Showing posts with label Seanaois. Show all posts
Showing posts with label Seanaois. Show all posts

27.3.21

An seachtú aois!


Ta an saol ag éirí casta, nach bhfuil?

Tá sé de nós agam ar an Sathairn dul chuig an siopa leis an nuachtáin a fháil.

Na Seacht nAois - William Mulready *
Bhí mé beagnach amach as a ndoras nuair a mhothaigh mé nach raibh mo chuid fiacla istigh agam. Isteach arís dom instech sa teach agus chuireas ionam iad. Ansin smaoining mé nach raibh an clúdach aghaidhe agam...

Agus mé ar mo bhealach soir smaoinigh mé ar na rudaí go bhfuil gá agam anois agus mé ag dul amach ó teach, fiacla, speaclaí, áiseanna éisteachta agus anois cumhdach aghaidhe.

Chuirfeadh sé deireadh aithisc nó óráide cáiliúla Jaques i ndráma ag Liam Shakespeare...

"... Last scene of all,
That ends this strange eventful history,
Is second childishness and mere oblivion,
Sans teeth, sans eyes, sans taste, sans everything."
Is dócha go bhfuilim ag éirí sean.

* Is Éireannach ó Chontae an Chláir é William Mulready (1786 – 1863). Chuaigh sé lena mhuintir go Londain is é ina leanbh agus glacadh isteach is Scoil an Acadaimh Ríoga agus é 14 bliain d'aois. Bµi cáil air mar ealaíontóir agus tá an chuid dá phictiúirí le feiscint (an ceann seo ina measc) sa Victoria & Albert i Londain. Tá sé curtha i gKensal Green agus leacht breá ar a uaigh.

28.2.21

Meath intinne!

Ta alt a scríobh Alex Hijmans i rith na seachtaine i m'aigne ó léigh mé é. Is cuid de srath atá á scríobh aige don nuachtán fíorúil Tuairisc.ie ar a thaithí féin agus é ag dul ar a thuras gan staonadh lena a mháthair agus a sláinte ag dul go neamaiteach in olcas. 

Bhí néaltrú seanaoise ag mo mháthair féin a cailleadh timpleall 10 mbliain ó shin. Cé nár ainmníodh mar ghalar Alzheimer a bhí uirthi is beag an difríocht idir an dá riocht. 

Is cosúil go raibh sí mar sin sular bhfuair m'athair bás cúig mbliain roimpí. Cé go raibh fhios againn go raibh sí beagáinín "dearmadach" ní raibh fhios again go raibh sí chomh dona agus a bhí sí dairíre. D'fhán sí ina cónaí leithí féin ach d'fhán duine de mo dheartháireacha sa teach leithí san oíche ar feadh sé seachtaine nó mar sin. 

Oíche amháin chuir sí ceist ar duine acu. "Cén fáth go stopann duine agaibh liom gach oíche?" 

Bainfeadh geit as mo dhreathair agus d'fhreagair, "Cheapann muid go bhfuil tú uaigneach a Mháthair!" 

"Cinnnte tá mé uaigneach," ar sí, "ach ní mé uaigneach díbh-se!"

Diaidh ar ndiaidh d'éirigh sí níos measa. Mar a deireann Alex "...is de réir a chéile, seachas thar oíche, a thagann an meath..." 

Bhí timpist aici lá. Thit sí agus tógadh go dtí an oispidéal í. Chinneamar nach bhféadfadh sí fanacht leithí féin agus thóg duine de mo dheartháireacha agus a bhean cróga isteach ina dteach féin í. 

Chun sos a thabhairt dóibh thógamar anoir go dtí ár dteach-sa i gConamara chun sos a thabhairt dóibh ó am go chéile. Is léir go raibh sí ag dul níos measa gach uair a tháinig sí.  Agus ar ndóigh an géartheangachas agus an stuacacht. Bhí orainn súil géar a choimead uirthi an t-am ar fad agus smach a coimead ar ár dteangacha agus ar ár méin féin!

Ar deireadh is ar éigin go raibh aithne aicí orainn cé go raibh fhios aici go rabhamar a tabhairt aire di.

