Showing posts with label Craic. Show all posts
Showing posts with label Craic. Show all posts

7.4.11

25ú Féile Joe Éinniú 2011

Seosamh Ó hÉanaigh
Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna, Conamara ag deireadh na míosa seo, ón Aoine 29ú Aibreán go Domhnach 1ú Bealtaine 2011. Déanann an fhéile seo comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí chlúití ón Aird Thoir, a bhásaigh i Seattle agus atá curtha ina pharóiste dúchais. Is ceiliúradh cúig bhliana fichead atá i bhféile na bliana seo mar go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó 1986, agus ag dul ó neart go neart.

Tugtar tús áite san fhéile don amhránaíocht ar an sean nós agus d’amhránaíocht thraidisiúnta i dteanga ar bith ach cuirtear fáilte freisin roimh an gceol úirlise agus an damhsa. Is í Róisín Nic Dhonncha as an Aird i gCarna, a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 29ú Aibreán ag 7.30pm.

Siad príomh imeachtaí an chláir i mbliana:
Seoladh an leabhair ‘Bright Star of the West: Joe Heaney, Irish Song-Man’ atá scríofa ag Dr. Lillis Ó Laoire & Dr. Sean Williams; 
Seoladh leabhair de Chumadóireacht Ceoil Mharcuis Uí Iarnáin as Ruisín na Manach - ‘An Chearc Fhraoigh’;
Seisiúin Ceoil agus Amhránaíochta;
Ceardlanna Amhránaíocht ar an Sean Nós, Damhsa ar an Sean Nós agus Ceol Úirlise (ceardlanna ar fad saor in aisce);
Seoladh Dlúthdhiosca nua de chuid an bhoscadóir Danny O’Mahony as Ciarraí;
Cuairt ar uaigh Joe Éinniú;
Comórtas Amhránaíochta don Aos Óg;
Taispeántas agus cur i láthair ar an Veidhlín Hardanger ón Iorua;
Ceadal Píobaireachta agus Portaireachta le h-aíonna as Alba agus Éire;
Céilí agus Seiteanna.
Beidh taispeántas pictiúir agus ábhar ón bhféile le 25 bliain anuas ar bun i gcaitheamh na deireadh seachtaine chomh maith.

Bíonn an-tóir i gcónaí ar cheolchoirm na féile agus is cinnte gur amhlaidh a bheidh i mbliana, mar go mbeidh cuid de na h-aíonna is mó i saol an cheoil ag tabhairt faoin stáitse in Óstán Chuan Charna ar an Satharn ag 7.30pm: Na hAlbanaigh - Mairí Smith, Ailean Domhnullach & Griogair Labhruidh, Danny O’Mahony, Patsy Broderick, Mick Mulkerrins, Liz & Yvonne Kane, Róisín Nic Dhonncha, Bairbre De Búrca, Ciarán Somers, David Power, Pádraic Ó Flatharta, Rosie Stewart, Nell Ní Chróinín, Cormac Ó Beaglaoich, Emma Ní Shúilleabháin agus Torgeir Straand ón Iorua.

Ticéid €20 le fáil ó Óstán Chuan Charna (B) (095) 32255.

19.5.10

Pictiúirí Fhéile Joe Éinniú 2010

Caoimhín Ó Raghallaigh agus Mick O'Brien (BÁC) ag tógáil páirt sa cheolchoirm in Óstán Chuan Charna, 1ú Bealtaine 2010.
Johnny Ó Clochartaigh agus Joe John Mac an Iomaire ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Lillis Ó Laoire, Allan MacDonald agus Griogair Labhruidh ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Máire Ní Mhaoilchiaráin ag bronnadh Corn Cuimhneacháin Joe Éinniú ar bhuaiteoir 2010 - Bertie Ó Domhnaill.
Micheál Ó Cuaig (Stiúrthóir na Féile) agus Sean Williams (USA) ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Niamh Ní Chuaig, Proinséas Ó hIarnáin, Breandán Ó hIarnáin agus Michelle Ní Chuaig ag baint sult as an gcraic in Óstán Chuan Charna ar an Domhnach 2ú Bealtaine 2010.
Paddy Fitzpatrick, Micheál Éinniú agus Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta ag oscailt na féile in Áras Shorcha Ní Ghuairim ar an Aoine 30ú Aibreán 2010.
Tim Dennehy a d'oscail an fhéile go h-oifigiúil, in éineacht le Johnny Mháirtín Learaí Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha.

