Showing posts with label Polaitíocht. Show all posts
Showing posts with label Polaitíocht. Show all posts

13.3.22

Mutti...

Thosaigh mé ag léamh an leabhair seo sular thárla Cogadh Phúitin san Úcráin. Chuir sé me ag smaoineamh agus mé leath bhealach tríd ar cad a dhéanfaidh sí mar Kanzelerin agus an sléicht sa tír mí-ámharach sin.

Le na hUachtaráin
Leabhair1 an suimiúil atá anseo. Beatha Angela Merkel na Gearmáine atá ann ón turas a rinne a muintir soir ó saoirse in iarthair na tíre i Hamburg, ina rugadh í, go daoirse Bhradenburg san oithear. Ba tréadaí Lútarach a h-athair agus múinteoir a máthair agus chinn é dul soir chun cabhrú le Críostaithe , "mar a bhí á dheanamh ag misinéiri chuig an Aifric!"

Tógadh ansin í mar Lutarach, Críostaí, ach, ar ndóigh ní raibh móran saoirse ann cé go raibh saol compórdach go leor ag an clann. Bhí sí go maith ar scoil agus ansin chuaigh sí chuig an ollscoil i Leipzig. Rinne sí go maith ansin chomh maith ag staidéir fisice. Is dócha gur chabhraigh sé sin go mór léithi agus an paindéim ChOVID ag scaipeadh tríd an domhain níos deanaí.

Ta na leabhair scríofa ag bean taidhleora Meiriceánacha2, Kati Marton, agus bhuail sí le Angela Merkel mar sin. Ach is dócha gur ceart cuimhne gur Meiriceánach an údar. Ach mar a deireann sí sa leabhair níl sé chom éasca sin aithne a chuir ar an mbean príobháideach seo. Ar bhealach ní ligeadh éinne ón saol polataíochta istigh ina saol príobháideach. Bhí cónaí uirthe, agus tá fós, in árasán i gcomharsanacht neamh-fhaiseanta i mBerlin. Ach anois is arís feictear óna hiompair cén saghas duine atá inti. Is minic a léiríonn sí a dearcadh ar dhuine nó ar pholasaí tréna dreach nó trén iompú a súile ina ceann!

Caith sí níos mó na sé mbliain déag i gcumhacht ina tír aontaithe féin. Nuar a d'éirigh sí as mar Seansiléir d'éirigh sí as go toiltineach. Rud nach dtárlaíonn go ró mhinic. De gnáth díbrítear as oifig iad ag an bosca ballóide nó ag naimhde ina bpáirtí féin. Ní nach ionadh gur "Mutti" (Mámaí) a tíre í.

Léirítear sa leabhair a caidreamh le ceannairí éagsúla i dtíortha eile go mór mór na Stáit Aontaithe agus Poblacht Cónaidhmeach na Rúise. An fhaid is a bhí sí ina seansailéir bhí ceithre Uachtarán ar a tír féin. Bhí ceithre Uachtarán sa Stáit Aontaithe, (Bush, Obama, Trump agus Biden) ach ní raibh ach ceannaire amháin sa Rúis (Putin). Is cosúil go raibh an claonadh agus meas aici ar Meiriceá agus "pax Meiriceánach!" Ach mar duine ó Ghearmáin Thoir bhí sí i bhfad níos cúramaí le ceannaire na Rúise. Ach nuair a tháinig Donald Trump i réim i Washington d'athraigh an scéal. Léiríonn caint Iar-Uachtarán Ghearmánach, Gauch an dearchadh agus a modh oibre a bhí aicí go soiléir: "She just doesn't play their game. She knows well and good when Putin and Trump are lying to her, mostly she disregards their fabrications and pressed on with her own agenda."

Le Xi Jinping, Putin & Erddogan
Tá an caibidil faoi Putin an suimiúil ar ndóigh. Bhí Ruisis aici agus, ós rud é gur chaith sé seal mar gníomhaire KGB i nDresden bhí Gearmánais ar a thoil ag Putin. Mar sin ní raibh gá le ateangaire agus iad ag caint. Ach ba léir gur thuig sí cé chomh dainséarach is a bhí sé mar céile comhraic. 

Bhí Béarla aici chomh maith, cé nach labhrann sí go poiblí in aon teanga seachas a teanga féin, agus bhí an-meas ag George W agus Obama uirthi. Ach nuair a tháinig Trump i gcumhacht bhí athrú iomlán ar an scéal. Ba Uachtárán nach raibh spéis dá laghad aige i bpolataíocht taobh amuigh dá thír féin agus mar sin athníodh Angela Merkel mar "Ceannaire an Iarthair" cé nár thaitn sin léi.

Entente Cordial 
An Ghearmáin & an Fhrainc
Thóg sé tamall uirthí dul i dtaithí ar Macron na Fraince chomh maith, fear óg agus spreangach dár léithí ach tár éis tamall d'éirigh leo bheith in  cáirde politiúil.

