Showing posts with label Éirí Amach na Cásca. Show all posts
Showing posts with label Éirí Amach na Cásca. Show all posts

2.7.25

Éileamh tár éis saighdiúri an Rí a bheith i do theach!

Roinn mé roinnt eolas faoi mo shean mhuintir - clann m'athair - agus na passanna a fuair siad le dul thár n-as chuig a n-áit conaithe i Sráid Tomás i mBaile Átha Cliath. Ba teach taibhrne a bhí ann agus, mar ba ghnach ag an amm, bhí siopa grósaera istigh ann chomh maith.

Níos deanaí (2019) roinn mé scéal faoina dteach ag tús an Cogadh Cathrach mar a úsáideadh é mar cineál stáisiún faire ar na Ceithre Cúirteanna ag fórsaí an tSaor Stáit. Chuala mé m'athair ag caint faoi sin. Tá nascanna chuig na scéalta sin thíos.

Ach seo scéal eile faoi 1916.

Is cosúil gor raibh na Royal Dublin Fusiliers (5ú Cathlán) agus ina dhiaidh sin na 8ú Hussars ina gcónaí san áit (78 Sr Tomás) ón 25 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine. Ní raibh fhios againn ná ag éinne sa clann fhaoi go dtí gur aimsigh iníon mo cholceathair an t-eolas ón suíomh "Comóradh Deich mBliana na gCéad Bliain". 

Tuairisc ó Chigire an Choiste

Tá cartlann anseo (i mBéarla) ón "Property Losses (Ireland) Committee." Ansin tá tuairisc cuimsitheach ar éileamh mo Shean Athair ar an Rialtas ag an am. Tá sé an suimiúil.

Praghasanna Mórdhála 1916

Deineadh roinnt mhaith damáiste ag an am. Ós rud é nach raibh éinne sa bhaile i rith na Cásca bhí ortha an doras (atá i Sráid Proinsias) a bhriseadh sios. Is fiú breathnú ar na pragheasanna sa siopa ag an am sin. Is cosúul gur chaith siad 39 paicéidí toitíní ag 4d nó 2½d nó Pingin go leith an paicéad. Rinne ma Shean-Athir iarracht praghsanna miondíola a úsáid ach d'íoslligh na húdaráis iad go praghsanna  mórdhíola!

Seachtain i nDeilginis i 1916 - Se Ghiní do thrúir
Mar a dúirt mé bhíodar ag fanacht i nDeilginis an fhad is a bhí an Éirí Amach ar siúl. Bhíodar ag fanacht le muintir mo Shean Mháthair - Killiney House. Ní raibh cead acu dul abhaile go dtí an t8ú lá Bealtaine 1916. Cé gur le mo sin sean athair an teach i nDeilginis éilíodh £6-18s-0d don beirt acu, banaltra (nanny?) agus seisear clainne.  

Bhí £2-10s ar dhá tacsaithe thár n-ais ó Deilginis go Sráid Tomás.

Níor rugadh m'atthair ann go dtí mí Iúl 1917 agus bhí triúr eile ina dhiaidh.


Seo na píosaí eile atá luaite thuas


 


3.8.18

Murlach - Mian Ruairí Mhic Easmainn.


Ar an lá seo (3 Lúnasa 1916) crocadh an cheannaire deireannach d'Éirí Amach na Cásca, Ruairí Mac Easmainn,  i bPentonville Sasana. Cuireadh ansin é go dtí na seascaidí nuair a thógadh thár n-ais go hÉireann é (1965). Tá sé curtha i nGlas Naoín (BÁC) ó shin. Is cosúil gur thastaigh uaidh féin a bheith curtha i gCré na Cille i Murlach atá suite ar bhruach Sruth na Maoile ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Alban soir agus ó thuaidh uaidh.

Thugamar cuairt ar an áit álainn sin i rith na míosa seo caite agus tá crois adhmaid símplí ann. Tógadh an cros fhéin ann sa bhliaon 1903 mar comóradh ar an nGorta Mór is cosúil agus is dócha go ndéantar athnuachan ar ó am go h-am. Tá an cros anois tiomnaithe do Mhac Easmuinn anois agus dóibh siúd a bhí gníomhach i gcúrsaí Gaelach sa cheantair ag tús an chéid sin. Tá pictiúr greamaithe air de thógáil na croise den gcéad uair agus ainmneach na daoine faoi.

