Showing posts with label Traen. Show all posts
Showing posts with label Traen. Show all posts

8.8.23

Ó chathair go cathair?

Nuair a bhi cónaí orainn i mBaile Átha Cliath ní raibh fadhb agam taisteal ar chúrsaí ghnó ar fúd na tíre. Bhí mé ábalta chóras taisteal Iarnród Éireann a úsáid go héasca le dul chuig cathracha na tíre go heasca. Rud a rinne mé go minic, go mór mór ar an dtraen go Corcaigh. Bhí an idirlín nua go leor agus cé gur "dial-up" a bhí á úsáid againn ag an am bhí sé iontofa go leor. Tá feabhas tagatha ar an idirlinn cinnte cé nach bhfuil sé ioncurtha leis an seirbhís i gceantracha uirbeacha.

Mar atá anois (Thuas)
Mar a bheidh?
D'aistríomar go Conamara timpeall 2003 agus bhí sé soiléar go raibh an díofríochta idir a dá áit. Cé go bhfuil cúrsaí athraithe beagáinín ann ó shin, tá sé fós soiléar go bhfuil eacnamaíocht agus claonadh na tíre bunaithe ar chathair amháin - Baile Átha Cliath.

Bhíodh orm dul go Corcaigh agus (mar bhí sé de nós agam) chinn me ar an dtraen a úsáid. D'fhéach mé ar an turas a eagrú agus cé nach raibh se do-dheanta ní turas simplí a bhí i gceist. I mBaile Átah Cliath téann tú chomh fada le Heuston agus téann tú ar traen a thógann tú go Corcaigh díreach. Ach i nGaillimh bhí orm dul go Cúl an tSúdaire agus fan ar thraen raen eile a fháil ansin go Port Laoise agus ansin fan ar an dtraen (ó BhÁC) go Corcaigh. Ní raibh aon bhealach eile ag an am.

Idir an dá linn, agus tár éis an-chuid stocaireachta, athbúnaíodh an traen ó Ghaillimh go Luimneach. Mar sin is féidir dul ó Gaillimh go dtí Luimneach, traen eile ó shin go Gabháil Luimní agus ansin ar thraen (Ceann BhÁC) go Corcaigh.

Tá sé ceart go leor is dócha má tá leath lá le sparáil ag an té atá ag taistil? Ach más gnó atá idir lámh agat - is ionann am agus airgead!

Anois tá 'scéim' foilsithe ag an Rialtas* leis an gcóras iarnród a fheabhsú le plean "Pobail a chur ar an mbóthar do Ré Nua Iarnróid" i measc na haidhmeanna maightear go mbeadh 700,000 duine sa bhreis ina gcónaí laistigh de 5km de stáisiún traenach. 

Ach cá mbeadh siad ag dul meas tú? 

Is ar nascanna le Bhaile Átha Cliath atá an béim. Níl ach líne amháin (nó b'fhéidir dhá cheann (Béal Feiriste & Doire?) a ceangailíonn dhá chathair go díreach. Agus ní athróidh an plean mór nua chúrsaí ach an oiread. 

Ní féidir dul go díreach ó Corcaigh go Luimneach nó Port Lairge. Ní féidir dul ó Gaillimh go Sligeach. Agus ní féidir dul ó Sligeach go díreach go Doire. 

Deireann "siad", na saineolaithe, nach bhfuil éileamh ann. Dúradar sin faoin líne ó Gaillimh go Luimneach. Dúradar sin faoi Aerphhort Cnoc Mhuire1 . Tá Baile Átha Cliath an mhór - ró-mhór deirtear - agus tá na saineolaithe ag obair ar chóras a méadódh dhaonra na Cathrach sin. Nach méadódh línte díreach idir na cathracha "cúaigeacha" cumarsáid, gnó, tionscalíocht & trádáil, saol shoisialta agus cá bfhios cad éile?


* Súil eile: Is fiú alt Chathail Mhic Choille a léamh ar an "straitéis" seo ar Thuairisc chomh maith:"Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh."

Nach ndeireann siad an rud céanna go mionn minic faoi sheirbhís ón a sholáthar sa Teanga Náisiúnta?

30.9.19

Traen go tús na fichiú aoise!


Bhí alt spéisiúl (Béarla) ag David McWilliams sa Irish Times le deanaí.  Bhí sé ag caint ar an buiséad agus ag rá cad a dheanfadh sé fhéin dá mba rud é go raibh sé fhéin i mbróga Phaschal Donohue. Bhí an chuid faoi cúrsaí taistil i mBaile Átha Cliath san alt dár liom agus gan mórán faoin gcuid eile den tír. Ní raibh mórán íonadh orm caithfidh mé a rá.

