Showing posts with label Sláinte. Show all posts
Showing posts with label Sláinte. Show all posts

12.2.22

Gan COVID!

Tá máthair chol ceathrar liom i dteach altranais is Sasana. Tá sí thar 96 bliain d'aois agus tá néaltrú aibithe uirthi. Cé go raibh an coróinvíreas san áit ina raibh sí níor éirigh léi an galar a thógaint.

Tá aithne agam ar dhuine eile agus fuair a fear chéile an diabhail Chovid agus ní fhuair íse é. Tá aithna agam ar an chuid a fuair an galar agus ní raibh siad chomh tinn leis.

Bhí clann eile agus fuair duine sa teach agus níor thárla sé d'éinne eile sa teach.

Rud amháin tabhtach bhíodar go léir tár éis na snaithid a fháil a h-aon, a dó agus an treiseoir.

Bhí dochtúir, saineolaí i gcúrsai eipidéimeolaí, ag caint ar an raidío le deanaí agus dúirt sé nach bhfuil tuairim acu cén fáth go dtógann daoine áirithe é agus nach dtógann daoine eile é. Ní mór dúinn smaoineamh nach bhfuil an coróinvíreas seo ach dhá bhliain inar measc agus cé go bhfuil rath suntasach ar chúrsaí cóir leighis tá an chuid nach bhfuil ar eolas againn faoin ngalar.

An rud is tabhachtaí faoi ná nach mór vacsaíniú a fháil. Is cosúil gur dá bharr gur féidir linn anois a bheith chomh saor agus atá muid.

2.5.21

Faighte - cuid a dó!

Tá beagnach 30 lá idir Aoine an Chéasta agus Lá Bealtaine. Agus i rith a tríoca lá sin is beag athrú a tháinig ar chúrsaí dianghlásála.

Deireadh le ráig?
Bhí coinne againn áfach ag leath uair tár éis a haon déag againn sa mháinliacht sa chathair dár ndara phéach snaithide. Bhí cineál eagla go mbeadh scuaine ann mar a bhí ar ár gcéad ionaclú. 

Bhí an lá go hálainn agus bhí am againn beagáinín siopadóireacht a dhéanamh roimh dul chuige.

Rinneamar a carr a phairceáil píosa beag ón ionad agus shúileamar ann. Ní raibh ach scúine an ghearr ann. Ó rud é go raibh coinne cinnte scríofa ar chearta againn agus ag cuile duine bhí cúrsaí i bhfad níos eagraithe an babhta seo.

Chuamar istigh agus taobh istigh de ama an ghearr fuaireamar an snáthaid. Suíomar ansin ar feadh cúig neomad déag agus ansin ligeadh saor muid. Dúradh linn go mbeidh muid faoi chosaint ón ghalar mallaithe i gcionn seachtaine.

An Barrista Bus roimh Chovid!
Shiúlamar thár n-ais chuig an carr. Ar an mbealach thugas faoi dearadh go raibh sean veáin Volkswagen a bhí ath deisithe mar "Barrista Bus" ar thaobh an bhothair. Is cuimhin liom go raibh a leithéad ann ag bóthair na Trá ach cheap mé gur chuir Bárdas na Cathrach deireadh leis. Pé scéal é bhí sé ann inné trasna an bóthar ó Scoil Fhursa. Cheannaig mé caifé iodálach láidir uaidh - espresso foirfe. Bhí mé armtha do gcuid eile de lá! Is aoibhinn liom an braoinín cáifé. 

Agus i gcionn seacht lá beidh mé armtha don saol amach romhainn gan Chovid - le cúnamah Dé. 

Faighte - cuid a h-aon!

#coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

3.4.21

Faighte - cuid a h-aon!


Tá an dochtúir taighlaigh againne lonnaithe sa chathair anois. Mar a dúirt me ar an nDéardaoin fuair mé an cuireadh dul isteach le haghaidh ionaclaithe ar an Aoine - Aoine an Chéasta.

Is amhlaidh go bhfuir mé cuireadh dhá sheachtain ó shin agus ansin fuir mé teachtaireacht eile ag rá nach raibh an méid stuif a bhíodar ag súil leis a fháil agus go rabhadar ag súil cuireadh eile a chuir chugam aimsir na Cásca. So bhí mé ag súil leis an nglaoch!

Cúpla uair i ndiaidh mo chuireadh fin fuair mo bhean cuireadh chomh maith. Bhíomar beirt le bheith deanta ar an lá céanna!

Bhí an coinne le bheith ar 16.15 agus mar sin chuamar istigh agus neart ama le spáráil againn. Mar sin ag a ceathair a chlog chasamar isteach ar an sráid ina bhuil an máinliacht agus thugamar faoi deara go raibh an trácht cuíosch trom agus muid ag cásadh. Ansin thugamar faoi deara go raibh slua thios taobh amuigh den bhfoirgneamh.

