Showing posts with label Joe Éinniu. Show all posts
Showing posts with label Joe Éinniu. Show all posts

7.4.11

25ú Féile Joe Éinniú 2011

Seosamh Ó hÉanaigh
Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna, Conamara ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29ú Aibreán go Domhnach 1ú Bealtaine 2011. Déanann an fhéile seo comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Is ceiliúradh cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó 1986, agus ag dul ó neart go neart.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa. Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29ú Aibreán ag 7.30pm.

Siad príomh imeachtaí an chláir i mbliana:
Seoladh an leabhair ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man’ atá scríofa ag Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; 
Seoladh leabhair de Chumadóireacht Ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach - ‘An Chearc Fhraoigh’;
Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta;
Ceardlanna Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa ar an Sean Nós agus Ceol Úirlise (ceardlanna ar fad saor in aisce);
Seoladh Dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóir Danny O’Mahony as Ciarraí;
Cuairt ar uaigh Joe Éinniú;
Comórtas Amhránaíochta don Aos Óg;
Taispeántas agus cur i láthair ar an Veidhlín Hardanger ón Iorua;
Ceadal Píobaireachta agus Portaireachta le h-aíonna as Alba agus Éire;
Céilí agus Seiteanna.
Beidh taispeántas pictiúir agus ábhar ón bhféile le 25 bliain anuas ar bun i gcaitheamh na deireadh seachtaine chomh maith.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh cuid de na h-aíonna is mó i saol an cheoil ag tabhairt faoin stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30pm: Na hAlbanaigh - Mairí Smith, Ailean Domhnullach & Griogair Labhruidh, Danny O’Mahony, Patsy Broderick, Mick Mulkerrins, Liz & Yvonne Kane, Róisín Nic Dhonncha, Bairbre De Búrca, Ciarán Somers, David Power, Pádraic Ó Flatharta, Rosie Stewart, Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, Emma Ní Shúilleabháin agus Torgeir Straand ón Iorua.

Ticéid €20 le fáil ó Óstán Chuan Charna (B) (095) 32255.

3.9.10

Seoda na nOileán


Coiste Fhéile Chomórtha Joe Éinniú ag eagrú oíche mhór ceoil, amhrán agus damhsa i dteach ósta ‘Tí Mheaic’ i gCarna, ar an Aoine seo chugainn 10ú Meán Fomhair ag 9.00in, mar cheiliúradh ar an dlúthdhiosca nua ‘Seoda na nOileán’ atá curtha amach ar an margadh ag an bhfliúitadóir Marcus Ó hIarnáin (Béarla) as Ruisín na Manach (Carna) agus an boscadóir Johnny Ó Conghaile as Inis Bearacháin ó dhúchas. Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an mbeirt cheoltóirí seo agus is seoda ceart atá sa dlúthdhiosca nua.

Rinneadh taifead ar an gceol ar fad ar an teallach i dteach Mharcuis i Ruisín na Manach agus is álainn go deo an fuaim a thagann ón mbeirt dlúthchairde. Ag coinneáil comh-cheol leo ar an dtaifead spleodrach seo, tá Tim Edey ar an ngiotár agus Brian McGrath ar an bpianó.

I measc na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt sa cheiliúradh seo i dTigh Mheaic, beidh Proinséas, Breandán agus Labhrás Ó hIarnáin, chomh maith le ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí áitiúla eile.

Is í Neansaí Ní Choisdealbha a bheidh mar aoí-chainteoir ar an oíche. Is ceoltóir den scoth í Neansaí agus bíonn sí le cloisteáil go minic ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta.

Tá céad míle fáilte roimh cách ag an ócáid i gCarna!

18.7.10

Ar an tra bhán

Chuamar ar siúlóid inniú i gCeantair na nOileán síos chomh fada le céibh na Trá Báine. Bhí an lá go h-álainn agus ghlac mé pictiúir den leacht cuimhneacháin den ceathrar a fuair bás sa bhfarraige chrua fadó.

Seo leagan d'amhrán na Trá Báine faoin dtragóid usfásach sin. Scríodh an amhrán seo ag a ndeirfúir a chuaigh ar imirce go Meiriceá.

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is breá an rud é an t-earrach fhéin;
Níl caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, a' cur fhataí 's a' baint fhéir.
Níl fear ar bith, dhá bhoichte, nach bhfuil feilm aige fhéin.

Mo mhallacht ar na currachaí 's mo bheannacht ar na báid;
Mo mhallacht ar na currachaí atá thall insa Trá Bháin
A bhain mo cheathrar deartháir díom a raibh an fheilm acu ann.
Nach cuma leis an gCeallach é ó 'sé fhéin atá ina n-áit.

'S faraor géar nár cailleadh mé lá a baisteadh mé go hóg,
Nuair a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéil bheo
Níl deartháir a'am 's níl deirfiúir a'am 's níl mo mháithrín beo;
Tá m'athair bocht lag goilliúnach 's a Chríost, cé hionadh dhó.

Agus shoraidh dhíbhse, a dheartháireachaí, nach dtagann sibh i dtír;
Chaoinfeadh mná an bhaile sibh a gcleamhnaithe 's a ngaol;
Chuirfí cónraí geal' oraibh amach ó láimh an tsaoir;
Ní bheadh sibh dhá bpocáil idir farraigí ná dhá gcur ó thaobh go taobh.

Agus d'fhágadar an caladh againn ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire! 'siad an triúr a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig dhon Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling 's an curach ar an trá.

'S báitheadh Seán 's Peadar orm, bhí cathú agam ina ndiaidh,
Báitheadh deartháir eile orm, ó, Máirtín fadó ariamh.
'Sé Micil bocht ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh
Ach mo mhallacht don tonn bháite, 'sé a d'fhága mé ina ndiaidh.

Nach é an Ceallach a bhí náireach nach labhródh sé le Bríd;
Chaith sí seacht seachtaine i stór na ragannaí
Níor chleachtas mhór é sin uirthi dhá mbeadh a muintir cruinn;
Ó bheadh sí ag baint na carraigín 's á triomú leis an ngaoth.
Leagan d'Amhrán na Trá Báinne a chas Seosamh Ó hÉanaí (Joe Éinniú)

19.5.10

Pictiúirí Fhéile Joe Éinniú 2010

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mick O'Brien (BÁC) ag tógáil páirt sa cheolchoirm in Óstán Chuan Charna, 1ú Bealtaine 2010.
Johnny Ó Clochartaigh agus Joe John Mac an Iomaire ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Lillis Ó Laoire, Allan MacDonald agus Griogair Labhruidh ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Máire Ní Mhaoilchiaráin ag bronnadh Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú ar bhuaiteoir 2010 - Bertie Ó Domhnaill.
Micheál Ó Cuaig (Stiúrthóir na Féile) agus Sean Williams (USA) ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Niamh Ní Chuaig, Proinséas Ó hIarnáin, Breandán Ó hIarnáin agus Michelle Ní Chuaig ag baint sult as an gcraic in Óstán Chuan Charna ar an Domhnach 2ú Bealtaine 2010.
Paddy Fitzpatrick, Micheál Éinniú agus Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Tim Dennehy a d'oscail an fhéile go h-oifigiúil, in éineacht le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!