Showing posts with label Damhsa. Show all posts
Showing posts with label Damhsa. Show all posts

4.8.16

Oireachtas Chois Fharraige 2016 ag céiliúradh Damhsa ar an Sean-Nós! #OirCF16


Tá sé socraithe anois go mbeidh Oireachtas Chois Fharraige ar bun thar dhá dheireadh seachtaine mí Meán Fómhair seo chugainn.



Tosóidh imeachtaí an Oireachtais ar an Aoine, 16 Meán Fómhair, le oscailt Taispeántas Ealaíne i gCasla, sa bhfoirgneamh ina bhfuil oifigí Oireachtas na Gaeilge ar an eastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17 agus 18 Meán Fómhair, beidh seó ilmheánach á léiriú san amharclann i Seanscoil Sailearna, rud atá curtha le chéile go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain, le comóradh a dhéanamh ar 1916, ach chomh maith le sin, le comóradh a dhéanamh ar bhunú Cumann Forbartha Chois Fharraige i 1966, leathchéad bliain ó shin.

Le linn na seachtaine dár gcionn beidh ceardlanna éagsúla ar bun sna bunscoileanna sa gceantar, idir scéalaíocht, drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus ealaín.

Damhsa ar an Sean-Nós
Déanfar Oireachtas Chois Fharraige a oscailt go hoifigiúl ar an Déardaoin, 22 Meán Fómhair, nuair a bheas oíche mhór Damhsa ar an Sean-Nós, le comóradh a dhéanamh ar an oíche a baistíodh ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa aonair a bhí fós á chleachtadh ag daoine i gConamara: eagraíodh ‘Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós’ mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge 1976 agus cuireadh síol an oíche sin, as a d’fhás is a leathnaigh an Damhsa ar an Sean-Nós, mar stíl damhsa ar fud na tíre agus thar lear chomh maith.

Le linn an dara deireadh seachtaine beidh neart ceol is drámaíocht sa gceantar, idir Fibín ag cur ‘Mac Piarais i bPictiúr’ ar an ardán, Aisteoirí an Spidéil ag léiriú an dráma iontach ‘Boicíní Bhóthair Kilburn’ agus Síle Denvir ag déanamh an seó ‘Caithréim’, atá bunaithe ar cheol agus amhráin an Phiarsaigh.

Coirmcheoil Mhór
Ar an Satharn, 24 Fómhair, beidh Coirmcheol Mhór na Féile ar bun in Óstán na Páirce, le scoth na n-amhránaithe is na gceoltóirí ar an ardán chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé go leor airgid é a chur ar bun. Tá urraíocht fáighte ó Chomhar Creidmheas Cholmcille ach seachas sin is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine a bheas an coiste. 

Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid a cheannacht don deireadh seachtaine roimhré ar an bpraghas €25. Duine ar bith ar mian leo síntiús a thabhairt níl le déanamh acu ach seic a chur ag Brian Ó Cuív, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Tá suíomh ag Oireachtas Chois Fharraige anseo ar facebook agus ar an gcóras giolcaireachta twitter anseo. Más ag tuíteáil faoi atá tú bain úsáid as an haisclib - #OirCF16


21.2.13

Na cáirde ag damhsa!

Tá sé fógraithe ag an gcoiste náisiúnta de Chairde Rince Céilí na hÉireann go mbeidh an 5ú deireadh seachtaine náisiúnta den rince céilí á reachtáil acu san Ionad Comhdhála agus Spioradálta i Dromantine, Co. an Dúin ón 3-5 Bealtaine 2013. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine beidh trí Fhíor-Chéilí, Fíor-Chéili na nÓg, cainteanna, cúrsa traenála do dhaoine gur mhaith leo rince céilí a mhúineadh, ceardlanna rince céilí agus Aifreann dátheangach.

Tá lóistín ar ard-chaighdeán ar fáil ar an láthair don deireadh seachtaine iomlán nó beidh fáilte roimh dhaoine teacht chuig na h-imeachtaí a oireann dóibh fiú muna bhfuil siad ag fanacht don deireadh seachtaine. Táthar ag glacadh le háirithintí don lóistín anois.