Ta dearcadh anseo ar a h-umhlaíocht. Ní duine carasmatach a bhí inti agus bhí sí amhrasach faoi dhuine charasmatach - thóg sé tamall uirthí muinín a bheith i mBarac Obama. Níor labhair sí chomh minic sin ach d'éist sí go cúramach sular ndéanfadh sí aon chinneadh.

Cé gur duine seachantach, coimeadach agus cúramach í,  bhí sí ábalta cinneadh conspóideacha a dhéanamh gan coinne. Mar shampla an cinneadh le milliún daoine ón tSiria a ligint isteach ina tír, nó deireadh a chuir le gineadh chumhacht adamhach tár éis tubaist Fukushima sa tSeapáin.

Tá an leabhar seo éasca le léamh, i stíl Meiriceánach agus sílim cé gur gá beagáinín eolas ar polatáiocht i Meiriceá ní loiteann sé seo an scéal féin faoin nduine, ceann-ródaí gan coinne. Scéal Lútarach, umhal, fad-radharch, fial agus oscailte do chuid is mó.

Má tá duine ag iarraidh aithne a chuir ar an mbean seo is fiú go mór an leabhar seo a léamh,

1. The Chancellor, The remarkable odyssey of Angel Merkel, Kati Marton: Harper Collins, ISBN 978-0-00-849945-7 (crua) nó ISBN 978-0-00-849946-4 (bog)

2.  Richard Holbrooke, iar ambasadóir SAM sa Ghearmáin agus níos déanaí mar Rúnaí Chunta na Státaí san Eoraip agus san Áis.

15.11.21

Féidearthacht?

Nuair a tháinig Covid beagnach dhá bhliain ó sin cheap mé go mbeadh neart ama agam le n leabhair atá (i gcónaí) ar an mbórd le leamh. Faraoir níl fhios agam cén fáth ach ní raibh me i ndán socrú síos le leabhair ar bith. Thosaigh mé ar leabhair Bhreandáin Uí Eithir, "Lig sinn i gcathú!" ach níor éirigh liom é a chríochnú.

Thug mo iníon leabhair Bharack Obama - "A Promised Land"* don Nollaig agus thosaigh mé ar timpeall dhá mhí ó shin. Mórleabair atá ann 750 leathannach ann agus cúntas ar a thogha agus a chéad cheithre bhliain mar Uachtarán ar an bPhoblacht mór trasna na farraige siar uainn. Thóg se breis is trí mhí len é a chriochnú cé go raibh sé éasca le léamh.

An céad rud a thug mé faoi deara ná go raibh sé i ndán scríobh, agus scríobh go maith. Is cúntas pearsanta atá ann agus faigheann muid radharc ar a shaol mar fear pósta, fear clainne agus polaiteoir ar ndóigh.

Cé gur chuaigh sé isteach chun saol na ndaoine a fheabhsu - "Is Féidir Linn!" - b'é an chead ceacht a fuair sé amach ná nach bhfuil Uachtarán Stáit Aontaithe Meiricea uile cumhachtach. Ar bhealach is cineál priosúnach atá ann. Ceacht eile a fhoghlaim sé ná gur chuir polasaí eachtrach Rialtas Mheiriceá isteach ar na rudaí maithe a bhí sé ag iarradh a dhéanamh dá thír féin.

Bhí cineál íontas orm go bhfuil na hainmneacha ceanna mar "dramatus porsonae" i bpolaitíocht na tíre, Nancy Polosi, Mitch McConnell, Antony J Blinken, agus ar ndóigh Joe Biden atá fós gníomhach i gcúrsaí polataíochta.

Léiríonn sé sa leabhair fás ar an scoilt mór i bpolataíocht na tíre. Is cuimhin liom ar thuras go Meiriceá bhí mé ag caint faoi chuairt "bhúr n-Uachtarán" ar Éirinn. Duradh go borb liom "He's not our President!" 

Tá léiriú aige ar an fás seo, an "Tea Party" agus naimhdeas Dhonald Trump ar a bhealach le bheith ina ceannaire ar na Poblachtánaigh. Ach bhí sin sna todhchaí.

Tá caibildil faoi leith ann faoi thóraíocht Osama Bin Laden agus conas ar aimsíodh é agus é a mharú ag saighdiúirí agus Obama féin agus a fhoireann ag breathnú ar ar scáileán i gcúl seomra sa Teach Bán. Deiireann sé cén fáth nár foilsíodh pictiúirí de tár éis a bháis agus gur adhlacadh é sa bhfarraige.

Leiriú suimiúil ar chonas a oibríonn saol polataíochta sna Stáit agus ar chumhacht agus ar mhalairt chumhachta "Cheannaire an Domhain!"

Is dócha go mbeidh leabhar eile uaidh ar ar an dara théarma.