Rinneamar an carr a pháirceáil agus shúileamar ann. Bhí scuaine ann agus iad go léir ag feitheamh le hinstealladh. Bhí amantaí éagsúle acu ach bhí an scuaine ag gluaiseacht sciobtha go leor. Agus bhí an slua go deas gealgáireach. Duine amháin a bhaist ainm nua, "Pfizer Friday" ar an lá. Duine eile a rá nach raibh sé i scuaine ó bhí sé óg ag dul isteach i "matinee" éigin!

Bhíomar istigh ann i leathuair a chloig agus bhí an "jab" déanta ag deich chun a cúig. Míníodh dúinn cad a bhí a thabhairt agus gur beag baol dhrochthoradh a bheadh as. Dúradh linn suí an ar feadh cúig neomad deag agus nuair nach raibh aon tinneas orainn ligeadh amach muid. Beidh orainn dul thár n-ais don dara mír ar lá Bhealtaine - le cúnamh Dé.

Agus muid ag fágáil na h-áite muid ní raibh ach meas agus íontas orainn ar dúthracht lucht na clinice. Bhíodar deas séimh, fiú gealgáireach agus iad "faoi ionsaí" ag na ceadta seanóirí. Ar bhealach is idir dhá thine atá siad: an pobal ag lorg instealladh ar thaobh amháin agus soláthar vacsaíní, idir déantóirí agus lucht dáileacháin ar an dtaobh eile.

Tá siad le moladh!

#coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

28.2.21

Meath intinne!

Ta alt a scríobh Alex Hijmans i rith na seachtaine i m'aigne ó léigh mé é. Is cuid de srath atá á scríobh aige don nuachtán fíorúil Tuairisc.ie ar a thaithí féin agus é ag dul ar a thuras gan staonadh lena a mháthair agus a sláinte ag dul go neamaiteach in olcas. 

Bhí néaltrú seanaoise ag mo mháthair féin a cailleadh timpleall 10 mbliain ó shin. Cé nár ainmníodh mar ghalar Alzheimer a bhí uirthi is beag an difríocht idir an dá riocht. 

Is cosúil go raibh sí mar sin sular bhfuair m'athair bás cúig mbliain roimpí. Cé go raibh fhios againn go raibh sí beagáinín "dearmadach" ní raibh fhios again go raibh sí chomh dona agus a bhí sí dairíre. D'fhán sí ina cónaí leithí féin ach d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach leithí san oíche ar feadh sé seachtaine nó mar sin. 

Oíche amháin chuir sí ceist ar duine acu. "Cén fáth go stopann duine agaibh liom gach oíche?" 

Bainfeadh geit as mo dhreathair agus d'fhreagair, "Cheapann muid go bhfuil tú uaigneach a Mháthair!" 

"Cinnnte tá mé uaigneach," ar sí, "ach ní mé uaigneach díbh-se!"

Diaidh ar ndiaidh d'éirigh sí níos measa. Mar a deireann Alex "...is de réir a chéile, seachas thar oíche, a thagann an meath..." 

Bhí timpist aici lá. Thit sí agus tógadh go dtí an oispidéal í. Chinneamar nach bhféadfadh sí fanacht leithí féin agus thóg duine de mo dheartháireacha agus a bhean cróga isteach ina dteach féin í. 

Chun sos a thabhairt dóibh thógamar anoir go dtí ár dteach-sa i gConamara chun sos a thabhairt dóibh ó am go chéile. Is léir go raibh sí ag dul níos measa gach uair a tháinig sí.  Agus ar ndóigh an géartheangachas agus an stuacacht. Bhí orainn súil géar a choimead uirthi an t-am ar fad agus smach a coimead ar ár dteangacha agus ar ár méin féin!

Ar deireadh is ar éigin go raibh aithne aicí orainn cé go raibh fhios aici go rabhamar a tabhairt aire di.

Lá amháin chuir sí ceist orm: "Cé thusa?"

"Is mise do mhach a Mháthar!"

"Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor," a dúirt sí go dearfa agus go láidir, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Ar deireadh fuair uair sí bás go tobann agus muide thár timpeall orainn. Is cuimhin liom agus í a rothú thuas go dtí an bharda san oispidéal gur raibh greim daingin aici ar mo lámh ach gan focal a rá. 

Bhí an tuismitheoir ina pháiste.

Beannacht Dé le hanamacha na marbh agus go gabhródh sé leo siúd ag tabhairt aire dóibh - go minic gan buíochas.

21.2.21

Sé seachtaine!

Bhí mé ag an dochtúir i rith na seachtaine - gnáth scrúdú sláinte bliaintúil.

Chuir me ceist faoin vacsaín agus conas mar a n-eagrófar é sa chleachtas acu?

Duradh go mbeidh siad ag glaoch orm i gcionn sé seachtaine.