Beidh daoine ag teacht ó ghach chearn den tír agus thar lear don teacht le chéile seo a bhíonn ar siúl uair amháin gach trí bliana. Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht agus faoin deireadh seachtaine ar fáil ar an suíomh acu nó ón Rúnaí Náisiúnta Eilís Ní Mhearraí ar 087-2770873.

13.8.11

Féile na bhféilte!

Fáilte roimh Éirí na Gréine!
Tá roinnt mhait seachtaine imithe ó scríobh mé anseo, Bhí mé bruidiúil cinnte ach bhí beagáinín leisce ann leis! Bhí mé i Londain i lár na míosa seo chugainn agus bhí mé chun scríobh faoi sin ach ansin thárla an áir san nIoruaidh, ionsaí an Taoisigh ar éilíteachas na Vatacáine, ciréibeanna i Sasana mar aon le h-imphléasc na stocmalartáin - an-chuid rudaí le scríobh faoi agus smaoinigh mé ar scríobh orthu go minic agus mé á chuir ar mo mhéar fhada bhocht!

Ach níl chun scríobh ortha san atá mé, nár ar aon rud brónach, ach faoi rud a árdódh ár gcroíthe.  Go dtí ar maidin níor smaoinigh mé air mar ábhar le scríobh faoi. Ach ar maidin bhí tuibht beag ó Conchubhair Ó Liatháin (iGaeilge an blaganna!), iar-eagarthóir ar Lá ag comhairliú dúinn dul chuig suíomh UTube: " #laoch Nic Gareiss agus Caoimhín Ó Raghallaigh http://www.youtube.com/watch?v=5yMdPIYOaBY - ar fheabhas. Excellent."
(Mar tá taithí agat ar twitter beidh tuiscint ar atá scríofa anseo, ach dóibh siúd nach bhfuil eolas ar twitter agaibh mínóidh mé chuid de. Nuair atá @ roimh focal - @igaeilge - sé sin ainm "tweet" duine agus tá dhá cheann anseo @igaeilge agus @FeileNaLaoch. Má tá # roimh focal mar #laoch, glaotar "Hashtag" ar sin agus baintear úsáid as iad seo le gach tuibht faoin ábhar áirithe sin a fhéiscint is cuma cé scríobh é!)

Bhí fhios agam go raibh an féile seo le bheith ar siúil mar comóradh ar shaol agus saothar Sheáin Uí Riada, a rugadh 80 bl ó shoin agus a fuair bás ag aois i bhfad ró óg 40 bliain ó shin. Fós is cuimhim liom bheith ag caoineadh nuair a chuala mé scéal a bhás, thall i Londain. Ní raibh aithne agam ar an bhfear ach is cosúil gur chuig a chuid ceoil go mór i bhfeidm orm. Chonaic mé é ag seinnt le Ceoltóirí Chualainn ag Coláiste na hOllscoille BÁC in Ardán Phort an Iarla - anois an Ceoláras Náisiúnta. Agus nuair a bhí mé óg chuaigh mé go Geamaireacht éigin in Amharclann na Manaistreach nuair a bhí an amharclann sin ar deoraíocht sa Queens i Sr an Phiarsaigh BÁC agus seinnadh píosa ceol solo ar an bpiano ag duine éigin. Cheapaim gur John Reidy a bhí ansin.

 Ach thar n-ais ar an bhféile. Bhí fhios agam go raibh sé ar siúil ó dheas ansi i gCúil Aodha, go raibh a mac agus a chomharba Peadair á stiúradh agus go raibh roinnt poiblíochta faoi ar na meáin sóisialta mar aon leis an raidío agus an teilifís ach seachas sin níor thugas mórán aird air. Go dtí anois agus tuibht úd Chonchubhair Uí Liatháin!

D'fhéach mé ar an bhfíseán agus b'íontach an ceol, agus an rinnce ag an damhseoir óg as Chicago, is cosúil. Deireann siad go ndearnadh sé stuidéar ar cheol cnagacht ar fud an domhain agus anseo i gCúil Aodh conacthas stíl agus réimse a chuid eolais. Bravo!

