Showing posts with label Acadamh na hOllscoile Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Acadamh na hOllscoile Gaeilge. Show all posts

26.5.14

Campa cumarsáide ar an gCeathrú Rua!


Tá Campa Samhraidh Cumarsáide a reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le maoiniú ónRoinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arís i mbliana.

Cúrsa praiticiúil i scileanna cumarsáide a bheidh ann - Cur i láthair teilifíse agus raidió, taifead físe agus fuaime, iriseoireacht, ceardlanna le hiriseoirí agus láithreoirí aitheanta, turas ar chomhlachtaí cumarsáide i gConamara agus go leor eile.

Tá an campa féin le bheith san Acadamh ar an gCeathrú Rua agus scoth na n-áiseanna ar fáil ann. Coicís a bheidh i gceist arís i mbliana ón30 Meitheamh go dtí 11 Iúil (10 lá).

Costas €70 a bhéas ar an gcampa. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ó theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Tá líon teoranta áiteanna ar an gcampa agus moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh a luaithe agus is
féidir.

Tá chuile eolas faoin gcampa bhfoirm iarrta (pdf) anseo.

5.11.13

Idir lúibíní!

Tá Oireachtas na Samhna 2013 thart agus Gael na tíre imithe abhaile go ceithre cúigí agus níos faide i gcéin faoi seo.

Ach chuala muid scéal faoi féile nua atá le bheith ann roimh deireadh na míosa agus an uair seo tá sé i lár na Gaeltachta, ar an gCeathrú Rua. Is dócha gur féidir "Oireachtas idir lúibíní!" a thabhairt ar Féile Beal mar tá an fothideal "Comhdháil na Lúibíní" tugtha ag na heagreoirí air!
Oireachtas TV

Cuireann Breandán Ó hEadhra, ó Meas Media, atá mar Stiúrthóir ar a bhFéile, ceisteanna atá simplí ach bunúsach. "Céard is agallamh beirte ann?  Cé as a dtáinig an lúibín?  An bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite nó an féidir beocht nua a thabhairt do sheancheird an tseanchaí?"

Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mise céard an agallaimh beirte ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1966. Níor chuala mé fiú faoin gcineál sin ealaíon sin, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil sé mar sin fós i measc an chuid de mhuintir na hÉireann.

Seo seans againn raidhse cainte idir agalaimh beirte, scéaltaí agus lúibíní a cloisint i áiteanna éagsúla thár timpeal an bhaile, siopaí, sa labharlann, san Acadamh agus sa bialann. Agus beidh an oscailt oifigiúil, (agus déarfainn an-chuid nach mbeidh chomh oifigiúil), istig sa Chistin.

Tomás Mac Eoin
Beidh cainteanna ann, scéalaíocht do pháistí agus don sean-dream agus tá mé ag ceapadh go bhfuil baol ann go mbeadh beagáinín craic ann leis!

Tosaíonn gach rud ansin, An Chistin, ar an Aoine 22 Samhain ar a h-ocht sa tráthnóna. Bronnfar Gradam Béil ar laoch na Ceathrún Rua, Tomás Mac Eoin, i ngeall ar a chuid oibre le lúibíní agus agallaimh bheirte le blianta fada. Is ag an Oireachtas céanna, 1966, i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath a chéad chuala mé Tomás leis.

Má thaithn Oireachtas na Samhna leat i gCill Áirne tá fhios agam go dtathnódh Comhdháil na Lúibíní, Féile Béal na nGael, leat.

Bí ann gan teip!



Má tá éinne ag iarraidh lóistín i gcóir Féile Béal: Comhdháil na Lúibíní , féile agallaimh beirte, lúibíní agus scéalaíochta a bheas ar siúl ar an gCeathrú Rua idir 22-24 Samhain, cuir scairt ar Breandán Ó hEadhra ag measmediacommunications@gmail.com agus déanfaidh seisean iarracht lascaine a fháil daoibh...

• Bhí an-oíche ag an oscailt sa Chistin ar an 22ú lá Samhain. Roinnt pictiúirí le fáil anseo ar facebook:

25.5.11

An dá Eilís agus an Ghaeilge!

An chéad leabhar clóite Gaeilge feicthe ag an mBanríon Eilís II i gColáiste na Trionóide (Béarla)
Eilís II ag éisteacht le Robin Adams.
Ar chúl a fear chéile, Iar Úachtarán Máire Mhic Róibín
agus Ruairí Quinn, Aire Oideachais.