"Tá tú i gcohort a trí," a duradh liom.

Conas a thosaíodar ag úsáid an focal sin. Bhíodh sé á úsáid i gcúrsaí cugaidh agus tá píosa filíochta im chloigeann ón am a rabhas ar scoil... dán ó pheann an Tiarna Byron:

"The Assyrian came down like the wolf on the fold,
And his cohorts were gleaming in purple and gold;
And the sheen of their spears was like stars on the sea,
When the blue wave rolls nightly on deep Galilee."

"Scrios Sennacherib" atá ar an dán agus is cuimhin liom gur thaitin sé go mór liom. 

Le cúnamh Dé ní thárlódh a thárla do chohóirt an rí Aisirigh don cohórt ina bhfuil mé féin - nó aon cheann de na chohóirt atá le dul faoin tsnáthaid amach anseo. 

Agus go mbeidh an ráig seo scriosta mar chinn Sennacherib, "melted like snow in the glance of the Lord!"


Tá an dán ina iomláine le fáil anseo: The Destruction of Sennacherib: George Gordon (Lord Byron) 1815

21.12.20

An pictiúr deireanach.


Chuir píosa a léigh mé i dTuairisc ar líne ag scríofa ag Alex Hijmans ag smaoineamh mé. Tá cónaí ar an Ísiltíreach i mBraisíl ach ar ndóigh tá a mhuintir soir san Ísiltír. Scríobh sé agus é ag pacaíl a mhala le dul abhaile lena a Mháthair a fheiceáil ach ar ndóigh sna laethanta seo ní bhíonn tú cinnte go bhful tú ar do bhealach go dtí go mbíonn tú sa aer! Deireann sé "Murach nach bhfaca mé mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, le breis agus bliain anuas ní thabharfainn faoin aistear ar chor ar bith." Bhí srath altanna scríofa aige ar an ábar seo roimhe seo ar ndóigh ach cheap mé go raibh rud éigin tochtmhar sa scéal seo aige.

Ansin bhí giolch ag Féilire Gaeilge ag meabhrú dúinn gur cothram an ama seo a fuair an síciatraí Gearmánach Alois Alzheimer  bás. B'eiseann a chéad scríobh páipéar eolaíochta faoin néaltrú seo a tugann muid "Galar Alzheimer" air inniu. Buail taom chroí é ar an 19 Nol 1915.

Is dócha nach gcuirfinn mórán suime sna scéalta seo ach amháin go raibh galar mar sin ag mo mháthair féin - néaltrú seanaoise a bhí uirthí cinnte ní fios dúinn an é an galar Alzheimer a bhí uirthí ach ar ndóigh is beag an difríocht idir an dá ghalar. 

Diaidh ar ndiaidh chaill sí a cuid chuimhne ó fuair m'athair bás. Bhíodar seasca bliain pósta agus maidin amháin fuair sí é agus é gléasta le dul amach ach bhí sé ina luí ar a leaba. Bhí sé ochtó seacht agus taom croí a fuar sé. Ach go dtí an lá atá inniú ann níl fhios agam cad a thárla nuair a fuair mo mháthair é, cé chomh fada is a bhí sé leis sular lorg sí cabhair. Ar deireadh chuaigh sí amach agus bhuail sí ar dhoras chomharsan. Dúirt sí leis, "Tá mé ag ceapadh go bhfuil m'fhear marbh!" a dúirt sí don comharsa bocht.

Is dócha go raibh gach rud ina dhiaidh sa mar cineál brionglóid dí. Nuair a bhí an socraid thart d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach léi ar feadh cúpla mí. Agus nuair a bhí orm dul go Baile Átha Cliath ar chúrsaí ghnó d'fhán mé leithí. Ach bhí sé soiléar nach mbeadh sí i ndán fanacht leithí féin. Thóg bean mo dheartháir istigh ina tigh féin í - rud nach raibh éasca mar bhí sí ag éirí níos measa agus is dócha go raibh gach cuimhne den seasca bhliain a bhí aicí lenár nAthair caillte aici mar níor luaidh sé ríamh é ina dhiaidh sin. Uair amháin chuir sí ceist orm, cé tusa? 

An pictiúr deireanach 
"Is mise do mhac," a dúirt mé. 

"Seans ar bith!" a d'fhreagair sí, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Thárla rudaí greanmhar mar sin go minic léithí ach bhí sé an deachair orainn go léir agus í ag dul i ndonais agus an cuimhne ag imeacht uaithe diaidh ar ndiadh. Bhíodh sí ag caint faoin a saol mar páiste ar scoil agus an teach ina raibh chónaí uirthí fadó fadó. Ag caint faoi daoine agus imeachtaí nach raibh aon eolas againne futhu. Fiú nuair a thógamar amach sa charr í agus nuair a thaghnamar thár n-ais níor aithin sí an teach ina raibh sí ag fanacht. "An ar chuairt anseo atá muid?" a dearfadh sí.