Tá dán "In Memoriam - Patrick McCarrick" ag a bun scríofa ag duine faoin ainm "Benmore." Ba poblachtánach ag tús an fichiú aois déag é Patrick McCarrick agus maraíodh é sa bhliain 1921 ag duine de na B-Speisialta.  Ní fios dom cérbh é Benmore an scríobhnóir. Bhfuil fhios ag éinne?

Seo roinnt pictiúirí a togadh ag tús na míosa seo againn.
Dán "Bhenmore!"
 "Take my body back with you and let it lie in the old churchyard in Murlough Bay." - Litir Mhic Easmainn dá cholcheathair Gertrude Bannister  ó Phentonville.


• Féach leis: Ruairí Mac Easmainn - Crann fuinseoige le cur ag an gCeathrú Rua! (Lúnasa 2016)

Foilsíodh píosa suimiúil ag Stair na hÉireann/History of Ireland chomh maith: "Roger Casement's last dying wish!"(3/8/2018)

19.3.18

Trasna na Bóinne


Léigh mé a dara leabhair ag Earnán de Blaghd ar a shaol "Slán le hUltaibh" ag deireadh na bliain seo caite. Bhí sé agam le fada agus sílim gur léigh mé fadó nuair a céadh foilsíodh é. Cúntas atá ansin ar a shaol i gCiarraí agus go dtí gur gabhadh é agus dibríodh as an tír é roimh Éirí Amach na Cásca.

Luaigh Alan Titley an saothar seo ina léacht ag an Oireachtas agus é ag caint faoi foinnse staire i leabhair faoi stair 1916 nó i stair na tíre. Ba spéisiúil an rud é dó nach n-úsáití saothar an Bhladhaigh (agus saothar eile ó Seán T Ó Ceallaigh , Liam Ó Briain 7sl) i mór mór na leabhair atá scríofa faoi Éirí Amach na Cásca nó ar stair na tíre agus í óg. (Bhí sé ina Thánaiste i Rialtas W.T. Cosgrave). Spreag sé mé an leabhair a bhí agam a léimh arís.

Theastaigh liom an dá leabhair eile a fháil agus chuaig mé isteach i siopa nua ag Cló Iar-Chonnacht ar an Spidéal ag lorg an céad leabhair de chuid an Bhladhaigh - Trasna na Bóinne. Bhí ortha dul go domhain i stóras na comhluchta agus thánadar amach le cóip de. Foilsíodh ag Sáirséal & Dill é agus bhí na leathannaigh beagáinín buí le h-aois mar a bheitheá ag súil le leabhair a cuireadh i gcló sa bhliain 1957.

Tá an leabhair seo thár a bheith spéisiúil agus tá cúntas ar a shaol mar buachaill óg Cruifearach (focal nua domsa ar Phreisbitéireach) i ndeisceart Co Aontroma. Ar chonas ar éirigh an suim i gcúrsaí Ghaeilge ó chailíní aimsire a bhí ag a mhuintir! Már a bhí tuiscint aige ar Éire mar náisiún faoi leith agus eile.

Tá sé thar a bheith spéisiúil mar fear óg i mBaile Átha Cliath gur thóg Seán Ó Cathasaigh, an dramadóir, isteach i mBrathaireachas Poblachta na hÉireann é. Cé gur cáirde mór lena a chéile - beirt Protastúnach iad - ní raibh fhios ag Earnán go raibh spéis ar bith ag an Cathasaigh i gcúrsaí drámaíochta. Tá an chúntas ar ranganna ag Conradh na Gaeilge go mór mór an Rang a bhíodh ar Sinéad Ní Fhlanagáin agus an tóir a bhí ar na ranganna sin ag fír óg na haimsire sin. Is cosúil go raibh sé an bhruidúil i mBaile Átha Cliath.