Lá amháin chuir sí ceist orm: "Cé thusa?"

"Is mise do mhach a Mháthar!"

"Ní fhéadfadh sé sin a bheith fíor," a dúirt sí go dearfa agus go láidir, "Ní raibh mise pósta riamh!"

Ar deireadh fuair uair sí bás go tobann agus muide thár timpeall orainn. Is cuimhin liom agus í a rothú thuas go dtí an bharda san oispidéal gur raibh greim daingin aici ar mo lámh ach gan focal a rá. 

Bhí an tuismitheoir ina pháiste.

Beannacht Dé le hanamacha na marbh agus go gabhródh sé leo siúd ag tabhairt aire dóibh - go minic gan buíochas.

25.8.12

Turasanna nach ndéanfainn...


Shroich mé aois suntasach anuireadh agus díreach in am fuair mé brontanas nach féidir luach a chuir leis: mo phás saorthaistil!

Pás luachmhar!
Níor thuig mé cé chomh úsáideach is atá an scéim seo a bunaíodh sna seascaidí í. I ndairíre níor bhaineas mórán úsáid as an gcóras taistil go dtí go bhfuair mé an pás. Anseo i gConamara thugas faoin ndeara an méid daoine a úsáideann an seirbhís atá ag úsáid an pás, sean-daoine (mar mé fhéin anois is dócha) agus daoine cáilithe eile. Is dócha nach n-úsáidíodh an tseirbhís ag leath nó níos mó murach an pás saorthaistil.

Faigheann Bus Éireann (Béarla) agus comhluchtaí taistil eile fóirdheontas ar gach duine le pás a úsáideann an seirbhís.

Murach an pás seo bheadh ar CIÉ (Béarla) deontas glan a fháil chun seirbhís ceart a thabhairt, go mór mór i gceantreacha mar Chonamara. I ndairíre is cineál deontas atá ann, deontas ní hamháin a thugann tacaíoch do CIÉ ach ag an am céanna a cuidíonn le mianach saoil daoine a chaith a shaoil ag obair agus ag íoch cáin leis an stáit. (Ar bhealach nach féidir a rá nach "saor" thaistil é ar chor ar bith?) Deirtear go gcosnaíonn an pás seo timpeall €800m agus murach an pás seo bheadh air CIÉ an tairgead seo a fháil ó foinse eile.

Maidir liom féin bainim úsáid as an pás anois is arís. Ní gá dom smaoineamh ar chostas tailstil má tá orm dul thár n-ais go Baile Átha Cliath. I ndairíre is dóch nach ndéanfainn cuid de na thurasanna murach an pás. Buíochas don té a chéad smaoinigh ar an scéim!

7.2.10

Meath meabhrú!

Nach aisteach an rud é a bheith sean.

Caith mé an deireadh seachtaine le mo mháthair. Tá sí os cionn deich mbialiana agus ceithre scór d'aois. Tá an sláinte maitb go leor leithí ó thaobh an choir de ach an a chuid sláinte intinne atá go dona. Tá néaltrú seanaoise go tiubh uirthí anois. Tá fhios aicí go bhfuil aithne aici orm ach níl tuairim aici cé mé, nó cé iad mo dreatháireacha.

Mar aon leis seo tá sí ag cailliúint a cuimhne ar chonas rudaí simplí a dhéanamh agus tá air duine freagrarach a bheith léithí i gcónaí.

Is mór an trua é seo, duine a bhí príobháideach, coimeádeach, bua na stíle uirthe agus í óg agus anois ní thuigeann sí nuair nach bhfuil a cuid éidí uirthí i gceart, nó a cuid gruaige míshlachtmhar. Nuair atá sí ag caint le daoine gan deathuiscint, go neamh discréideach. An t-aon rud atá fágtha aici ná a grá don Aifreann agus tógtar amach chuig an Aifreann gach maidin.

Is mór an bron atá orainn deireadh saol duine a bhí chomh tabhachtach inár saol. A té a thug grá gan teora dúinn.