Chuir sé mé a smaoineamh an mbeadh a chomharba mar Uachtarán i ndán leabhair mar seo a scrobh? An mbeadh Taoiseach sa tír seo? Ní féidir liomsa dírbheathaisnéis ó pholaiteoir ar bith a ainmnú seachas trí leabhair suimiúil Earnán de Blaghd. Bhfuil aon cheann eile ann?

* A Promised Land, Barack H Obama, Viking (Penquin) 2020 ISBN: 978-0-241-49151-5 

5.5.21

Alan Titley, Benedict XVI agus an fhírinne!

Is ag caint ar an leagan amach nua ar an stair atá ag Micheál Martin, Taoiseach Éireann, a bhí á plé ag Alan Titley san IT le deanaí. Le tamall, a deireann Alan, tá sé seo le feiceáil i ndearcadh ní h-amháin an Taoisigh ach go forleathan i measc lucht polaitíochta áirithe sa tír. "Claonadh é seo atá ag dul ar aghaidh le tamall fada, an maíomh go bhfuil gach seasamh bailí, gach taobh mar an gcéanna, gach cúis chomh maith le haon chúis eile."

Ní minic a cloistear i measc polaiteoirí áirithe ó dheas "Tá an ceart agam!" "Tá tusa mícheart!" 

An Fhirinne Ghlan?

Is cosúil go gceapann siad go bhfuil siad ag iarraidh cearta firinneachta a thabhairt don taobh eile. Ach mar a deireann an Ollamh Titley, "Tuigimid go maith gur cur i gcéill é seo agus gurb iarracht ar chúla téarmaí é gan aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna móra bunreachtúla arb iad cnámh na cúise iad." 

Bhí alt ag Fintan O'Toole sa nuachtán céanna (Béarla - "Earth calling Poots!") agus é ag caint faoi dearcadh cinnte Edwin Poots ar an Máirt.  Agus inniú bhí píosa ag Seosamh Ó Cuaig i dTuairisc inniú leis an gceist "An bhfuil Fianna Fáil ar an dé deiridh?" a léiríonn cé chomh trína chéile is atá Fianna Fáil agus an bogadh nó maolú atá le feiscint sa páirtí. 

Nár cuireadh ceist fadó ag Gobharnóir sa Mhean Oirthear. "Cad is fírinne ann?"

An Fhirinne Ghlan?
Tá cáil ar Benedict XVI faoin ionsaí a rinne sé ar coibhneasaíacht go mór mór san Eaglais ar ndóigh. Mar sin féin nach coibnneasaíocht atá i gceist anseo san alt? Dúirt sé agus é fós ina Cairdinéal Ratzinger, "Ní aithníonn an coibhneasaí aon rud a bheith cinnte agus  gurb é an cuspóir deiridh atá aige ach “mianta a 'Ego' Féin a shásamh.”

Is cuimhin liom duine mór le rá éigin i gCanada ag rá go raibh sé ag maireachtáil de réir a fhirinne féin! Ach i ndairíre an fhirinne a bhí i gceist aige?

Chuile seans nach bhfuil an fhirinne agamsa nó agatsa. 

Sílim a leithéid de rud agus firinne a bheith ann agus nach féidir ach firinne amháin a bheith ann. Már deirtear go bhfuil firinne amháin agatsa bailí agus go bhfuil firinne eile agam-sa. Tá duine amháin againn agus chuile seans go bhfuil  an beirt againn - mícheart.

Nach raibh sainmhiniú deas ar an meon nó an claonadh seo ag Kellyanne Conway i mí Eanáir 2016 nuair a rinne sí tagairt do "Fíricí malartacha?" 

30.12.19

Fógairt Poblachta!

Ar an 21U lá Nollag 2019 roinn an tUachtarán giolch ag comóradh acht tabhachtach i stair na tíre - Phoblacht na hÉireann. Is cosuil gur shínigh an dara Uachtarán, Seán T Ó Ceallaigh an bille ar an lá sin agus chuaigh sí i bhfeidhm i mí Aibreáin 1949.
Sílim gur fhogair an Taoiseach ag an am, John A Costello (FG) i gCanada níos luaithe sa bhliain 1948. Deirtear gur maslaíodh é agus toscaireacht na hÉireann ag cruinniú den gComhlathas Briotanach agus de réir dirbheathainéis an Dr. Noel Browne (Aire Sláinte ag an am) bhí an fhearg ar Chostelloe.  (Ar ndóigh fógraíodh an Phoblacht ar chéimeanna Ardoifig an Phoist ar Luain Chasca 1916 ach idir an dá linn bhí an Conradh 1921 agus Saorstat Éireann!)