Ar an luain seo caite thugamar chuairt ar chathair Luimní. Bhaineamar úsáid as an dtraen ó Gaillimh. Osclaíodh an líne seo le seirbhísí teoranta sna h-ochtóidí agus cé go ndúradh ag lucht pleanála agus eile nach n-éiródh leis cuireadh leis an seirbhís sna nochaidí agus anois tá naoi dtraen gach lá ar an líne seo. Tá fós ag caint faoin líne a athoscailt ó thuaidh ach ar ndóigh tá Chonnacht i bhfad ó shamhlaíocht maorlathach lucht phleanála.

Ardán ós cionn Cannes - Lavery
Chuamar ar chuairt, a deirim, go Luimneach, príomh cathair Thuamumhain. (Ní maith liom a tearma pleanála gallda sin, "The Midwest", atá ag na maorlathaigh.) Bhí muid ag pleanáil dul ó dheas ó thús an tSamhraidh le féachaint ar thaispeántas "Lavery & Osborne" a bhí ann ó thús Mí Meitheamh in Iarsmalann Hunt (Béarla). Ní rabhamar san áit sin riamh roimhe agus ba chineál leathscéal dúinn dul ann leis an taispeantas úd a fheiscint!

B'fhiú go mór dul ann.

Ní mór thaispeántas a bhí ann ach pictiúirí a taispeán a ndearcadh ar an saol. Tá cáil i bhfad níos mó ar an ridire John Lavery (1856-1941) ar dtús mar phortráidí faiseanta i Londain é agus ansin mar phéintéir tabhachtach ó thaobh staire de, go mór mór stair na hÉireann. Is pictiúir stairiúla agus tabhachtach ní hamháin i stair na hÉireann (An Coileánach faoi ghradam) ach i stair breithiúnaí Shasana (Trial Ruairí Mhic Easmainn). Ach anseo bhí pictiúirí eile tabhachtach chomh maith. Ní ó thaobh staire de ach ó thaobh a shaol pearsanta féin agus é ag fás mar phéintéir, na cuairteanna a thug sé ar áiteanna iasachta agus an tionchair a bhí ar a chuid oibre. Pictiúir amháin a thaitn go mór linn na "Ardán ós cionn Cannes" a bhí lán d'atmaisféar agus teas na háite. Caileadh é i 1941 ag aois 85 bliain.

Buachaill lena mhadra - Osborne
Duine eile ar fad a bhí in Walter Osborne (1859-1903). Cé gur portráidí é chomh maith bhí a chuid pichtúir i ar dtús i bhfad níos pearsanta ach gan a bheith. Pictiúir amháin dá dheirfúir ag péintéireacht nó ceann eile de bhuachaill óg lena madra. Bhí pearsantach an difrúil aige ó Lavery. Diúltaigh sé ridireacht ón mBanríon Victoria sa bhliaon 1900 agus cailleadh é go h-óg (43) trí bhliain ina dhiadh san.

Tá an taispeántas thart inniú.

Nuair a bhí na pictiúirí go léir feicthe againn thugamar aghaidh ar an gcuid eile den Iarsmalann. Is i sean Teach an Chustaim na cathrach atá sé agus tá trí urlár sa foirgneamh. Bailiúchán chlann Hunt atá le feiscint ann. Bailiúchán eicléictiúil atá ann. Bhailigh John Hunt agus a bhean Gertrude na mílte rudaí suimiúil. Cuid acu an luachmhar agus cuid eile acu nach bhfuil luach ar bith ortha. Má bhí spéis acu sna h-earraí ba leor san agus chomh maith leis sin bhíodar á n-úsáid acu ina dteach gach lá nuair a bhíodar beo. D'fhagadar chuile rud don stáit nuair a cailleadh iad agus anois tá siad le feiceáil ag an bpobal. Bailiúcháin an suimiúil agus éagsúil atá ann gur fiú dul go Luimneach len é a fheiceáil.

Brú anseo le cúntas ar an taispeántas (i mBéarla)

2.8.17

Níl ann ach Baile Átha Cliath?


Pic: Irish Central
Imealú go deimhin! Tá gach bóthar Iarainn ag dul go BÁC (fiú sna 6 Chontae). Lárnú níos measa ná aon tír eile san Eoraip - fiú sa bhFrainc.

Mar Duibhleannach a chuaig siar is mó a thuigim an galar seo atá ar ár dtír agus ar a muintir ná mar an tuiscint a bhí agam air agus mé linnaithe san Árd Chathair. Bíonn orainn dul soir le haghaidh chuile rud. Ní féidir le Comhaire Áitiúil (iad siúd atá fágtha ag Rialtas BhÁC) aon rud a dhéanamh gan dul tré chóras dian mhaorlathach le cead agus airgead a fháil lena aghaidh. I nGaillimh tá deireadh curtha ag Rialtas Bhaile Átha Cliath ar na Comhairlí Bhaile le déanaí. Tá Údarás na Gaeltachta spochta acu cheanna. Ní raibh mórán tionchar ag ionadaithe tofa sna cinntí sin. Níor pléadh cuid acu sa Dáil fiú. Agus anois táid ag iarraidh an Contae and an Chathair a nascadh le chéile.