Bhí fhios aici go raibh aithne aicí orainn cé nach raibh fhios aici go díreach cé bhí ionainn!

Tháinig a bás cuíosach tobann. Bhí mé léithí i mBaile Átha Cliath ar an gCeadaoin agus aith go leor thóg mé dhá phictiúir dí. Ceann amháin bhí sí ag breathnú brónach agus ansin dúirt mé leithí miongháire a dheanamh don gceamra. Rud a rinne sí ach mar sin féin bhi rian den amhras agus cineal easnamhachas le feiscint ina cuid súile.

An Sathairn dár gcionn bhuail taom éigin í agus taobh istigh de cúpla uair bhí sí imithe uainn. Is dócha gur faoiseamh dí a bhí ann.

Ar dheis Dé go raibh sí agus anamnacha na marbh ar fad! 

17.9.20

Fanaimís slán!

Nuair a thosaigh an ghéarchéin sé mí ó shin is beag a cheapamar go mbeidh muid fós ag caint faoí agus ag maireachtáil faoi scáth dorcha dothuartha na ráige. Ní raibh tuairim againn ag tús mí Eanáir go raibh fhios ag an gnáth duine go raibh a leithéid de rud ann agus coróinvíreas gan trácht ar COVID-19.

Cinnte bhí scéailín beag faoi rud éigin ar siúl i gcathar Wuhan (ní raibh fhios agam go raibh an cathair sin ann cé go bhfuil 11 miliún daoine ina chónaí). Da réir mar a scaip an scéal i mí Eanáir fuaireamar amach go raibh an galar seo chomh dainséarach san gur dúnadh an cathair. Is cuimhin liom smaoineamh go soineanta go mbeadh a leithéad de réiteach éasca go leor i dtír mar an tSín ach nach mbeadh sé indéanta i dtír daonlathach. Nach ormsa a bhí an dul amú! 

Nuair a labhair an Taoiseach ar chéimeanna Ambasáid na hÉireann i Washington go luath ar maidin agus is beag nár gur dún sé an tír ina iomláine na scoileanna agus eile. Agus tá fhios againn gur éirigh nach mór leis an dúnadh síos seo. Ach bé sin an chuid den cogadh a bhí éasca. Cheapamar go mbeadh an dainséar thart taobh istigh de mí nó dhó! Ach ní do céad uair bhí dul amú orainn!

Tá sé éasca chuile rud a stopadh ach níl sé leath chomh éasca rudaí a oscailt. Anois tá córas nua foilsithe ag an Rialtas. Roineann siad na céimeana i gcúig leibhéil agus d'fhoilsigh siad (i mBearla amháin) treoireacha dúinn. Rinne an Irish Times tábla agus anois tá leagan de sin foilsithe ag Glór na nGael. Agus mé ag scríobh seo tá an tír ar fad ag leibhéal 2 ach tá baol ann go mbeidh Baile Átha Cliath ag Leibhéal 3 roimh deireadh na seachtaine.


Idir an dá linn tá treoracha símplí le gach éinne a coimead sabháilte.
  • COVID Tracker
    Ní na lámha.
  • Coimead dhá méadair óna chéile.
  • Caith clúdaithe aghaidhe.
  • Seachan sluaite daoine
  • Íoslódáil an Covid Tracker ar an bhfón phóca.
Fanaimís slán!



 

8.8.20

Coineáil folláin!

Cheap mé gur billeog eile ón Roinn Sláinte a bhí ann nár cuireadh sa phost a bhí ann.

Cuireadh Leabhrán Eolais don Phobal amach go luath sa Bhéarla (agus sé seachtaine ina dhiadh san sa Teanga Náisiúnta). Ansin bhí ceann eile leis an treoirlínte a bhí dhá theangach. Ach ní fhaca mé an ceann seo go dtí go bhfaca mé carn beag i measc na billeoga éagsúla in Oifig an Phoist. Thóg mé ceann abhaile liom.

"Conas Thú Féin & Daoine Eile a Choimead Folláin" a bh ar an leabhrán agus istig ann bhi na treoracha atá molta ag na hudaráis sláinte agus ag na doctoirí ó thus agus comhairle sláinte eile atá ciallmhar ach b'fhéidir nach smaoiníonn muid ortha go ró mhinic: neart codhladh, béilí agus aclíocht rialta.

Teagmháil
Ansin téann sé tré na treoirlínte go simplí, Sláinteachas Pearsanta, Teagmháil le Daoine, Scaradh Sóisialta, Maisc Aghaidhe, Miotóga Aon Uaire agus mar sin de.