Ar ndóigh i ndairíre ba Phoblacht í Éire ó 1937 nuair a ritheadh Bhunreacht na hÉireann ach níor tugadh Phoblacht ar an tír inti. Agus i ndlí na Breataine bé Rí Shasana ina rí ar na tíortha sa Chomhlathas. Bhí fadhb ann áfach mar nuair a thréig an Rí Eadhbhard VIII Coróin na Breatine ritheadh bille i ngach ceann de na tíortha sa Chomhlathas ag admháil go raibh sé éirithe as agua ag aithint an Rí nua Seoirse VI - ach amháin Éire. Mar sin i ndlí Westminister bé Eadbhard a bhí ina Rí ar Éirinn fós. Ar ndóigh bhí Bunracht nua againn in Éirinn a dúirt go raibh "ceart doshannta, dochloíte, ceannasach chun cibé cineál rialtais is rogha leo féin a bhunú, chun a gcaidreamh le náisiúin eile a chinneadh, agus chun a saol polaitíochta is geilleagair is saíochta a chur ar aghaidh de réir dhúchais is gnás a sinsear."

"Éire is ainm don stát nó, sa sacs-Bhéarla, Ireland.
Is stát ceannasach, neamhspleách, daonlathach Éire." (Altanna 4 & 5) agus

Cé nách lúann an Bhunracht gur Phoblacht í Éire ba léir gur phoblacht a bhí inti. (Glaodh "Dictionary Republic" go searbhasach uirthi! cf RIA 18/4/2019 {Béarla}) Ach níor luadh é agus mar sin de réir dlí nó dearcadh dlitheach Westminster ba chuid den gcomhlathas muid.

Nuair a ritheadh an bille seo (Bille Phoblacht na hÉireann) bhí Rialtas Westminster é sin a aithint go foirmiúil. Ritheadh an "Ireland Act 1949" a thug "Republic of Ireland" seachas Eire (sic) ar an tír.

Foilsíodh trí stampa a thug "Poblacht na hÉireann - Republic of Ireland!" B'iad na cead stampaí a raibh Béarla ortha ó bunaíodh an stáit. Ceann ag comóradh an Acht féin, ceann eile ag comóradh an file James Clarence Mangan agus an triú ceann (Gaeilge Amháin) ag comóradh an Bliain Naofa (1950). Nuair a tháinig rialtas nua i réim sa bhliain 1951 filleadh ar "Éire" ar stampaí na tíre.

Go minic nuair a scríodh ainm na tíre sa chló Rómánach áfach, fágadh an síne fada ar lár. Deineadh gearán leis an Roinn Phoist agus Telegrafa agus ó 1979 tá sé litrithe i gceart den cuid is mó. Agus ó ritheadh Acht Teanga 2003 is gnáth ceannscríbhiní (nó fothscríbhiní) ar stampaí na hÉireann a bheith go dá theangach.



• Altanna eile faoi Stampaí ar An gCodú!
• Litir i faoin Gaeilge ar Stampaí "Díspeagadh An Post!" (15/5/2003)

23.10.19

An ceart ag Sammy Wilson?

Tá mé faoi dhraíocht ag Teilifís Parlaiminte sna laethanta seo - Parlaiminte Westminster. Níl Parlaimint Eorpach nó ár nDáil féin leath chomh drámata leis.

Ní minic a aontaím le hAontachtaí ó thuaidh i gcúrsaí polataíochta ach thárla sé aréir.  Bhí mé ag breathnú ar Sammy Wilson ar an teilifís agus é ag deanam a chuid pointí i dtaobh an "Mhargadh Bhreatimeachta" nua. Ba léir go raibh sé feargach. Agus dár liomsa tá ciall leis na poinntí a bhí á dhéanamh aige.

Bhí sé soiléir dom go raibh tuiscint aige (ar deireadh?) nach féidir le hÉireannach brath ar aon Rialtas i Westminster. Dúirt Emma Little Pengelly nár thárla brath chomh mór sin ó Acht an Aontais (1800). Ar ndóigh b'fhéidir nach raibh ansin ach áibhéil ach taispeán sé méid na feirige atá ar bhaill a páirtí. Bhí trua agam dóibh.

Is léir dom go bhfuil cás aige gur ceart iniúcadh go cúramach. Bhí sé ullamh agus bhí na doiciméid aige - Comhaontú Aoine an Chéasta (Béarla) agus téacs an Bhille Aistarraingthe ina lámh aige. Luann sé an córas atá an shoiléir sa Chomhaontú ar chonas a deintear vótáil. Is léir leis go bhfuil eisceacht déanta sa Bhille ach níl sé soiléir an bhfuil eisceacht mar seo ceadaithe sa Chomhaontú. Is fiú an píosa sa phrótacal féin  a léamh (Alt 16.5) agus comparáid a dhéanamh le hAlt 5 i Strand 1 den gComhaontú.