11.5.10

Indreabhán i mí Bealtaine

Tá sé beagnach i am do Phléaracha Chonamara. Deireann siad ar a suíomh: "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."

Is In Indreabhán i gCois Fhairrge a bheidh sé i mbliana ar feadh trí lá agus oíche ón 20ú lá Bhealtaine. Is íontach clár na himeachtaí atá acu.

Sé Páidí Ó Lionáird a ósclódh na féile i dTí Chualáin agus is cosúil go mbeidh seó go maidin ann le léiriú ag Fíbín, bronnadh Gradam Phléaracha, seoladh Iris Phléaracha 2010 agus ceol le Beartla Ó Domhnaill & Ceann Gólaim, agus na himeachtaí go léir á stiúradh ag Máirtín Tom Sheánain. Agus níl ansin ach an tús!

Tá an trí lá eile lán de himeachtaí don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil ró óg. Mar shampla tá Seisiún an Phléaracha le bheith ar siúil go déanach ar an Aoine - "Scannán amuigh faoin aer" a deireann an clár! Agus oíche Shathairn tá láithreoir dosmachtaithe Raidío na Gaeltachta, Rónán "Beo" Mac Aodha Bhuí le bheith sa Póitín Stil lena Chabaret Craiceáilte.

Agus ar an oíche deireannach beidh comortas damhsa ar an sean nós, arís sa Poitín Stil nuair a scaoileadh Johhny Connolly a mheleodeon arís dúinn!

AN MBEIDH TÚ ANN?
Má tá tusa le bheith ann tá leathanach Facebook ag Pléaracha...

17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!

9.3.10

Seoladh dlúthdhiosca Subhóró


Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.

Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.

Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.

Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.

Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.

15.1.10

Imeachtaí sa chathair

Seachtain gach seachtain!

I bhfolach ar chúl Áras na nGael, Conradh na Gaeilge Gaillimh ar 45 Sráid Doiminic, gheobhaidh tú an bealach isteach chuig an sceach gheal Ghaelach! Club Áras na nGael is ainm don chlub sóisialta Ghaelach seo, agus bíonn rogha leathan d'imeachtaí ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain.

Cur tús bríomhar leis an tseachtain le ranganna damhsa ar an sean-nós gach Luain faoi stiúir an saineolaí ó Chonamara Pádraig Ó hOibicín. Fiú muna bhfuil suim agat páirt a ghlacadh sa rang tá fáilte roimh aon nduine a theacht agus féachaint ar an modh álainn damhsa seo.

Ar an gcéad Mháirt de gach mí tiocfaidh tú trasna ar mhodh thraidisiúnta eile damhsa nuair a thagann na Briotánaigh le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid steipeanna féin.

Ar an dara Máirt den mhí bíonn “Airneáin sa Chathair” ar siúl áit a thagann pobal Ghaeilge na Gaillimhe le chéile i gcomhair oíche shóisialta. Tá sár-oícheanta tar éis a bheidh ann le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola agus Dermot Somers go dtí seo. I mí Feabhra, beidh an scannánóir cáiliúil Bob Quinn ag léiriú an clár faisnéise "Fly-tipping in London".

Ar an gCéadaoin buail isteach chuig Oíche na bhFoghlaimeoirí. Má tá tú líofa, cúpla focal nó gan aon fhocal agat, is cuma sin má tá suim agat sa Ghaeilge. Bíonn Eílís Ní Dhúill i láthair mar áisitheoir chun daoine a spreagadh agus chun ceisteanna a fhreagairt.

Ar an Déardaoin tiocfaidh tú trasna ar na scolairí a thagann le chéile i gcomhair Oíche na Mac Léinn.

Ná caill amach ar oíche bheomhar eile ar an Aoine leis an gceol domhanda is fearr i nGaillimh le Club OA2. Bíonn DJaithe cónaithe Oa2, Ben Ó Faoláin agus Will Softly ag casadh an scoth de cheol domhanda comhnasctha gach Aoine. Tá an club cairdiúil agus gan aon mhórtas; an rún is daingne i nGaillimh.

Má tá ceol traidisiúnta Ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúl gach Oíche Shathairn. Is seisiún oscailte é seo, agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.