Ansin ag a cúl tá Gluais bheag ann. Tá focal simplí mínithe mar "tógálach", "víreas" agus "sláinteachas" ann. Tuigeann muid cad iad ach b'fhéidir nach féidir linn iad a mhiniú go simpli. Ach tá cinn eile mar "Sárocsad Hidrigine" "Dífhabhtán" atá b'hfheidir beagáinín níos deacra a thuiscint nó a mhiniú.

Níorbh iad an Roinn Sláinte a d'fhoilsigh an leabhrán seo ach an Eaglais Scientology Idirnáisiúnta, rud a chuir beagáinín íontas orm.

Tá suíomh acu chomh maith "Ionad Achmhainní Coiscthe" le hacmhainní éasúla mar aon le físeanna. "Cruthaíodh an t-ionad acmhainní seo le buneolas a chur ar fáil faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun tú féin agus daoine eile a choinneáil folláin," a deirtear ann.  Is cosúil go bhfuil an suíomh seo le fáil i breis is scór teangacha éagsúla mar aon le n-ár dTeanga féin.

Ar ndóigh is cosúil gur caoindíol atá ar siúl ag an dream seo ach tá sé suimiúil go gcuireann siad an méid sin oibre sa tógra.

An t-aon rud nach bhfuil ann ná nasc chuig aon Udarás Sláinte mar an an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) nó (i gcás na suimhe Ghaeilge) chuig an Roinn Sláinte s'againne.

@Scientology @roinnslainte #coróinvíreas #COVID19 #coronavirus

14.5.20

Pour garantir votre sécurité et celles de nos callaborateurs!

Fuaireamar fógra ó comhlucht sa bhFrainc le deanaí ag miniú na rialacha san oifig acu ó osclaíodh iad le deanaí. Tá sé suimiúil comparáid a dhéanamh idir iad agus cad tá ar siúl againne in Éirinn. Tá an chuid eolas faoin gcuir chuige sna tíortha le Béarla ar na meáin Bhéarla ach níl mórán faoi na tíortha nach í an Bhéarla a teanga náisiúnta.

Tá sé ronnte in dá leath. Leath amháin faoin ngnás nua oifige agsu an leath eile do cuairteoirí.

Is cosúil gur 1.5m seachas 2m atá mar scaradh pearsanta acu. Comh maith le sin tá an masc riachtanach. Ceann spéisiúil ná go moltar documéidí a churi ar aghaidh tré r-phoist nó i gclúdach nach n-oscailfaí é go 48 uaire. Ceann eile nach bhfuil cead ach duine amháin san ardaitheoir ag an am.

Tá cóip den ciorcalán thíos agam.



Feach anseo chomh maith!
Tuar dhóchais! (18/4/2020)
Ní tada é cúig gciliméadar.(18/5/2020)

18.4.20

Tuar dhóchais!

Tá muide istigh sa bhaile le ceithre seachtain anuas (on 27 Márta). Téann muid ó lá go lá ag breathnú agus ag éisteacht le tuairiscí ar na meáin chraolta. Bíonn tuairiscí ón Tuaisceart thar timpeall am lón agus tuairiscí ón stáit seo ag am té - aisteach go ndeirtear an "am té" fós!

Tá sean aithne againn ar dhochtiúirí sa Roinn Sláinte anois. Agus meas againn ar a ndiongbháilteacht, ar a ndílseacht agus ar a bhfoighne. Má cuirtear ceist freagraítear go beacht iad. Muna bhfuil an fhreagra le fáil ar an lá deirtear go mbeidh sé ann níos deanaí agus de gnáth bíonn.

Agus conas tá ag éirí linn i gcoinne an diabhal ráig seo, COVID-19? Deireann an Eagraíocht Domhanda Sláinte gur ceart "teastáil, taisteáil, taisteáil" agus nuair atá sin deanta taisteáil arís. Ach mar atá fhios againn níl sé chomh h-éasca é sin a dheanamh nuair atá chuile tír ar domhain ag lorg ábhar, treallamh agus saotharlanna taisteála ag an am céanna. Ach is cosúil go bhfuil an-chuid taisteál ar siúl ach, agus admhaíonn siad é seo, níl sé chomh maith agus is ceart é a bheith.

Dár liom fhéin siad uimmhreacha bháis, méid daoine a fuair bás, an uimhir is tabhachtaí is muid ag tomhas  cén dul chun cinn atá á dhéanamh i gcoinne na plá seo. Le déanaí cheap mé go raibh an uimhir seo ag ardú as cuimse agsu mar sin go raibh rudaí ag dul in olcas.

Dearg: Dáta bháis;  Líne Ghorm: Tuairisc Bháis
Rinne an Príomhoifigeach Leighis, Dr Tony Holohan, clarú ar na huimhreacha a roinneann sé linn gach tráthnóna. Tugann sé na huimhreachar a tuairiscítear dóibh gach lá ach ní hionann sin is a rá go bhfuair na daoine seo bás ar an lá roimh ré. Mar sin tá daoine ann a fuair bás roimhe sin ach nár chuirfidh in ndúil dóibh ag an am. Léirigh sé é sin ar graph. Is léir ón ngraf seo go raibh cúrsaí i bhfad ní ba bhfearr ná mar a cheap mé.