Tá cúis eile feirige ag an DUP ar ndóigh. An teorainn idir Tuaisceart Éireann agus An Bhreatain Mhóir. Dúradh leo ó 2016 ar aghaidh nach gcuirfear a leithéid de bac idir trachtáil idir an dá chríocha ag an dá Phríomh Aire May & Johnson agus iad ag maoímh go rabhadar chun aontacht an Precious Union (Aontacht Muirneach?) a chosaint i gcónaí. Is léir don DUP (agus domsa) gur sampla eile de "Perfidious Albion" atá ansin.

Níor cabhraigh méin an Phríomh Aire agus a pháirtí ar ndóigh agus is deachair easaontú leis an rud a dúirt Edward Carson fadó - "What a fool I was! I was only a puppet, and so was Ulster, and so was Ireland, in the political game that was to get the Conservative Party into Power."

Nach raibh sé i gcónaí mar sin?

6.3.19

Ceacht ó bhás Stalin!


Tá mé ag éirí sean!



Cuireadh an giolch seo amach ag Féilire Gaeilge go déanach aréir agus chuir sé ar bhoithre na smaointe mé. Is cuimhin liom nuair a fógraíodh bás Stalin. Ní raibh mé ach seacht mbliana d'aois ag an am. Agus fuair mé ceacht an tabhachtach ag an am.

Tá sé deachair smaoineamh ar an cineál áit a bhí in Éirinn ag an am seo ach bhí rudaí an simplí. Ó thaobh no polataíochta de bé na Stáit Aontaithe ar thaobh an chirt agus ar an dtaobh eile bhí an Aontas Soibhéideach (beagáinín níos measa ná Sasana i mbarr a réime!!!). Ó thaobh reiligiúnda dé bé an Pápa Pius XII mar Prionsa na Síochána agus Josef Stalin ina dhiabhal gan mhaith.

Bhí mo mhathair ag leamh a nuachtán - an Indo mar a thárlaíonn sé - chonaic mé an pictiur de Stalin agus an scéal faoina bhás. Chuir mé an cheist.

"An bhfuil sé in Ifreann anois?"

"Níl fhios agam!" d'fhreagair mo mháthair. "Níl fhios ag éinne an mbíonn duine in Ifreann nó ar Neamh is cuma cé chomh náireach nó uafásach atá sé! Tá Dia uile thrócaireach!"

Bhí mé ag smaoineamh ar an gceacht sin le déanaí agus daoine ag caint futhu siúd, sagairt, fear a mhairg a chlann féin a rinne rudaí nach féidir nó b'fhéidir nar ceart iad a shamhlú mar dhaoine daonna, drong drugaí agus eile. Agus mé ag léamh, nó ag cloisint na rudaí sin smaoiním ar na focail sin a chuala mé ag glún mo mháthair.

Agus tugann sé sólas dom chomh maith nuair a chloisim daoine ghaolta leo siúd a maráiodh ar Domhnach na Fola ag rá go bhfuil siad tár éis maithiúnas a thabhairt dóibh siúd a rinne an feall.

1.2.18

Tá focal sa tSacs-Bhéarla...

Bhí mé sna Caogadaí nuair a aistraíomar thiar go Conamara ag tús an chéid seo. Bé an "dial-up" a bhí á úsáid againn le dul ar líne - mar a bhí i mBaile Átha Cliath. Ach tháinig athrú cuíosach scioptha i mBaile Átha Cliath agus go luath bhí seirbhís díreach - nó líne dhigiteach neamhshiméadrach rannpháirtí - acu go luath. Ach ní anseo i gConamara.

Bhí Pat Rabitte ina Aire Cumrasáide ag an am agu gheall sé go mbeadh seirbhís ceart leathan bhand ag cuile áit in Éirinn faoii 2004 nó ar a dhéanaí roimh deireadh 2006! Tá muid fós ag feitheamh. Cuireadh amach an dáta úd go 2010, 2012, 2015, 2020 agus chuala mé le déanaí Aire éigin ag caint faoi 2023.

Agus inné chualathas an scéal is deireannaí ag léiriú cé chomh mí-éifeachtach is atá leathnú na seirbhíse ar fúd na tíre - aistarraingt EIR (Éircom) as an scéim.

28% gan seirbhís.
Níor stop mé ag fás idir an dá linn. Tá mé sna seachtóidí anois agus cé go bhfuil seirbhís digiteach de shaghas éigin le fáil i gcorr áit anseo níl sé le fáil i ngach áit ná baol air. Deireann an Aire reatha go bhfuil seirbhís ag 72% den tír clúdaithe. Fágann sin 28% - níos mó ná ceathru den phoblacht - gan seirbhís ceart.