Nuair a thug an Bhanríon Shasana Eilís II cuairt ar Choláiste na Tríonóide le linn a Cuairt Stáit ar Éirinn le déanaí, thaispeáin Leabharlannaí an Choláiste, Robin Adams, an chéad leabhar riamh a cuireadh i gcló i nGaeilge in Éirinn di. D’fhoilsigh John Kearney aibítear agus caiticeasma- Aibidil Gaoidheilge 7 Caiticiosma- sa bhliain 1571 ar chlóphreas a chuir an Bhanríon Eilís I ar fáil.

Rinne William Bedell (1571-1642), aistriúchán go Gaeilge ar an Sean Tiomna. Propast ar Choláiste na Tríonóide agus Easpag na Cille Móire a bhí ann ag amanna difriúla. Foilsíodh an saothar seo, in éineacht le haistriúchán ar an Tiomna Nua a rinne William Daniel (a d’éag i 1628). Tugadh “Bíobla Bhedell” ar an saothar ina iomláine.

Rinne Daniel, a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuama é i 1609, aistriúchán Gaeilge ar an Book of Common Prayer freisin. Chlóigh John Francke an leabhar seo - Leabhar na nUrnaithe gComhchoiteann - sa bhliain 1608. Rinneadh aistriúcháin go Gaeilge ar eagráin eile de Leabhair na hUrnaí Coitinne ag amanna éagsúla ina dhiaidh sin.

Nuair a bhí Bedell ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide, chuir sé iachall ar ábhair mhinistir ó chúlraí Gaelacha freastal ar léachtaí i nGaeilge, ar mhaithe leis an soiscéal a scaipeadh i measc na nGael.

9.3.10

Seoladh dlúthdhiosca Subhóró


Seolfar an dlúthdhiosca “Subhóró” i gcathair na Gaillimhe ar an Satharn beag seo (13 Márta ón 8.00 i.n ar aghaidh). Beidh sár-cheoltóirí na tíre ag bailiú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Subhóró áit a ngealltar go mbeidh oíche den scoth idir ceol agus damhsa. I measc na ceoltóirí ar an oíche beidh Stiophán Mac Suibhne ar an gcairdín, an ceoltóir éirimiúil Louise Devitt ar an bhféadóg mhór agus ná caill amach ar an deis annamh, áilleacht agus binneas na cláirsí a chloisteáil le Úna Ní Fhlannagáin.

Bhí ráchairt mhór ar an dlúthdhiosca dúbailte, Subhóró – Ceol ón Acadamh. Rinneadh brabús €10,000 in imeacht roinnt míosa. Is é Subhóró - Cumann Ealaíon na Ceathrún Rua, Conamara agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a chuir an cnuasach ceoil, filíochta, damhsa agus litríochta béil i dtoll a chéile. Is foireann, mic léinn, agus cairde Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí páirteach sa togra. Bhronn chuile dhuine a ghlac páirt a chuid buanna agus tallann saor in aisce.

Blaiseadh breá de chanúintí an cheoil agus na Gaeilge ó chósta go cósta atá sa dlúthdhiosca. Is é an ceoltóir, an Dr Charlie Lennon, an príomhléiritheoir agus rinneadh an taifeadadh i Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Tá 40 rian ar fad ar an dá dhlúthdhiosca – beagnach dhá uair an chloig go leith d’ábhar ó Thír Chonaill, ó Cho. Liatroma, ó Cho. na Gaillimhe, ó Cho. an Chláir, ó Chorca Dhuibhne agus ó Rinn Ó gCuanach. Tá éagsúlacht mhór ábhar anseo: sean-nós; ceol; amhráin; filíocht nua-chumtha; agus Gaelcheol tíre Chonamara.

Ar an gCéadaoin 24 Feabhra bhronn baill choiste an dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh seic de luach €10,000 ar Gerry Cully ó Fhondúireacht Taighde agus Leighis na Leanaí in Ospidéal Mhuire na Leanaí, (Béarla) Cromghlinn. Bailíodh an t-airgead de thoradh dlúthdhiosca dúbailte a táirgeadh go speisialta agus a seoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, i gConamara, i Rinn Ó gCuanach agus i gCorca Dhuibhne. Tá an-tóir ar an dlúthdhiosca ó shin.

Tá líon áirithe den dlúthdhiosca Subhóró – Ceol ón Acadamh ar fáil i gcónaí. Tá cóipeanna ar díol in ionaid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, i gCarna, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Gaoth Dobhair chomh maith le Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair agus i siopaí áitiúla i gceantar Chonamara ar luach €20. Tá sé ar fáil freisin ó Chló Iar-Chonnachta.