Chuaigh sé ansin ag iriseoireacht ó thuaidh arís agus ar ndóigh níor luaidh sé a shuim i gcúrsaí phoblachtánacha. Tá sé an suimiúil ar chúrsaí chreidimh go mór mór i gCúige Uladh.
Pic aimsithe agam i mblag an spéisiúl Mhark Thompson
Nuair a bhí sé ansin ghlach sé páirt i gcúrsaí dramaíochta agus insíonn sé scéal faoin duine de na h-aisteoirí i ndráma éigin (The Drone le Rutherford Mayne) a bhí páirt mar bhean ghránna ann. Chuala sí daoine a rá chomh ghránan is a bhí si. Goineadh an cailín bocht go géar. Bhí sé ag caoineadh ag an deireadh agus chinn sí gan dul ar an stáitse don gcéad léirú eile an oíche dár gcionn. Ar ndóigh bheadh deiredh leis an ndráma seo dá dtarlódh seo. Mar iriseoir chuaigh Earnán díreach chuig an nuachtáin áitiúl, a bhí le teacht amach ar maidin agus d'iar sé ar an eagathóir cead an aiste critice nó léiríu ar an ndráma a scríobh. Mhol sé dul chuig an dráma agus "gurbh annamh a bheadh seans ag (lucht féacanna) fiú i gcathreacha móra an domhain aisteoireacht níos fearr na aisteoireacht an chailín seo!" Ar ndóigh bhí sí lán sásta dul ar an stáitse as sin amach. Mar a dúirt sé,  "gan dabhat ar domhain is mór an tsócmhainn do thír ar bith iriseoireacht neamhspleach ionraic!"
Ní fhéadfadh Donald Trump é a rá níos gonta!

Chríochnaínn an sceal le cúntas ar a chinneadh gach rud a bhí déanta aige go dtí sin a chríochnú agus dul ó dheas go Corca Dhuibhne le feabhas a chuir lena a chuid Gaeilge agus "nach bhfágfainn Ciarraí gan roinnt mhaith Gaeilge bheith foghlamtha agam fiú dá mbeadh orm dul isteach i dTeach na mBocht sa Daingean mar fear siúil agus fanacht roinnt míosa ann."

Bhi roinnt focail agus tearmai nua domsa sa leabhair seo agus tá focloírín beag mar aguisín leis (Féach thíos).

Molaim go mór a leabhair seo a léamh, tá neart rudaí beaga ann faoin saol a bhí in Éirinn ann ag deireadh na naoi aoise déag go dtí 1910 nó mar sin.



15.4.16

Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.


Deir an seanfhocal linn nach bhfeicfidh ach an té a shiúlfaidh agus is mó fós a fheicfidh an té a bheadh in ann dul ar ais siar sa stair agus imeachtaí móra cinniúnacha ag tarlú. Sin go díreach mar atá sa sraithdhráma ar Éirí Amach na Cásca a chraolfaidh TG4 faoi cheann seachtaine.

Seo féinín eile a thóg muid le taobh an Fhir Mhóir!
Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt agus de chaitheamh aimsire acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar imeachtaí stairiúla 1916. Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.

Ní túisce ann iad ná a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ó bhun ar an saol. Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

Dátaí Craolta
Mír 1 – SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 – DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 – LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu – ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?

Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).

Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O’Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).

Is é Stephen Rooke, Tile Films, an Léiritheoir Feidhmeannach, Ruán Magan a stiúraigh, Anna Maria O’Flanagan a chuir in eagar agus Colm Whelan a bhí i mbun na gceamaraí.

Deir Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 faoin togra “Bhí a fhos againn go mbeadh tograí teilifíse go leor á gcraoladh i mbliana a d’inseodh scéal an Éirí Amach i dtéarmaí na lom-staire agus is maith ann iad. Ach theastaigh uainn fosta casadh beag a bhaint as agus greann freisin, mar chuid amháin dár gcraolta iomadúla féin ar an gComóradh. Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?’ Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin.”

@TG4TV @tilefilms #Éire16

11.1.16

Breith agus Fás an Náisiúin! @TG4TV @ÉIRE1916

Faisnéis, drámaíocht, ceol, spórt agus eile – idir ábhar cartlainne agus nua-choimisiúnaithe, a chuirfidh le tuiscint an lucht féachana ar imeachtaí 1916, ar bhreith agus ar fhorbairt an náisiúin sna blianta corracha a lean é agus anuas go dtí ár linn féin.