Lasadh lasair na féile i gcistín Uí Riada
Agus mé ag breathniú ar seo thugas faoi dearadh go raibh míreanna eile ann ón bhféile, Féile na Laoch agus thosaigh mé ag breathnú ortha siúd chomh maith. Léiríodh ann conas mar a d'imig cursaí na féile. Tusú le lasadh soilseáin nó tóirse ó tinteáin Sheáin féin i gCúil Aodh le rabhchán na féile a lasadh. Mórshiúil go dtí láthair na féile, Scoiríochteanna, paráidí, liotúirge i Séipéil Chuli Aodha, leis an gCór cáiliúil bunaithe ag Seán Ó Riada, agus scoláirí Mhagh Nuat agus thár aon rud eile - ceol.

Críochnaigh an féile le hAeríocht mór faoin aer san oíche i bpáirc inar buaidh na Ceiltigh ar  na Tuatha Dé Danann faoi dheireadh fadó. Ar bhealach is léiriú ar léinn, eolas, spéis agus meon an fhir athbheochannach sin Seán Ó Riada. Léinn, filíocht, amhránaíocht, damhsa, bailé, ceol claisiceach, traidisiúnta, ceol an phoball. Bhí mór uaisle is mion uaisle ann. Seán Ó Sé, Micheál D, Nuala Rua, Christy Moore,  an "Poc ar Buile" mar aon leis an "Auld Triangle" agus eile. Go deimhin bhí sé ina oíche go maidin. D'fhéadach Christy amhrán eile mar Lisdoonvarna a scríobh faoi!!

Is cosúil go rabhadar i ndán an poball ar a raibh an stáitse a iompú agus ar deireadh bhí se iompaithe i dreo éirí na gréine agus i neomad a bhí lán de siompbalachas seinn an ceol fhoireann téama Mise Éire le fáilte a chuir roimh éirí na gréine. Neomad dríochtúil gan amhras agus an corn aonair ag seinnt téama oscailte an ceoil dríochtúil sin. Tá an físeáin thíos a mhaireann timpeall 20 neomaid lán de spiorad na hocáide agus molaim do gach éinne breathnú air. Tá lucht deanta na bfíseáin, Beirín Beo,  le moladh go mór as an taifead seo a dhéanamh don domhan mór.

Molam go mór an obair mhóir a cuireadh isteach sa féile seo. Áit beag í Cúil Áodha ach tá ceachtanna le foghlaim ag aon féile, beag nó mór, ó Féile na Laoch, Féile na bhFéiltí!

21.6.10

Damhsa ag Lúnasa (agus Iúl!)

Campa Samhraidh Damhsa ar an sean nós le Emma O Sullivan.

Beidh Emma O Sullivan ag reáchtáil dhá Campa Damhsa ar an Sean Nós do pháistí an Samhraidh seo i Áras na nGael, Gaillimh.

Tá clú agus cáil ar Emma Ó Sullivan tar éis an taispeántas iontach a thug agus sí ag tógáil páirt san gclár All Ireland Talent Show (Bearla) i rith 2010. Bhí an pobal mar aon leis na moltóirí an tógtha le Emma agus an stíl álainn damhsa a bhí aice. Bíonn Emma ag múineadh Damhsa ar an Sean Nós do phaistí go lánaimseartha agus tá sí ríméadach go mbeidh sí in ann Campa Damhsa ar an Sean Nós a dhéanamh sa Chathair.

Beidh an Campa Samhraidh ar siúl i lár chathair na Gaillimhe in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, ar feadh uair an chloig, dhá thráthnóna in aghaidh na seachtaine ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn an chéadcampa ar an 6ú lá Iúil agus an dara cheann ar an 3ú lá Lunasa.

Tá costas do €60.00 ar an gCampa don phaiste.

11.5.10

Indreabhán i mí Bealtaine

Tá sé beagnach i am do Phléaracha Chonamara. Deireann siad ar a suíomh: "Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn."

