1.4.21

Feabhas ar an aimsir...

Chuamar ar siúlóid ghearr ar maidin. Ní rabhamar amuigh le seachtain nó mar sin de bharr na h-aimsire ach inniú tháinig feabhas ar chúrsaí.


Bhí an beirt seo an fhiosrach ag iarraidh fháil amach an raibh rud ar bith le nithe dóibh againn. Ní raibh - ach fuaireamar roinnt stuif inné a bhí deanta as bainne agus seacláid. Tá siad i bhfolach go dtí an domhnach. "Ná lig sinn i gcathú!"


Níos faide ar an turas againn thugamar na bláthanna seo faoi deara. Níl mé léanta go leor ach sílim (agus tá súil agam in onóir do na beithigh thuas!) gur Bainne bó bleacht atá ar an mblath seo nó "Béal na bó". Ní dóigh liom gur Sabhaircíní iad cé go bhfuil siad cosúil agus an dath céanna ortha.

Buíochas le Dia tá an samhradh ag teacht - mí amháin earraigh fágtha. Nach deas iad mar comhartha dóchais iad?

Agus ansin nuair a thanamar abhaile fuair mé cuireadh dul isteach le mo chéad snaithid frith-Chóvid a fháil amárach - Aoine an Chéasta.

Buíochas le Dia!


No comments:

Post a Comment