Tá comhairle Tommy the Kaiser tár a bheith oiriúnach do chuile Aire Cumarsáide go mór mór i gcúrsaí leathan bhanda: "Ná h-abair faic, ná scríobh faic mar nuair a chuireann tú an dubh ar an geal tá tú fuckálta a bhuachail."* 

Más bocht an scéal anseo ag Caorán na gCearc níos measa fós atá cúrsaí siar uainn in Iorras Aithneach áit atá pleannana mór ag Údarás na Gaeltachta - ach bhfuil sé ró dhéannach nuair atá an áit á bhánú go seasta** agus go bhfuil a ndóchas beagnach caillte acu faoin am seo. Tá muintir na aíte ag lorg cabhair uainn anois. An éiróidh leo?

Tá comharthaí éile ann ar neamh shuim Rialtais Éireann i gcúrsaí tuaithe agus Gaeltachta. "Easpa scilleanna áirithe" mar shampla, lúaite ag Seandóir Pádraig Ó Céide, nó béim phleananna Rialtais ar forbairt bhailte, na "settlements" seachas forbairt ar phobail tuaithe.

Ní nach íonadh go mbíodh ar Tommy the Kaiser feidhm a bhaint as an tSacs-Bhéarla mar is léir nach ag cosaint an saol Ghaelach atá an Rialtas s'againne!

Tic! Toc! Agus fós tá an t-am ag imeacht

Motherfoclóir 2017
** Feach Oidhreacht Loch Con Aortha

4.5.15

Grá, Comhionannas, Cothramaíocht?


Tá an reifreann thárt agus an "bua" ag "Tá" mar sin tá an Bhunracht aithrithe. Tá alt machnamhach scrite (agus inste ar Raidío na Gaeltachta 11 Meith 2015) ag Ciarán Dunbar: An ann don chomhionannas. (Nós)

Ní minic a scríobhaim rud a ghortódh cáirde liom. Bhí drogall orm é seo a scríobh ach tá mé á scríobh mar go gcreidim go bhfuil dul amú agus mí thuiscint ag baint leis an reifreann atá le bheit ann ag deireadh na míosa seo.


“Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí.”
An cheist bunúsach nár freagraíodh in aon áit go bhfios dom ná, cad go díreach is pósadh ann? Cén fáth go bhfuil a leithéid ann?

Grá
Táthar ag rá gur vótáil ar son an grá atá le bheith ann. "Is annamh go mbíonn seans vótáil ar rud chomh trasfhoirmithe leis an ghrá againn!" a bhí ar chúntas giolchaireachta an Taoisigh (Béarla 16/4/2015).

Ach an mbíonn grá i gcónaí i bpósadh. Féach ar cleachtas in aimsir shean chara na Béarlóirí, Peig Sayers. Lá tháinig a deartháir chuici. Dúirt sé go dtiocfadh triúr fear go dtí an teach lá nó dhó ina dhiaidh sin leis an gcleamhnas a dhéanamh. Is beag rogha a bhí ag Peig ach glacadh leis.  ‘Bhí gach aon duine acu ró-mhaith d’fhear domsa dá mbeinn seacht n-uaire níos fearr ná mar bhíos.’ Bhí ar Pheig rogha a dhéanamh agus bhíodar pósta i gceann cúpla lá agus gan aithne acu ar a chéile. Cá raibh an grá ann? Ach pósadh a bhí ann agus is dócha gur fhás an grá as an bpósadh féin.

"Bhfuil grá agat dom?"
Tá radharc sa ceoldráma "Fiddler on the Roof," in gcuireann an athar sa scéal, Tevye ceist ar a bhean, Golda, "Golda, an bhfuil grá agat dom!" Agus is fiú a ndísréad (Béarla) a léamh. Tá an chuid de bhfealsúnacht an bhfíor phósadh le feiscint sna focail tá mé ag ceapadh. Agus muid ag caint faoi seo tá mé ag smaoineamh ar rud a dúirt oidhre choróin Shasana sular phós sé, "Cad is grá ann?"

Níl mé ag rá nár ceart grá a bheith ann ach an pointe atá mé ag iarradh a dhéanamh nach grá a thugann beirt le chéile i gcónaí tá an pósadh i bhfad níos casta ná san. Bhfuil ciall leis an sean nathán Béarla "I know there's love there, but though there's love there, there's dough there too but..!"

Comhionannas nó Cothramaíocht
Tá rud eile a deirtear gur ar son "Comhionannas" is ceart dúinn ár vóta a caitheamh. Ach an bhfuil muid ag rá gur ionann pósadh idir daoine leis an gnéas céanna agus an pósadh? Bhí duine ar chlár Cormac ag a cúig le déanaí agus rinne sé an pointe seo: nach ionan comhionnas agus cothramaíocht (Antoin Mac Unfraidh muna bhfuil dul amú orm).

Déarfaidh mé mar seo é. Tá cothramaíocht is in ainm a bheith idir fir angus mná. Ach ní h-ionainn iad. Tá siad difiriúil óna chéile.