Ar ndóigh cé go dtugann an t-eolas seo dóchas dúinn ní mór smaoineamh gur duine daona gach uimhir atá sna staitisticí seo. Duine le gaolta ag caoine a bháis. Bás nach raibh súil leis b'fhéidir. Agus daoine nach féidir íad a thoramh mar is ceart. Mar aon leis sin tá ceist na Tithe Altrainis - níl siad ró chinnte an raibh gach duine  a cailleadh ansin sna figiúirí agus mar sin táid chun dul thár n-ais go tús na bliana len iad a iniúcadh go mionn.

Rud eile a thugaim faoi deara ná an difríocht idir an bhealach atá an ghéirchéim á lamhsáil ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas Westminster. Is cosúil go raibh siad ag caint faoi "herd immunity" thall agus bhí muid ag iarraidh an galar a bhrú faoi chois tré daoine a scoilt óna chéile. Mar aon leis sin bhí béim eile léirithe ag manadh lucht na Breataine - "Save the NHS!" Samhlaigh cad a déirfeadh Pobal na hÉireann dá mbeadh manadh "Save the HSE!" mar manadh anseo!

Níl gach rud foirfe sa choimhlint seo againn ach mar a dúirt an Dr Micheál Ó Riain san Eagraíocht Domhanda Sláinte, "Sé an foirfeacht namhaid an ghnímh!"



• Féach air: Ón gCluthar

2.4.20

Ón gCluthar!

Tá mé istigh sa teach gan bogadh le seacht lá anuas. Cé nach bhfuilim tinn ná baol air tá mé ró shean le ligint amach de bharr an deabhail COVID. Táim um chlutharú - nach deas an focal é!

Cupán cáife deas clutharach
Níl sé ró dhona áfach mar déanaim mo chuid oibre ón dteach i gcónaí agus leanann an obair sin. Foilsím nuacht faoi chúrsaí uathoibrithe próiseáilte ar líne (readout.net/signpost). Tugaim faoi deara go bhfuil beagáinín laghdú ar na scéalta ag teacht ó dhéantóirí trealaimh agus ó na tithe chórais tionscalaíochta. Deintear caint anois chom maith faoin taithí atá sna tíortha éagsúla. Tá sé an spéisiúl comparáid a dhéanamh ar an bhealach atá siad ag déileáil leis an ráig tobann gan coinne seo.  An rud is suntasaí ná an méid imeachataí atá curtha ar cheall fiú an taispeantas is mó tionsclaíoch ar domhain, an Hamburger Meße. Chuireadra ar athlá go dtí mí Iúl agus ansin chuireadar ar cheall ar fad é i mbliana.

Sílim fhéin go bhfuil an tír s'againne ag déileáil go maith leis. Sílim go bhfuil an coras éifeachtúil agus níos tabhachtaí b'fhéidir, solúbtha. Tá mé ag ceapadh go bhfuil muid go maith ag obair faoi bhrú sa tír. Níl an t-am againn an iomarca plé a dheanamh agus mar sin bíonn orainn rudaí a chuir i gcríoch. Ní bhíonn sé foirfe ar ndóigh ach mar a dúirt an Dr Michael Ryan san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - "Sí an fhoirfeacht namhaid an ghnímh!"

Dá mba rud é go raibh fhios againn anuireadh go mbeadh tubaist mar seo le tárlúint i Márt na bliaina seo bheadh raic, argóintí agus na mílte tuairimí á roinnt ag polaiteoirí, dochtúirí, iriseoirí agus an iliomad iománaithe ar chuile claí. Ní gá duit ach breathnú ar chuid de na gearáin ar na meáin shóisialta chun blas a fháil ar an cineál rud atá i gceaist agam. Ach ar ndóigh tá muid i lár an paindéimic anois agus ní mór dúinn gníomh gan eagla. Rud atá á dhéanamh anseo.

Tá níos mó ná moladh tuilte ag na daoine atá ag obair sna h-oispidéil, sna tithe altranais, sna siopaí, sna ngardaí, busanna agus traenacha, agus sa phost agus gach éinne eile atá á chuir a gcuid sláinte féin i mbaol ar ár son, ar son na hÉireann

Tá súil agam go bhfuil gach éinne eile ag claí leis na "rialacha" ag ní na lámha agus ag fanacht sa bhaile.



13.10.18

Cluas le h-éisteacht!

Nach minic a dúirt mé "Cad é?" nó "Cád dúirt tú?"

Mar a roinn mé cheanna tá mé beagáinín bodhar. Tá an clann ag chur brú orm le fada rud éigin a dhéanamh faoi!