Ar ndóigh chuireann a teorann (bíodh sé bog nó crua) bacanna so bhreis isteach ar fhorbairt i dTír Chonaill agus is cosúil nach bhfuil mórán níos fearr ar siúl in iarthair na Se Chondaethe, Doire, Tír Eoghan agus Fear Manach. Féach ar an alt seo san Irish Central (Béarla). Tá gif íontach ann ag teaspáint meath an chorais bhothair iarainn in Éirinn i rith an chéid seo caite. Athbunaiodh an líne idir Luimneach & Gaillimh ó shin.

Bíonn ar gach gluaiseacht náisiúnta a bheith i mBaile Átha Cliath. Agus deirtear linn go bhfuil an cathair sin á thachtach le trácht agus cloisim anois go bhfuil Rialtas Bhaile Átha Cliath ag iarraidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a lionniú inti, mar aon le Ghníomhaireacht Airgeadais Eorpach nuair a thagann an Bhreat-imeacht i gcríoch (Márta 2019).

Cén fáth Bhaile Átha Cliath? Cén fáth nach Gaillimh, nó Corcaigh, nó Sligeach?

Nuair a bhí cónaí orm i mBaile Átha Cliath bhí sé de nós agam dul go Corcaigh go minic. Ní raibh trioblóid ar bith agam dul ar an dtraen. Ní bheadh aon trioblóid agam dul chuig na cathrachta móra, Béal Feiriste, Port Láirge, Luimneach, Gaillimh nó Sligeach ó Bhaile Átha Cliath. Nuair a thainig mé go Gaillimh bhí fadhb agam. Ní féidir dul go Corcaigh go héasca, (gan tracht ar aon áit san Iar-Thuaisceart)! Bíonn orm dul go Port Laoise agus traen eile a fháil ansin. Ansin osclaíodh seirbhís go Luimneach ach fiú ansin bíonn orm traen a fháil as Gaillimh go Luimneach ansin ceann  a fháil go Gabhal Luimnigh agus as sin Traen BhÁC go Corcaigh (Níl traen díreach ó Luimneach go Corcaigh mar a bhíodh fadó!)

Cuidíonn an córas seo le Bhaile Átha Chliath thár aon áit eile sa tír. Tá na milliún á chuir isteach ag Rialtas Bhaile Átha Cliath ar cheangal idir chóras Luas Glas agus Dearg. Nach cabhródh sé le chursaí ghnó na tíre ina iomláine líne ó Corcaigh go Gaillimh go Sligeach agus go Doire Cholmcille agus ansin ó Dhoire soir go Béal Feirste.

Is rí léir nach dtuigeann fíor rialtas na hÉireann na cúrsaí seo. Rialú faoi deachtú atá againn faoi dúmas bréige daonlathach.

Ní nach íonadh a thárlaíonn tubaistí mar Brexit agus Brexit. Níl leigheas ag na daoine beaga ar an scéal - beag ná mór!

25.8.12

Turasanna nach ndéanfainn...


Shroich mé aois suntasach anuireadh agus díreach in am fuair mé brontanas nach féidir luach a chuir leis: mo phás saorthaistil!

Pás luachmhar!
Níor thuig mé cé chomh úsáideach is atá an scéim seo a bunaíodh sna seascaidí í. I ndairíre níor bhaineas mórán úsáid as an gcóras taistil go dtí go bhfuair mé an pás. Anseo i gConamara thugas faoin ndeara an méid daoine a úsáideann an seirbhís atá ag úsáid an pás, sean-daoine (mar mé fhéin anois is dócha) agus daoine cáilithe eile. Is dócha nach n-úsáidíodh an tseirbhís ag leath nó níos mó murach an pás saorthaistil.

Faigheann Bus Éireann (Béarla) agus comhluchtaí taistil eile fóirdheontas ar gach duine le pás a úsáideann an seirbhís.

Murach an pás seo bheadh ar CIÉ (Béarla) deontas glan a fháil chun seirbhís ceart a thabhairt, go mór mór i gceantreacha mar Chonamara. I ndairíre is cineál deontas atá ann, deontas ní hamháin a thugann tacaíoch do CIÉ ach ag an am céanna a cuidíonn le mianach saoil daoine a chaith a shaoil ag obair agus ag íoch cáin leis an stáit. (Ar bhealach nach féidir a rá nach "saor" thaistil é ar chor ar bith?) Deirtear go gcosnaíonn an pás seo timpeall €800m agus murach an pás seo bheadh air CIÉ an tairgead seo a fháil ó foinse eile.