Ar an gcaoi céanna tá me ag ceapadh go bhfuil an caidreamh idir fear agus bean, an conradh eatartha a dtugann muid Pósadh air difriúil ón gcaidremh idir beirt fhear nó beirt bhan. Cad é an difríocht? Uaireanta bíonn toradh ar an gcaidreamh idir fear agus bean nach féidir a bheith ann in aon chaidreamh eile - duine nua. Ní féidir mar sin pósadh idir fear agus bean a bheith comhionann le h-aon saghas conradh eile. Dár liomsa is é sinn bun agus barr an scéal.

San aois seo nuair atá béim á chuir ar an saibhreas iolrachas agus éagsúlacht, shóisialta agus chultúrtha, nach í a mhalairt de thuairim íoslaghdú difríochtaí an duine mar seo a mholadh?

Tréith riachtanach an phósta ná an fhíric bitheolaíochta gur féidir le fear agus bean a bheith páirteach le chéile mar dhaoine fireann agus baineann in aontas atá dírithe chuig giniúint beatha nua.  "Bhfuil seo fíor nó bréagach?"

Ta an-chuid argóintí á thabhairt ag dreamanna éagsúla i gcoinne an reifrinn seo maidir le páiste, cearta tuismitheoirí agus cad is clann é. Ach sílim go bhfuil siad ag díriú ar an rud mícheart. Is ar miniú ar an gconradh féin, conradh an phosadh is ceart a n-aird a dhíriú. "Cad is pósadh ann? Cén fáth a bhfuil pósadh ann?" 

Mar an gcéanna tá an taobh eile ag rá go bhfuil siad faoi leatrom ag an stáit agus go bhfuil gach éinne nach bhfeiceann sin ina "éadulangach" nó níos measa. Agus tá, ar ndóigh, tá firinne sa chaoi is go bhfuil daoine ann gur fuath leo an smaoineamh ar grá a bheith idir mna nó fir dá chéile.  Ach sé an bun cheist gur ceart dúinn díriú air ná "An pósadh é an conradh idir fear agus fear nó idir bean agus bean, nó, an sainmhiniú ar an chonradh idir fear agus bean é an pósadh?" Féach leis ar litir an Ollaimh John A Murphy (Béarla) san Irish Times (13/5/2015) gearr agus intuigthe agus ag deanamh an poinnte céanna.
Tá glactha leis an Reifreann.
Ní bheidh a leithéid de reifreann arís ann a deireann Cathal Mac Coille i dTuairisc.ie (31/5/2015)
Tá ceisteanna eile ann leis le freagairt. An mbeidh cead ag bean a máthair nó ag fear a deartháir a phósadh? Muna bhfuil cén cúis a bheadh le sin? Ceisteanna aisteacha b'fhéidir ach tá siad á chur. Bhí roinnt ceisteanna curtha ag Bruce Arnold in a bhlag (Béarla) agus is fiú iad a leamh má aontaoínn muid nó muna aontaíonn muid leis.

Treoir neamhspleach.
Chuir an Coimisiún Reifreann chuig gach teach sna 26 chontae - tháinig sé chugainn sa phost céanna agus an bille ó Uisce Éireann! Tá dhá ráiteas ann a thagann salach ar a chéile.

"Tá na cúirteanna tar éis a chinneadh gur aontas idir fear agus bean an pósadh ... Má ritear an reifreann, deanfar foráil sa Bhunracht go bhféadfaidh beir posadh, is cuma an den dá ghnéas nó den ghnéas céanna iad."

Ach in áit eile tá seo ann, "Ní bheidh aon athrú ar stádas an phósta sa Bhunracht."

De réir Airteagail 26 den bhunracht is í an Chúirt Uachtarach an cúirt achomhairc dheiridh dár liom. Mar má chuireann Uachtarán na hÉireann bille faoi bhráid na cúirte sin agus "...más é breith na Cúirte go bhfuil aon fhoráil de in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála de, ní foláir don Uachtarán diúltú dá lámh a chur leis an mBille sin." 

Dár liomsa sé na breithiúnais a thugann "na cúirteanna" an léamh is cirte ar an mBunracht ó thaobh dlí dé. Mar sin de réir na Bunreachta, cinntithe ag na cúirteanna, is "aontas idir fear agus bean an pósadh!" Mar sin tá an reifreann chun stádas agus miniú an phósadh i mBunracht na hÉireann a athrú.

Sílim go bhfuil sé soiléir ar chén taobh atá mise sa Reifreann seo. Tá aiféal orm má ghortaíonn mo sheasamh éinne de mo chuid cáirde. I fiú go mór dom a gcairdeas agus ar bhealach tá mé ar buille le na húdaráis a chinn ceist mar seo a chuir ar phobal na hÉireann gan mórán fíor dhíospóireachta. Is cosúiul nach bhfuil an Taoiseach féin sásta dul i mbun díospóireachta faoi.

Dár liom féin go bhfuiul sé soiléir cad é an rud ceart a dhéanamh ar an 22ú lá Bealtaine 2015. Is léir nach bhfuil sé soiléir do a lán.

