16.9.19

Ag lorg Maureen....


Spreag alt sa nuachtán le deanaí dhom eolas a lorg faoi bhás mo dheirfiúr sa bhliain 1952.

Labhair mé faoin ndeirfiúr céanna cheanna i bpíosa, "Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr," anseo in 2016.

"Rugadh deirfiúr dúinn féin i mí Iúl 1952. Máirín Olivia a tugadh uirthí mar rugadh ar fhéile Oilibhéir Beannaithe ag an am í. Ní raibh seans ar bith aici saol iomlán a caitheamh agus bhi a fhios san ag mo thuismitheoirí sular rugadh í. Ach is cuimhin linn sa chlann uirthí i gcónaí cé nach raibh sí linn ach dhá seachtain déag. Ní raibh seans dá laghad go mairfeadh sí. Fiú ina sean-aois bhíodh cuimhne air mo mháthair ar an naíon óg, ar Mháirín."

San alt sa nuachtán úd, "The unknown adoption home in Blackrock, Dublin,"(Béarla)  bhi Caelainn Hogan ag caint faoi áit ar an gCarraig Dhuibh, Cnoc an Teampaill. Dúradh linn sa chlann gur anseo a fuair sí bás ag aois trí mhí. Dúradh linn leis gur thré bean rialta i Siúracha na Carthanachta, a bhí ar scoil le mo mháthair, a tógadh isteach ansin í.

Oilibhéar Pluincéad Naofa
(Ard Macha)
Is cuimhin liom fhéin an lá a rugadh í agus gur choniceamar an leanbhín beag seo ina coladh taobh le leaba mo mháthair ach ar ndóigh mar bhuchail óg níor thuigeamar cé chomh lag is a bhí sí. Sílim gur tógadh díreach chuig an oispidéal í ansin. Ní dóigh liom go bhfaca mo mháthair í as sin amach ach go bhfios dom bhí sé de nós ag m'athair dul go rialta chuig an oispidéal. San insint seo sa chlann tugadh sacraimint comhneartaithe ón Sagart Paróiste agus í ann. Is cuimhin liom an tráthnóna nuair a tháining m'athair abhaile ag rá go raibh sí tár éis bháis. Dúradh linn i gcónaí gur tugadh an aire dí i rith a saol.

Le déanaí fógraíodh leathnú mór ar shuíomh gréasáin ginealais ag an Roinn Chultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ansin tá taifead le fáil (saor in aisce) ar bhreitheanna (1864-1918), póstaí (1845-1943) agus básanna (1864-1968) le breis is céad caoga bliain (agus i gcásanna áirithe níos faide siar). Mar sin rinne mé iaracht taifid mo dheirfiúr, Mairín, a fháil. Bhí fhios agam gur ar an 12 Deireadh Fomhair a fuair sí bás mar is cuimhin liom nuair a deineadh naomh d'Oilibhéar Pluincéad Beannaithe is ar an lá sin a thárla sé (12 DDF 1975 ag Pól VI atá ina naomh é féin ó shin) agus gur thug sé sin sásamh do mo mháthair.


Bhí sé éasca an taifead a aimsiú agus chonaic muid don gcéad uair rud éigin dubh agus bán fuithí. Is dócha go bhfuil ansin tuairisc liachta uirthí nó cúis a báis. Thug sé beagáinín faoiseamh dom, agus do mo dheartháireacha mo dheirfiúr atá fós linn.

Níl fhios againn cá bhfuil sí curtha, sílim gur in uaig éigin taobh leis an teach ar an gCarraig Dhuibh ach níl fhios agam. Tá mé le scríobh chuig Siúracha na Carthanachta chun a fháil amach.

No comments:

Post a Comment