Maidir liom féin bainim úsáid as an pás anois is arís. Ní gá dom smaoineamh ar chostas tailstil má tá orm dul thár n-ais go Baile Átha Cliath. I ndairíre is dóch nach ndéanfainn cuid de na thurasanna murach an pás. Buíochas don té a chéad smaoinigh ar an scéim!

13.6.10

Sa bhus!


Tá seirbhís bus idir cathair an Gaillimhe agus Aerphort Bhaile Átha Cliath. Gobus (Béarla) an tainm atá ar an chomhlucht agus is comhlacht Gaillimheach í. Bhain mé triall as don gcéad uair ar an nDéardaoin se caite agus chuir sé íontas orm cé chomh chompórdach agus cé chomh sciopadh is a bhí sé. Leis an mótarbhealach nua anois ann níor thóg sé ach dhá uair agus trí ceathrú ó stop go stop. Stop sé le daoine a lingint amach i gcroí lár na cathrach agus ansin ar aghaidh chuig an gcathair trén tollán nua ón gcalaphort go dtí an M1 agus ansin chuig an aerfort.

D'fhéadfainn dul san eitileán ach chosnódh sé timpeall €120 agus tógadh sé bfhéidir an méid ceanna ama nuair a thógtar an dianchuardú, seiceáil isteach agus bheithe ag feithimh ar bhagáiste ar an taobh eile.

D'fhéadfainn dul ar an traen (€48.00+), atá beagáinín níos chompórdaí ach tógadh sé sin i bhfad níos mó ama agus bheadh orm bus, nó taicsí a fháil chuig an aerphort.

Ar an bus seo bhí nasc idirlíon WiFi (dílseacht gan sreang) le fáil saor in aisce.

Tríd is tríd bhí mé thar a bheith sásta leis. Chosnigh an ticéad fillte €25.00 orm.

2.1.10

Sioc agus Sneachta

Ní cuimhín liom tréimhse fuar chomh fada leis an tréimhse seo. Is annamh a bhíonn sioc ceart anseo i gConamara agus ar bhealach dheinfeadh sé maitheas dúinn. Maróidh sé an péisteanna nimhneach a deineann féasta de na fataí agus glasraí sa samhradh!

Bíonn sé dáinséarach áfach tiomáint a dhéanamh in aimsir mar seo. Cé nach raibh sneacht ar bith againn, bhí frith sneachta ann agus ansin i rith na hoícheanta reóinn sé seo ar na bóithre. Agus mar a déaradh sean-chara liom fadó níl ann don tiománaí ach “plenty sideways!”

Bhí orm tiomáint go Baile Átha Cliath ar an Domhnach roimh Lá Nollag, agus cé go raibh an sioch géar go leor ní raibh a turas chomh dona san. Bhí an bóthar soir chomh fad leis an Spidéal dainséarach in áiteanna ach soir uidh sin go Gaillimh bhí sé go maith. Ós rud é go raibh orm dul isteach go Baile Loch Riach níor thóg mé an motorbhealach nua M6 agus ghlach mé an sean-bhóthar. Bhí an cuar-bhóthar thar timpeall an baile thar a bheith dhainserach agus sleamhain. Cheap mé go raibh rud éigin cearr le boinn an char agus stop mé é len iad a iniúcadh. Bhí an bóthar cosúil le gloine agus is ar éigin a bhí mé i ndán seasamh air. Ait go leoir bhí na cúl bóithre ceart go leor.

Thiomáin mé abhaile ar an Luain agus bhí gach rud i gceart ar an mbóthar nua!

Inniú ta mé ar mo bhealach go Baile Átha Cliath arís. Thiomáineamar istech go Gaillimh go luath ar maidin. Ní raibh deoirí ar an mbóthar a bhí bá le sioch. Tá me ag ceapadh go bhfuil sé níos éasca tiomáint ar bóthar nuair nach bhfuil tiomáiní eile air! Bhí an aimsir ró-fhuar le dul sa cearr. Bhí lucht na haimsire ar an raidío ag rá go raibh sé go dona i lár an tíre agus san oirthear. Mar sin bheartaigh mé ar an traen a thógaint.

Tá braithlín bán ar an tír ar fad. Tá sé go deas le breathnú air agus a griain ag taitneamh. Is íontach an radharc é agus tú, deas te compóirdeach sa carráiste.

Deirtear nach bhfuil na busanna ag obair sa chathair inniú de bharr na haimsire ach tá súil agam go mbeidh mé á bhailiú ag an stáisíun. Feicfidh muid!