Tá an chuid díospóireachta ar siúl maidir leis an dráma ar RTÉ 1, Rebellion, ag aimsir 1916. Agus seo á scríobh agam tá and dara mír thart agus ceithre cinn eile le teacht. B'fhéidir gur ceart gan mórán a rá faoi go dtí deireadh na sraithe.

Idir an dá linn tá fógartha ag TG4 a bpleannana le comóradh a dheanamh ar Éirí Amach na Cásca. Deireann ráiteas ón staisiún go bhfuil TG4 le cur lena cháil mar sholáthraí cuimsitheach ábhair a chuireann le tuiscint an lucht féachana ar ár n-oidhreacht bheo ar bhealach atá eolasach, samlaíoch, siamsúil. Agsu ag breathnú ar seo tá sé deacair é sin a shéanadh.

6-Ean :- Tom Clarke
13-Ean :- Thomas MacDonagh
19-Ean :- Erskine Childers
20-Ean :- Pádraig Mac Piarais
26-Ean :- Jim Driscoll
27-Ean :- Michael O’Hanrahan
2-Feabh :- Cumann na mBan
3-Feabh :- Joseph Plunkett
04-Feabh :- EPIC (Tús)
9-Feabh :- Ginneadóir an Stáit
10-Feabh :- Ned Daly
12-Feabh :- An Trucailín Donn
17-Feabh :- Willie Pearse
23-Feabh :- Kathleen Lynn
24-Feabh :- John MacBride
2-Márta :- Seán Heuston
8-Márta :- Frank Sheehy Skeffington
9-Márta :- Michael Mallin
15-Márta :- Deargdhúil
16-Márta :- Éamonn Ceannt
23-Márta :- Con Colbert
30-Márta :- Seán Mac Diarmada
15-Aib :- Earnán de Blaghd
Tá dhá shraithdhráma nua Gaeilge coimisiúnaithe acu don chomóradh agus an tsúil eile á hoibriú ar scéal an Éirí Amach iontu ar aon. Éirí Amach Amú is teideal do dhráma ina dtarlaíonn do thriúr fear ónár linn féin taisteal siar sa stair agus lonnú i lár an scliúchais san ardchathair ar Luan Cásca 1916. Tá an greann go smior sa tsraith seo ach dúisíonn sí roinnt bun-cheisteanna freisin.

EIPIC (tús craolta 4 Feabhra) is teideal do dhráma atá suite san am i láthair ach a bhfuil macalla láidir den Éirí Amach ann freisin. Seo scéal ghrúpa ógánach as baile beag ciúin faoin dtuath a ghlacann seilbh ar oifig an phoist lena réabhlóid cheoil féin a bhunú – agus i nGaeilge freisin.

Is fada cáil na gclár faisnéise agus staire ar TG4 agus beidh scoth an ábhair ar fáil le linn na Earraigh agus ina dhiaidh agus trácht ann ar chúlra an Éirí Amach, Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad agus ar bhunú an tSaorstáit agus ar fhás an náisiúin ó shin.

Beidh an t-ábhar seo ar fáil go rialta i dhá thráth atá tiomnaithe chuige sa gclársceideal. Gach Céadaoin ar TG4 ag 7.30pm, díreofar ar an Éirí Amach féin agus ar na pearsain a d’eagraigh é, a throid ann agus a cuireadh chun báis díreach ina dhiaidh. Ríomhtar a scéal sa dá shraith aitheanta Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta atá le craoladh an athuair - féach sa bosca.

Chomh maith le cláracha sin 1916, tá tráth rialta eile sa gclársceiceal seachtainiúil (Máirt 9.30pm) curtha in áirithe feasta ag TG4 d’ábhar a thugann léargas ar mhór-imeachtaí, croí-eagrais agus pearsain chinniúnacha i bhforbairt scéal an náisiúin.

