhfuair sí bás - níor smaoinigh éinne ar deireadh a chuir lena saol, sa bhroinn nó taobh amuigh di.  I ndairíre nach bhfuil muid uileag spleach ar bhealach go dtí go mbíonn muid fásta?

Ag an am céanna tuigim leis gur uafásacah an rud é don máthair agus don athair nuair a thárlaíonn tubaist mar seo agus tá dualgas láidir orainn go léir pé cúnamh gur féidir a thabhairt a thabhairt. Tá sé crua agus níos mó ná sin tá sé éasca é a rá nó a scríobh agus tuigim san. Chomh maith le sin tá sé soiléir nach dtugann an Stáit nó na hÉaglaisí cúnamh ceart do na máthaireacha.

Munar féidir le h-éinne a rá liom nách duine daonna atá sa bhroinn ní féidir liomsa a chreidiúnt nach marú duine daonna atá sa chríochniú bheatha nó ginmhilleadh seo.

Agus seo á scríobh agam tá mé cinnte nach bhfuil an ceart agamsa nó ar éinne milleán a chuir ortha siúd atá ar mhalairt tuairim.  Ní ceart dúinn breithiúnas a dheanamh ar éinne. Ta mo consias fhéin agam féin ach nach ceart dom ligint do mo chomharsan a chonsias féin a bheith aige nó aici?


* Féach ar ár gcuardah ar áit a h-adhlachadh anseo: Ag lorg Maureen -16/9/2019  agus Aimsithe-29/1/2020.

No comments:

Post a Comment