An bhfeiceann tú é?
Bíonn roinnt cleasanna ag an duine bodhar déileáil leis an saol. Cuirim fothideal ar an teilifís. Bíonn fadhb ar ndóigh mar níl RTÉ sásta fothideal i nGaeilge a úsáid agus nuair atá duine ag caint i mBéarla agus aistríonn sé isteach go Gaeilge ní cuirtear ach "Speaks Irish" thuas ann. Stopann tú ag dul go dtí an amharclnn nó chuig cruinnithe le slua daoine ann. Agus tá mé ag ceapadh nár chuala mé seanmóin ag Aifreann le deich bhliain anuas! In ndáiríre tosnaíonn tú ag cúlú ón ngnath shaol soisialta.

Ar deireadh shocraigh mé dul chuig saineolaí éisteachta - éisteolaí - le fáil amach conas mar a bhí cúrsaí agus an raibh aon leigheas ann dom.

Rinne sé neart tástáil orm le h-aimsiú cé chomh dona is a bhí mé. Mhol sé áis éisteachta dom. Bhí fhios agam go mbeadh costas an ard ar a leithéad, agus tá. Rud nach raibh fhios agam áfach ná go raibh cabhair le fáil ón stáit, agus ar ndóigh cabhair mór a bhí ansin.

Áis éisteachta (Oticon)
Fuair mé dhá ghléas - ceann do gach chluas. Níl siad ró feiceálach agus oibríonn siad. Bhí feabhas an shoiléar le cloisint agus is mór an cabhair iad dom. Níl an éisteacht chomh maith agus a bhí sé nuair a bhíos óg mar tá damáiste doleigheasta áirithe déanta ach mar sin féin tá feabhas thár chuimse ar chúrsaí. Mar sin féin tógann sé beagáinín ama dul i dtaithí ortha - trí nó ceithre seachtaine.

Má tá fadhb éisteachta agat is ceart rud a dhéanamh faoi sul a éiríonn sé níos measa. Is fearr dul chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhuil rud éigin cearr. Bíodh fhios agat go bhfuil sé costasach (ach go bhfuil cabhair le fáil) ach is fiú go mór é chun do shaol a fheabhsú.


29.8.18

An cuimhne ar strae!


Bhí mé ag léamh alt ag Alex Hijmans i dTuairisc.ie - Fear 43 bhliana d’aois thú agus tá ort sonraí a saol grá féin a chur i gcuimhne do do mháthair… - bíonn alt rialta aige faoin ngalar Alzheimer ann ó fuiar sé amach go raibh sé ag a mháthair. Bhí dearmad déanta ar a saol pósta féin a thug preab d'Alex.

Chuir sé i gcuimhne mo mháthair féin agus í ag dul in aois. Nuair a fuair m'athair bás tobann is ise a fuair é. Níl muid ró chinnte ar cad a thárla go díreach. Bhuail taom chroí air agus is cosúil gur cheap sise go raibh sé ina coladh agus d'fhan leis ar feadh tamall. Ansin chuaigh sí chuig an teach bhéal dorais agus dúirt. "I think my husband is dead.."

Bhí sí ina chónaí leithí féin ar feadh tréimhse ina dhiaidh san ach bhí sé de nós ag duine de mo deartháireacha fanacht lei gach oíche (Tá cónaí ormsa 160 míle siar i gConmara).

Lá amháin chuir sí ceist ar duine acu, "Cén fáth a mbíonn tusa agus do dhreatháir ag fanacht gach oíche liom." Baineadh geit as ar ndóigh agus dúirt rud éigin mar gur cheap sé go raibh uaigneas uirthi.

Dúirt sise mar fhreagra "Yes I am lonely but not for you!" B'shin deireadh leis an nós sin!

Ina dhiaidh sin aon uair a bhí mise i mBaile Átha Cliath bhí leathscéal "inchreidte" ormsa fanacht leithí agus bhí mise i ndán súil a choimead uirthí sna hoícheanta sin agus tuairisc a thabhairt.
Diaidh ar ndiaidh daighnigh greim an ghalair uirthí agus cúaigh chun cónaí le duine de mo dheartháireacha áit ar bhfuair sí bás timpeall deich mbliain ó shin.

Bhí sé soiléir i rith an ama sin gur raibh aithne aicí orainn ach ní raibh sí cinnte cén gaol a bhí eadrainn. Uair amháin chuir sé mé in aithne dá comharsan, "This is my uncle!" Tá neart scéalta greannmhar sa chlann faoin am sin ach cinnte ní raibh sé éasca ar chlann mo dhearthaír - ná orainn ag an am sin. Ní mór an fhoighne a bheith ag éinne atá ag freastail ar duine atá i ngreim an ghalair uafásaigh tubaistigh.