Ina measc seo tá cás An Trucailín Donn –inar cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde as Gaeltacht Thír Chonaill mar go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr asail, rud nach raibh dleathach ag an am. Bheartaigh na húdaráis an dlí a chur air (an t-aon chás cúirte a throid Pádraig Mac Piarais ina ghairm mar abhcóide). Cé gur bhuaigh an Choróin an cás, bhain Conradh na Gaeilge lán-leas as an deis phoiblíochta le cás na teanga a chur chun cinn. (12 Feabhra).

Is iomaí cor i mbreith agus i bhfás náisiúin agus is minic daoine a rinne go leor ar an gcúlráid a bheith ligthe i ndearmad nuair a scríobhtar na ceannlínte. I stair na hÉireann, is annamh a thugtar a gceart do na mná a sheas agus a throid agus a d’fhulaing. Féachann Cumann na mBan (2 Feabhra) le cuid den leatrom sin a chur ina cheart maidir leis an Éirí Amach agus Cogadh an Saoirse agus rianann Kathleen Lynn (23 Feabhra) scéal mná a rinne a cion san Éirí Amach ach a shaothraigh do dícheallach ar mhaithe le sláinte agus Saoirse na mban ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh.

Bhain cruál agus conspóidí go leor le blianta bunaidh an tSaorstáit agus b’é cinneadh an Rialtais nua daoine a chur chun báis gan triail shibhialta thar a bheith dian. Ar na daoine a básaíodh mar seo bhí Erskine Childers (19 Eanáir), Poblachtach, údar aitheanta agus Protastúnach. Duine eile a rinne a chion d’Éire ar a bhealach féin ab ea Jim Driscoll (26 Eanáir) dornálaí de bhunadh na tíre seo a rugadh agus a tógadh sa mBreatain Bheag ach a thuill gean agus meas ar Éireannaigh ansin as a chumas. Pearsa i bhfad níba chonspóidí ab ea Earnán de Blaghd (15 Aibreán) Poblachtach Preispitéireach, pearsa casta a thuill idir mheas agus fhuath lena linn – mar pholaiteoir, mar Aire Airgeadais agus mar Stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach.

Iriseoir eile ab ea Frank Sheehy Skeffington (8 Márta) a raibh aithne mhaithe aige ar pholaiteoirí agus ar cheannairí an Éirí Amach. Fear síochána ab ea é a dhiúltaigh don fhoréigin ach a dúnmharaíodh go gránna ag fíor-thús Sheachtain na Cásca.

Agus an Saorstát bunaithe agus síocháin i bhfeidhm, thug an Rialtas aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le neamhspleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch a bhaint amach. Tráchtann Gineadóir an Stáit (9 Feabhra) ar an togra is mó ar fad acu, scéim chun leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na habhann is mó ar an oileán, tionscnamh oll-mhór inar fostaíodh na mílte ag obair ar na suíomh in Ard na Croise.

Sa mbreis ar na cláracha seo a chraolfar i lár na seachtaine, cinnteoidh TG4 clúdach comórtha eile freisin. Craolfar stair CLG agus táimid ag obair ar bheo-chlúdach a sholáthar ar ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh ag Cluichí Ceannais na Sraithe 2016 cothrom an lae, 100 bliain go díreach ón Éirí Amach.

Filí agus údair ab ea roinnt de cheannairí na Réabhlóide agus beidh a n-oidhreacht sin agus a sliocht in aschur cultúir agus ealaíne TG4 i mbliana freisin. Ina measc seo beidh Deargdhúil clár nua físiúil ar dhánta Mháire Mhac an tSaoi, bean atá ar chomh-aois leis an Stát agus ar iníon í le duine de mhór-pholaiteoirí na haoise seo caite, fear a throid san Éirí Amach. (15 Márta).

I bpáirt leis an gComhairle Ealaíon, tá 8 ngearrscannán nua coimisiúnaithe ag TG4 ar théama na n-ealaíon in Éirinn le 100 bliain (le craoladh i mí Márta) agus beidh aitheantas ar leith d’oidhreacht 1916 ar fáil i ngradam speisialta a bheidh mar chuid de Ghradam Ceoil TG4 2016 a fhógrófar go luath.