Go ndéanaimís an rud ceart istigh san mbothán vótaíochta ar an lá!

• Níor bhain mé úsáid as teagaisc na n-eaglaisí d'aon ghnó sa píosa seo thuas mar cheapaim nach rud "creidimheach" é an cheist san agus mar a deireann lucht "Tá" níl an  "ach pósadh sibhialta" atá i gceist. Ach ar ndóigh creidim go bhfuil argóintí ann atá bunaithe i dteagasc na h-eaglaisí, agus i mo chás fhéin sa chreideamh Caitlicaigh.  Tá caint cuíosach fada ar líne ón Dr Diarmuid Martin, Ard-Easpaig Bhaile Átha Cliath gur fiú a léamh mar istig ann tá tuiscint na hEaglaisí atá i gcomhpháirteachas le hEaglais na Róimhe. Arís is i mBéarla atá sé.

• Tá alt i dTuairisc.ie ag Pól Ó Meadhra, a deireann i measc rudaí eile "Tá sé ráite go forleathan faoi dhaoine atá i mbun feachtais i gcoinne an reifrinn seo, nó fiú faoi dhaoine atá ag smaoineamh ar vótáil ‘NÍL’, gur biogóidí iad." Léigh an alt anseo: "Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…!"

9.7.14

Bliain eile fhaoisimh ag Árainn!


Is cosúil go bhfuil bliain eile a dtabhairt don sheirbhís aer Oileáin Árainn ag Roinn na Gaeltachta. I ráiteas ag Seán Kyne (ait go leor i mBéarla amháin!) ar a shuíomh. Dár leis an raiteas seo tá an seirbhís slán go dtí 30 Meán Fomhair 2015.
Pic: Suíomh Aer Árann
Nuacht maith é sin gan amhras is léir nach dtuigeann lucht na roinne, nó bfhéidir éinne de lucht na polataíochta conas a oibríonn fiontar tráchtála. Cé gur faoiseamh do muintir na h-oileáin atá sa chinneadh is beag pleanáil is féidir le lucht na sheirbhíse féin a dhéanamh i dtréimhse gearr mar sin. Ní féidir infheistiú meán- nó fad-théarmach a chuir isteach sa bhforbairt. Nach mbeidh an imní céanna ann agus a bhí ar mhuintir Árainn i rith na bliana ag tosú arís i mí Eanáir 2015.

Deireann Seán Kyne go bhfuil súil aige go mbeidh an staidéir ar an sheirbhís ag EY á iniúcadh go sciopaidh ag an Roinn agus go mbeidh cinneadh fad théarmach ar son muintir na n-oileáin agus daoine eile a úsáideann an seirbhís go luath.

Tá muid ag feitheamh!

10.5.14

Cruinniú le iarrthóirí sa Seanscoil! (12/9/2014)

Tá curtha in iúl ag deicniúr dena iarrthóirí atá ainmnithe le seasamh don Chomhairle Chontae i dtoghcheantar Chonamara sna toghcháin áitiúla, go mbeidh siad i láthair ag cruinniú poiblí a bhéas ar bun ar an Luan seo chugainn, 12 Bealtaine, i Seanscoil Sailearna ag tosnú ag 8.30pm, atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Pic: RTÉ

Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bhéas mar aoi-chathaoirleach ar an gcruinniú:

(i) tabharfar 3 nóim. do gach iarrthóir cur i láthair a dhéanamh, ach iad a bheith ann ag an tús;

(ii) d'fhéadfadh go gcuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg roinnt beag ceisteanna ar na iarrthóirí;

(iii) beidh deis ag na daoine a bhéas i láthair ceisteanna a chur ag an bpoinnte sin;
Seo a leanas na iarrthóirí a bhéas i láthair (san ord inar tháinig siad ar ais chuig na heagraithe ag glacadh leis an gcuireadh.):

  • Máirín Mhic Lochlainn (Sinn Féin);
  • Macdara Hosty (Fianna Fáil);
  • Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile (Neamhspléach);
  • Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach);
  • Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil);
  • Daithí Ó Cualáin (Neamhspléach);
  • Joe Ó Cualáin (Cearta Chonamara);
  • Joe Curran (An Lucht Oibre)
  • Seosamh Ó Laoi (Fine Gael)
  • Máirtín Lee (Fianna Fáil).

    Tá an cruinniú ar an Luan á eagrú  le deis a thabhairt don phobail aithne a chur ar na iarrthóirí, éisteacht lena bhfuil le rá acu agus ceisteanna a chur orthu.

    Tá sé i gceist an cruinniú foirmeáilte a chríochnú suas thart ar 10.00pm. Beidh cúpán tae/caifé ar fáil ag an bpoinnte sin dona iarrthóirí agus do dhaoine a bhéas ag iarraidh fanacht thart le castáil a chéile.