2.4.20

Ón gCluthar!

Tá mé istigh sa teach gan bogadh le seacht lá anuas. Cé nach bhfuilim tinn ná baol air tá mé ró shean le ligint amach de bharr an deabhail COVID. Táim um chlutharú - nach deas an focal é!

Cupán cáife deas clutharach
Níl sé ró dhona áfach mar déanaim mo chuid oibre ón dteach i gcónaí agus leanann an obair sin. Foilsím nuacht faoi chúrsaí uathoibrithe próiseáilte ar líne (readout.net/signpost). Tugaim faoi deara go bhfuil beagáinín laghdú ar na scéalta ag teacht ó dhéantóirí trealaimh agus ó na tithe chórais tionscalaíochta. Deintear caint anois chom maith faoin taithí atá sna tíortha éagsúla. Tá sé an spéisiúl comparáid a dhéanamh ar an bhealach atá siad ag déileáil leis an ráig tobann gan coinne seo.  An rud is suntasaí ná an méid imeachataí atá curtha ar cheall fiú an taispeantas is mó tionsclaíoch ar domhain, an Hamburger Meße. Chuireadra ar athlá go dtí mí Iúl agus ansin chuireadar ar cheall ar fad é i mbliana.

Sílim fhéin go bhfuil an tír s'againne ag déileáil go maith leis. Sílim go bhfuil an coras éifeachtúil agus níos tabhachtaí b'fhéidir, solúbtha. Tá mé ag ceapadh go bhfuil muid go maith ag obair faoi bhrú sa tír. Níl an t-am againn an iomarca plé a dheanamh agus mar sin bíonn orainn rudaí a chuir i gcríoch. Ní bhíonn sé foirfe ar ndóigh ach mar a dúirt an Dr Michael Ryan san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - "Sí an fhoirfeacht namhaid an ghnímh!"

Dá mba rud é go raibh fhios againn anuireadh go mbeadh tubaist mar seo le tárlúint i Márt na bliaina seo bheadh raic, argóintí agus na mílte tuairimí á roinnt ag polaiteoirí, dochtúirí, iriseoirí agus an iliomad iománaithe ar chuile claí. Ní gá duit ach breathnú ar chuid de na gearáin ar na meáin shóisialta chun blas a fháil ar an cineál rud atá i gceaist agam. Ach ar ndóigh tá muid i lár an paindéimic anois agus ní mór dúinn gníomh gan eagla. Rud atá á dhéanamh anseo.

Tá níos mó ná moladh tuilte ag na daoine atá ag obair sna h-oispidéil, sna tithe altranais, sna siopaí, sna ngardaí, busanna agus traenacha, agus sa phost agus gach éinne eile atá á chuir a gcuid sláinte féin i mbaol ar ár son, ar son na hÉireann

Tá súil agam go bhfuil gach éinne eile ag claí leis na "rialacha" ag ní na lámha agus ag fanacht sa bhaile.



No comments:

Post a Comment