8.5.16

Céad bliain is an lá inniú. - 3 #Éire2016

Tá cúig lá imithe sula bhfaigheann an cuid eile den gclann  cead dul isteach go dtí a dteach fhéin. Seo na páistí thart ar 1920. Ní fios dúinn cé h-í an duine atá i bhfolach ar dheis.
Jack, Carmel, Nicholas, Mavis, Shiela, Dermot (a'athair) agus Maureen.
Bhí ochtar den na gceannairí curtha chun bháis faoin am a fuair an cuid eile den gclann cead taistil isteach go dtí an chathair. Bhí na h-údaráis tár éis níos mó ord agus eagair a chuir ar chúrsaí riaracháin agus tá an pás a éisíodh ar an lá seo ar fhoirm clóite (ar Gestetner, má bhí a leithéid le fáil ag an am sin.)
Tá sé i bhfad níos spéisiúla mar ní h-amháin go bhfuil mo sheanmháthair ann ach cuigear páiste agus banaltra. Níl aon eolas againn faoin mbanaltra Mary Smith.  Ní raibh aithne agam ar mo shean mháthair mar fuair sí bás tobann i 1942.

Nótaí ar chúl an pháis!
Tá fhios againn cé h-iad na páistí ar ndóigh. Tá a n-aoiseanna luaite agus ar a chúl tá nótaí do-léite faoi sin. Ar ndóigh tá fhios againn féin cé h-iad, Peter (Jack a bhí againn air a fuair bás i 1946 agus ní raibh aithne againn-ne air) ansin bhi Camilla (Carmel), Nicholas, (a fuair bás sna triocaidí le - tháinig meiningíteas air - agus bhí páirteach - i ngan fhios dá thuismitheoirí i bhFianna Éireann nó an IRA mar tháinig dream acu le h-ómós a thabhairt dó ag a shocraid. Is beag eolas atá againn faoi áfach!), Mavis agus Shiela. Níor rugadh m'athair go dtí an bliain dár gcionn.

Níos deanaí ar an lá céanna cuireadh ceathrar eile chun bháis, Eamonn Ceant
Michael Mallin, Sean Heuston agus Con Colbert.

Ní fios dúinn mórán a thárla i rith na trioblóide. Mar a dúirt mé is cuimhin liom mo shean athair ag caint faoi dhó Thí an Chustaim. Tá scéal eile ann faoin mo athair agus a dheirféir agus iad ag breathnu ag comóradh éigin agus brat trí dhathach beag acu nuair a chuaigh lorai le dubh chrónaigh thart agus duradar le mo shean-mháthair na bratacha a thabhairt suas agus gur dhiúltaigh sí dóibh.

Is dócha go bhfuil an-chuid scéalta mar sin i ngach chlann agus is dócha go bhfuil an chuid scéalta nach mbeidh inste go deo.

Cá raibh tusa in 1916? Mo Dhaideo ag tús an 20ú Chéid Is cuimhin liom an cheist sin a chur ar mo shean athair agus cé nach raibh sé p...
Mar dúirt mé níor luadh ar an cáipéis dár dáta 29 Aibreáin 1916 cén áit ina raibh mo shean-athair i rith an éirí amach. Nuair a éisíodh a...

No comments:

Post a Comment