Is In Indreabhán i gCois Fhairrge a bheidh sé i mbliana ar feadh trí lá agus oíche ón 20ú lá Bhealtaine. Is íontach clár na himeachtaí atá acu.

Sé Páidí Ó Lionáird a ósclódh na féile i dTí Chualáin agus is cosúil go mbeidh seó go maidin ann le léiriú ag Fíbín, bronnadh Gradam Phléaracha, seoladh Iris Phléaracha 2010 agus ceol le Beartla Ó Domhnaill & Ceann Gólaim, agus na himeachtaí go léir á stiúradh ag Máirtín Tom Sheánain. Agus níl ansin ach an tús!

Tá an trí lá eile lán de himeachtaí don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil ró óg. Mar shampla tá Seisiún an Phléaracha le bheith ar siúil go déanach ar an Aoine - "Scannán amuigh faoin aer" a deireann an clár! Agus oíche Shathairn tá láithreoir dosmachtaithe Raidío na Gaeltachta, Rónán "Beo" Mac Aodha Bhuí le bheith sa Póitín Stil lena Chabaret Craiceáilte.

Agus ar an oíche deireannach beidh comortas damhsa ar an sean nós, arís sa Poitín Stil nuair a scaoileadh Johhny Connolly a mheleodeon arís dúinn!

AN MBEIDH TÚ ANN?
Má tá tusa le bheith ann tá leathanach Facebook ag Pléaracha...

17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!

15.1.10

Imeachtaí sa chathair

Seachtain gach seachtain!

I bhfolach ar chúl Áras na nGael, Conradh na Gaeilge Gaillimh ar 45 Sráid Doiminic, gheobhaidh tú an bealach isteach chuig an sceach gheal Ghaelach! Club Áras na nGael is ainm don chlub sóisialta Ghaelach seo, agus bíonn rogha leathan d'imeachtaí ar siúl sa chlub beagnach gach oíche den tseachtain.

Cur tús bríomhar leis an tseachtain le ranganna damhsa ar an sean-nós gach Luain faoi stiúir an saineolaí ó Chonamara Pádraig Ó hOibicín. Fiú muna bhfuil suim agat páirt a ghlacadh sa rang tá fáilte roimh aon nduine a theacht agus féachaint ar an modh álainn damhsa seo.

Ar an gcéad Mháirt de gach mí tiocfaidh tú trasna ar mhodh thraidisiúnta eile damhsa nuair a thagann na Briotánaigh le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid steipeanna féin.

Ar an dara Máirt den mhí bíonn “Airneáin sa Chathair” ar siúl áit a thagann pobal Ghaeilge na Gaillimhe le chéile i gcomhair oíche shóisialta. Tá sár-oícheanta tar éis a bheidh ann le Joe Steve Ó Neachtain, Lasairfhíona Ní Chonaola agus Dermot Somers go dtí seo. I mí Feabhra, beidh an scannánóir cáiliúil Bob Quinn ag léiriú an clár faisnéise "Fly-tipping in London".

Ar an gCéadaoin buail isteach chuig Oíche na bhFoghlaimeoirí. Má tá tú líofa, cúpla focal nó gan aon fhocal agat, is cuma sin má tá suim agat sa Ghaeilge. Bíonn Eílís Ní Dhúill i láthair mar áisitheoir chun daoine a spreagadh agus chun ceisteanna a fhreagairt.

Ar an Déardaoin tiocfaidh tú trasna ar na scolairí a thagann le chéile i gcomhair Oíche na Mac Léinn.

Ná caill amach ar oíche bheomhar eile ar an Aoine leis an gceol domhanda is fearr i nGaillimh le Club OA2. Bíonn DJaithe cónaithe Oa2, Ben Ó Faoláin agus Will Softly ag casadh an scoth de cheol domhanda comhnasctha gach Aoine. Tá an club cairdiúil agus gan aon mhórtas; an rún is daingne i nGaillimh.

Má tá ceol traidisiúnta Ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta den scoth ar siúl gach Oíche Shathairn. Is seisiún oscailte é seo, agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.