Lá amháin chuir sí ceist orm. "Ce thusa?" Agus nuair a dúirt mé "Is mise do mhac!" dúirt sí amach go borb agus le cinnteacht "I was never married!"

I measc na naomh go raibh sí!


9.5.18

Aisghairm agus athrú!

Athrú bhunreachta agus ní aisghairm amháin!

Nuair a chinn mé ar seo a scríobh cheap mé nár scríobh mé ar an ábhar seo ach uair amháin. Ach ní mar a shiltear bítear. Is cosúil gur chuir mé mo chuid smaointe síos, ar seo nó ar chásanna cosúil leis, cúig n-uaire go dtí seo. Mar sin ní bheidh sé seo an-fhada.

Tá na reifreann atá ós ár gcomhair á bplé in an-chuid áiteanna. Ní mór dúinn na focail a scrudú go mionn sular gcaitheann muid, táid le fáil ar shuíomh an Choimisiún Reifrinn. Tá dhá fhocail nach bhfuil i dtideal na ceiste atá ós ár gcomhair. Níl an focal "Aisghairm" (Repeal) nó an focal "Ginmhilleadh" ann. (Táid ann, mé fhéin ina measc, a cheapann nach ionann an focal "Ginmhilleadh" agus an focal "Abortion" an Bhéarla.)

"Reifreann i ndáil le foirceannadh toirchis a rialáil!" atá ar an Reifreann. Deireann siad: "Ar an Aoine, 25 Bealtaine 2018, iarrfar ort vóta a chaitheamh ar thogra chun Bunreacht na hÉireann a athrú. Baineann an t-athrú beartaithe ar an mBunreacht le foirceannadh toirchis a rialáil."

Ní dóigh liom féin gur comhair "Aisghairm" a thabhairt ar seo. Cinnte tá aisghhairm i gceist ach mar aon le sin tá muid ag vótáil le alt nua a chuir ina áit.

Arís deireann an Coimisiún: "Ar an 25 Bealtaine 2018, iarrfar ort cibé acu atá nó nach bhfuil tú ag iarraidh Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht mar atá faoi láthair a scriosadh agus Airteagal nua a chur ina áit."

Seo na focail atá i gceist:

Sílim fhéin gur cineál athluaiteachas é na focail nua. Is cosúil go ndúirt na cúirteanna nach bhfuil ceart bunreachtúil ag an "beo gan bhreith" seachas an ceart atá in Alt 40.3.3 mar atá sé. Mar sin má scriostar an alt sin (40.3.3) feadfaí an dlí maidir le foirceannadh toirchis a rialáil ag an Oireachtas. Mar aon leis sin níl srian ar bith luaite san alt nua ar "foirceannadh toirchis!"

Ós rud é nach mbeidh cearta bunreachtúil fágtha ag an "mbeo gan bhreith" ní féidir liom go coinsiasach vótáil ar son an athrú seo. Tá gá le sainmhiniú bunreachtúil ar cad is duine ann agus cad is "Abortion" sa chásanna seo. Níl mé cinnte gur ginmhilleadh é gach "abortion!"

Tá fhios agam nach n-aontaíonn an chuid liom ach tá mé cinnte go bhfuil siad ag cíor agus a cúiteamh agus cuir faoi chaibidil ina n-intinn féin.

Bhí giota beag nuachtlitir sa pharóiste s'againne faoin reifreann agus sílim gur ardmhian maith atá ann. "Go raibh grá Dé ionainn agus muid ag déanamh macnamh ar agus cinneadh faoin Reifrinn."

31.1.13

Cú chosáin!


Tá Oiche ag na Madraí le reachtáil chun airgead a sholáthar le cosán a thogáil ó Foirgneamh TG4 go dtí crossbhothair Bhaile na hAbhainn dha eagrú ag Coiste Pobal na Tulaí i lathair na h-uaire. Tá siad ag súil go mbeidh sé ar an 2ú Lá Márta istigh ag Rásraon an gCon i nGaillimh (Béarla).

Tá ticead le fáil o bhail an choiste ar phragas €15 an duine no €25 ar chlann.(2+2)

Má tá duine ag iarraidh aon chunamh a thabhairt don choiste no ticeád a chuir san aireamh dean teanghmháil le Maire ag 086-3104573 no Nuala 572049.

Beidh siad thar a bheith búioch do aon tacaíocht don chúis tabhachtach seo! Baintear an úsáid as an chuid seo den bhóthar ag coisithe, go mór mór ag páistí scoile i rith na bliana agus scoláirí Gaeilge i gColáiste Chamais sa Samhradh.

Tá praghas an bhus istigh ar phraghas na ticéád. Tá bus ag fagáil Halla na Tulaí ar an oíche. Beidh tuilleadh eolas le fáil níos gaire don ócaid!!

• Tá suíomh ar facebook ag Oíche na Madraí anois - feach ar ché tá ag dul ann!